This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0782
Case T-782/22: Action brought on 13 December 2022 — Cogebi and Cogebi v Council
Cás T-782/22: Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – Cogebi agus Cogebi v an Chomhairle
Cás T-782/22: Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – Cogebi agus Cogebi v an Chomhairle
IO C 35, 30.1.2023, p. 80–81
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/80 |
Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – Cogebi agus Cogebi v an Chomhairle
(Cás T-782/22)
(2023/C 35/101)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Cogebi (an Bhruiséil, an Bheilg), Cogebi, a.s. (Tábor, Poblacht na Seice) (ionadaí: H. over de Linden, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Airteagal 3(i) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014, (1) arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1904 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise chun an staid san Úcráin a dhíchobhsú, (2) a mhéid a bhaineann sé le cuimsiú ar an liosta earraí agus teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(i) de Rialachán (AE) 2022/1904 ón gComhairle (Iarscríbhinn XXI) den chód AC 6814, a neamhniú; |
— |
a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí seo a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheanglas riachtanach nós imeachta – an oibleagáid cúiseanna a lua. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh, dá dtagraítear in Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun dea-riaracháin, dá dtagraítear in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus sárú ar an gceart chun leigheas éifeachtach agus chun trialach córa a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt. |