EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0568
Case T-568/22: Action brought on 15 September 2022 — XNT v EUIPO — Exane (EXANE)
Cás T-568/22: Caingean arna tabhairt an 15 Meán Fómhair 2022 – XNT v EUIPO – Exane (EXANE)
Cás T-568/22: Caingean arna tabhairt an 15 Meán Fómhair 2022 – XNT v EUIPO – Exane (EXANE)
OJ C 418, 31.10.2022, p. 53–54
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/53 |
Caingean arna tabhairt an 15 Meán Fómhair 2022 – XNT v EUIPO – Exane (EXANE)
(Cás T-568/22)
(2022/C 418/68)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: XNT ltd. (St Julian’s, Málta) (ionadaithe: A. Renck, Stöber agus M.-A. de Dampierre, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Exane (Páras, an Fhrainc)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “EXANE” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 14 289 433
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Meitheamh 2022 i gCás R 2093/2020-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú go n-íocfaidh an cosantóir costais na n-imeachtaí, agus sa chás go dtiocfadh an páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc isteach sna himeachtaí, an t-idirghabhálaí. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 60(1)(c) i gcomhar le hAirteagal 8(4) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle. |