EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0538
Case T-538/22: Action brought on 1 September 2022 — Hästens Sängar v EUIPO — Mustang (Checked pattern in grey with black horses)
Cás T-538/22: Caingean arna tabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 – Hästens Sängar v EUIPO – Mustang (Patrún páircíneach i liath le capaill dhubha)
Cás T-538/22: Caingean arna tabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 – Hästens Sängar v EUIPO – Mustang (Patrún páircíneach i liath le capaill dhubha)
OJ C 418, 31.10.2022, p. 45–46
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/45 |
Caingean arna tabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 – Hästens Sängar v EUIPO – Mustang (Patrún páircíneach i liath le capaill dhubha)
(Cás T-538/22)
(2022/C 418/58)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hästens Sängar AB (Köping, an tSualainn) (ionadaithe: M. Johansson, R. Wessman agus S. Ljungblad, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mustang – Bekleidungswerke GmbH & Co. KG (Schwäbisch Hall, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Patrúnmharc an Aontais Eorpaigh ina léirítear patrún páircíneach i liath le capaill dhubha – Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 180 228
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 27 Meitheamh 2022 i gCás R 1730/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an Cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a ndéanann sé cinneadh ón Rannáin Cúlghairme a neamhniú bunaithe ar an gconclúid i mír 39 den chinneadh atá faoi chonspóid go bhfuil “comharthaí [an dílseánaigh agus an iarratasóra ar chealú] comhchosúil ar an iomlán”; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a thabhaigh an dílseánach a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |