EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TJ0125

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (Mór-Dhlísheomra) 2022 Iúil 27.
RT France v Comhairle an Aontais Eorpaigh.
Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh maidir le gníomhaíochtaí na Rúise chun an staid san Úcráin a dhíchobhsú – Cosc sealadach ar chraoladh agus fionraí údaruithe chun ábhar meán áirithe a chraoladh – Iontráil ar liosta na n‑eintiteas a bhfuil feidhm ag bearta sriantacha maidir leo – Sainchúram na Comhairle – Cearta cosanta – Ceart éisteacht a fháil – Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil – Comhréireacht – Saoirse chun gnó a sheoladh – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhíthin náisiúntachta.
Cás T-125/22.

Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:T:2022:483

  The document is unavailable in your User interface language.

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Mór-Dhlísheomra)

27 Iúil 2022 (*)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh maidir le gníomhaíochtaí na Rúise chun an staid san Úcráin a dhíchobhsú – Cosc sealadach ar chraoladh agus fionraí údaruithe chun ábhar meán áirithe a chraoladh – Iontráil ar liosta na n‑eintiteas a bhfuil feidhm ag bearta sriantacha maidir leo – Sainchúram na Comhairle – Cearta cosanta – Ceart éisteacht a fháil – Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil – Comhréireacht – Saoirse chun gnó a sheoladh – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhíthin náisiúntachta)

I gCás T‑125/22,

RT France, a bunaíodh in Boulogne-Billancourt (an Fhrainc), arna ionadú ag E. Piwnica agus M. Nguyen Chanh, Dlíodóirí,

iarratasóir,

v

Comhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag S. Lejeune, R. Meyer agus S. Emmerechts, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir,

arna thacú ag:

Ríocht na Beilge, arna hionadú ag C. Pochet, M. Van Regemorter agus L. Van den Broeck, i gcáil Gníomhairí,

ag:

Poblacht na hEastóine, arna hionadú ag N. Grünberg agus M. Kriisa , i gcáil Gníomhairí,

ag:

Poblacht na Fraince, arna hionadú ag A.‑L. Desjonquères, J.‑L. Carré, W. Zemamta agus T. Stéhelin, i gcáil Gníomhairí,

ag:

Poblacht na Laitvia, arna hionadú ag K. Pommere, J. Davidoviča, I. Hūna, D. Ciemiņa agus V. Borodiņeca, i gcáil Gníomhairí,

ag:

Poblacht na Liotuáine, arna hionadú ag D. Karolis agus V. Kazlauskaitė-Švenčionienė , i gcáil Gníomhairí,

ag:

Poblacht na Polainne, arna hionadú ag B. Majczyna agus A. Miłkowska, i gcáil Gníomhairí,

ag:

an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag D. Calleja Crespo, V. Di Bucci, J.‑F. Brakeland agus M. Carpus Carcea, i gcáil Gníomhairí,

agus ag:

Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, arna ionadú ag F. Hoffmeister, L. Havas agus M.A. De Almeida Veiga, i gcáil Gníomhairí,

idiragraithe,

tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: S. Papasavvas, Uachtarán, H. Kanninen, V. Tomljenović, S. Gervasoni, D. Spielmann, S. Frimodt Nielsen, J. Schwarcz, E. Buttigieg, U. Öberg, R. Mastroianni (Rapóirtéir), M. Brkan, I. Gâlea, I. Dimitrakopoulos, D. Kukovec agus S. Kingston, Breithiúna,

Cláraitheoir: E. Coulon,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

agus tar éis éisteacht an 10 Meitheamh 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Trína iarratas de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t‑iarratasóir, RT France go gcuirfí ar neamhní Cinneadh (CBES) 2022/351 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 65, lch. 5, “an cinneadh a chonspóidtear”) agus Rialachán (AE) 2022/350 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 65, lch. 1 (“an Rialachán a chonspóidtear”) (le chéile, “na gníomhartha a chonspóidtear), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir.

 Cúlra na díospóide

2        Is cuideachta chomhstoic simplithe le scairshealbhóir amháin an t‑iarratasóir, atá bunaithe sa Fhrainc, arb é a ghnó cainéil sainleasa a chraoladh. Tá scairchaipiteal iomlán an iarratasóra i seilbh an chomhlachais ANO “TV Novosti” (“TV Novosti”), comhlachas neamhspleách seachbhrabúsach de chuid Chónaidhm na Rúise, gan scairchaipiteal, a bhfuil a oifig chláraithe i Moscó (an Rúis), agus atá maoinithe go hiomlán, nach mór, ag buiséad stát na Rúise.

3        An 2 Meán Fómhair 2015, thug an t‑iarratasóir comhaontú i gcrích leis an Conseil supérieur de l’audiovisuel (Ardchomhairle Closamhairc, an Fhrainc, “CSA”), anois an Autorité de régulation de la communication audiovisual et numérique (an tÚdarás um Rialú Cumarsáide Closamhairc agus Digití, an Fhrainc, “Arcom”), maidir leis an tseirbhís teilifíse neamh-thrastíre ar a dtugtar RT France a chraoladh. Tá an tseirbhís sin ag feidhmiú sa Fhrainc ó 2017 agus craoltar a ábhar freisin i ngach tír ina labhraítear Fraincis, trí shatailítí nó tríd an idirlíon.

4        I mí an Mhárta 2014, rinne Cónaidhm na Rúise Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus cathair Sevastopol a ionghabháil go neamhdhleathach agus lean sí de ghníomhaíochtaí díchobhsaithe in oirthear na hÚcráine ó shin i leith. Mar fhreagairt air sin, d’fhorchuir an tAontas Eorpach bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí Chónaidhm na Rúise, bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, chomh maith le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil mhídhleathach de Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus de chathair Sevastopol a rinne Cónaidhm na Rúise.

5        Ó earrach 2021 i leith, bhí an staid ag an teorainn idir an Rúis agus an Úcráin faoi theannas, le himscaradh fórsaí móra armtha ag Cónaidhm na Rúise gar dá teorainn leis an Úcráin.

6        Sna conclúidí uaithi an 24 agus 25 Meitheamh 2021, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar Chónaidhm na Rúise a freagracht a ghlacadh go hiomlán as cur chun feidhme iomlán “Chomhaontuithe Mhionsc” a áirithiú mar an príomhchoinníoll le haghaidh aon athrú suntasach ar sheasamh an Aontais. Chuir sí i bhfios go láidir “gur gá freagairt láidir chomhordaithe ón Aontas agus óna Bhallstáit ar aon ghníomhaíocht mhailíseach, neamhdhleathach, shuaiteach bhreise a dhéanfadh an Rúis, agus leas iomlán á bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil don Aontas, agus comhordú á áirithiú leis na comhpháirtithe”. Chuige sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún agus ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) freisin roghanna a chur i láthair maidir le bearta sriantacha breise, lena n‑áirítear smachtbhannaí eacnamaíocha.

7        Sna conclúidí a glacadh ag an gcruinniú an 16 Nollaig 2021, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir a phráinní atá sé go mbainfeadh Cónaidhm na Rúise an lasair den bharrach atá ann de bharr an tóstail mhíleata feadh theorainn na Rúise leis an Úcráin. D’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn an Chomhairle Eorpach go hiomlán le ceannasacht agus le hiomláine chríochach na hÚcráine. Agus an Chomhairle Eorpach ag moladh go ndéanfaí iarrachtaí taidhleoireachta, luaigh sí go mbeadh iarmhairtí ollmhóra agus costais throma ann mar fhreagairt ar aon ghreas míleata eile a dhéanfaí i gcoinne na hÚcráine, lena n‑áirítear bearta sriantacha arna gcomhordú lenar gcomhpháirtithe.

8        An 24 Eanáir 2022, d’fhormheas Comhairle an Aontais Eorpaigh conclúidí inar cháin sí gníomhaíochtaí agus bagairtí ionsaitheacha leanúnacha Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus inar iarr sí ar Chónaidhm na Rúise an lasóg a bhaint den bharrach, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus páirt chuiditheach a ghlacadh in idirphlé trí na sásraí idirnáisiúnta atá bunaithe. Á mheabhrú di na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 16 Nollag 2021, d’athdhearbhaigh an Chomhairle go n‑eascródh iarmhairtí ollmhóra agus costais thromchúiseacha as aon ionsaí míleata breise, agus go n‑áirítear air sin réimse leathan beart sriantach ar earnálacha agus ar dhaoine aonair a ghlacfaí i gcomhar le comhpháirtithe.

9        An 15 Feabhra, 2022, vótáil an Gosudarstvennaya Duma Federal’nogo Sobrania Rossiskoï Federatsii (Duma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise) i bhfabhar rúin chun iarraidh ar an Uachtarán Vladimir Putin aitheantas a thabhairt do na codanna d’oirthear na hÚcráine arna n‑éileamh ag scarúnaithe mar stáit neamhspleácha.

10      An 21 Feabhra 2022, shínigh Uachtarán Chónaidhm na Rúise foraithne inar aithníodh neamhspleáchas agus ceannasacht “Daon-Phoblacht Donetsk” agus “Daon‑Phoblacht Lougansk” (féinfhógartha araon) agus d’ordaigh sé fhórsaí armtha na Rúise dul isteach sna limistéir sin.

11      An 22 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais lenar cáineadh na ngníomhartha sin, ar sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta iad. D’fhógair sé go bhfreagródh an tAontas do na sáruithe neamhdhleathacha is déanaí sin ag Cónaidhm na Rúise trí bhearta breise sriantacha a ghlacadh mar ábhar práinne.

12      An 23 Feabhra 2022 ghlac an Chomhairle an chéad sraith de bhearta sriantacha. Bhain na bearta sin, ar an gcéad dul síos, le srianta i ndáil leis an gcaidreamh eacnamaíoch le réigiúin Donetsk agus Luhansk nach raibh faoi rialú rialtais, ar an dara dul síos, le srianta ar rochtain ar an margadh caipitil, go háirithe trí thoirmeasc a chur ar mhaoiniú do Chónaidhm na Rúise, dá rialtas agus dá Banc Ceannais, agus, ar an tríú dul síos, le comhaltaí den Rialtas, bainc, lucht gnó, ginearáil agus 336 chomhalta den Duma Stáit de Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise a chur le liosta na ndaoine agus na n‑eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

13      An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus an lá céanna rinne fórsaí armtha na Rúise ionsaí ar an Úcráin i roinnt áiteanna sa tír.

14      Ar an dáta céanna, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh “an t‑ionradh gan chúis” ar an Úcráin a rinne fórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus chuir sé in iúl go n‑áireofar i bhfreagairt an Aontais bearta sriantacha earnálacha agus bearta sriantacha aonair araon. Sna conclúidí uaithi arna nglacadh ag an gcruinniú urghnách a bhí aici an lá céanna, cháin an Chomhairle go neamhbhalbh an “fogha míleata gan chúis ná údar” agus í den tuairim go bhfuil Cónaidhm na Rúise, trína gníomhaíochtaí míleata mídhleathacha, ar cheart don Chomhairle a thabhairt chun cuntais, ag sárú an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe amach is amach agus go bhfuil sí ag déanamh dochair do bhonn shlándáil agus chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’iarr an Chomhairle inter alia ar Chónaidhm na Rúise éirí as an bhfeachtas bréagaisnéise agus tháinig sí ar chomhaontú maidir le bearta sriantacha breise a bhaineann le roinnt earnálacha agus a mbeadh iarmhairtí ollmhóra tromchúiseacha acu do Chónaidhm na Rúise.

15      An 25 Feabhra 2022, chinn Coiste Airí Chomhairle na hEorpa go gcuirfí cearta ionadaíochta Chónaidhm na Rúise i gComhairle na hEorpa ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 8 de Reacht Chomhairle na hEorpa, a síníodh i Londain an 5 Bealtaine 1949, agus éifeacht láithreach a thabhairt don chinneadh sin maidir lecearta ionadaíochta Chónaidhm na Rúise i gCoiste Airí Chomhairle na hEorpa agus i dTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa.

16      Sa ráiteas uaidh an lá céanna, mheabhraigh Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC) do na páirtithe uile a bhí i mbun cogaíochta ar chríoch na hÚcráine, de bhun an dearbhaithe arna thíolacadh an 8 Meán Fómhair 2015 lena n‑aithneofaí dlínse na Cúirte sin, go mbeadh an inniúlacht aige chun imscrúdú a dhéanamh ar aon ghníomhartha cinedhíothaithe, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh a rinneadh ar chríoch na hÚcráine ón 20 Feabhra 2014.

17      Ar an dáta céanna, ghlac an Chomhairle an dara sraith de bhearta sriantacha. Ar an gcéad dul síos, ghlac sí roinnt bearta aonair dírithe ar pholaiteoirí agus ar lucht gnó a raibh baint acu leis an ionsaí ar shláine chríoch na hÚcráine. Ar an dara dul síos, ghlac sí roinnt bearta sriantacha a bhí infheidhme i réimsí an airgeadais, na cosanta, an fhuinnimh, na heitlíochta agus i dtionscal an spáis. Ar an tríú dul síos, ghlac sí roinnt bearta lena gcuireadh ar fionraí cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Chomhaontú lena bhforáiltear d’éascuithe le haghaidh catagóirí áirithe náisiúnach de Chónaidhm na Rúise a dhéanann iarratas ar víosa ghearrfhanachta.

18      An 28 Feabhra 2022, d’fhógair Ionchúisitheoir ICC a chinneadh cead a lorg chun tús a chur le himscrúdú ar an staid san Úcráin, ar bhonn thorthaí a oifige tar éis réamhscrúdú, ós rud é go raibh tásca leordhóthanacha ann go ndearnadh na coireanna cogaidh agus na coireanna in aghaidh an chine dhaonna a líomhnaíodh a bheith déanta san Úcráin i gcomhthéacs imeachtaí a cuireadh san áireamh cheana le linn an réamhscrúdaithe.

19      Idir an 28 Feabhra agus an 1 Márta 2022, ghlac an Chomhairle an tríú sraith de bhearta sriantacha. Bhain na bearta sin le bearta aonair agus eacnamaíocha a bhaineann, go háirithe, le haerspáis an Aontais a dhúnadh d’aerárthaí de chuid na Rúise, córas teachtaireachtaí airgeadais SWIFT agus acmhainní Bhanc Ceannais na Rúise.

20      An  1 Márta 2022, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le hionsaitheacht na Rúise i gcoinne na hÚcráine (2022/2564 (RSP)), inar cháin sí go láidir “ionsaí míleata neamhdhleathach gan ábhar agus gan údar” na hÚcráine agus an t‑ionradh a rinne Cónaidhm na Rúise uirthi; inar éiligh sí go ndéanfadh Cónaidhm na Rúise deireadh a chur láithreach le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin, agus na fórsaí míleata agus paraimíleata uile agus an trealamh míleata a tharraingt siar gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine, ar críoch í atá aitheanta go hidirnáisiúnta, agus go n‑urramóidh sí iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine laistigh dá teorainneacha, ar teorainneacha iad a aithnítear go hidirnáisiúnta; inar chuir sí i bhfios go láidir gur sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta iad an ionsaitheacht agus an t-ionradh míleata sin agus inar iarraidh sí go leathnófar raon feidhme na smachtbhannaí agus go mbeidh siad dírithe ar gheilleagar agus bonn tionsclaíoch na Rúise a lagú go straitéiseach, go háirithe an coimpléasc tionsclaíoch míleata, agus ar an gcaoi sin cumas Chónaidhm na Rúise an tslándáil idirnáisiúnta a chur i mbaol sa todhchaí a lagú. I mír 31 den rún sin, cháin an Pharlaimint freisin an úsáid a bhaineann údaráis na Rúise, na meáin stáit agus seach-ionadaithe as an gcogaíocht faisnéise lenar fhéach Cónaidhm na Rúise lena “ainghníomhartha” a shéanadh go hinchreidte trí ábhar dímheasúil agus mífhaisnéis a scaipeadh faoin Aontas, faoi Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) agus faoin Úcráin agus, dá bhrí sin, d’iarr sí ar na Ballstáit uile ceadúnais chraolacháin agus atarchur mheáin phoiblí uile na Rúise a chur ar fionraí láithreach.

21      Sa chomhthéacs sin, an 1 Márta 2022, ghlac an Chomhairle, ar bhonn Airteagal 29 CAE, an cinneadh a chonspóidtear agus, ar bhonn Airteagal 215 CFAE, an rialachán a chonspóidtear, chun cosc a chur ar bholscaireacht leanúnach agus chomhbheartaithe chun tacú le hionsaí míleata Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, dírithe ar an tsochaí shibhialta san Aontas agus i dtíortha comharsanachta, a dhéantar trí mheáin áirithe faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise, ar bagairt iad gníomhaíochtaí den sórt sin ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais Eorpaigh.

22      Leagtar amach in aithrisí 1 go 11 de na gníomhartha a chonspóidtear na himthosca sular glacadh na bearta sriantacha dá bhforáiltear sna gníomhartha sin (“na bearta sriantacha atá i gceist”). Go sonrach, is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in aithrisí 5 go 11 den chinneadh a chonspóidtear:

“(5)      Sna conclúidí uaithi an 10 Bealtaine 2021, chuir an Chomhairle i dtreis gur gá athléimneacht an Aontais agus na mBallstát a neartú a thuilleadh chomh maith lena gcumas chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, lena n‑áirítear bréagaisnéis, agus é á áirithiú go mbainfear úsáid chomhordaithe chomhtháite as uirlisí atá ann cheana agus as uirlisí nua a d’fhéadfadh a bheith ann chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, agus freagairtí ionchasacha i réimse na mbagairtí hibrideacha, lena n‑áirítear, inter alia, freagairtí ar chur isteach eachtrach agus oibríochtaí tionchair agus d’fhéadfaí bearta coisctheacha a chumhdach leis na freagairtí sin chomh maith le costais a fhorchur ar ghníomhaithe naimhdeacha stáit agus neamhstáit.

(6)      Thug Cónaidhm na Rúise faoi fheachtas córasach idirnáisiúnta ionramháil na meán agus saobhadh fíricí chun feabhas a chur ar a straitéis díchobhsaithe ar a tíortha comharsanachta agus ar an Aontas agus a Bhallstáit. Go háirithe, tá an bholscaireacht tar éis díriú arís agus arís eile agus go leanúnach ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha, go háirithe le linn na dtréimhsí toghcháin, agus chomh maith leis sin, dírítear, leis an mbolscaireacht, ar an tsochaí shibhialta, ar iarrthóirí tearmainn agus ar mhionlaigh eitneacha na Rúise, ar mhionlaigh inscne, agus ar fheidhmiú na n‑institiúidí daonlathacha san Aontas agus ina Bhallstáit.

(7)      Chun údar agus tacaíocht a thabhairt don fhogha faoin Úcráin, thug Cónaidhm na Rúise faoi ghníomhaíochtaí bolscaireachta leanúnacha comhbheartaithe dírithe ar an tsochaí shibhialta san Aontas agus ar thíortha comharsanachta, rud a dhéanann fíricí a shaobhadh agus a ionramháil go mór.

(8)      Rinneadh na gníomhaíochtaí bolscaireachta sin a sheoladh trí roinnt eagraíochtaí meán faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise. Is bagairt shuntasach, dhíreach iad gníomhaíochtaí den sórt sin ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais.

(9)      Tá na heagraíochtaí meán sin ríthábhachtach agus tá ról lárnach acu ó thaobh tacaíocht a thabhairt don fhogha faoin Úcráin agus ó thaobh tacaíocht a thabhairt do dhíchobhsú na dtíortha comharsanachta.

(10)      I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, agus mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, is gá, i gcomhréir leis na cearta agus saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe an ceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun faisnéise, mar a aithnítear in Airteagal 11 di, tuilleadh beart sriantach a thabhairt isteach chun gníomhaíochtaí craoltóireacht na n‑eagraíochtaí meán sin san Aontas nó na gníomhaíochtaí craoltóireachta atá dírithe ar an Aontas a chur ar fionraí go práinneach. Ba cheart na bearta sin a choinneáil go dtí go gcuirfear deireadh leis an bhfogha faoin Úcráin, agus go dtí go n‑éireoidh Cónaidhm na Rúise, agus a meáin ghaolmhara, as gníomhaíochtaí bolscaireachta i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát a dhéanamh.

(11)      I gcomhréir leis na cearta agus saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus leis an gceart chun maoine mar a aithnítear in Airteagal 11, Airteagal 16 agus Airteagal 17 di, ní chuireann na bearta sin cosc ar na meáin sin ná ar a bhfoireann gníomhaíochtaí eile a dhéanamh san Aontas seachas craoladh, amhail taighde agus agallaimh. Go háirithe, leis na bearta sin, ní mhodhnaítear an oibleagáid atá ann na cearta, na saoirsí agus na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a urramú, lena n‑áirítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, agus i mbunreachtanna na mBallstát, laistigh dá réimsí cur i bhfeidhm faoi seach.”

23      Léitear Airteagal 4g de Chinneadh 2014/521/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2014 L 229, lch. 13), arna leasú leis an gCinneadh a chonspóidtear, mar seo a leanas:

“1. Toirmeascfar d’oibritheoirí aon ábhar ó na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IX a chraoladh, nó craoladh a chumasú nó a éascú, nó rannchuidiú leis an gcraoladh ar bhealach eile, lena n‑áirítear trí tharchur nó trí dháileadh ar aon bhealach amhail cábla, satailít, teilifís trí Phrótacal Idirlín (IP-TV), soláthraithe seirbhísí idirlín, ardáin nó feidhmchláir comhroinnte físeán idirlín, bíodh siad nua nó réamhshuiteáilte.

2. Cuirfear aon cheadúnas nó údarú craolacháin agus aon shocrú tarchurtha agus dáileacháin leis na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IX ar fionraí.”

24      Cuireadh ainm an iarratasóra le hIarscríbhinn IX a ghabhann le Cinneadh 2014/512, arna leasú leis an gcinneadh a chonspóidtear.

25      Léitear Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2014 L 229, lch. 1), arna leasú leis an Rialachán a chonspóidtear, mar seo a leanas:

“1. Toirmeascfar d’oibritheoirí aon ábhar ó na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn XV a chraoladh, nó craoladh a chumasú nó a éascú, nó rannchuidiú leis an gcraoladh ar bhealach eile, lena n‑áirítear trí tharchur nó trí dháileadh ar aon bhealach amhail cábla, satailít, teilifís trí Phrótacal Idirlín (IP-TV), soláthraithe seirbhísí idirlín, ardáin nó feidhmchláir comhroinnte físeán idirlín, bíodh siad nua nó réamhshuiteáilte.

2. Cuirfear aon cheadúnas nó údarú craolacháin agus aon shocrú tarchurtha agus dáileacháin leis na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn XV ar fionraí.

26      Cuireadh ainm an iarratasóra le hIarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Uimh. 833/2014, arna leasú leis an gcinneadh a chonspóidtear.

27      De bhun na bhforálacha sin, toirmeascadh go sealadach i ngach tír de chuid an Aontais craolachán d’aon ábhar ón iarratasóir, go háirithe, ar aon mhodh ar bith.

28       I gcomhréir lena Airteagal 9, beidh feidhm ag Cinneadh 2014/512, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/327 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 (IO 2022 L 48, lch. 1), go dtí an 31 Iúil 2022 agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach é. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.

 Nós imeachta agus éilimh na bpáirtithe

29      Trí iarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2022, thionscain an t‑iarratasóir an chaingean seo.

30      Le doiciméad ar leith a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an lá céanna, rinne an t‑iarratasóir iarratas ar bhearta eatramhacha. Diúltaíodh don iarratas sin le hordú an 30 Márta 2022, RT France v an Chomhairle (T‑125/22 R, nár foilsíodh, EU:T:2022:199), ar an bhforas nár comhlíonadh an coinníoll maidir le práinn agus go raibh cothromaíocht na leasanna atá i gceist i bhfabhar na Comhairle, agus forchoimeádadh na costais.

31      Le cinneadh an 22 Márta 2022, chinn an Chúirt Ghinearálta (an Cúigiú Dlísheomra), uaithi féin, tar éis di na páirtithe a éisteacht, go ndéileálfaí leis an gcás faoin nós imeachta brostaithe, de bhun Airteagal 151(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

32      Ar thogra ó Uachtarán na Cúirte Ginearálta, chinn Uachtarán na Cúirte Ginearálta, de bhun Airteagal 28 de na Rialacha Nós Imeachta, an cás a shannadh don Mhór-Dhlísheomra.

33      Ós rud é nach raibh triúr Breithiúna den Mhór-Dhlísheomra in ann suí, cheap Uachtarán na Cúirte Ginearálta triúr Breithiúna eile chun an Dlísheomra a chomhlánú.

34      An 3 Bealtaine 2022, thaisc an Chomhairle a cosaint.

35      Trí bhearta eagrúcháin nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 89(3) de na Rialacha Nós Imeachta, ar tugadh fógra ina leith don iarratasóir agus don Chomhairle an 6 agus 18 Bealtaine 2022 faoi seach, údaraíodh dóibh, de bhun Airteagal 154(3) de na Rialacha Nós Imeachta, freagra agus athfhreagra a thaisceadh, ach iad teoranta do phointí sonracha áirithe.

36      Thaisc an t‑iarratasóir a fhreagra an 16 Bealtaine 2022 agus thaisc an Chomhairle a athfhreagra an 25 Bealtaine 2022.

37      Le doiciméid a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 14, 18 agus 30 Márta,an 13 Aibreán agus an 10 agus 13 Bealtaine 2022, faoi seach, d’iarr an Coimisiún, Ríocht na Beilge, Poblacht na Polainne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hEastóine, an tArdionadaí, Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Laitvia cead chun idiragairt a dhéanamh sna himeachtaí seo mar thaca leis na horduithe atá á lorg ag an gComhairle. Le cinntí an 4, 20 agus 24 Bealtaine 2022, thug Uachtarán an Mhór-Dhlísheomra cead chun idiragairt a dhéanamh don Choimisiún, do Ríocht na Beilge, do Phoblacht na Fraince, do Phoblacht na Polainne, do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Liotuáine agus do Phoblacht na Laitvia agus, le hordú an 11 Bealtaine 2022, don Ardionadaí.

38      An 25 Bealtaine 2022, cuireadh clabhsúr leis an gcéim scríofa den nós imeachta.

39      Trí bhearta eagrúcháin nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 89(3) de na Rialacha Nós Imeachta, iarradh ar na páirtithe freagra a thabhairt ag an éisteacht ar cheisteanna áirithe a cuireadh orthu.

40      Ar thogra ón mBreitheamh is Rapóirtéir, chinn an Chúirt Ghinearálta (an Mór-Dhlísheomra), uaithi féin, tús a chur leis an gcéim ó bhéal den nós imeachta agus éisteacht a thionól.

41      Rinne na páirtithe aighneachtaí ó bhéal agus thug siad freagra ar na ceisteanna ó bhéal a chuir an Chúirt Ghinearálta le linn na héisteachta an 10 Meitheamh 2022.

42      Iarrann an t‑iarratasóir, go bunúsach, ar an gCúirt Ghinearálta:

–        na gníomhartha a chonspóidtear a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann siad leis;

–        a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

43      Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt Ghinearálta:

–        an chaingean a dhiúltú;

–        a ordú don iarratasóir na costais a íoc.

44      D’áitigh Ríocht na Beilge, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Fraince, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Polainne, an Coimisiún agus an tArdionadaí ag an éisteacht gur cheart an chaingean a dhiúltú.

 An dlí

45      Mar thaca lena chaingean, maíonn an t‑iarratasóir ceithre shaincheist dlí, lena n‑éilítear, faoi seach, sárú ar na cearta chun cosanta, ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe ar bhonn náisiúntachta. I gcomhthéacs an dara saincheist dlí, ceistíonn sí freisin, go teagmhasach, inniúlacht na Comhairle na gníomhartha a chonspóidtear a ghlacadh. I ndáil leis sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne gur saincheist a bhaineann leis an mbeartas poiblí í easpa inniúlachta údair gnímh a dhéanann difear díobhálach agus gur faoin gCúirt Ghinearálta é a scrúdú, uaithi féin, in aon chás (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Nollaig 2016, SV Capital v ABE, C‑577/15 P, EU:C:2016:947, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear). Measann an Chúirt Ghinearálta gurb iomchuí scrúdú a dhéanamh, ar an gcéad dul síos, an raibh an inniúlacht ag an gComhairle chun na gníomhartha a chonspóidtear a ghlacadh.

 Inniúlacht na Comhairle na gníomhartha a chonspóidtear a ghlacadh

46      Maíonn an t‑iarratasóir, go bunúsach, nach féidir ach leis na húdaráis rialála náisiúnta, sa chás seo Arcom, idirghabháil a dhéanamh chun smachtbhannaí a fhorchur ar mheáin chlosamhairc as ábhar eagarthóireachta míchuí.

47      Déanann an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Phoblacht na hEastóine, ó Phoblacht na Fraince, ó Phoblacht na Laitvia, ó Phoblacht na Liotuáine, ó Phoblacht na Polainne, ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, argóintí an iarratasóra a dhíospóid.

48      Mar réamhphointe, is ceart a choinneáil i gcuimhne go bhforáiltear mar seo a leanas in Airteagal 3(5) CAE: 

“Ina chaidreamh leis an domhan mór, déanfaidh an tAontas a chuid luachanna agus leasanna a chumhdach agus a chur chun cinn agus rannchuideoidh sé le cosaint a shaonránach. Rannchuideoidh sé leis an tsíocháin, leis an tslándáil [...], leis an dlí idirnáisiúnta a urramú go docht agus a fhorbairt, lena n‑áirítear prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a urramú.”

49      Maidir leis an gcinneadh a chonspóidtear, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil sé bunaithe ar Airteagal 29 CAE. Leis an bhforáil sin, a chuirtear isteach i gCaibidil 2 de Theideal V de Chonradh AE maidir le “Forálacha sonracha maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála”, tugtar an chumhacht don Chomhairle “cinntí [a ghlacadh] lena saineofar cur chuige an Aontais faoi ábhar áirithe de chineál geografach nó téamúil”. I gcomhréir le hAirteagal 23 CAE, beidh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta, de bhun na Caibidle sin, bunaithe ar na prionsabail a leagtar síos i gCaibidil 1, saothróidh sí na cuspóirí a leagtar síos inti agus seolfar í i gcomhréir leis na forálacha ginearálta a leagtar síos inti, lena n-áirítear, i gcomhréir le hAirteagal 21(1) CAE, an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine, an meas ar dhínit an duine agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta. Sonraítear in Airteagal 24(1) CAE mar a leanas: “In ábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, folóidh inniúlacht an Aontais gach réimse den bheartas eachtrach agus gach ceist a bhaineann le slándáil an Aontais [...]”

50      De réir an chásdlí, leanann sé ó na forálacha comhcheangailte, ar thaobh amháin, d’Airteagail 21, 23, 24(1), 25 agus an chéad fhomhír d’Airteagal 28(1) CAE agus, ar an taobh eile, as Airteagal 29 CAE gur “seasaimh [de chuid] an Aontais” iad, de réir bhrí an Airteagail deiridh sin, cinntí a thagann, ar an gcéad dul síos, faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, mar a shainmhínítear é in Airteagal 24(1) CAE, ar an dara dul síos, a bhaineann le “[h]ábhar áirithe de chineál geografach nó téamúil” agus, ar an tríú dul síos, nach de chineál “gníomhaíocht oibríochtúil” iad de réir bhrí Airteagal 28 CAE, eadhon gníomhaíochtaí a bhaineann le hoibríochtaí sibhialta nó míleata, arna ndéanamh ag Ballstát amháin nó níos mó, lasmuigh den Aontas Eorpach (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Feabhra 2014, Ezz agus páirtithe eile  v an Chomhairle, T-256/11, EU:T:2014:93, míreanna 41 agus 46).

51      Ar an gcaoi sin, is féidir léirmhíniú leathan a thabhairt ar an gcoincheap “seasaimh an Aontais” de réir bhrí Airteagal 29 CAE, agus is é an toradh atá air sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 50 thuas, go bhféadfar, a ghlacadh inter alia, ar bhonn an Airteagail sin, ní hamháin gníomhartha de chineál clárbhunaithe nó dearbhuithe intinne amháin, ach freisin cinntí lena bhforáiltear do bhearta a d’fhéadfadh seasamh dlíthiúil daoine aonair a athrú go díreach. Dearbhaítear sin freisin le foclaíocht an dara mír d’Airteagal 275 CFAE (breithiúnas an 27 Feabhra 2014, Ezz agus páirtithe eile  v an Chomhairle, T‑256/11, EU:T:2014:93, mír 42).

52      Ag féachaint do raon feidhme leathan aidhmeanna agus cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 3(5) CAE agus in Airteagal 21 CAE, agus do na forálacha sonracha a bhaineann leis an mbeartas sin, go háirithe Airteagail 23 agus 24 CAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Márta 2015, Ezz agus páirtithe eile  v an Chomhairle, C‑220/14 P, EU:C:2015:147, mír 46), tá rogha leathan ag an gComhairle chun ábhar na mbeart sriantach a ghlacann an tAontas Eorpach i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a shainiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Márta 2017, Rosneft, C‑72/15, EU:C:2017:236, mír 88). Dá bhrí sin, ní féidir an Chomhairle a cháineadh as a mheas, i bhfianaise na géarchéime idirnáisiúnta arb é ionsaí Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin is cúis léi, go bhféadfaí a áireamh freisin, i measc na mbeart iomchuí chun freagairt don bhagairt thromchúiseach ar an tsíocháin ag teorainneacha an Aontais Eorpaigh agus don sárú ar an dlí idirnáisiúnta, toirmeasc sealadach ar chraoladh ábhair meán áirithe a bhaineann, inter alia, le grúpa cainéil RT (“grúpa RT”), arna maoiniú ag buiséad Stát na Rúise, ar an bhforas go dtacódh siad leis an ionsaí sin trí ghníomhaíochtaí amhail iad siúd a luaitear in aithris 7 den chinneadh a chonspóidtear.

53      Is léir ó aithris 8 den chinneadh a chonspóidtear, de réir mheasúnú na Comhairle, gur bagairt shuntasach dhíreach iad gníomhaíochtaí den sórt sin ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais Eorpaigh, rud a thug údar lena idirghabháil i gcomhthéacs na gcumhachtaí a thugtar dó le Caibidil 2 de Theideal V de Chonradh an Aontais.

54      Dá bhrí sin, mar a luaigh an Chomhairle ag an éisteacht, tá an idirghabháil sin nasctha go díreach le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála dá dtagraítear in Airteagal 21(2)(a) agus (c) CAE, ós rud é go mbeartaítear léi, ar an gcéad dul síos, luachanna an Aontais Eorpaigh, a bhunleasanna, a shlándáil, a neamhspleáchas agus a iomláine a choimirciú agus, ar an dara dul síos, an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 28 Márta 2017, Rosneft, C‑72/15, EU:C:2017:236, míreanna 115 agus 116).

55      Maidir leis na cuspóirí atá á saothrú ag an gComhairle, tagraítear in aithrisí 4 go 10 de na gníomhartha a chonspóidtear don ghá atá ann an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit a chosaint ar fheachtais bhréagaisnéise agus dhíchobhsaithe a dhéanann na meáin atá faoi rialú cheannaireacht Chónaidhm na Rúise agus a chuireann ord poiblí agus slándáil an Aontais Eorpaigh i mbaol, i gcomhthéacs ina bhfuil ionsaí míleata á dhéanamh ar an Úcráin. Dá bhrí sin, is leasanna poiblí iad a fhéachann le sochaí na hEorpa a chosaint agus atá mar chuid de straitéis fhoriomlán (féach míreanna 11, 12, 14, 17 agus 19 thuas), lena bhféachtar le deireadh a chur, a luaithe is féidir, leis an ionsaí a d’fhulaing an Úcráin.

56      Ós rud é go bhfuil feachtais bholscaireachta agus bhréagaisnéise in ann amhras a chaitheamh ar bhunchlocha na sochaithe daonlathacha agus gur cuid lárnach iad de na hionstraimí cogaidh nua-aimseartha atá ann, tá na bearta sriantacha atá i gceist mar chuid de shaothrú an Aontais Eorpaigh ar na cuspóirí a shanntar dó in Airteagal 3(1) agus (5) CAE.

57      Tríd an gcinneadh a chonspóidtear a ghlacadh, d’fheidhmigh an Chomhairle, dá bhrí sin, an inniúlacht a thugtar don Aontas Eorpach sna forálacha sna Conarthaí a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála. Ní féidir amhras a chaitheamh ar an gconclúid sin toisc, mar a áitíonn an t-iarratasóir, go dtagann an chumhacht, faoi reachtaíocht náisiúnta na Fraince, chun smachtbhannaí a fhorchur ar chraoltóir teilifíse as ábhar eagarthóireachta míchuí faoi inniúlacht Arcom. Ar an gcéad dul síos, ní féidir inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear na hinniúlachtaí sin a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, a eisiamh ná coinníoll a chur leo mar gheall ar chumhachtaí arna dtabhairt d’údarás riaracháin leis an dlí náisiúnta a bheith ann nó a fheidhmiú. Dá bhrí sin, cé go bhfuil an chumhacht ag údarás riaracháin náisiúnta smachtbhannaí a fhorchur, ní chuireann sé sin cosc ar an gcumhacht a thugtar don Chomhairle chun bearta sriantacha a ghlacadh atá dírithe ar chosc sealadach agus inchúlaithe a chur ar chraoladh ábhair an iarratasóra.

58      Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil an inniúlacht a thugtar d’údaráis riaracháin náisiúnta faoi reachtaíocht náisiúnta ag saothrú na gcuspóirí céanna, níl sí bunaithe ar na toimhdí ná ar na luachanna céanna agus ní féidir léi torthaí atá mar an gcéanna le hidirghabháil aonfhoirmeach láithreach ar fud chríoch an Aontais Eorpaigh a ráthú, amhail an méid sin is féidir a bhaint amach faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, ina chuid oibríochtúil, go bhfuil an cinneadh a chonspóidtear dírithe ar oibreoirí a chraolann ábhar an iarratasóra agus ábhar na gcraoltóirí teilifíse eile a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis, agus go dtoirmisctear dóibh an t-ábhar sin a chraoladh, ar mhodh ar bith, lena n-áirítear cábla, satailít, agus teilifís trí Phrótacal Idirlín (IP-TV) (féach mír 23 thuas). Toisc go bhfuil feidhm ag toirmeasc den sórt sin, is cuma cén Ballstát ina bhfuil na hoibreoirí sin bunaithe ná an chaoi a gcraoltar ábhar an iarratasóra, ní fhéadfaí an toradh a saothraítear sa chinneadh a chonspóidtear a bhaint amach trí idirghabháil na n‑údarás rialála náisiúnta, a bhfuil a n‑inniúlacht teoranta do chríoch an Bhallstáit lena mbaineann siad.

59      Thairis sin, cé nár thagair an t‑iarratasóir do roinnt na n‑inniúlachtaí inmheánacha atá ag an Aontas Eorpach, ní féidir amhras a tharraingt ar ghlacadh cinnidh ag an gComhairle faoi Airteagal 29 CAE maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfadh an tAontas Eorpach idirghabháil, i réimse na seirbhísí closamhairc, ar bhonn catagóirí eile inniúlachta arna rialú ag Conradh FAE, go háirithe na hinniúlachtaí a thugtar don Aontas Eorpach chun an margadh inmheánach a rialáil, faoi Airteagal 4(2) CFAE.

60      I ndáil leis sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne, i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 40 CAE, nár chóir cur chun feidhme na mbeartas dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 CFAE difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus do raon chumhachtaí na n‑institiúidí a leagtar síos sna Conarthaí chun inniúlachtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a fheidhmiú.

61      Dá bhrí sin, maidir le hinniúlachtaí an Aontais Eorpaigh faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus faoi fhorálacha eile de Chonradh FAE a thagann faoi raon feidhme Chuid a Trí de, a bhaineann le beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais Eorpaigh, níl siad comheisiach, ach comhlánaíonn siad a chéile, agus a raon feidhme féin ag gach ceann acu, agus féachtar le cuspóirí éagsúla a bhaint amach leo (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 19 Iúil 2012, an Pharlaimint v an Chomhairle, C‑130/10, EU:C:2012:472, mír 66).

62      Maidir le cumhacht na Comhairle an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 215(2) CFAE, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh le cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal V de Chonradh AE, go bhféadfaidh an Chomhairle bearta sriantacha a ghlacadh in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis neamhstáit (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Meitheamh 2016, CW v an Chomhairle, T‑224/14, nár‑foilsíodh, EU:T:2016:375, mír 68).

63      Sa chás seo, a mhéid a d’fhéadfadh an Chomhairle an cinneadh a chonspóidtear a ghlacadh go bailí ar bhonn Airteagal 29 CAE, leanann sé go raibh gá leis an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh ar bhonn Airteagal 215(2) CFAE, mar is léir ó aithris 12 de, chun a áirithiú go gcuirfí chun feidhme é go haonfhoirmeach laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh. Ós rud é nach féidir na bearta sriantacha atá i gceist a chur chun feidhme ach amháin trí thoirmeasc sealadach a chur ar oibreoirí eacnamaíocha maidir le hábhar closamhairc an iarratasóra a chraoladh, is léir, mar a luaigh roinnt idiragraithe, gur fearr a d’fhéadfaí cur chun feidhme aonfhoirmeach an toirmisc shealadaigh ar chraoladh ábhar an iarratasóra ar fud chríoch an Aontais Eorpaigh a bhaint amach ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, murab ionann agus an méid a mhaíonn an t‑iarratasóir, nach féidir na bearta arna nglacadh ag an gComhairle sa chás seo a mheas mar bhriseadh iomlán ar chaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais le tríú tír, faoi Airteagal 215(1) CFAE, cé, mar atá luaite thuas, gur glacadh an Rialachán a chonspóidtear faoi Airteagal 215(2) CFAE.

64      I bhfianaise na mbreithnithe thuas, ní mór diúltú don ghearán lena n‑éilítear easpa inniúlachta na Comhairle mar ghearán gan bhunús.

 An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar chearta chun cosanta

65      Cáineann an t-iarratasóir gur ghlac an Chomhairle na gníomhartha a chonspóidtear agus neamhaird á tabhairt ar a cheart chun cosanta agus ar phrionsabal na sáraíochta, ar chuid dhílis díobh iad. Ar an gcéad dul síos, le hurraim dá chearta cosanta, a ráthaítear le hAirteagal 41 agus le hAirteagal 48 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), ba ghá éisteacht a thabhairt dó roimh ré nó, ar a laghad, cead a thabhairt dó a bharúlacha a thíolacadh, tar éis rochtain a bheith aige ar an gcomhad.  Ar an dara dul síos, ba ghá, agus urraim á tabhairt don cheart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, a ráthaítear le hAirteagal 47 den Chairt, go mbeadh an t-iarratasóir in ann a fháil amach cé na cúiseanna ar bheartaigh an Chomhairle an cinneadh a bhunú chun a hainm a chur ar na liostaí a bhí i gceist sular glacadh é.

66      Dar leis an iarratasóir, déantar dochar gan amhras, leis na gníomhartha a chonspóidtear, ar bhealach tromchúiseach dochúlaithe, dá leasanna, as a dtiocfaidh iarmhairtí drámatúla eacnamaíocha, airgeadais agus daonna, ós rud é nach bhfuil sé in ann a ghnó a sheoladh a thuilleadh. Éilíonn sé freisin go ndéantar leis na gníomhartha a chonspóidtear dochar tromchúiseach dá cháil, mar go gcuirtear i láthair é ansin mar mheán faoi rialú buan agus eisiach údaráis na Rúise, agus bheadh drochmheas ann dó agus é ag feidhmiú a ghníomhaíochtaí.

67      In éagmais fógra aonair roimh ré faoi na bearta sriantacha atá i gceist, baineadh a chearta den iarratasóir. Thairis sin, ní raibh aon teagmháil oifigiúil, nó neamhfhoirmiúil fiú, ann ó ionadaithe polaitiúla nó institiúideacha, bíodh sin ar an leibhéal Eorpach nó ar an leibhéal náisiúnta, sular glacadh na gníomhartha a chonspóidtear.

68      Sa fhreagra, maíonn an t-iarratasóir, go bunúsach, go bhfuil an ráiteas ar chúiseanna na ngníomhartha a chonspóidtear ciorclach agus athluaiteach agus nach leor é i bhfianaise cheanglais chásdlí Chúirteanna an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, sa chosaint, ní dhearna an Chomhairle ach athinsint ar na haithrisí sa bhrollach sna gníomhartha sin, nó fiú na haithrisí sin a thras-scríobh, ar aithrisí iad nach bhfágann, dar leis an iarratasóir, gur féidir an ghníomhaíocht bholscaireachta a líomhnaítear ina choinne a léiriú nó a dhlisteanú. Thairis sin, cé go raibh sé in ann an chaingean seo a thionscnamh, mar aon le hiarratas ar bhearta eatramhacha, ní féidir a léiriú leis sin gur cuireadh ar an eolas go leordhóthanach é ar na forais ar a raibh an toirmeasc sealadach ar chraoltóireacht i gceist bunaithe.

69      Ina theannta sin, measann an t-iarratasóir nach leor, ann féin, comhthéacs na fíorphráinne a bhaineann leis an ráig ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine, ar a bhfuil an Chomhairle ag brath, chun údar a thabhairt le sárú ar a chearta cosanta agus ar a cheart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.

70      Dar leis an iarratasóir, níl sa toirmeasc ginearálta agus iomlán ar chraoladh atá air ach siombail agus ní féidir é a mheas mar fhreagra chun síocháin agus cobhsaíocht a thabhairt ar ais ar mhór-roinn na hEorpa. Níl aon ghá le toirmeasc den sórt sin chun an cuspóir a mhaítear go bhfuiltear á saothrú leis a bhaint amach agus tá na saintréithe a ghabhann le beart sriantach spriocdhírithe aige, beart nach mór a ghlacadh i gcomhréir le cearta cosanta an iarratasóra. Ní féidir ach an oiread an neamhrialtacht a dhéanann difear don nós imeachta chun na gníomhartha a chonspóidtear a ghlacadh a leigheas de bharr athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a bheith aici os comhair cúirte neamhchlaonta.

71      Ar deireadh, maidir leis na hargóintí a d’fhéadfadh sé a chur ar aghaidh dá n-éistfí é nó dá mbeadh sé ar an eolas faoi na cúiseanna sular glacadh na gníomhartha a chonspóidtear, maíonn an t-iarratasóir go bhféadfadh sé a léiriú, ar an gcéad dul síos, an chothromaíocht a bhí ann i rogha na rannpháirtithe agus sna tuairimí a cuireadh in iúl ina meháin agus, ar an dara dul síos, fírinneacht na dtéarmaí a úsáideadh. Thairis sin, ós rud é nár ghearr Arcom pionós riamh air, is cruthúnas follasach é nach raibh an t‑ábhar a craoladh ina bholscaireacht. I bhfianaise na n-argóintí sin, d’fhéadfadh toradh an nós imeachta a bheith difriúil.

72      Cuireann an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Phoblacht na hEastóine, ó Phoblacht na Fraince, ó Phoblacht na Laitvia, ó Phoblacht na Liotuáine, ó Phoblacht na Polainne, ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, i gcoinne argóintí an iarratasóra.

73      Tar éis na soiléirithe a tugadh sa fhreagra, ní mór a mheas gur féidir an chéad shaincheist dlí a mhiondealú, go bunúsach, ina dhá chuid, lena n-éilítear, ar an gcéad dul síos, nár leor na cúiseanna a thug údar le glacadh na ngníomhartha a chonspóidtear i ndáil leis an iarratasóir agus, ar an dara dul síos, nár urramaíodh ceart an iarratasóra chun éisteacht a fháil sular glacadh na gníomhartha a chonspóidtear.

74      Is cuí scrúdú a dhéanamh, ar an gcéad dul síos, ar an dara cuid den chéad saincheist dlí.

 An dara cuid, lena n-éilítear, go bunúsach, nár urramaíodh ceart an iarratasóra chun éisteacht a fháil

75      Leis an gceart chun éisteacht a fháil i ngach imeacht, dá bhforáiltear in Airteagal 41(2)(a) den Chairt, ar cuid dhílis den urraim do chearta chun cosanta é, ráthaítear do gach duine an deis a thuairimí a chur in iúl go héifeachtach le linn nós imeachta riaracháin agus sula nglactar cinneadh a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá leasanna (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Nollaig 2014, Boudjlida, C‑249/13, EU:C:2014:2431, míreanna 34 agus 36, agus an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v RQ, C‑831/18 P, EU:C:2020:481, míreanna 65 agus 67 agus an cásdlí dá dtagraítear).

76      I gcomhthéacs nós imeachta a bhaineann le glacadh an chinnidh ainm duine a chur ar liosta san iarscríbhinn a ghabhann le gníomh lena bhforchuirtear bearta sriantacha, ceanglaítear leis an urraim do chearta chun cosanta go gcuirfidh an t-údarás inniúil de chuid an Aontais in iúl don duine lena mbaineann na forais agus an fhianaise ar a bhfuiltear ag brath ina choinne agus a bheidh mar bhunús leis an gcinneadh a ghlacfaidh an t-údarás sin. Nuair a dhéantar an chumarsáid sin, ní mór don údarás inniúil de chuid an Aontais a chur ar chumas an duine sin a thuairimí ar na cúiseanna ar a bhfuiltear ag brath ina choinne a chur in iúl go héifeachtach (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Iúil 2013, an Coimisiún agus páirtithe eile  v Kadi, C‑584/10 P, C‑593/10 P agus C‑595/10 P, EU:C:2013:518, míreanna 111 agus 112).

77      Mar sin féin, ceadaítear le hAirteagal 52(1) den Chairt srianta ar fheidhmiú na gceart a chumhdaítear sa Chairt, ar choinníoll go n‑urramaítear leis an srian lena mbaineann croílár an chirt bhunúsaigh atá i gceist agus, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, go bhfuil sé riachtanach agus go gcomhlíonann sé i ndáiríre cuspóirí leasa ginearálta arna n‑aithint ag an Aontas Eorpach (féach breithiúnas an 18 Iúil 2013, an Coimisiún agus páirtithe eile v Kadi, C‑584/10 P, C‑593/10 P agus C‑595/10 P‑, EU:C:2013:518, mír 101 agus an cásdlí dá dtagraítear). I ndáil leis sin, chinn an Chúirt roinnt uaireanta Mar sin féin, ceadaítear le hAirteagal 52(1) den Chairt srianta ar fheidhmiú na gceart a chumhdaítear sa Chairt, ar choinníoll go n‑urramaítear leis an srian lena mbaineann croílár an chirt bhunúsaigh atá i gceist agus, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, go bhfuil sé riachtanach agus go gcomhlíonann sé i ndáiríre cuspóirí leasa ginearálta arna n‑aithint ag an Aontas Eorpach (féach breithiúnas an 18 Iúil 2013, an Coimisiún agus páirtithe eile v Kadi, C‑584/10 P, C‑593/10 P agus C‑595/10 P‑, EU:C:2013:518, mír 101 agus an cásdlí dá dtagraítear). go bhféadfadh cearta chun cosanta a bheith faoi réir teorainneacha nó maoluithe, i réimse na mbeart sriantach arna nglacadh i gcomhthéacs an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2011, an Fhrainc v People’s Mojahedin Organisation of Iran, C‑27/09 P, EU:C:2011:853, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear) agus i réimsí eile (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Meitheamh 2006, Dokter agus páirtithe eile,  C‑28/05, EU:C:2006:408, míreanna 75 agus 76, agus an 10 Meán Fómhair 2013,  G. agus R., C‑383/13 PPU, EU:C:2013:533, mír 33) araon.

78      Thairis sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar an gceist an ndearnadh sárú ar chearta chun cosanta i bhfianaise imthosca sonracha gach cáis, go háirithe cineál an bhirt atá i gceist, an comhthéacs inar glacadh é agus na rialacha dlíthiúla lena rialaítear an t‑ábhar atá i gceist (féach breithiúnas an 18 Iúil 2013, an Coimisiún agus páirtithe eile v Kadi, C‑584/10 P, C‑593/10 P agus C‑595/10 P, EU:C:2013:518, mír 102 agus an cásdlí dá dtagraítear).

79      Mar réamhphointe, is ceart a choinneáil i gcuimhne, i gcomhthéacs na coda seo den saincheist dlí, go luann an t‑iarratasóir, i sliocht amháin den iarratas, Airteagal 48 den Chairt, dar teideal “Toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosant a fháil”, gan tacú leis trí argóintí sonracha, áfach. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nár mhínigh an t‑iarratasóir an bonn ar a d’fhéadfadh sé a bheith ag brath ar Airteagal 48(2) den Chairt nó a d’fhéadfadh sé cosaint a dhíorthú nach ionann í agus an chosaint ó chur i bhfeidhm Airteagal 41(2)(a) den Chairt, nó cosaint níos tábhachtaí ná an chosaint sin. Sna himthosca sin, ní gá scrúdú neamhspleách a dhéanamh ar ghearán lena líomhnaítear gur sáraíodh Airteagal 48 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2015, First Islamic Investment Bank v an Chomhairle, T‑161/13, EU:T:2015:667, mír 68).

80      Maidir le hurraim don cheart chun éisteacht a fháil, is léir ón gcásdlí, i gcás an chinnidh tosaigh chun duine nó eintiteas a chur ar liosta na ndaoine agus na n‑eintiteas a bhfuil a gcistí le reo, nach bhfuil sé de cheangal ar an gComhairle na forais ar a bhfuil sé beartaithe aici an liostú sin a bhunú a chur in iúl roimh ré don duine nó don eintiteas lena mbaineann. Ionas nach gcuirfear a éifeachtacht i mbaol, ní mór do bheart den sórt sin a bheith in ann, de bharr a nádúir féin, tairbhe a bhaint as éifeacht iontais agus a bheith infheidhme láithreach (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2011, an Fhrainc v People’s Mojahedin Organisation of Iran, C‑27/09 P, EU:C:2011:853, mír 61). Arna iarraidh sin don Chomhairle, tá sé de cheart ag an duine nó ag an eintiteas lena mbaineann a thuairimí ar na gnéithe sin a chur in iúl a luaithe a ghlacfar an gníomh (breithiúnas an 20 Feabhra 2013, Melli Bank v an Chomhairle, T‑492/10, EU:T:2013:80, mír 72).

81      Tá údar maith le maolú den sórt sin ón gceart bunúsach chun éisteacht a fháil le linn nós imeachta sula nglacfar bearta sriantacha mar gheall ar an ngá atá le héifeachtacht na mbeart reoite cistí a áirithiú agus, i ndeireadh na dála, mar gheall ar bhreithnithe sáraitheacha a bhaineann le slándáil nó stiúradh chaidreamh idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2011, an Fhrainc v People’s Mojahedin Organisation of Iran, C‑27/09 P, EU:C:2011:853, mír 67 agus an cásdlí a luaitear).

82      Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, maidir le hargóint an iarratasóra gur cheart don Chomhairle fógra a thabhairt di ar bhonn aonair faoi na gníomhartha a chonspóidtear, i gcás ina bhforáiltear do bhearta sriantacha ina choinne, ba cheart a thabhairt faoi deara, in ainneoin nach ndéantar iad a chur in iúl ar bhonn aonair, cé go bhféadfadh sé sin difear a dhéanamh don tráth a thosaíonn an tréimhse chun imeachtaí a thionscnamh, nach dtugann sé sin, ann féin, údar maith le neamhniú na ngníomhartha a chonspóidtear. I ndáil leis sin, ní chuireann an t‑iarratasóir aon argóint ar aghaidh chun a léiriú, sa chás seo, gurb é an toradh a bhí ar an easpa fógra aonair faoi na gníomhartha sin ná go ndearnadh sárú ar a chearta a thabharfadh údar lena neamhniú a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2018, DenizBank v an Chomhairle, T‑798/14, EU:T:2018:546, mír 92 agus an cásdlí dá dtagraítear).

83      Ar an dara dul síos, maidir le mainneachtain na Comhairle na cúiseanna agus an fhianaise a thacaíonn le glacadh na mbeart sriantach i gcoinne an iarratasóra a chur in iúl sula nglacadh na bearta sriantacha atá i gceist agus sula ndearnadh an sárú líomhnaithe ar a cheart éisteacht a fháil, ba cheart a thabhairt faoi deara go n‑áirítear leis na bearta sin toirmeasc sealadach ar chraoladh seachas reo cistí aonair.

84      Cé gur aithníodh leis an gcásdlí maolú ar an gceart bunúsach maidir le hurramú don cheart chun éisteacht a fháil i gcás cinneadh tosaigh chun cistí a reo, nach mór a bheith in ann, de bharr a nádúir féin, leas a bhaint as éifeacht iontais agus feidhm a bheith aige láithreach, d’fhonn, go bunúsach, gan cur isteach ar a éifeachtacht (féach mír 80 thuas), níl aon rud ann chun cosc a chur ar mhaolú den sórt sin a cheadú freisin i gcás, i bhfianaise imthosca sonracha cáis ar leith, ina bhfuil gá fíorphráinneach idirghabháil a dhéanamh, go bhfuil sé bunriachtanach beart a chur chun feidhme láithreach chun a áirithiú go bhfuil sé éifeachtach i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú aige agus go háirithe chun a áirithiú nach mbaintear a raon feidhme ná a éifeachtacht de.

85      Sa chás seo, ag féachaint do na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 3(1) agus (5) CAE agus as Airteagal 21(1) agus (2)(a) agus (c) CAE, a bhaineann, inter alia, le luachanna an Aontais Eorpaigh agus a shlándáil a choimirciú agus le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta a chaomhnú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, is gá a fháil amach an sárú ar a cheart éisteacht a fháil a bhí ann nuair nár cuireadh an t‑iarratasóir ar an eolas roimh ré faoi chinneadh na Comhairle é a thoirmeasc go sealadach ar ábhar a chraoladh.

86      I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara go gcuirtear na bearta sriantacha atá i gceist i bhfeidhm i gcomhthéacs urghnách agus fíorphráinneach (féach míreanna 9 go 18 thuas), dá dtagraítear in aithrisí 10 agus 11 de na gníomhartha a chonspóidtear, ina bhfreastalaíonn an Chomhairle ar na leasanna éagsúla atá i gceist, agus aird á tabhairt, inter alia, ar urraim do na cearta agus saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt. Ar an dara dul síos, sa chomhthéacs sin, is cuid dhílis iad na bearta sriantacha atá i gceist de shraith beart, ar scála nach bhfacthas riamh, a ghlac an Chomhairle idir an tseachtain dheireanach de mhí Feabhra, inar tharla an chéad ionsaí ar iomláine chríochach na hÚcráine an 21 Feabhra 2022, nuair a d’aithin Uachtarán na Rúise neamhspleáchas agus ceannasacht réigiúin Donetsk agus Luhansk agus d’ordaigh sé dá fhórsaí armtha dul isteach sna limistéir sin (féach míreanna 10 go 12 thuas), agus tús mhí an Mhárta 2022. Mar a chuir an Chomhairle in iúl, mar is ceart, mar gheall ar dhul in olcas gasta na staide agus ar thromchúis na sáruithe a rinneadh, bhí sé deacair modhnú de chineál ar bith a dhéanamh ar na bearta sriantacha, arb é is aidhm dóibh síneadh na coinbhleachta a chosc. Sa chomhthéacs sin, d’fhreagair an tAontas go pras, dá bhrí sin, do shárú ar oibleagáidí erga omnes arna bhforchur ag an dlí idirnáisiúnta d’fhonn ionsaí míleata Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin a chomhrac, agus é ag baint úsáid as gach beart nach mbaineann le húsáid fornirt atá ar fáil dó.

87      Ina theannta sin, le glacadh na mbeart sriantach atá i gceist díreach tar éis thús an ionsaithe mhíleata, d’fhonn a áirithiú go raibh siad go hiomlán éifeachtach, comhlíonadh freisin an ceanglas maidir le cineálacha iomadúla mearfhreagartha ar an ionsaí sin a chur i bhfeidhm, go háirithe mar a léirigh an Chomhairle agus an tArdionadaí ag an éisteacht, toisc gur measadh, ag an am sin, nach mairfeadh an t‑ionsaí sin ach ar feadh tréimhse ghearr. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a d’áitigh an Chomhairle ag an éisteacht, i bhfianaise an cheanglais sin, nárbh fhéidir leis tréimhse fhíor-leordhóthanach a thabhairt don iarratasóir chun a chur ar a chumas a bharúlacha a chur isteach sula nglacfaí na bearta atá á gconspóid, gan éifeachtacht na mbeart sriantach atá i gceist a chur i mbaol (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Iúil 2020, Ocean Capital Administration v an Chomhairle, T-332/15, nár foilsíodh, EU:T:2020:308, mír 191). Dá bhrí sin, i gcomhthéacs straitéis fhoriomlán an Aontais Eorpaigh maidir le freagairt thapa, aontaithe, chéimnithe agus chomhordaithe, thug na ceanglais maidir le práinn agus éifeachtacht na mbeart sriantach uile a glacadh údar leis an srian, faoi Airteagal 52(1) den Chairt (féach mír 77 thuas) de chur i bhfeidhm Airteagal 41(2)(a) den Chairt, a mhéid a chomhlíon siad cuspóirí leasa ginearálta arna n‑aithint ag an Aontas Eorpach, amhail, mar atá luaite in aithris 8 de na gníomhartha a chonspóidtear, ord poiblí agus slándáil an Aontais Eorpaigh a choimirciú.

88      Ar an dara dul síos, mar a chuir an Chomhairle in iúl, mar is ceart, i straitéis chun bagairtí hibrideacha, mar a thugtar orthu, a chomhrac, dá ndearna an Chomhairle tagairt cheana sna conclúidí uaithi an 10 Bealtaine 2021 (féach aithris 5 de na gníomhartha a chonspóidtear), bíonn an ceanglas bearta sriantacha a ghlacadh lena ndírítear ar na meáin, amhail an t‑iarratasóir, arna maoiniú ag buiséad Stát na Rúise agus atá á rialú, go díreach nó go hindíreach, ag ceannaireacht na tíre sin, arb í an tír ionsaitheach í, a mhéid a measadh iad a bheith ina gcúis le gníomhaíocht leanúnach agus chomhbheartaithe de bhréagaisnéis agus d’ionramháil fíricí, i ndiaidh gur bhris an choinbhleacht armtha amach, dianriachtanach agus práinneach chun sláine na díospóireachta daonlathaí a chaomhnú laistigh de shochaí na hEorpa.

89      Dar leis an gComhairle, leis an  Ardionadaí agus leis na hidiragraithe eile, ba cheart a thabhairt faoi deara go raibh dianchumhdach sna meáin ar na chéad laethanta den ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine, mar is léir ó na gnéithe éagsúla, a baineadh as foinsí poiblí, a chuir an Chomhairle i gcomhad an cháis, ag am cinniúnach inar dócha go mbeadh tionchar diúltach suntasach ag gníomhaíochtaí de chuid eagraíocht meán, amhail an t‑iarratasóir, ar thuairimí an phobail, rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt d’ord poiblí agus do shlándáil an Aontais Eorpaigh.

90      I ndáil leis sin, ní mór a chur san áireamh freisin go bhfuil éifeachtaí i bhfad níos práinní agus níos cumhachtaí ag meáin chlosamhairc, a bhféadfadh, inter alia, a mholadh, tríd an mbealach ina gcuirtear faisnéis i láthair, conas ba cheart an lucht leanúna measúnú a dhéanamh uirthi, ná mar atá ag an bpreas scríofa, ós rud é go bhféadfaidh na meáin chlosamhairc, trí bhíthin íomhánna, teachtaireachtaí a tharchur nach bhfuil an scríbhneoireacht in ann a chur in iúl (féach, chuige sin, ECtHR, 5 Aibreán 2022, NIT S.R.L. v. Poblacht na Moldóive, CE:ECHR:2022:0405JUD002847012, míreanna 181 agus 182 agus an cásdlí dá dtagraítear).

91      Dá bhrí sin, in imthosca an-sonrach an cháis seo, dá dtagraítear i míreanna 86 go 90 thuas, bhí sé de cheart ag an gComhairle a chinneadh, ar thogra ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún, idirghabháil a dhéanamh chomh tapa agus ab fhéidir, ón gcéad lá a bhris an cogadh amach, d’fhonn an baol a sheachaint go ndéanfaí laghdú suntasach ar éifeachtacht na mbeart sriantach atá i gceist nó, go bunúsach, go ndéanfaí an éifeachtacht sin a neamhniú, trí thoirmeasc a chur, go háirithe, ar chraoladh ábhar an iarratasóra, go háirithe, agus é mar aidhm leis sin gníomhaíocht veicteoir bolscaireachta den sórt sin, i bhfabhar ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine, a chur ar fionraí go sealadach ar chríoch an Aontais Eorpaigh.

92      I bhfianaise na mbreithnithe uile thuasluaite, ag féachaint don chomhthéacs iomlán eisceachtúil inar glacadh na gníomhartha a chonspóidtear, eadhon cogadh a briseadh amach ag teorainneacha an Aontais Eorpaigh, don chuspóir atá á shaothrú acu agus d’éifeachtacht na mbeart sriantach dá bhforáiltear sna gníomhartha sin, ní mór a chinneadh nach raibh sé de cheangal ar údaráis an Aontais éisteacht a thabhairt don iarratasóir sular cuireadh a ainm ar na liostaí atá i gceist den chéad uair agus, dá bhrí sin, nach ndearnadh aon sárú ar a cheart chun éisteacht a fháil.

93      In aon chás, de réir cásdlí socair, níl sé mar thoradh ar shárú ar chearta na cosanta, go háirithe ar an gceart chun éisteacht a fháil, go ndéanfaí an gníomh atá i gceist a neamhniú ach amháin más rud é, in éagmais na neamhrialtachta sin, ag glacadh leis gur tharla sé sin, go bhféadfadh toradh difriúil a bheith mar thoradh ar an nós imeachta riaracháin a bhí ann roimh ghlacadh an bhirt sin, agus is faoin duine a phléadáil sárú den sórt sin atá sé é sin a léiriú (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Meán Fómhair 2013, G. agus R., C‑383/13 PPU, EU:C:2013:533, mír 38; an 25 Meitheamh 2020, Vnesheconombank v an Chomhairle, C‑731/18 P, nár foilsíodh, EU:C:2020:500, mír 73 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 13 Meán Fómhair 2018, Sberbank of Russia v an Chomhairle, T‑732/14, EU:T:2018:541, mír 125 agus an cásdlí dá dtagraítear).

94      Is faoi Chúirteanna an Aontais Eorpaigh atá sé a fháil amach, i gcás ina bhfuil neamhrialtacht líomhnaithe ann a dhéanann difear don cheart chun éisteacht a fháil, ag brath ar chúinsí fíorasacha agus dlíthiúla sonracha an cháis, go bhféadfadh toradh an nós imeachta i dtrácht a bheith difriúil (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Meán Fómhair 2013, G. agus R., C‑383/13 PPU, EU:C:2013:533, mír 40, agus an 12 Feabhra 2020, Kibelisa Ngambasai v an Chomhairle, T‑169/18, nár foilsíodh, EU:T:2020:58, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear).

95      Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara, go bunúsach, gurb iad na cúiseanna a bhfuil an Chomhairle ag brath orthu chun na bearta sriantacha atá i gceist a fhorchur, a leagtar amach sna haithrisí sa bhrollach a ghabhann leis na gníomhartha a chonspóidtear, ná gur ionad meán é an t‑iarratasóir arna mhaoiniú ó bhuiséad Chónaidhm na Rúise agus faoi bhuanrialú cheannaireacht Chónaidhm na Rúise. Ina theannta sin, mheas an Chomhairle go raibh an t-iarratasóir, in éineacht leis na heintitis eile a raibh a n‑ainmneacha le feiceáil sna hiarscríbhinní a ghabhann leis na gníomhartha a chonspóidtear, ag déanamh gníomhaíochtaí bolscaireachta, inter alia, chun tacú leis an ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine. Chun tacú leis na cúiseanna sin, chuir an Chomhairle roinnt píosaí fianaise i gcomhad an cháis, mar iarscríbhinní a ghabhann lena chosaint, a bhaineann leis an smacht leanúnach atá ar an iarratasóir agus lena ghníomhaíocht bholscaireachta.

96      Ní mór a thabhairt faoi deara gurb é atá san fhianaise atá i gceist ná cláir theilifíse agus ailt a foilsíodh ar shuíomh gréasáin an iarratasóra, a craoladh don phobal, go háirithe sa tréimhse a bhain le briseadh amach an chogaidh agus sna laethanta díreach ina dhiaidh sin. I bhfianaise na fianaise sin, mheas an Chomhairle, mar is ceart, gur gníomhaíocht chun tacú leis an ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine a bhí san ábhar a chraol an t-iarratasóir (féach míreanna 172 go 188 thíos). Dá bhrí sin, ní mór a mheas, fiú dá mbeadh an t‑iarratasóir in ann éisteacht a fháil, nach gcuirfeadh a chuid barúlacha in amhras gur tharla na craoltaí sin, gur foilsíodh na hailt sin agus, i ndeireadh na dála, gur craoladh an t-ábhar sin chuig an bpobal laistigh den Aontas Eorpach.

97      Thairis sin, sa fhreagra agus mar fhreagra ar cheist a chuir an Chúirt ag an éisteacht, mhaígh an t-iarratasóir go raibh na hargóintí agus an fhianaise a bheadh sé in ann a chur ar aghaidh dá n-éistfí é nó dá mbeadh sé ar an eolas faoi na cúiseanna sular glacadh na gníomhartha a chonspóidtear mar an gcéanna leis na hargóintí ar a raibh sé ag brath ina bharúlacha i scríbhinn agus go raibh sé beartaithe leo an chothromaíocht a léireodh sé i rogha na rannpháirtithe agus sna ráitis a cuireadh in iúl ar a mheáin agus, níos mó ná sin, fírinneacht na dtéarmaí a úsáideadh. Mar a thugann an Chomhairle le fios san athfhreagra, cé go léiríonn an fhianaise ar a bhfuil an t-iarratasóir ag brath go bhfuil sraitheoga ann a chuireann tuairimí eile i láthair maidir leis an staid san Úcráin, níl siad sin in ann a léiriú, ar an iomlán, gur coinníodh cothromaíochti gcumhdach na meán a rinne an t-iarratasóir ar an ionsaí maidir le rogha na rannpháirtithe, an t-ábhar, na híomhánna agus na ráitis a cuireadh in iúl sna sraitheoga sin (féach míreanna 189 agus 190 thíos).

98      Ar deireadh, ní bhaineann sé le hábhar nár fhorchuir Arcom smachtbhannaí ar an iarratasóir riamh agus, in aon chás, níl sé in ann a shuíomh nach raibh na craoltaí sna físeáin a chuir an Chomhairle i gcomhad an cháis ina mbolscaireacht i bhfabhar an ionsaithe mhíleata i gcoinne na hÚcráine.

99      Dá bhrí sin, i bhfianaise imthosca an cháis seo agus na fianaise go léir a thug an t-iarratasóir agus an Chomhairle ar aird, ní féidir le haon argóint atá curtha ar aghaidh ag an iarratasóir a thaispeáint go bhféadfadh toradh an nós imeachta a bheith éagsúil dá mba rud é gur éisteadh é sular glacadh na bearta atá i gceist nó dá mbeadh na cúiseanna a bhí leis na bearta sin a chur i bhfeidhm curtha in iúl dó roimh ré.

100    I bhfianaise na mbreithnithe uile thuasluaite, ní mór diúltú don dara cuid den chéad saincheist dlí, lena líomhnaítear, go bunúsach, go ndearnadh sárú ar chearta na cosanta.

 An chéad chuid, lena n-éilítear nár leor an ráiteas ar chúiseanna na mbeart a chonspóidtear maidir leis an iarratasóir

101    Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhthéacs na coda sin den saincheist dlí, nach dtagraíonn an t-iarratasóir ach don cheart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, gan tacú leis, áfach, le hargóintí sonracha. Sna himthosca sin, ní gá gearán a scrúdú ina líomhnaítear gur sáraíodh an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil go neamhspleách (féach mír 79 thuas).

102    Maidir le neamhdhóthanacht líomhnaithe an ráitis ar chúiseanna leis na gníomhartha a chonspóidtear, is ceart a choinneáil i gcuimhne, de réir cásdlí socair, gurb é is cuspóir don oibleagáid na cúiseanna a lua ar a bhfuil gníomh a dhéanann dochar do dhuine bunaithe, atá mar atoradh ar an bprionsabal go n-urramaítear cearta na cosanta, ar an gcéad dul síos, faisnéis leordhóthanach a thabhairt don duine lena mbaineann chun go mbeifear in ann a fháil amach an bhfuil bunús maith leis an ngníomh nó an bhfuil sé curtha ó bhail mar gheall ar earráid, a d’fhéadfadh a cheadú a bhailíocht a chonspóid os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh agus, ar an dara dul síos, chun é a chur ar chumas na gCúirteanna sin athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an ghnímh sin (féach breithiúnas an 14 Aibreán 2021, Al-Tarazi v an Chomhairle, T‑260/19, nár foilsíodh, EU:T:2021:187, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

103    Is ceart a choinneáil i gcuimhne freisin nach mór an ráiteas ar chúiseanna a cheanglaítear le hAirteagal 296 CFAE agus le hAirteagal 41(2)(c) den Chairt a bheith iomchuí don ghníomh atá i gceist agus don chomhthéacs inar glacadh é. Braitheann na ceanglais atá le comhlíonadh leis an ráiteas ar chúiseanna ar imthosca gach cáis, go háirithe inneachar an ghnímh atá i gceist, cineál na gcúiseanna a tugadh agus an leas a d’fhéadfadh a bheith ag seolaithe an ghnímh, nó ag daoine eile a bhfuil baint dhíreach nó aonair acu leis, ann ó thaobh mínithe a fháil. Ní gá don ráiteas ar chúiseanna na fíorais agus na pointí dlí ábhartha go léir a phlé, ós rud é nach mór measúnú a dhéanamh ar an gceist an bhfuil an ráiteas ar chúiseanna leordhóthanach ní hamháin maidir lena fhoclaíocht ach maidir lena chomhthéacs agus leis na rialacha dlíthiúla uile lena rialaítear an t-ábhar atá i gceist freisin (féach breithiúnas an 17 Meán Fómhair 2020, Rosneft agus páirtithe eile v an Chomhairle, C‑732/18 P, nár foilsíodh, EU:C:2020:727, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).

104    Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, is leor na cúiseanna a tugadh le ghníomh a dhéanfadh dochar do dhuine más rud é gur glacadh an ghníomh sin in imthosca a raibh an duine sin ar an eolas fúthu agus a chuireann ar a chumas raon feidhme an ghnímh a bhaineann leis a thuiscint (féach breithiúnas an 17 Meán Fómhair 2020, Rosneft agus páirtithe eile v an Chomhairle, C‑732/18 P, nár foilsíodh, EU:C:2020:727, mír 78 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ar an dara dul síos, ní mór leibhéal beachtais an ráitis ar chúiseanna le ghníomh a mheas i bhfianaise fírinní praiticiúla agus an t‑am agus na saoráidí teicniúla atá ar fáil lena ghlacadh (féach breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2018, Sberbank of Russia v an Chomhairle, T‑732/14, EU:T:2018:541, mír 93 agus an cásdlí dá dtagraítear).

105    Thairis sin, sonraíodh freisin sa chásdlí nach mór don ráiteas ar chúiseanna atá le gníomh ón gComhairle lena bhforchuirtear beart sriantach ní hamháin an bunús dlí leis an ngníomh sin a shainaithint, ach freisin na cúiseanna iarbhír agus sonracha a mheas an Chomhairle, i bhfeidhmiú a lánrogha, gur ghá don duine lena mbaineann a bheith faoi réir gnímh den sórt sin (féach breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2018, Sberbank of Russia v an Chomhairle, T‑732/14, EU:T:2018:541, mír 97 agus an cásdlí dá dtagraítear).

106    Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, is ceart a choinneáil i gcuimhne go mbaineann na bearta sriantacha atá i gceist le hábhar a chraolann meáin chlosamhairc áirithe a bhfuil naisc spleáchais acu le Cónaidhm na Rúise, lena n‑áirítear an t‑iarratasóir, agus dá bhrí sin gur i gcomhthéacs atá ar eolas ag an iarratasóir sin a dhéantar iad (féach míreanna 9 go 20 thuas).

107    Thairis sin, mar a thugann an Chomhairle le fios, mar is ceart, ar an gcéad dul síos, in aithris 4 de na gníomhartha a chonspóidtear, tagraítear do chonclúidí na Comhairle Eorpaí an 24 Feabhra 2022 (féach mír 14 thuas), inar cháin sí go láidir “fogha míleata gan chúis gan údar” a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, inar iarr sí go ndéanfaí pacáiste smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha breise a ullmhú agus a ghlacadh go beo, agus inar iarr sí, inter alia, ar Chónaidhm na Rúise éirí as an bhfeachtas bréagaisnéise. Ar an dara dul síos, tagraítear in aithris 5 de na gníomhartha a chonspóidtear do chonclúidí ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 inar leag an Chomhairle béim ar an ngá athléimneacht an Aontais agus na mBallstát a neartú a thuilleadh, chomh maith lena gcumas chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, lena n‑áirítear bréagaisnéis, go háirithe freagairtí ar chur isteach eachtrach agus oibríochtaí tionchair.

108    Ina theannta sin, leagtar amach in aithrisí 6 go 9 de na gníomhartha a chonspóidtear na forais le hainmniú na ndaoine dlítheanacha, na n‑eintiteas agus na gcomhlachtaí ar na liostaí atá i gceist. Go háirithe, tagraítear in aithris 7 do ghníomhaíochtaí bolscaireachta leanúnacha comhbheartaithe a rinne Cónaidhm na Rúise atá dírithe, inter alia, ar an tsochaí shibhialta san Aontas chun údar agus tacaíocht a thabhairt don ionsaí i gcoinne na hÚcráine. Sonraítear in aithrisí 8 agus 9 de na gníomhartha a chonspóidtear gurb iad na meáin a chumhdaítear leis an ngníomh lena gcuirtear toirmeasc sealadach ar ghníomhaíochtaí craoltóireachta na meáin trína ndearnadh na gníomhaíochtaí bolscaireachta sin agus atá faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise. Ar deireadh, leagtar amach sna haithrisí sin freisin na cúiseanna le glacadh na mbeart sriantach atá i gceist, eadhon, ar an gcéad dul síos, go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin ina mbagairt shuntasach agus dhíreach ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais Eorpaigh agus, ar an dara dul síos, go bhfuil na meáin sin ríthábhachtach agus tá ról lárnach acu ó thaobh tacaíocht a thabhairt don fhogha faoin Úcráin agus ó thaobh tacaíocht a thabhairt do dhíchobhsú na dtíortha comharsanachta.

109    Eascraíonn sé as foclaíocht na n-aithrisí sin, go háirithe sa chomhthéacs, arb eol don iarratasóir, inar glacadh na gníomhartha a chonspóidtear, nach teanga ghinearálta ná teibí atá sna cúiseanna a leagtar amach, ach gur cúiseanna iad a bhaineann go díreach leis an iarratasóir agus lena ghníomhaíochtaí agus ina leagtar amach, ar bhealach atá sonrach go leor, na cúiseanna ar glacadh na bearta sriantacha atá i gceist ina choinne.

110    Ar an dara dul síos, is ceart a choinneáil i gcuimhne go gcuirtear toirmeasc leis an gcuid oibríochtúil de na gníomhartha a chonspóidtear, mar a leagtar amach i míreanna 23 go 26 thuas, ar oibritheoirí an Aontais Eorpaigh aon inneachar ó na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an gCinneadh a chonspóidtear agus in Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán a chonspóidtear, a chraoladh nó craoladh a chumasú, a éascú nó rannchuidiú leis an gcraoladh ar bhealach eile, lena n-áirítear trí tharchur nó trí dháileadh ar aon bhealach amhail cábla, satailít, teilifís trí Phrótacal Idirlín (IP-TV), soláthraithe seirbhíse idirlín, ardáin nó feidhmchláir comhroinnte físeán idirlín, bíodh siad nua nó réamhshuiteáilte. Ní mór a shonrú nach bhfuil aon cúiseanna sonracha a bhaineann le haon cheann de na heintitis atá liostaithe sna hiarscríbhinní a ghabhann leis na gníomhartha thuasluaite a chonspóidtear agus a bhfuil toirmeasc sealadach ar chraoladh a n‑ábhar.

111    Ní mór a mheas, áfach, go gcomhfhreagraíonn na “cúiseanna iarbhír agus sonracha” a mheas an Chomhairle, agus a rogha á feidhmiú aici, go raibh ar an iarratasóir a bheith faoi réir na mbeart sriantach atá i gceist, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 105 thuas, sa chás seo do na critéir a leagtar amach in aithrisí 6 go 9 de na gníomhartha a chonspóidtear.

112    Rinneadh tagairt don iarratasóir ar an bhforas amháin gur chomhlíon sé na coinníollacha sonracha nithiúla a leagtar síos in aithrisí 6 go 9 de na gníomhartha a chonspóidtear, eadhon a bheith ina ionad meán faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise, a rinne gníomhaíochtaí bolscaireachta a raibh sé mar aidhm leo, inter alia, údar a thabhairt d’ionsaí míleata Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tacú leis an ionsaí sin.

113    Tá na cúiseanna sin intuigthe agus beacht go leor, ag féachaint don chomhthéacs sonrach agus do na himthosca fíorthromchúiseacha agus práinneacha inar glacadh na gníomhartha a chonspóidtear, d’fhonn, ar an gcéad dul síos, a chur ar chumas an iarratasóra a bheith ar an eolas faoi na cúiseanna a lig don Chomhairle a mheas go raibh údar lena ainm a chur ar na liostaí atá i gceist i bhfianaise na gcritéar dlíthiúil is infheidhme sa chás seo agus chun agóid a dhéanamh i gcoinne a dhlíthiúlacht os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh agus, ar an dara dul síos, a n Chomhairle a chumasú chun a chumhacht athbhreithnithe a fheidhmiú.

114    Sna himthosca sin, bhí an t‑iarratasóir in ann é féin a chur ar an eolas ar na cúiseanna iarbhír agus sonracha a thug údar maith le glacadh na mbeart a chonspóidtear, agus mar thoradh air sin níl údar le héileamh nach raibh ráiteas leordhóthanach ar na cúiseanna chuige sin ann.

115    Ní mór diúltú don chuid den chéad saincheist dlí, lena líomhnaítear nach leor na cúiseanna a thug údar le glacadh na mbeart a chonspóidtear i ndáil leis an iarratasóir toisc í a bheith gan bhunús agus, dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad saincheist dlí ina hiomláine.

 An dara saincheist dlí, lena néilítear sárú ar an saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil 

116    Maíonn an t‑iarratasóir go sáraítear leis na gníomhartha a chonspóidtear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil arna ráthú le hAirteagal 11 den Chairt, a fhreagraíonn d’Airteagal 10 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (“ECHR”).  

117    Cuireann an t‑iarratasóir in iúl, de réir chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR), go bhfuil an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil ar cheann de na bunchlocha i sochaí dhaonlathach agus ceann de na coinníollacha bunúsacha maidir lena dul chun cinn agus le forbairt gach duine, ionas nach mbeadh gá le cur isteach ón Stát i sochaí den sórt sin, dá mba rud é go raibh sé d’éifeacht aige an preas a dhíspreagadh ó rannchuidiú le díospóireacht oscailte ar ábhair a bhaineann le leas an phobail. Is léir freisin ó chásdlí ECtHR go gceanglaítear ar an Stát, i réimse na craoltóireachta closamhairc, rochtain phoiblí a ráthú, ar an gcéad dul síos, trí mheán na teilifíse agus an raidió, ar iolrachas tuairimí agus barúlacha lena léirítear, inter alia, éagsúlacht na dtuairimí polaitiúla sa tír agus, ar an dara dul síos, cosaint iriseoirí agus gairmithe eile de chuid na meán closamhairc a áirithiú ar bhacainní ar an bhfaisnéis agus ar na barúlacha sin a chur in iúl. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis phoiblí staonadh ó aon chineál meáin faisnéise a theorannú. Dála ECHR, coisctear leis an gCairt, mar phrionsabal, aon toirmeasc ar fhoilsiú agus ar chraoladh.

118    Sa fhreagra, ar an gcéad dul síos, maíonn an t‑iarratasóir nach iomchuí na bearta sriantacha atá i gceist chun cuspóir déach an leasa ghinearálta ar a bhfuil an Chomhairle ag brath a shaothrú, eadhon, sa chéad áit, cuspóir cosanta i gcoinne bagairt hibrideach ó Chónaidhm na Rúise agus, sa dara háit, cuspóir chun an tsíocháin a chaomhnú agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú. I ndáil leis sin, maíonn an t‑iarratasóir nach ndearna sé aon ghníomh lena dtugtar bonn cirt d’fhorchur na mbeart sriantach atá i gceist agus nach bhfuil sna bearta sin ach “siombail pholaitiúil”.

119    Ar an dara dul síos, cuireann an t‑iarratasóir in iúl go gcuireann an beart a bhfuil sé faoina réir isteach go míchuí ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Sa chéad áit, baintear an bonn de shubstaint na saoirse sin a mhéid a fhágann an toirmeasc sealadach ginearálta agus iomlán ar chraoladh nach mbeidh rochtain ar sheirbhís faisnéise ar fud chríoch an Aontais Eorpaigh. Sa dara háit,  níl toirmeasc den sórt sin comhréireach, ós rud é nach bealach éifeachtach é cinsireacht seirbhíse faisnéise chun cuspóirí na ngníomhartha a chonspóidtear a bhaint amach.

120    Thairis sin, níl na bearta sriantacha atá i gceist faoi réir aon teorann ama atá soiléir agus oibiachtúil, ós rud é go bhfuil deireadh á chur leo faoi réir measúnú randamach, nó measúnú treallach fiú, ag an gComhairle. Ní leagtar béim ar dháta éaga an toirmisc ar chraoltóireacht shealadach, a socraíodh don 31 Iúil 2022, ach ar bhealach saorga amháin, chun críoch cosanta, ós rud é go bhféadfaí síneadh a chur leis.  

121    Ina theannta sin, cáineann an t‑iarratasóir an Chomhairle, ar an gcéad dul síos, toisc nár thug sé bunús leis na líomhaintí sna gníomhartha a chonspóidtear go bhfuil sé ag tabhairt faoi bholscaireacht agus, ar an dara dul síos, as na bearta sriantacha atá i gceist a bhunú ar an gcaoi ar maoiníodh é, rud nach bhfuil athruithe ó 2017 i leith. Dar leis an iarratasóir, níl bunús ar bith leis na gníomhartha bolscaireachta líomhnaithe a bhfuil sé cúisithe ina leith ná leis na cúiseanna a thabharfadh údar lena bheith in ann leanúint le cuid dá ghnó.  

122    Sa chéad áit, áitíonn an t‑iarratasóir nach raibh sé i gceist aige riamh a mhodh maoinithe a cheilt, rud nach bhfuil pionósach ann féin agus a bhí poiblí i gcónaí. Thairis sin, bheadh riosca ann aon chonclúid a tharraingt maidir le hobair eagarthóireachta na meán toisc go bhfaigheann sé maoiniú Stáit, mar is amhlaidh, mar shampla, i leith France 24.

123    Sa dara háit, maidir leis na líomhaintí bolscaireachta féin, dearbhaíonn an t‑iarratasóir a neamhspleáchas ar Stát na Rúise agus go bhfuil smacht iomlán aige ar a líne eagarthóireachta. Cuireann sí in iúl, thairis sin, nár gearradh pionós riamh air, bíodh sé sin ag an CSA nó ag Arcom, ós rud é go bhfuil sé údaraithe a inneachar a dháileadh, agus rinneadh an comhaontú a bhí ina cheangal air a athnuachan gan deacracht in 2020. Mar sin, ní féidir a mheas, ar an gcúis sin amháin, go bhfuil ábhar a chraolann an t‑iarratasóir inlochtaithe i bhfianaise a oibleagáidí.

124    Thairis sin, ní féidir leis an gComhairle cumhdach meán agus próiseáil faisnéise an iarratasóra a chur trína chéile le cainéil eile i ngrúpa RT atá éagsúil leis, a bhí ina n‑ábhar do chinntí a rinne údaráis rialála náisiúnta áirithe agus, go háirithe, ag údarás rialála Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

125    Ar deireadh, maidir leis an bhfianaise a thug an Chomhairle ar aird i ndáil leis an mbréagaisnéis nó leis an ionramháil faisnéise líomhnaithe a rinne an t‑iarratasóir, measann an t-iarratasóir, sa fhreagra, nár léirigh an Chomhairle gur foras de chuid Stát na Rúise é a raibh tionchar aige agus a thug faoi bholscaireacht ar a son é. Maidir le hobair a rinne taighdeoir Francach, ar a raibh an Chomhairle ag brath roinnt uaireanta agus atá, ina theannta sin, ina ábhar do himeachtaí mar gheall ar chlúmhilleadh, ní thugann sé sin údar le beart toirmisc amhail an beart atá i gceist. Is amhlaidh atá i gcás thuarascáil Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe, a thug an Chomhairle ar aird, nach ndéantar aon tagairt inti d’iompar sonrach de chuid an iarratasóra.

126    Dar leis an iarratasóir, ní léiríonn an fhianaise theasctha a thug an Chomhairle ar aird conas a dhéileáil an t‑iarratasóir le hoibríochtaí míleata na Rúise ar chríoch na hÚcráine. Ar bhonn roinnt míreanna fianaise a chuir an Chomhairle ar fáil, chuir an t‑iarratasóir doiciméad ar fáil ag déanamh freagra ar na míreanna éagsúla fianaise sin. Is leor géarscrúdú ar an bhfianaise sa chomhad atá i gceangal leis an bhfreagra chun a thaispeáint nach bhfuil fíorshubstaint le hargóintí na Comhairle, lena bhféachtar le bonn cirt a thabhairt leis na gníomhartha a chonspóidtear a posteriori. Measann an t‑iarratasóir gur dhéileáil sé le tuairimí éagsúla maidir leis an gcoinbhleacht san Úcráin, a ndearnadh cur síos air, in go leor idirghabhálacha, mar ionsaí míleata a bhain an bonn den tsíocháin san Eoraip agus ní hamháin mar ghníomhaíocht chosantach agus choisctheach de pháirt Chónaidhm na Rúise. Ar an gcaoi chéanna, thug iriseoirí an iarratasóra aire go ndéanfadh siad na barúlacha a rinne cainteoirí áirithe a bhréagnú agus cothromaíocht tuairimí a áirithiú. Thairis sin, níl sé inchainte tuairim Chónaidhm na Rúise a chur in iúl, ann féin, , ach amháin má mheastar nach féidir ach tuairim an tromlaigh a chraoladh.

127    Ina theannta sin, tá sé mícheart a lua, d’fhonn comhréireacht an toirmisc atá i gceist a dhlisteanú, nach gcuirtear cosc leis na bearta sin ar an iarratasóir ná ar a fhoireann gníomhaíochtaí eile a dhéanamh san Aontas Eorpach seachas craoladh, amhail suirbhéanna agus agallaimh. Dearbhaítear leis sin, go háirithe, gur dhiúltaigh an Commission de la carte d’identité des journalistes professionnels(CCIJP, an Fhrainc) iriseoirí an iarratasóra a chreidiúnú.  De bharr an toirmisc sin, tá cosc ar na hiriseoirí gairmiúla uile atá ag obair don iarratasóir cleachtadh go héifeachtach mar iriseoirí. Ar an gcaoi chéanna, diúltaíonn soláthraithe seirbhíse do leanúint dá gcaidreamh conarthach leis an iarratasóir. Dá bhrí sin, is ionann an toirmeasc sealadach ar chraoladh agus bac a chur ar a ghníomhaíocht ar fad, go háirithe a chumas craoladh chuig bpobal na Fraince, agus níl sé comhréireach.

128    Go bunúsach, beag beann ar líne eagarthóireachta atá ag meáin, nó a lucht féachana, is fíorghníomh cinsireachta é toirmeasc ginearálta agus iomlán ar chraoladh agus ní féidir a mheas go bhfuil sé riachtanach ná comhréireach chun na cuspóirí ar a bhfuil an Chomhairle ag brath a bhaint amach go héifeachtach.

129    Ar deireadh, séanann an t-iarratasóir gur féidir cúlú ón mbeart atá i gceist. Gan an deis aige a ghnó a sheoladh, tá fíorsheans ann go ndéanfar é a leachtú.

130    Déanann an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Phoblacht na hEastóine, ó Phoblacht na Fraince, ó Phoblacht na Laitvia, ó Phoblacht na Liotuáine, ó Phoblacht na Polainne, ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, argóintí an iarratasóra a dhíospóid.

 Prionsabail an chásdlí is infheidhme maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh

131    Is ceart a choinneáil i gcuimhne nach mór urraim a áirithiú do chearta bunúsacha i ngach gníomhaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, mar is léir ó fhorálacha comhcheangailte Airteagal 21 agus Airteagal 23 CAE (féach breithiúnas an 27 Meán Fómhair 2018, Ezz agus páirtithe eile v an Chomhairle, T‑288/15, EU:T:2018:619, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ós rud é go ráthaítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh le hAirteagal 11 den Chairt, a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 10 de ECHR, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh an chirt sin leis na gníomhartha a chonspóidtear.

132    Faoi Airteagal 11(1) den Chairt, tá ag gach duine an ceart chun tuairimí a nochtadh, lena n‑áirítear an tsaoirse chun tuairimí a bheith acu agus faisnéis agus smaointe a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údaráis phoiblí agus gan beann ar theorainneacha. De réir Airteagal 11(2) den Chairt, déanfar saoirse agus iolrachas na meán a urramú. Mar is léir ó na mínithe a bhaineann leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (IO 2007 C 303, lch. 17) agus i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, is ionann brí agus raon feidhme na gcearta a ráthaítear in Airteagal 11 den Chairt agus an bhrí agus an raon feidhme atá acu siúd a ráthaítear in Airteagal 10 de ECHR (breithiúnas an 26 Aibreán 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑401/19, EU:C:2022:297, mír 44; féach freisin breithiúnas an 14 Iúil 2021, Cabello Rondón v an Chomhairle, T‑248/18, EU:T:2021:450, mír 101 agus an cásdlí dá dtagraítear).

133    Chinn an ECtHR cheana féin go bhfuil an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh ar cheann de na bunchlocha i sochaí dhaonlathach agus nach ndéantar idirdhealú in Airteagal 10 de ECHR de réir chineál na haidhme atá á saothrú ná de réir an róil a bhí ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha i bhfeidhmiú na saoirse sin (ECtHR, 28 Meán Fómhair 1999, Öztürk v. an Tuirc, CE:ECHR:1999:0928JUD002247993, mír 49). Faoi réir Airteagal 10(2) de ECHR, ní hamháin go bhfuil feidhm ag an tsaoirse sin maidir le “faisnéis” nó “smaointe” a nglactar go fabhrach leo nó a mheastar a bheith neamhdhíobhálach nó neamhdhifreáilte, ach freisin maidir leo siúd a dhéanann cionta, turraing nó imní orthu, i gcomhréir le ceanglais an iolrachais, na caoinfhulaingthe agus na hoscailteachta nach bhfuil “sochaí dhaonlathach” ann dá n‑uireasa (ECtHR, 7 Nollaig 1976, Handyside v. an Ríocht Aontaithe, CE:ECHR:1976:1207JUD000549372, mír 49; féach freisin ECtHR, 5 Aibreán 2022, NIT S.R.L. v. Poblacht na Moldóive, CE:ECHR:2022:0405JUD002847012, mír 177 agus an cásdlí dá dtagraítear).

134    I ndáil leis sin, chuir an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in iúl freisin gurb ionann caoinfhulaingt agus meas ar dhínit chomhionann gach duine agus an bunús le sochaí dhaonlathach agus iolraíoch. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí a mheas, i bprionsabal, gur gá, i sochaithe daonlathacha, pionós a ghearradh nó fiú cosc a chur ar gach cineál cur in iúl lena ndéantar fuath a mholadh, a ghríosú, a chur chun cinn nó bonn cirt a thabhairt dó bunaithe ar éadulaingt, úsáid agus glacadh an fhoréigin, má áirithítear go bhfuil na “foirmiúlachtaí”, “coinníollacha”, “srianta” nó “smachtbhannaí” a fhorchuirtear i gcomhréir leis an aidhm dhlisteanach atá á saothrú (féach, chuige sin, ECtHR, 6 Iúil 2006, Erbakan v. an Tuirc, CE:ECHR:2006:0706JUD005940500, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus an 23 Meitheamh 2022, Rouillan v. an Fhrainc, CE:ECHR:2022:0623JUD002800019, mír 66).

135    Is léir ó fhoclaíocht Airteagal 10 de ECHR nach saincheart iomlán é an ceart chun tuairimí a nochtadh agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé a bheith faoi réir teorainneacha. I ndáil leis sin, is féidir roinnt prionsabal a shainaithint i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, ar dá réir, ar an gcéad dul síos, is gá a bheith an-chúramach i gcás ina bhféadfadh na bearta nó na smachtbhannaí arna bhforchur ag na húdaráis an preas a dhíspreagadh ó bheith rannpháirteach sa phlé ar fhadhbanna a bhaineann le leas ginearálta dlisteanach agus, ar an dara dul síos, ní ráthaítear leis an bhforáil sin, áfach, saoirse chun tuairimí a nochtadh gan srian, fiú nuair is gá tuairisc a thabhairt sa phreas ar shaincheisteanna tromchúiseacha a bhaineann le leas an phobail (féach ECtHR, 5 Aibreán 2022, NIT S.R.L. v. Poblacht na Moldóive, CE:ECHR:2022:0405JUD002847012, míreanna 178 agus 179 agus an cásdlí dá dtagraítear).

136    Cosnaítear ceart na meán agus, go sonrach, ceart iriseoirí faisnéis a chur in iúl faoi ábhair leasa ghinearálta ar choinníoll go ngníomhaíonn siad de mheon macánta, ar bhonn fíricí cruinne, agus go soláthraíonn siad faisnéis “iontaofa agus chruinn” i gcomhréir le heitic iriseoireachta nó, i bhfocail eile, i gcomhréir le prionsabail na hiriseoireachta freagraí (féach ECtHR, 5 Aibreán 2022, NIT S.R.L. v. Poblacht na Moldóive, CE:ECHR:2022:0405JUD002847012, mír 180 agus an cásdlí dá dtagraítear).

137    Tá ról thar a bheith tábhachtach ag na breithnithe sin sa lá atá inniu ann, i bhfianaise chumhacht na meán i sochaí an lae inniu, mar ní hamháin go gcuireann siad eolas ar fáil, ach is féidir leo a mholadh ag an am céanna, trí chur i láthair na faisnéise, conas ba cheart do na faighteoirí measúnú a dhéanamh uirthi. I ndomhan ina bhfuil sreabhadh ollmhór faisnéise os comhair an duine aonair, a scaiptear ar na meáin thraidisiúnta nó leictreonacha agus a bhaineann le líon méadaitheach údar, tá tábhacht níos mó ag baint le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na heitice iriseoireachta (féach ECtHR, 5 Aibreán 2022, NIT S.R.L. v. Poblacht na Moldóive, CE:ECHR:2022:0405JUD002847012, mír 181 agus an cásdlí dá dtagraítear).

138    Ar deireadh, maidir leis na “dualgais agus na freagrachtaí” a bhaineann le feidhmiú na saoirse chun tuairimí a nochtadh, ní mór an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an modh chun tuairimí a nochtadh a chur san áireamh agus scrúdú á dhéanamh ar chomhréireacht an chur isteach. Sa chomhthéacs sin, ní mór a chur san áireamh go bhfuil éifeachtaí i bhfad níos láithrí agus níos cumhachtaí ag na meáin chlosamhairc ná na meáin chlóite. Le híomhánna, féadfaidh na meáin chlosamhairc teachtaireachtaí a tharchur nach bhfuil an scríobh in ann a chur in iúl (féach mír 90 thuas). Le feidhm na teilifíse agus an raidió, ar foinsí siamsaíochta iad atá i gcroílár phríobháideacht an bhreathnóra nó an éisteora, neartaítear a dtionchar a thuilleadh (féach, chuige sin, ECtHR, 5 Aibreán 2022, NIT S.R.L. v. Poblacht na Moldóive, CE:ECHR:2022:0405JUD002847012, mír 182 agus an cásdlí dá dtagraítear).

139    I gcomhréir leis an gcásdlí sin, i bprionsabal, murab ionann agus ráitis a bhaineann le hábhair i ndáil le leas an phobail, lena n‑éilítear cosaint láidir, ní dhéantar iad siúd a chosnaíonn nó a thugann údar le foréigean, fuath, seineafóibe nó cineálacha eile éadulaingthe a chosaint de ghnáth (féach, chuige sin, ECtHR, 8 Iúil 1999, Sürek v. an Tuirc (Uimh. 1), CE:ECHR:1999:0708JUD002668295, míreanna 61 agus 62, agus an 15 Deireadh Fómhair 2015, Perinçek v. an Eilvéis, CE:ECHR:2015:1015JUD002751008, míreanna 197 agus 230).

140    Dar le ECtHR, d’fhonn a chinneadh an féidir a thógáil go bhfuil ráitis, ina n-iomláine, ag iarraidh bonn cirt a thabhairt le foréigean, ní mór aird a thabhairt ar an bhfoclaíocht a úsáideadh, ar an gcaoi a ndearnadh na barúlacha agus ar an gcomhthéacs ina craoltar iad (féach, chuige sin, ECtHR, 6 Iúil 2010, Gözel agus Özer v. an Tuirc, CE:ECHR:2010:0706JUD004345304, mír 52, agus an 15 Deireadh Fómhair 2015, Perinçek v. an Eilvéis, CE:ECHR:2015:1015JUD002751008, míreanna 205 agus 206).

141    Is i bhfianaise na bprionsabal agus na mbreithnithe sin go léir nach mór measúnú a dhéanamh ar an tsaincheist dlí seo.

 Srian a bheith ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh

142    Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir ó aithrisí 7 agus 8 de na gníomhartha a chonspóidtear, go raibh an t‑iarratasóir mar mheáin faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise, faoi réir toirmeasc sealadach ar chraoladh ábhair, mar gheall ar bholscaireacht a dhéanamh arb é is aidhm di, inter alia, údar cuí a thabhairt d’ionsaí míleata Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tacú leis sin.

143    Is ionann an toirmeasc sealadach ar chraoladh sin agus cur isteach ar fheidhmiú an ceart chun tuairimí a nochtadh atá ag an iarratasóir de réir bhrí Airteagal 11(1) den Chairt, mar is léir, thairis sin, ó aithrisí 10 agus 11 de na gníomhartha a chonspóidtear.

144    I ndáil leis sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne, mar a luaitear i mír 135 thuas, go bhféadfadh an ceart chun tuairimí a nochtadh ar a bhfuil an t‑iarratasóir ag brath, mar atá cosanta ag Airteagal 11 den Chairt, a bheith faoi réir teorainneacha, faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 52(1) den Chairt, ar dá réir, ar an gcéad dul síos, “[nach mór] foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa Chairt seo agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú” agus, ar an dara dul síos, “[f]aoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‐aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint”.

145    Dá bhrí sin, chun dlí an Aontais a chomhlíonadh, ní mór do shárú ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh ceithre choinníoll a chomhlíonadh. Ar an gcéad dul síos, ní mór “foráil le dlí” do na teorainneacha atá i gceist, sa mhéid is go gcaithfidh an institiúid de chuid an Aontais a ghlacann bearta a d’fhéadfadh srian a chur leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh do dhuine nádúrtha nó dlítheanach bunús dlí a bheith aici chun na críche sin. Ar an dara dul síos, ní mór inneachar sár-riachtanach na saoirse chun tuairimí a nochtadh a urramú. Ar an tríú dul síos, ní mór dó cuspóir leasa ghinearálta, arna n‑aithint ag an Aontas Eorpach, a bhaint amach. Ar an gceathrú dul síos, ní mór an teorainn i gceist a bheith comhréireach (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Meitheamh 2017, Kiselev v an Chomhairle, T‑262/15, EU:T:2017:392, míreanna 69 agus 84 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 13 Meán Fómhair 2018, VTB Bank v an Chomhairle, T‑734/14, nár foilsíodh, EU:T:2018:542, mír 140 agus an cásdlí dá dtagraítear).

146    Comhfhreagraíonn na coinníollacha sin, go bunúsach, do na coinníollacha a leagtar síos i gcásdlí ECtHR, ar dá réir, chun údar cuí a bheith leis faoi Airteagal 10(2) de ECHR, nach mór do chur isteach ar fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh a bheith “foráilte le dlí”, aidhm dhlisteanach amháin nó níos mó a shaothrú agus a bheith “riachtanach i sochaí dhaonlathach” chun iad a bhaint amach (féach, chuige sin, ECtHR, 7 Meitheamh 2012, Centro Europa 7 Sr.l. agus Di Stefano v. an Iodáil, CE:ECHR:2012:0607JUD003843309, mír 135).

147    Dá bhrí sin, bhí an Chomhairle in ann bearta sriantacha a ghlacadh a d’fhéadfadh srian a chur ar shaoirse an iarratasóra chun tuairimí a nochtadh, ar choinníoll go gcomhlíontar leis na srianta sin na coinníollacha, dá dtagraítear thuas, nach mór a chomhlíonadh chun an tsaoirse sin a shrianadh go dlisteanach (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Meitheamh 2017, Kiselev v an Chomhairle, T‑262/15, EU:T:2017:392, mír 70 agus an cásdlí dá dtagraítear).

148    Is gá, dá bhrí sin, a fháil amach an bhforáiltear leis an dlí do na bearta sriantacha atá i gceist, an ndéantar bunbhrí na saoirse chun tuairimí a nochtadh a urramú, an saothraítear cuspóir leasa ghinearálta agus an bhfuil siad comhréireach, agus é á thabhairt ar aird, áfach, gur dhírigh an t‑iarratasóir, ina bharúlacha i scríbhinn, a chuid argóintí ar an gcoinníoll deireanach sin.

 An coinníoll nach mór foráil a dhéanamh le dlí maidir le haon srian ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh

149    Maidir leis an gceist an bhforáiltear le dlí do na bearta sriantacha atá i gceist, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil siad leagtha amach i ngníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta acu agus go bhfuil bunúis dlí shoiléire acu i ndlí an Aontais, eadhon Airteagal 29 CAE, maidir leis an gCinneadh a chonspóidtear, agus Airteagal 215 CFAE, maidir leis an Rialachán a chonspóidtear (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Meitheamh 2017, Kiselev v an Chomhairle, T‑262/15, EU:T:2017:392, mír 72 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 14 Iúil 2021, Cabello Rondón  v an Chomhairle, T‑248/18, EU:T:2021:450, mír 121). Tá forálacha na gConarthaí sin intuartha go leor do na daoine lena mbaineann maidir lena gcuspóir chun feidhmiú mar bhunúis dlí chun bearta sriantacha a ghlacadh a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den tsaoirse chun tuairimí a nochtadh nó srian a chur léi (féach míreanna 49 go 52 agus 62 thuas).

150    Maidir le ceanglas na hintuarthachta, sonraigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go mion minic nach bhféadfaí ach foráil arna foirmliú le beachtas leordhóthanach chun a chumasú don duine aonair a iompar a rialáil a mheas mar “dhlí” de réir bhrí Airteagal 10(2) de ECHR. Ní mór dó a bheith in ann, le comhairle más gá, na hiarmhairtí a d’fhéadfadh teacht as gníomh ar leith a thuar go leibhéal atá réasúnta in imthosca an cháis. Ní gá go mbeadh na hiarmhairtí sin intuartha le cinnteacht iomlán. Dá bhrí sin, ní sháraítear ann féin, le dlí lena sonraítear go soiléir a raon feidhme agus an bealach ina bhfeidhmítear é cé go dtugtar lánrogha ann, ag féachaint don aidhm dhlisteanach atá á saothrú, an ceanglas maidir le hintuarthacht chun cosaint leordhóthanach in aghaidh treallachais a thabhairt don duine aonair (féach ECtHR, 5 Aibreán 2022, NIT S.R.L. v. Poblacht na Moldóive, CE:ECHR:2022:0405JUD002847012, mír 159 agus an cásdlí dá dtagraítear).

151    Sa chás seo, i bhfianaise na mbreithnithe uile thuasluaite, agus i bhfianaise na rogha leithne a bhí ag an gComhairle i gcomhthéacs ghlacadh na mbeart sriantach (féach mír 52 thuas), bhí sé intuartha, i bhfianaise a thábhachtaí atá ról na meán, go háirithe na meáin chlosamhairc, sa tsochaí chomhaimseartha, go bhféadfaí díriú ar an tacaíocht mhór sna meáin d’fhogha mhíleata Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine arna cur ar fáil ag le linn craoltaí ar an teilifís agus ar an idirlín ag meán arna maoiniú go hiomlán ó bhuiséad Stát na Rúise trí bhearta sriantacha maidir le gníomhaíochtaí bolscaireachta i bhfabhar na fogha sin a chosc (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Meitheamh 2017, Kiselev v an Chomhairle, T‑262/15, EU:T:2017:392, mír 76).

152    Sna himthosca sin, ní mór a mheas go gcomhlíontar sa chás seo an coinníoll nach mór na teorainneacha ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a leagan síos le dlí.

 Urramú bunbhrí na saoirse chun tuairimí a nochtadh

153    Is gá a fháil amach an ionann cineál nó méid an toirmisc shealadaigh ar chraoladh ábhair an iarratasóra agus cur isteach ar bhunús na saoirse chun tuairimí a nochtadh.

154    Sa chás seo, ní mór a mheas go bhfuil na bearta sriantacha atá i gceist sealadach agus in-aisiompaithe. Eascraíonn sé as Airteagal 9 de Chinneadh 2014/512, arna leasú, go bhfuil feidhm aige go dtí an 31 Iúil 2022 agus go bhfuil sé faoi réir faireachán leanúnach (féach mír 28 thuas). Chun na bearta sriantacha i gceist a choimeád ar bun tar éis an 31 Iúil 2022, beidh ar an gComhairle cinneadh agus rialachán nua a ghlacadh.

155    Murab ionann agus an méid a mhaíonn an t‑iarratasóir, is léir ó fhoclaíocht na coda deiridh d’aithris 10 de na gníomhartha a chonspóidtear, arna léamh agus arna léirmhíniú i bhfianaise an cheanglais go ndéanfar an cur isteach ar an tsaoirse chun tuairimí an iarratasóra a nochtadh a theorannú a mhéid is féidir, go bhfuil coinneáil na mbeart sriantach i gceist tar éis an 31 Iúil 2022 faoi réir dhá choinníoll charnacha a bheith ann. D’fhéadfaí na bearta sin a choinneáil, ar dtús, go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an ionsaí i gcoinne na hÚcráine agus, anuas air sin, go dtí go scoirfidh Cónaidhm na Rúise agus na meáin ghaolmhara de ghníomhaíochtaí bolscaireachta a dhéanamh i gcoinne an Aontais agus a Ballstát. Toisc gur dhá choinníoll charnacha atá ann, dá scoirfí de cheann amháin den dá choinníoll a chomhlíonadh, ní bheadh aon ghá na bearta atá i gceist a choimeád ar bun a thuilleadh. Dá bhrí sin, ní féidir leis an iarratasóir a éileamh go bhfuil sé beartaithe iad a chur i bhfeidhm gan teorainn ama arna sainiú roimh ré ag an gComhairle.

156    Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuireann na gníomhartha a chonspóidtear cosc ar gach gníomhaíocht a bhaineann le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Mar a luaitear in aithris 11 de na gníomhartha a chonspóidtear, ní fhorchuirtear leis an toirmeasc sealadach ar chraoltóireacht ar an iarratasóir cosc air dul i mbun gníomhaíochtaí eile san Aontas Eorpach nach craoltóireacht iad, amhail suirbhéanna agus agallaimh. Dá bhrí sin, is féidir a rá, mar a dhéanann an Chomhairle, go bhfuil an t‑iarratasóir agus a chuid iriseoirí údaraithe i gcónaí chun gníomhaíochtaí áirithe a shaothrú a bhaineann leis an tsaoirse chun faisnéis a fháil agus tuairimí a nochtadh agus, i bprionsabal, nach gcuirtear leis an toirmeasc sin bac ar an iarratasóir dul i mbun gníomhaíochtaí eile lena d’fhéadfadh sé ioncam a ghiniúint.

157    Ina theannta sin, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a thugann an Chomhairle faoi deara, nach gcuirtear leis na gníomhartha a chonspóidtear cosc ar an iarratasóir a ábhar a chraoladh lasmuigh den Aontas Eorpach, lena n‑áirítear i dtíortha ina labhraítear an Fhraincis, agus mar sin ní sáraítear leis na bearta sriantacha atá i gceist a cheart chun a shaoirse chun tuairimí a nochtadh lasmuigh den Aontas Eorpach a fheidhmiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Meitheamh 2017, Kiselev v an Chomhairle, T‑262/15, EU:T:2017:392, mír 123 agus an cásdlí dá dtagraítear). I ndeireadh na dála, níor cuireadh cosc ar an iarratasóir craoltaí agus ábhar eagarthóireachta a tháirgeadh ná iad a dhíol le heintitis nach mbaineann na bearta atá i gceist leo, lena n‑áirítear TV Novosti agus meáin eile an ghrúpa RT atá bunaithe i dtríú tíortha, a d’fhéadfadh an t‑ábhar sin a chraoladh, dá bhrí sin, lasmuigh den Aontas Eorpach.

158    Thairis sin, maidir leis an argóint atá bunaithe ar chinneadh CCIJP diúltú d’aon iarratas nua ar chárta preasa arna chur isteach ag iriseoirí atá ag obair don iarratasóir, ba cheart a thabhairt faoi deara gurb é toradh díreach an diúltú sin ar chinneadh aontaobhach ón gcoiste sin, nach leanann a ghlacadh as na gníomhartha a chonspóidtear, atá, ina theannta sin, ina ábhar caingne ar feitheamh faoi láthair os comhair chúirteanna inniúla na Fraince. Dá bhrí sin, tá an t‑iarratasóir mícheart a éileamh go bhfuil sé dodhéanta dá chuid iriseoirí a ngairm a chleachtadh ar chríoch na Fraince mar thoradh ar ghlacadh na ngníomhartha a chonspóidtear.

159    Ar na cúiseanna sin, ní mór a chinneadh go n‑urramaítear le cineál agus raon feidhme an toirmisc shealadaigh atá i gceist bunbhrí na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus nach mbaineann siad an bonn den tsaoirse sin.

 Cuspóir leasa ghinearálta, atá aitheanta amhlaidh ag an Aontas Eorpach, a bhaint amach

160    Maidir leis an gcoinníoll a bhaineann le cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú, arna n‑aithint ag an Aontas Eorpach mar chuspóir den sórt sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a léiríonn an Chomhairle, mar is léir ó aithrisí 1 go 10 de na gníomhartha a chonspóidtear, go bhféachann an Chomhairle le dhá chuspóir a shaothrú leis na bearta sriantacha atá i gceist.

161    Ar an gcéad dul síos, tá sé mar aidhm ag an gComhairle, mar a luaitear in aithrisí 6 go 8 de na gníomhartha a chonspóidtear, ord poiblí agus slándáil an Aontais Eorpaigh a chosaint, atá faoi bhagairt ag an bhfeachtas córasach idirnáisiúnta bolscaireachta a chuir Cónaidhm na Rúise ar bun, trí na meáin atá faoi bhuanrialú díreach nó indíreach a ceannaireachta, chun tíortha comharsanachta, an tAontas Eorpach agus a Ballstáit a dhíchobhsú agus chun tacú le hionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine, a fhreagraíonn do cheann de chuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála. Trí bhearta sriantacha a ghlacadh i gcoinne na meán a bhfuil gníomhaíocht bholscaireachta den sórt sin mar mhisean acu, comhlíontar an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 21(2)(a) CAE, is é sin luachanna an Aontais Eorpaigh, a leasanna bunúsacha, a shlándáil agus a shláine a chosaint.

162    Ina theannta sin, mar a cuireadh in iúl cheana i mír 56 thuas, ós rud é go bhfuil na feachtais bholscaireachta agus bhréagaisnéise in ann amhras a chaitheamh ar bhunchlocha na sochaithe daonlathacha agus gur dlúthchuid iad d’ionstraimí cogaidh nua-aimseartha, tá na bearta sriantacha atá i gceist ina gcuid de shaothrú ag an Aontas Eorpach de na cuspóirí, go háirithe na cuspóirí síochánta, a shanntar dó in Airteagal 3(1) agus (5) CAE.

163    Ar an dara dul síos, mar a luann an Chomhairle, tá na bearta sriantacha atá i gceist ina gcuid de na cuspóirí a shaothraítear leis an straitéis fhoriomlán maidir le freagairt mhear, aontaithe, chéimnithe agus chomhordaithe a chuir an tAontas Eorpach ar bun, trí shraith beart sriantach a ghlacadh (féach míreanna 12, 17 agus 19 thuas), agus é mar aidhm dheiridh acu uasbhrú a chur ar údaráis na Rúise, ionas go gcuirfidh siad deireadh lena ngníomhaíochtaí agus lena mbeartais lena ndéanann siad an Úcráin a dhíchobhsú agus leis an ionsaí míleata i gcoinne na tíre sin. Ón taobh sin de, tá na bearta sriantacha atá i gceist comhsheasmhach leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 21(2)(c) CAE, eadhon an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, i gcomhréir le cuspóirí agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Meitheamh 2017, Kiselev v an Chomhairle, T‑262/15, EU:T:2017:392, mír 81).

164    Amhail idiragraithe áirithe, ní mór a thabhairt faoi deara go bhféadfar a thuiscint gurb é atá sna bearta sriantacha atá i gceist freagairt, leis na modhanna síochánta atá ar fáil don Aontas Eorpach agus d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3(5) CAE a bhaint amach, ar ábhar de chuid an dlí idirnáisiúnta maidir le hionsaí a sháraíonn Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe agus, dá bhrí sin, sárú ar oibleagáidí erga omnes a fhorchuirtear leis an dlí idirnáisiúnta.

165    Ina theannta sin, deimhníodh gurb ann do shárú den sórt sin le rún an 2 Márta 2022, dar teideal “Ionsaí i gcoinne na hÚcráine” (A/ES-11/L.1), ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. Sa rún sin, ag tagairt do Rún 377 A(V) an 3 Samhain 1950, dar teideal “Aontas ar son na síochána” agus ós rud é gur chuir an easpa aontoilíochta i measc bhuanchomhaltaí na Comhairle Slándála cosc uirthi a príomhfhreagracht as an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choimeád a chomhlíonadh, chuir Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in iúl i dtéarmaí fíorláidir, inter alia, gur olc ionsaí Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine de shárú ar Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, go gceanglaítear ar Chónaidhm na Rúise deireadh a chur láithreach le húsáid an fhornirt i gcoinne na hÚcráine agus a fórsaí míleata uile a tharraingt siar láithreach, go hiomlán agus gan choinníoll, ó chríoch na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta. Mheabhraigh sí freisin an oibleagáid atá ar gach Stát, faoi Airteagal 2 de Chairt na Náisiún Aontaithe, staonadh ina gcaidreamh idirnáisiúnta ó bhagairt nó ó úsáid fornirt, in aghaidh iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil aon Stáit, nó ar shlí eile nach luíonn le cuspóirí na Náisiún Aontaithe, agus a ndíospóidí idirnáisiúnta a réiteach trí mhodhanna síochánta. Ag tabhairt dá haire go raibh oibríochtaí míleata na Rúise laistigh de chríoch cheannasach na hÚcráine ar leibhéal nach bhfacthas riamh san Eoraip le roinnt mhór blianta anuas, mheas sí gur ghá gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun an ghlúin reatha a shábháil ó chéas anna cogaíochta. D’iarr sí ar Chónaidhm na Rúise scor láithreach d’úsáid an fhornirt i gcoinne na hÚcráine agus staonadh ó aon úsáid neamhdhleathach a bhaint as bagairt nó úsáid fornirt i gcoinne aon Bhallstáit. Sa chuid oibríochtúil den rún sin, d’athdhearbhaigh an Comhthionól Ginearálta, inter alia, na hiarrachtaí a rinne an tArd-Rúnaí, na Ballstáit agus eagraíochtaí idirnáisiúnta chun an lasóg a bhaint den bharrach atá ann faoi láthair agus chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim dhaonnúil chomh maith le géarchéim na ndídeanaithe a d’eascair as ionsaí Chónaidhm na Rúise san Úcráin.

166    Mar a chuir an Chomhairle in iúl, mar is ceart, tá cuspóir leasa ghinearálta ríthábhachtach i gceist don chomhphobal idirnáisiúnta ó thaobh deireadh a chur le staid an chogaidh agus leis na sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, i gcás inar dócha go mbeidh cogadh ann dá bharr (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Iúil 1996, Bosphorus, C‑84/95, EU:C:1996:312, mír 26).

167    Dá réir sin, comhlíontar sa chás seo an coinníoll a bhaineann le cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú.

 Comhréireacht na mbeart sriantach atá i gceist

168    Maidir le comhréireacht na srianta atá i gceist, is ceart a choinneáil i gcuimhne go gceanglaítear le prionsabal na comhréireachta nach sáraítear leis na teorainneacha a fhéadfar a fhorchur le gníomhartha de dhlí an Aontais maidir leis na cearta agus na saoirsí a chumhdaítear sa Chairt teorainneacha an mhéid is iomchuí agus is gá chun na cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú a chomhlíonadh nó an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint, agus i gcás ina bhfuil rogha ann idir roinnt beart iomchuí, ní mór dul ar iontaoibh an ceann is lú trom, agus ní fhéadfaidh na míbhuntáistí a thagann as an mbeart sin a bheith díréireach leis na haidhmeanna atá á saothrú (féach breithiúnas an 26 Aibreán 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑401/19, EU:C:2022:297, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear; féach freisin, chuige sin, breithiúnas an 15 Meitheamh 2017, Kiselev v an Chomhairle, T‑262/15, EU:T:2017:392, mír 87 agus an cásdlí dá dtagraítear).

169    Dá bhrí sin, d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart sriantach atá i gceist, is gá a fháil amach ar dtús an bhfuil an fhianaise a thug an Chomhairle ar aird in ann bonn cirt a thabhairt don chonclúid a rinne sí maidir leis an smacht atá ag an iarratasóir agus maidir le hinneachar an ábhair a scaip sé agus, ar an dara dul síos, an bhfuil na bearta sriantacha atá i gceist iomchuí agus riachtanach chun cuspóirí an leasa ghinearálta atá á saothrú ag an Aontas Eorpach a bhaint amach.

–       Ábharthacht agus leordhóthanacht na fianaise arna tabhairt ar aird ag an gComhairle

170    Mar réamhphointe, is ceart a choinneáil i gcuimhne, mar chuid den athbhreithniú ar dhlíthiúlacht na bhforas ar a bhfuil an cinneadh ainm duine ar leith a chur nó a choimeád ar liosta daoine atá faoi réir bearta sriantacha bunaithe, go n‑áiritheoidh Cúirteanna an Aontais Eorpaigh go ndéanfar an cinneadh sin, a dhéanann difear don duine sin ina aonar, ar bhonn fíorasach sách láidir. Is éard atá i gceist leis sin na líomhaintí fíorasacha a fhíorú san achoimre ar na cúiseanna atá mar bhonn leis an gcinneadh sin, agus an toradh nach féidir an t‑athbhreithniú breithiúnach a theorannú do mheasúnú ar an áititheacht san achoimre ar na cúiseanna ar a bhfuiltear ag brath, ach ní mór baint a bheith aige le cé acu a mheastar nó nach meastar na cúiseanna sin, nó ceann amháin ar a laghad de na cúiseanna sin, ann féin chun tacú leis an gcinneadh sin, a bheith réasúnaithe le fianaise atá beacht go leor agus nithiúil (breithiúnas an 21 Aibreán 2015, Anbouba v an Chomhairle, C‑605/13 P, EU:C:2015:248, mír 45, agus an 15 Meitheamh 2017, Kiselev v an Chomhairle, T‑262/15, EU:T:2017:392, mír 62).

171    Ar dtús, ní mór a shuí an raibh an ceart ag an gComhairle féachaint ar an iarratasóir mar mheán faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise.

172    Ar an gcéad dul síos, is léir ón gcomhad, agus níl sé faoi dhíospóid ag an iarratasóir, gur leis an gcomhlachas atá á rialú ag dlí na Rúise, TV Novosti, atá a scairchaipiteal, cosúil leis na cainéil eile i ngrúpa RT atá, go bunúsach, maoinithe go hiomlán ag buiséad Stát na Rúise (féach mír 2 thuas), a dheimhnigh an t‑iarratasóir féin ag an éisteacht. Is léir freisin ón gcomhad  gur bhunaigh RIA Novosti, gníomhaireacht preasa Stáit a díscaoileadh in 2013 trí chinneadh lena bhforáileadh go n‑aistreofaí a shócmhainní chuig an ngníomhaireacht preasa idirnáisiúnta nua Stáit, Rossiya Segodnya, an comhlachas sin in 2005. Ina dhiaidh sin, mar a chuir an Chomhairle in iúl, is léir, go bunúsach, ó na ráitis a rinne príomheagarthóir domhanda Ghrúpa RT, a cuireadh i láthair amhlaidh ar shuíomh gréasáin an iarratasóra, gur comhlacht faisnéise de chuid Stát na Rúise é Grúpa RT, “cainéal idirnáisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar an tír’, a bhfuil sé de mhisean aige, inter alia, lucht féachana mór a thógáil ag tosú leis na tíortha ina bhfuil a chainéil ag feidhmiú agus le húsáid, ag tráthanna ríthábhachtacha, mar shampla le linn cogaidh, mar “arm faisnéise” i gcoinne dhomhan an Iarthair. Sa chomhthéacs sin, go bunúsach, cuireadh feidhm an ghrúpa RT, i gcomparáid le feidhm Aireacht Cosanta na Rúise. I ndáil leis sin, ba cheart a chur in iúl freisin, cé nach stiúrthóir an iarratasóra go foirmiúil í príomheagarthóir domhanda Ghrúpa RT, is léir ó roinnt ráiteas a rinne sí, a chuir an Chomhairle sa cháschomhad, go dtagraíonn sí go córasach d’iriseoirí an iarratasóra mar “a” hiriseoirí. Ina theannta sin, mar fhreagra ar cheist ón gCúirt ag an éisteacht, dúirt an t‑iarratasóir gur cheannaigh TV Novosti, beag beann ar a n‑ábhar, a tháirgí eagarthóireachta agus gur chuir sé ábhar closamhairc ar fáil di freisin, amhail cláir faisnéise agus tuarascálacha, a tháirgtear do na cainéil go léir sa ghrúpa RT. Ar deireadh, is léir ón gcáschomhad gur dhearbhaigh Uachtarán Chónaidhm na Rúise, ar an gcéad dul síos, “nach bhféadfadh RT gan seasamh na n‑údarás oifigiúil a léiriú maidir lena [tharla] ina dtír féin agus thar lear” agus, ar an dara dul síos, nuair a bhítear ag smaoineamh ar chuairt ar áitreabh an iarratasóra, “dá mbeadh an oiread sin faitíos ann go mbíonn tionchar ag an aonad meáin sin ar aigne, [ciallódh] sé sin [gurbh iad] na buaiteoirí sa chomórtas sin”.

173    Sa fhreagra, ní rinne an t‑iarratasóir ach athdhearbhú, fiú má bhain na cainéil éagsúla RT leis an ngrúpa céanna agus má roinneadh roinnt luachanna, go raibh sé go hiomlán neamhspleách agus tá smacht aige ar a bheartas eagarthóireachta. Mar sin féin, níor thíolaic sé aon fhianaise maidir leis an gcreat rialála agus institiúideach lena rialaítear gníomhaíochtaí na n‑eintiteas Rúiseach Rossiya Segodnya agus TV Novosti a bhí in ann a léiriú gurb ann dá neamhspleáchas eagarthóireachta agus dá neamhspleáchas institiúideach maidir leis na heintitis sin. Nuair a ceistíodh go sainráite ina leith sin ag an éisteacht, ní raibh an t‑iarratasóir fiú in ann a mhíniú an bhféadfaí a neamhspleáchas eagarthóireachta agus a neamhspleáchas institiúideach maidir le Grúpa RT a thuiscint ó reachtaíocht nó, in aon chás, ó ghníomhartha poiblí.

174    Dá bhrí sin, thug an Chomhairle sraith comharthaí ar aird a bhí sonrach, beacht agus comhsheasmhach go leor chun a thaispeáint go raibh an t‑iarratasóir faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise.

175    Sa dara háit, ní mór a shuí an raibh an Chomhairle i dteideal a bheith den tuairim gur chuir an t‑iarratasóir tús le bolscaireacht leanúnach chomhbheartaithe a bhí dírithe ar an tsochaí shibhialta san Aontas Eorpach agus i dtíortha comharsanachta ag iarraidh, inter alia, údar a thabhairt le hionsaí Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tacú leis.

176    Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara gur chuir an Chomhairle roinnt míreanna fianaise i dtoll a chéile mar thaca leis na gníomhartha a chonspóidtear, ar míreanna iad go léir a bhí ann roimh na gníomhartha sin agus ar a bhfuil rochtain ag an bpobal.

177    Ar an gcéad dul síos, is léir ón bhfianaise sin go ndearna an t‑iarratasóir gníomhaíochtaí chun tacú le gníomhaíochtaí agus beartais rialtas na Rúise i ndíchobhsú na hÚcráine, le linn na tréimhse roimh an ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine, trí ailt a foilsíodh ar a shuíomh gréasáin agus agallaimh a bhí beartaithe, inter alia, imscaradh fhórsaí armtha na Rúise a chur i láthair mar bheart coisctheach chun poblachtaí féinfhógartha Donetsk agus Luhansk a chosaint. In alt an 21 Feabhra 2022, ina tuairiscíodh focail Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise inar cuireadh i leith “an Iarthair” go ndearna sé “coimhlint dhosháraithe a chruthú idir an Rúis agus ECAT” shonraigh sé freisin, ar an gcéad dul síos, go bhfuil “na Meiriceánaigh ag athrá i gcónaí [...] go bhfuil an Rúis ‘ar tí’ ionsaí a dhéanamh ar an Úcráin, hipitéis a dhiúltaigh Moscó go láidir, lena gcuirtear i leith an Iarthair go bhfuil sé ag iarraidh cúrsaí a ghéarú” agus, ar an taobh eile, “go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas go mór in oirthear na hÚcráine le cúpla lá anuas[,] agus diúracán de chineál anaithnid ó chríoch na hÚcráine áit [tar éis] post seirbhíse de chuid ghardaí teorann an FSB de Chónaidhm na Rúise a scrios go hiomlán”. Chomh maith leis sin, cúpla seachtain roimhe sin ar 1 Nollaig 2021, d’fhoilsigh an t‑iarratasóir físeán ar Youtube ina ndearnadh athrhriotail ar na focail ó cheann taidhleoireachta na Rúise “nár chuir an Rúis as an áireamh go gcinnfeadh an Úcráin, le tacaíocht ón Iarthar, dul i mbun eachtra mhíleata’. In alt an 24 Eanáir 2022, ina dtagraítear do “ghlanadh eitneach” faoi stiúir mhuintir na hÚcráine in Donbass, luaitear an méid seo a leanas: “Ná déan dearmad, is réigiúin den Rúis iad na réigiúin seo, Donetsk agus Luhansk, a thug Lenin agus na Boilséivigh don Úcráin.” In alt an 12 Feabhra 2022 tá físeán d’idirghabhálaí, a chuirtear i láthair mar ollamh ar cuairt in Ollscoil Stáit Mhoscó, ag maíomh gur tháinig go leor grúpaí jiohádacha go dtí an líne thosaigh ar thaobh na hÚcráine agus go raibh eagla go mbeadh briogadh ann. In alt an 21 Feabhra 2022, líomhnaítear gur bhagair “ainghníomhartha atá le déanamh” ag arm na hÚcráine pobal labhartha na Rúisise in Donbass. In agallamh an 22 Feabhra 2022, dearbhaíonn anailísí beartais go bhfuil bolscaireacht á stiúradh ag na Stáit Aontaithe “lena ndéantar cogadh samhailteach” agus go bhfuil “tionchar diúltach aige lena gcuirtear slándáil na Rúise i mbaol ag a theorainneacha féin, agus iad ag tabhairt le tuiscint go raibh sé seo chun náisiún beag bocht a tharrtháil”.

178    Ar an dara dul síos, is léir ó na craoltaí a craoladh ón 24 Feabhra 2022, an lá a thosaigh an ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine, go dtí an 27 Feabhra 2022 ar chainéal teilifíse an iarratasóra, a luaithe a cuireadh tús leis an ionsaí míleata, gur lean an t‑iarratasóir de ráitis oifigiúla údaráis Chónaidhm na Rúise a ghlacadh gur “oibríocht speisialta” a bhí san ionsaí, i gcomhréir le hóráid Uachtarán na Rúise an 24 Feabhra 2022, ar oibríocht choisctheach, chosantach agus theoranta é, arb iad tíortha an Iarthair agus dearcadh ionsaitheach ECAT chomh maith le gríosadh na hÚcráine ba chúis leis, a bhí beartaithe chun poblachtaí féinfhógartha Donetsk agus Luhansk a chosaint.

179    Maidir leis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na téarmaí a úsáidtear sna craoltaí sin, ar an modh ina gcuireadh na focail le chéile agus ar an gcomhthéacs inar craoladh na craoltaí sin, is é sin le rá cogadh reatha.

180    Le linn mhaidin an 24 Feabhra 2022, an chéad lá d’ionsaí na Rúise, chuir roinnt cainteoirí na hoibríochtaí míleata leanúnacha i láthair sna craoltaí teilifíse sin mar “ghníomhaíocht chosantach” de chuid Chónaidhm na Rúise. Go háirithe, dúirt aoichainteoir amháin, a cuireadh i láthair mar saineolaí polaitiúla, arís agus arís eile go raibh imoibriú na Rúise de chineál “cosanta” agus “teoranta” agus go raibh an cogadh in Donbass mar thoradh ar ionramháil de chuid an “Iarthair”, ag cur leis: “Is léir dúinn cé tá freagrach i ndáiríre; go hoibiachtúil, níl i gceist ach ECAT agus a phuipéad, an Úcráin.” D’áitigh an t‑aoichainteoir freisin gur cheart críocha Donbass a scaoileadh go tapa ó “ghreim réimeas míleata Chív” agus gurb é an t‑aon chuspóir a bhí leis na hoibríochtaí míleata leanúnacha ná an dá phoblacht scarúnaíocha de Donbass a aisghabháil agus ciúnas a thabhairt ar ais chuig teorainneacha na Rúise. Ina theannta sin, dúirt sé: “Níl sé i gceist ag an Rúis cogadh a dhéanamh i gcoinne na hÚcráine agus é a ionghabháil i gcodarsnacht leis an méid a theastaítear go creidimid ó bholascaireacht an Iarthair.” Le linn an chláir chéanna, sonraigh aoichainteoir eile, le feiceáil trí nasc físe, mar a leanas: “Ar ndóigh, ní cogadh foghach é seo, mar a rinne gníomhaireachtaí cumarsáide Angla-Shacsanach, an Aontais Eorpaigh agus ECAT a léiriú, is ceist é Poblachtaí Donbass a dhaingniú agus, feicfimid, [...] i ndiaidh saoránaigh Donbass a shaoradh, iad ag cur fáilte roimh thrúpaí na Rúise le háthas, toisc go bhfuil Donbass faoi bhuamáil na hÚcráine ó 2014.” Dar leis an aoichainteoir seo, ní “cogadh ionsaithe” é, ach cogadh cosanta é cun a chríoch agus a thimpeallacht a dhaingniú”. Chuir an t‑aoichainteoir seo leis: “Tá baol ann go ndéanfar ECATáil den Úcráin, toisc go seachnaítear, leis an bhfeachtas cumarsáide seo chun a léiriú gurb í an Rúis an t‑ionsaitheoir, an chaibidlíocht [...] agus is féidir airm a sholáthar go buan chuig an Úcráin agus, dá bhrí sin, tá an baol a bhaineann le géarú agus ionsaí ag an Úcráin ar chríoch Donbass ag méadú [...] tá cúnamh ón Rúis iarrtha ag na poblachtaí neamhspleácha.” Dúirt aoichainteoir eile, a cuireadh i láthair mar anailísí polaitiúil, a bhí i láthair an mhaidin sin freisin, “in ainneoin na moltaí chun déileáil ó Mhoscó... in ainneoin taidhleoireachta, tar éis ocht mbliana, [...] is é an t‑aon réiteach atá aimsithe ag Moscó inniu ná cogadh.” Mar a shonraigh an Chomhairle, is léir ó na craoltaí sin gur thuairiscigh na rannpháirtithe sa stiúideo briogadh a d’fhulaing Cónaidhm na Rúise le fada an lá, a thug údar cuí leis an ionsaí míleata a dhlisteanú agus gur ghá go mbeadh baint ag ráig na coinbhleachta le gníomhartha thíortha an Iarthair chomh maith leis an briogadh Úcránach a bhí líomhnaithe.

181    Tráthnóna an 24 Feabhra 2022, lean roinnt aoichainteoirí orthu den ionsaí Rúiseach a chur i láthair mar ghníomh cosanta agus coisctheach ag Cónaidhm na Rúise. Tugadh faoi deara freisin gur cuireadh tús leis an gcoimhlint arís le gníomhaíochtaí de cuid thíortha an Iarthair agus le briogadh na hÚcráine. Dúirt iriseoir amháin, a cuireadh i láthair mar chomhairleoir faisnéise straitéisí, “gur chruthaigh an Rúis an Úcráin”. Dar le cainteoir amháin, a cuireadh i láthair mar eolaí polaitiúil ar na Stáit Aontaithe: “[T]á go leor fadhbanna críochacha san Úcráin, is tír í a raibh go leor deacrachtaí aici teacht le chéile, a chonaidhmiú, is é sin, agus fiú sa lá atá inniu ann, má luaitear Transnistria, má luaitear Donbass, nó an Chrimé, is críocha iad atá ag iarraidh a bheith mar chuid de Chónaidhm na Rúise, cibé acu is maith linn nó nach maith linn é sin, agus ní mór an próiseas sin a chur san áireamh chun na próisis bhunúsacha go léir a thuiscint, ina measc idirghabháil mhíleata na Rúise.”  Dar le hanailísí eile: “Is léir go bhfuil ceist ann maidir le Poblachtaí féinfhógartha Donbass a choimiriciú agus cosc a chur ar Stát na hÚcráine an beartas a shaothrú amach anseo [...] i leith an dá eintiteas sin ina ndéantar buamáil orthu go leanúnach ar feadh ocht mbliana, agus mar sin tá sé i gceist cumas suaiteach réimeas reatha na hÚcráine a neodrú.” “Dar leis an anailísí seo, “tá coimirciú Donbass an-tábhachtach, agus [mar] a shonraigh an tUachtarán Putin, is é neodrú na hÚcráine, a fheictear i Moscó ó 2014 mar eintiteas naimhdeach”. Chuir sé in iúl freisin, ar an gcéad dul síos, “go bhfuil fonn ann díospóid a réiteach nach bhféadfaí a réiteach leis an gcaibidlíocht, agus an locht ar an Úcráin agus ar a hurraitheoirí ón Iarthar den chuid is mó... agus mar sin chinn an Rúis gníomhú agus foirneart a úsáid” agus, ar an dara dul síos, “don Rúis is é atá i gceist ná cineál de fhoirmíocht chríochach a atógáil ina gcuirtear san áireamh go bhfuil mionlach mór ina labhraítear an Rúis ann”.  Dar le haoichainteoir eile, a cuireadh i láthair mar chomhairleoir faisnéise straitéiseach: “Tá daoine ann a cheapann gurb é atá ar siúl ná ionsaí, ach dar liom féin cosaint atá ann [...] trí chomhaontuithe 1991, gheall na Stáit Aontaithe nach mbeidh aon leathnú ar ECAT ar an taobh thoir, ach leis an méid atá ag tarlú sa lá atá inniu ann, go háirithe intinn na hÚcráine bheith ina ball de ECAT, an malairt atá ann.” Dar leis an aoichainteoir sin: “Má tá mianta scarúnaíocha ann a d’fhéadfadh cabhrú leis an Rúis píosa beag den chríoch a thógáil, sa lá atá inniu ann, is gníomhaíocht choiscthe atá ar bun aici, chun í féin a chosaint, rud a thugann údar le cad atá le feiceáil againn.”

182    Le linn mhaidin an 25 Feabhra 2022, sonraigh aoichainteoir a bhí ann trí nasc físe, a cuireadh i láthair mar phríomheagarthóir ar iris Sheirbiach, go raibh an staid san Úcráin ag freagairt don méid a thárla sa tSeirbia 30 bliain ó shin. Thagair sé do “ruaigeadh 250 000 Seirbeach ón gCróit”, don fhíoras “go ndúradh gur Hitler nua an tUachtarán a bhí acu ag an am, Milosevic” agus labhair sé faoin “gcinedhíothú … a bhí beartaithe ag Rialtas Chív le tacaíocht ó na Stáit Aontaithe agus fiú ón mBruiséil”. Fós le linn na maidine sin, chuir aoichainteoir, a cuireadh i láthair mar ollamh ar cuairt in Ollscoil Stáit Moscó, i láthair arís ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar ghníomh cosantach agus coisctheach. Dar léi: “[Is é aidhm an ionsaithe sin] dímhíleatú na hÚcráine, ós rud é go bhfuil an Úcráin “ró-mhíleataithe” le déanaí ag tíortha ECAT, cé nach bhfuil sí ina bhall de, agus a dhínaitsiú, ós rud é go bhfuil na struchtúir go léir, ó thárla an “maïdan” in 2014 insíothlaithe ag grúpaí nua-Naitsíocha […] tír ina bhfuil leibhéal éillithe nach bhfacthas riamh, agus atáthar á díriú thar lear, tá sé fíorchontúirteach í a fhágáil mar sin, dá muintir, don Eoraip, ní hamháin don Rúis […] agus mar sin is é an aidhm dhíreach ná an tír a dhímhíleatú agus ligean do na daoine, mar a dúradh, an bealach ar mhian leo a leanúint a chinneadh agus ní an bealach a fhorchuir na “maïdans” a bhí ann arís agus arís eile ó 2004 i leith. Dar leis an aoichainteoir sin: “[T]á an fhadhb ghinearálta ann maidir le rialachas agus treoshuíomh idé-eolaíoch rialtas oifigiúil na hÚcráine [...] d’aithin siad mar laochra cogaidh na daoine a bhí ar thaobh na Naitsithe [...] nuair a glóirítear laochra na Naitsithe a rinne ollslógadh ar phobail shibhialtacha agus a bhí ina ndlúthpháirt d’arm na Gearmáine ag an am sin, tá fadhb slándála idirnáisiúnta an-tromchúiseach fós ann, ós rud é go bhfuil an Úcráin fós ar thairseach an [Aontais]. Dúirt sí freisin: “Tá sé tábhachtach an taobh polaitiúil a idirdhealú ó thaobh an dlí de; tá sé seo amhrasach go polaitiúil i gcónaí, ós rud é, sa chomhthéacs polaitiúil, go gcloíonn neart ceart, bhí an pobal idirnáisiúnta go hiomlán den tuairim go raibh sé dlisteanach an iar-Iúgslaiv a bhuamáil..., ar an taobh eile... cé gur mian leis an Rúis na daoine atá faoi chuing rialtais antoiscigh a scaoileadh [...] is cuma [leis] [...] má roghnaíonn an pobal idirnáisiúnta réimeas na Naitsithe a chosaint ar a thairseach, is leis an rogha dímhorálta, mídhaonna sin...; ó thaobh an dlí de, is í an cheist a mhéid atá an ceart ag na réigiúin de chuid Donetsk chun neamhspleáchais[;] chuige sin, ní mór a thuiscint, ar thaobh amháin, go bhfuil an ceart ag an Stát é féin a chosaint agus a iomláine chríochach a chosaint, ach chun na críche sin ní mór don Stát a bheith ann; tá ann don Stát sa dlí nuair atá a reachtaíocht [...] curtha i bhfeidhm ina iomlán agus go ginearálta agus nuair atá éifeacht aige ar fud na críche; an féidir linn a rá i ndáiríre go bhfuil an do stát na hÚcráine? Má thógtar an smacht reachta daonlathach san áireamh, mar a dhéanann an comhphobal idirnáisiúnta, go teoiriciúil ar a laghad, é a aithint agus a chur i bhfeidhm, sa chás sin níl ann do stát na hÚcráine. Ar an mbonn sin, is gnách do Donetsk agus Luhansk cosaint a lorg [...] is gnách don Rúis idirghabháil dhlíthiúil a dhéanamh chun ligean do na daoine sin an stát a athbhunú.” Dúirt sí ina theannta sin “Ní féidir iomláine chríochach a bhaint amach ach amháin sa mhéid go bhfuil Stát ann, i gcás nach bhfuil ann do stát, tá an ceart ag daoine chun féinchinntiúcháin, ní féidir ach ceann amháin nó an ceann eile; scriosadh stát na hÚcráine an chéad uair, rinneadh díobháil dó in 2004 [...] ina dhiaidh sin, cuireadh i gcrích é in 2014 [...]; dá bhrí sin, níl aon Stát ann, ón nóiméad sin ní féidir aon iomláine chríochach a bheith ann.”

183    San iarnóin an 25 Feabhra 2022, dúirt aoichainteoir, a cuireadh i láthair mar gheopholaiteolaí agus mar léachtóir in Ollscoil na Ginéive (an Eilvéis): “Is oibríocht phóilíneachta é [...] agus mar sin tá na Rúisigh, ar bhealach éigin, ag glanadh suas, agus is sa chiall seo go bhfuil sé an-difriúil ó ionradh mar sin [... Ní mór dúinn smaoineamh] ar athshainiú na dteorainneacha atá déanta againn ó thit APSS. Ní raibh na dearbhuithe seo ina n-ábhar d’aon tráchtaireacht ná d’aon fhreagra, go háirithe ó thaobh an iriseora a chuir an clár i láthair. Dúirt aoichainteoir eile, a cuireadh i láthair mar shaineolaí geostraitéise, mar a leanas: “[I]s é is aidhm do straitéis na Stát Aontaithe an Rúis a chiorclú agus deireadh a chur léi de réir a chéile. D’éirigh leo beagnach é sin a dhéanamh le linn na mblianta Yeltsin ach ansin tháinig an Rúis chuici féin.” Ar deireadh, dúirt sé, ó thaobh na Rúise de, gur “tír straitéiseach í an Úcráin nár cheart di, ar chaoi ar bith, dul isteach in ECAT, is é sin le rá, in eagraíocht naimhdeach, [agus] gur, dá bhrí sin, gnáthrud é an méid a tharla, agus go raibh na ráitis ó urlabhraí an Kremlin go hiomlán dlisteanach.”

184    Tráthnóna an 26 Feabhra 2022, dhearbhaigh aoi-iriseoir go raibh atmaisféir “russofóbach” ann sa Fhrainc agus chuir sé Cónaidhm na Rúise i láthair mar ghníomhaí atá oscailte don chaibidlíocht, agus chuir sé in iúl go raibh Cónaidhm na Rúise ag iarracht muintearas a dhéanamh ar feadh roinnt blianta i ndáil le pléití maidir le crios maolánach dí-mhíleataithe a bhunú san Úcráin. Chuir na haíonna sa stiúideo béim ar shuíomh thíortha na hEorpa agus staid Donbass chun an ionsaí míleata a rinne Cónaidhm na Rúise a mhíniú.

185    Ar deireadh, Dé Domhnaigh an 27 Feabhra 2022, lean roinnt aíonna den ionsaí míleata a chur i láthair mar idirghabháil dhlisteanach chun poblachtaí féinfhógartha Donbass a chosaint agus chun freagairt do bhagairt ón Iarthar, ag tagairt d’ionramháil a rinne na Stáit Aontaithe, lena n‑áirítear smachtbhannaí i gcoinne Chónaidhm na Rúise. Go háirithe, le linn na maidine, dúirt toscaire speisialta in Donbass (bhí na focail “Donetsk. Poblacht Donetsk” ar an meirge ar thaobh na láimhe deise dá íomhá) go háirithe go raibh “eagla ar na húdaráis áitiúla go ndíreodh fórsaí na hÚcráine ar iostaí ola, mar a bhí i réigiún Luhansk.” Le linn na hiarnóna chuir aoi-iriseoir, a cuireadh i láthair mar chomhairleoir faisnéise straitéisí, sa stiúideo in iúl nuair a cheistigh an iriseoir é: “Níl aon roghanna eile seachas idirphlé, go háirithe ós rud é, cé go mbreathnaítear ar mar ionsaí, mar ghníomh neamhdhleathach, an t‑ionradh seo arna dhéanamh ag an Rúis ar an Úcráin, d’fhéadfaí, ar an taobh eile, glacadh leis go bhfuil cineál áirithe dlisteanachta freisin ag baint leis, ós rud é go bhféadfadh an Rúis údar a thabhairt lena rannpháirtíocht mar gheall gur iarr pobal labhartha na Rúisise a chónaíonn in Donbass é.” An tráthnóna céanna, craoladh tuairisc aonchiallach ar an staid in Donbass, a táirgeadh roimh an ionsaí i gcoinne na hÚcráine, ag leíriú, go bunúsach, an meon ar son na Rúise amháin de phoblachtaí féinfhógartha Donbass. Cuirtear an Úcráin i láthair go heisiach, nach mór, mar stát ionsaithe, atá amháin freagrach as buamáil Donbass, i dteistiméireachtaí na ndaoine a cuireadh faoi agallamh nó an aon iriseora amháin a bhí páirteach sa tuarascáil. Ní luaitear tuairim údaráis na hÚcráine ar chor ar bith ná aon tagairt do na conspóidí idirnáisiúnta maidir le céannacht na gcumhachtaí atá freagrach as an tuairgneáil in Donbass.

186    Dá bhrí sin, ar bhonn na fianaise a scrúdaíodh i míreanna 180 go 185 thuas, bhí an Chomhairle i dteideal a bheith den tuairim go raibh an t‑iarratasóir ag craoladh cláir ina raibh léamh ar na himeachtaí a bhaineann leis an ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine i bhfabhar an ionsaithe sin agus ar an insint a rinne ceannairí polaitiúla Chónaidhm na Rúise orthu, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le garbhagairt ionsaithe ón Úcráin agus ó ECAT (féach míreanna 180 go 182 thuas) agus úsáid á baint as stór focal den chineál céanna, murab ionann iad, leis an stór focal a úsáideann údaráis rialtasacha na Rúise, amhail an tagairt do “oibríocht mhíleata speisialta’, “oibríocht phóilíneachta” nó “gníomhaíocht chosantach agus choisctheach ag Cónaidhm na Rúise”, seachas “cogadh” (féach míreanna 178, 180 agus 181 thuas).

187    Go sonrach, is léir ó mhíreanna 180 go 185 thuas gur tugadh, i gcraoltaí an iarratasóra, go leor spáis do thráchtairí seachtracha, ar thug foireann eagarthóireachta an chainéil cuireadh dóibh agus fios acu ar a luí, a bhí claonta chun údar a thabhairt leis an ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine agus nár leanadh a ndearbhuithe, ach amháin go heisceachtúil, le freagairtí ó na láithreoirí sa stiúideó. Cé gur frithchothromaíodh a dtuairimí uaireanta le tuairimí eile a chuir cainteoirí éagsúla in iúl, ní leor sin chun ráitis a athchothromú lena gcuirtear in iúl insint leathan i bhfabhar an ionsaithe mhíleata i gcoinne na hÚcráine. I ndáil leis sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne freisin, dar le ECtHR, a mhéid atá sé de chumhacht ag an bhfoilsitheoir an líne eagarthóireachta a stiúradh, go roinneann sé go hindíreach na “dualgais agus freagrachtaí” atá ag eagarthóirí agus iriseoirí nuair a bhíonn faisnéis á bailiú agus á craoladh chuig an bpobal, ról atá níos tábhachtaí fós i gcásanna coinbhleachta agus teannas (féach, chuige sin, ECtHR, 8 Iúil 1999, Sürek v. an Tuirc (Uimh. 1), CE:ECHR:1999:0708JUD002668295, mír 63).

188    Dá bhrí sin, bhí sé de cheart ag an gComhairle a mheas gurb é a bhí sna míreanna éagsúla fianaise dá dtagraítear thuas ná sraith comharthaí atá sonrach, beacht agus comhsheasmhach a dhóthain agus a d’fhéadfadh a léiriú, ar an gcéad dul síos, gur thacaigh an t‑iarratasóir go gníomhach, sular glacadh na bearta sriantacha atá i gceist, leis an mbeartas díchobhsaitheach agus ionsaitheach atá á shaothrú ag Cónaidhm na Rúise maidir leis an Úcráin, as ar eascair ionsaí míleata ar mhórscála, agus, ar an dara dul síos, gur scaip an t‑iarratasóir, inter alia, faisnéis a thug údar leis an ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine, a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt shuntasach dhíreach ar ord poiblí agus slándáil an Aontais Eorpaigh.

189    Ní chuirtear amhras ar an gconclúid sin leis na doiciméid agus na comhaid físe a chuir an t‑iarratasóir i gcomhad an cháis. Gan aon ghá a bheith ann rialú a thabhairt maidir le hinghlacthacht na fianaise sin, arna chonspóid ag an gComhairle, ar an bhforas gur sáraíodh Airteagal 76(d) de na Rialacha Nós Imeachta, a mhéid a rinne an t‑iarratasóir, gach uair, tagairt ghinearálta do na hiarscríbhinní a ghabhann leis an bhfreagra, ba cheart a thabhairt faoi deara gur minic a bhain sé sin le sraitheoga gearra, nach léiríodh iontu ach fíor-annamh an fhírinne maidir le coinbhleacht armtha, nach raibh i gcónaí i gcomhthéacs nó a craoladh, uaireanta, in amanna difriúla ó na cinn inar craoladh na ráitis atá leagtha amach i míreanna 180 go 185 thuas. Ní féidir le sraitheoga den sórt sin a léiriú, iontu féin, gur chaith an t‑iarratasóir go cothrom leis an bhfaisnéis ina hiomláine maidir leis an gcogadh a bhí ar siúl (féach mír 187 thuas), i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le “dualgais agus freagrachtaí” na meán closamhairc mar a leagtar amach i gcásdlí ECtHR dá dtagraítear i míreanna 136 go 140 thuas. Maidir le hargóint an iarratasóra gur dhéileáil sé le faisnéis áirithe agus gur úsáid sé téarmaí áirithe ar an gcaoi chéanna a raibh sin déanta ag meáin eile, ní shuítear leis an bhfianaise a tugadh ar aird chun tacú leis an éileamh sin gur chraol na meáin dá dtagraíonn sé ábhar amhail an t‑ábhar a leagtar amach i míreanna 180 go 185 thuas go córasach.

190    Ina theannta sin, is léir ó chuid de na físeáin sin, nuair a craoladh na híomhánna a bhaineann le réigiúin Donetsk agus Luhansk, le linn na tréimhse ó 24 go dtí 27 Feabhra 2022, gur taispeánadh na meirge faisnéise “Donetsk. Poblacht Donetsk” agus “Luhansk. Poblacht Luhansk.” Is leor a thabhairt faoi deara go n‑úsáideann Cónaidhm na Rúise, a aithníonn a gceannasacht agus a neamhspleáchas, ainmniú na gcríoch sin, ar cuid den Úcráin iad, mar “phoblachtaí” neamhspleácha, (féach mír 10 thuas), rud a léiríonn cineál claonta na faisnéise atá beartaithe chun bolscaireacht a thagann ó Chónaidhm na Rúise a ath-tháirgiú.

191    I bhfianaise na mbreithnithe sin go léir, ní shuíonn an t‑iarratasóir go ndearna an Chomhairle earráid measúnaithe ar na fíorais chun a chinneadh gur ionad meán é a bhí, go bunúsach, faoi bhuanrialú cheannaireacht Chónaidhm na Rúise agus gur scaip sé trína cláir ráitis leanúnacha agus chomhbheartaithe chuig an tsochaí shibhialta san Aontas Eorpach a raibh sé mar aidhm leo bonn cirt a thabhairt d’ionsaí Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tacú leis, a rinneadh de shárú ar an dlí idirnáisiúnta agus ar Chairt na Náisiún Aontaithe. Ní shuíonn sé ach an oiread go ndearna an Chomhairle earráid mheasúnaithe maidir leis na ráitis sin a aicmiú mar bholscaireacht i bhfabhar an ionsaithe sin, mar is léir ó aithris 7 de na gníomhartha a chonspóidtear.

–       Oiriúnacht na srianta

192    Is gá a fháil amach an bhfuil na bearta sriantacha atá i gceist iomchuí chun na cuspóirí leasa ghinearálta atá á saothrú ag an Aontas Eorpach a bhaint amach.

193    I ndáil leis sin, ní mór a mheas, i bhfianaise na rogha ginearálta atá ag an gComhairle maidir leis an ábhar (féach mír 52 thuas), go raibh an Chomhairle i dteideal a bheith den tuairim go raibh na bearta sriantacha atá i gceist, a dhíríodh ar ionaid meáin arna rialú ag Cónaidhm na Rúise a bhí i mbun gníomhaíochtaí bolscaireachta i bhfabhar ionradh míleata Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, in ann ord poiblí agus slándáil an Aontais Eorpaigh a chosaint agus sláine na díospóireachta daonlathaí i sochaí na hEorpa, an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chaomhnú.

194    Sa chás seo, is ceart a choinneáil i gcuimhne gur beart iomchuí é freisin an toirmeasc sealadach ar craoladh ábhar an iarratasóra, mar bheart atá ina chuid de fhreagairt thapa, aontaithe, chéimnithe agus chomhordaithe, a cuireadh i bhfeidhm faoi shraith beart sriantach, chun an cuspóir maidir le huasbhrú a chur ar údaráis na Rúise a bhaint amach, ionas go gcuirfeadh siadsan deireadh lena ngníomhaíochtaí agus lena mbeartais i leith dhíchobhsú na hÚcráine agus leis an ionsaí míleata sa tír sin (féach mír 163 thuas).

195    Dá bhrí sin, tá na bearta sriantacha atá i gceist iomchuí chun na cuspóirí leasa ghinearálta atá á saothrú ag an Aontas Eorpach a bhaint amach.

–       An gá atá leis na srianta

196    Is gá a fháil amach an bhféadfadh bearta eile nach bhfuil chomh sriantach na cuspóirí leasa ghinearálta atá á saothrú ag an Aontas a bhaint amach.

197    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i bhfianaise chineál cainéil faisnéise leanúnach an iarratasóra, nach bhfágann bearta eile nach bhfuil chomh sriantach céanna, amhail an toirmeasc ar chraoladh i dtíortha áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh nó toirmeasc atá teoranta do mhodhanna áirithe clár craolacháin agus an teorannú ar chineálacha áirithe inneachair, nó an oibleagáid meirge nó fiú rabhadh a chur ar an scáileán, nach féidir na cuspóirí arna saothrú leis na gníomhartha a chonspóidtear a bhaint amach ar bhealach chomh héifeachtach agus is féidir, eadhon deireadh a chur le bagairtí díreacha ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais Eorpaigh agus an t‑uasbhrú a chur ar údaráis na Rúise chun deireadh a chur leis an ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 15 Meitheamh 2017, Kiselev v an Chomhairle, T‑262/15, EU:T:2017:392, mír 85 agus an cásdlí dá dtagraítear). De réir mar a thug an Chomhairle agus idiragraithe áirithe faoi deara mar is ceart, níor éireoidh le bearta eile an toradh céanna a bhaint amach, ós rud é go raibh sé beagnach dodhéanta cuid acu, amhail an toirmeasc ar scaipeadh inneachair áirithe, i gcás cainéal leanúnach faisnéise, a chur chun feidhme, agus nach mbeadh ach éifeachtacht theoranta ag baint le bearta eile, amhail an oibleagáid meirge nó rabhadh fiú a chur ar an scáileáin.

198    Go háirithe, ní mór a chur in iúl, ar an gcéad dul síos, gur glacadh na bearta sriantacha atá i gceist i gcomhthéacs fíorphráinne urghnách (féach míreanna 9 go 18 thuas), a cinneadh, inter alia, tríd an ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine a dhianú, agus, ar an dara dul síos, gur cuid lárnach iad de shraith beart ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, arna nglacadh ag an gComhairle idir an tseachtain dheireanach de mhí Feabhra agus tús mhí an Mhárta 2022, chun gníomhú, ag baint úsáid as na hionstraimí síochánta atá ar fáil don Aontas Eorpach, maidir leis an ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine ag Cónaidhm na Rúise, chun í a dhíspreagadh ó leanúint de bheith ag déanamh amhlaidh agus chun teorainneacha an Aontais Eorpaigh a chosaint ar an gcaoi sin. I gcomhthéacs straitéis fhoriomlán thapa, aontaithe, chéimnithe agus chomhordaithe freagartha a chuir an tAontas Eorpach ar bun, féadfar glacadh na mbeart sin, a mhéid a chomhlíonann siad cuspóirí leasa ghinearálta go héifeachtach arna n-aithint ag an Aontas Eorpach (féach míreanna 160 go mír 165 thuas), a mheas mar bhearta riachtanacha.

199    Ina theannta sin, mar a rinne an Chomhairle agus idiragraithe áirithe, ba cheart a thabhairt faoi deara go raibh dianchlúdach ar na chéad laethanta den ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine ríthábhachtach gan amhras, ina bhféadfadh gníomhaíochtaí meán, amhail an t‑iarratasóir, tuairim an phobail san Aontas a threisiú agus tionchar diúltach suntasach a bheith acu air, trína n‑oibríochtaí ionramhála agus trína thionchar naimhdeach, i bhfianaise ábhar na gclár a chraol an t‑iarratasóir, dá dtagraítear thuas, arb é is aidhm dóibh údar cuí a thabhairt le hionsaí Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tacú leis. I gcomhthéacs den sórt sin, bhí an Chomhairle i dteideal a mheas go raibh sé riachtanach don Aontas Eorpach idirghabháil a dhéanamh ón gcéad lá a tharla an t‑ionsaí sin, trí chosc a chur, inter alia, ar chraoladh ábhar an iarratasóra agus é mar aidhm aige veicteoir bolscaireachta den sórt sin i bhfabhar an ionsaithe mhíleata i gcoinne na hÚcráine a chur ar fionraí go sealadach ar chríoch an Aontais Eorpaigh.

200    Dá bhrí sin, ní dhearna an Chomhairle earráid mheasúnaithe nuair a measadh nach bhféadfaí na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach le bearta nach bhfuil chomh sriantach céanna.

–       Na leasanna a chothromú

201    Maidir le cineál comhréireach na mbeart sriantach atá i gceist, léirítear leis an gcothromú ar na leasanna atá i gceist nach bhfuil na míbhuntáistí a bhaineann leis an toirmeasc sealadach ar chraoladh ábhair díréireach leis na cuspóirí atá á saothrú, rud a chomhfhreagraíonn do chuspóirí leasa ghinearálta (féach mír 160 go 165 thuas).

202    Tá tábhacht na gcuspóirí a shaothraítear sna gníomhartha a chonspóidtear, eadhon, ar an gcéad dul síos, deireadh a chur le gníomhaíocht leanúnach agus chomhbheartaithe bolscaireachta i bhfabhar an ionsaithe mhíleata i gcoinne na hÚcráine arna díriú ar an tsochaí shibhialta san Aontas Eorpach agus i dtíortha comharsanachta, ar cuid iad den chuspóir luachanna an Aontais Eorpaigh, a leasanna bunúsacha, a shlándáil, a shláine agus a ord poiblí a chosaint, agus, ar an dara dul síos, iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine a chosaint agus socrú síochánta ar an ngéarchéim sa tír sin a chur chun cinn, ar cuid iad den chuspóir níos leithne maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choimeád ar bun, i gcomhréir le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh a leagtar amach in Airteagal 21(2)(a) agus (c) CAE, níos mó ná na hiarmhairtí diúltacha, fiú más iarmhairtí suntasacha iad, atá ag na beart sin d’oibreoirí áirithe (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 28 Márta 2017, Rosneft, C‑72/15, EU:C:2017:236, míreanna 149 agus 150 agus an cásdlí dá dtagraítear).

203    De réir mar a áitíonn an Chomhairle, léirítear a thábhachtaí atá an cuspóir maidir leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta a choimeád, thairis sin, ós rud é gur ghlac institiúidí Eorpacha eile agus comhlachtaí idirnáisiúnta iltaobhacha eile, ó 24 Feabhra 2022, an dáta a thosaigh an t‑ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine, ráitis, cinntí, seasaimh agus bearta éagsúla a bhfuil na cuspóirí céanna acu agus atá ag an Aontas Eorpach (féach míreanna 15, 16, 18 agus 20 thuas).

204    Deimhníodh an tábhacht sin freisin, ina dhiaidh sin, tar éis do na comhlachtaí sin na gníomhartha a chonspóidtear a ghlacadh. B’amhlaidh an cás, go háirithe, maidir le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, mar is léir ó mhír 165 thuas, agus ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (ICJ). Le hordú an 16 Márta 2022, sa chás dar teideal “Líomhaintí  maidir le cinedhíothú faoin Choinbhinsiún ar Chosc agus Pionósú Choir an Chinedhíothaithe (an Úcráin v. Cónaidhm na Rúise)”, mheas ICJ go raibh ceart sochreidte ag an Úcráin gan a bheith faoi réir oibríochtaí míleata ag Cónaidhm na Rúise chun cinedhíothú líomhnaithe ar chríoch na hÚcráine a chosc agus a phionósú agus chinn an ICJ, mar bhearta réamhchúraim, go háirithe, go ndéanfadh Cónaidhm na Rúise na hoibríochtaí míleata a thosaigh sí a chur ar fionraí láithreach an 24 Feabhra 2022 i gcríoch na hÚcráine agus go raibh uirthi a áirithiú nach ndéanfadh aon cheann de na haonaid mhíleata ná na haonaid armtha neamhrialta a d’fhéadfadh gníomhú faoina stiúradh nó a d’fhéadfadh cúnamh a fháil uaithi, ná aon eagraíocht ná duine a d’fhéadfadh a bheith faoina rialú nó a stiúradh, aon ghníomh chun na hoibríochtaí míleata thuasluaite a bhaint amach.

205    Maidir le luachanna an Aontais Eorpaigh, a leasanna bunúsacha, a shlándáil agus a shláine a chosaint, bhí sé ríthábhachtach freisin go gcuirfeadh an tAontas Eorpach gníomhaíocht bholscaireachta an iarratasóra ag tacú leis an ionsaí i gcoinne na hÚcráine ar fionraí go sealadach ó chéad lá a ráige.

206    Ar na cúiseanna sin, ós rud é go mbaineann dualgais agus freagrachtaí le feidhmiú na saoirse chun tuairimí a nochtadh, ar dualgais agus freagrachtaí iad atá níos tábhachtaí maidir leis na meáin chlosamhairc, amhail an t-iarratasóir (féach míreanna 136 go 138 thuas), ní féidir a dhearbhú go raibh próiseáil na faisnéise i dtrácht, lena mbaineann gníomhaíochtaí bolscaireachta chun údar a thabhairt d’ionsaí míleata neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar i gcoinne na hÚcráine ag Cónaidhm na Rúise, de chineál lena mbaineann an chosaint fheabhsaithe a dtugtar faoi Airteagal 11 den Chairt do shaoirse an phreasa (féach, chuige sin agus de réir analaí, ECtHR, 5 Aibreán 2022, NIT S.R.L. v. Poblacht na Moldóive, CE:ECHR:2022:0405JUD002847012, mír 215), go háirithe i gcás ina dhéanann comhlacht faisnéise atá, go bunúsach, faoi rialú díreach nó indíreach an Stáit sháraithigh, an chosaint sin a agairt, mar is amhlaidh sa chás seo (féach míreanna 172 go 174 thuas).

207    Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i réimse na gceart bunúsach, ar cuid dhílis iad de phrionsabail ghinearálta an dlí a n‑áirithítear lena n‑urramú, gur chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, inter alia, go bhféadfadh ionstraimí idirnáisiúnta chun cearta an duine a chosaint, ar ina leith a chomhoibrigh nó a d’aontaigh na Ballstáit, treoir a thabhairt freisin, ar treoir é nach mór a chur san áireamh i gcomhthéacs dhlí an Aontais (breithiúnas an 14 Bealtaine 1974, Nold v an Coimisiún, 4/73, EU:C:1974:51, mír 13), inter alia, chun críocha léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Airteagal 11 den Chairt.

208    Sa chomhthéacs sin, mar a chuir an Chomhairle, Ríocht na Beilge, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Fraince, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Polainne, an Coimisiún agus an Ardionadaí in iúl, mar is ceart, ag an éisteach, ní foláir aird a thabhairt ar an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 16 Nollaig 1966, nach iad na Ballstáit amháin atá ina bpáirtithe ann, ach freisin Cónaidhm na Rúise, atá ar cheann de na hionstraimí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a chosaint a chuireann Cúirteanna an Aontais Eorpaigh san áireamh agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais á gcur i bhfeidhm (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Meitheamh 2006, an Pharlaimint v an Chomhairle, C‑540/03, EU:C:2006:429, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

209    Foráiltear le hAirteagal 20(1) den chomhaontú sin go “[d]toirmeascfar le dlí ar bholscaireacht i bhfabhar cogaidh”. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go gcumhdaítear an toirmeasc ar “bholscaireacht i bhfabhar cogaidh” i mír ar leithligh ón toirmeasc ar “aon ghlao ar fhuath náisiúnta, ciníoch nó reiligiúnach arb é atá ann gríosú chun idirdhealaithe, chun naimhdeas nó chun foréigin’, atá cumhdaithe i mír 2 den airteagal sin, agus nach mór é sin a léirmhíniú sa chiall go bhfuil tromchúis iomlán ag baint le “bolscaireacht i bhfabhar cogaidh”.

210    Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil an ghníomhaíocht bholscaireachta á chur ar bun ag an iarratasóir ag tarlú i gcomhthéacs cogaidh leanúnaigh, arb é is cúis leis gníomh de chuid Stáit atá aicmithe mar “ionsaí” ag an gcomhphobal idirnáisiúnta (féach, go háirithe, míreanna 15 165 agus 204 thuas), de shárú ar an toirmeasc ar úsáid fornirt atá leagtha síos in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe. I ndáil leis an méid sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne gur cháin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, le Rún 110 (II), a athdhearbhaítear le Rún 381 (V), “aon bholscaireacht i roinnt tíortha atá beartaithe le haghaidh bagairt ar an tsíocháin, ar shárú síochána nó ar ghníomh ionsaithe, nó ar dócha go mbeidís ina gcúis le bagairt ar an tsíocháin, ar shárú na síochána nó ar an ngníomh ionsaithe”. Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go n‑áirítear le raon feidhme an toirmisc a fhorchuirtear le hAirteagal 20(1) den chomhaontú sin, lena dtagraítear do “aon” bholscaireacht cogaidh, ní hamháin gríosú chun cogaidh amach anseo, ach go n‑áirítear leis freisin ráitis a dhéantar ar bhealach leanúnach, athdhéanta agus comhbheartaithe i bhfabhar cogaidh atá ar siúl, contrártha leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe má thagann na ráitis sin ó mheán atá á rialú, go díreach nó go hindíreach, ag an Stát ionsaitheach.

211    I bhfianaise na mbreithnithe thuas, i gcomhthéacs a ghníomhaíochta le linn na tréimhse roimh ionsaí míleata Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin agus, thar aon rud eile, le linn na laethanta tar éis an ionsaithe sin, leanann sé go ndearna an t-iarratasóir gníomhaíocht chórasach chun faisnéis “roghnaithe” a scaipeadh, lena n-áirítear faisnéis atá bréagach nó míthreorach go follasach, rud a léirigh éagothroime fhollasach i gcur i láthair na ndearcthaí éagsúla freasúracha, agus é mar aidhm shonrach leis sin údar a thabhairt leis an ionsaí sin agus tacú leis.

212    Sna himthosca sin, bhí an ceart ag an gComhairle a mheas gur gá, i gcomhréir le hAirteagal 11 den Chairt, cosc a chur ar chineálacha raitis atá beartaithe chun údar a thabhairt le gníomh ionsaithe míleata agus chun tacú leis, ar gníomh é a rinneadh de shárú ar an dlí idirnáisiúnta agus ar Chairt na Náisiún Aontaithe.

213    Is leor na cúinsí sin roimhe seo, ag féachaint do na himthosca uile a leagtar amach thuas agus, go háirithe, do chomhthéacs urghnách an cháis seo, chun a shuí, maidir leis na teorainneacha ar shaoirse an iarratasóra chun tuairimí a nochtadh a d’fhéadfadh teacht faoi na bearta sriantacha atá i gceist, go bhfuil siad comhréireach leis na haidhmeanna atá á saothrú, a mhéid is go bhfuil siad iomchuí agus go bhfuil gá leo.

214    Maidir le hargóint an iarratasóra atá bunaithe, go teagmhasach, ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil de réir bhrí Airteagal 11 den Chairt,  arna bhreathnú ó dhearcadh éighníomhach, eadhon ceart an phobail faisnéis a fháil, beag beann ar aon cheist a bhaineann le leas an iarratasóra ina thaobh sin,  is leor a thabhairt faoi deara, má tá údar cuí leis an gcur isteach ar an gceart chun cláir chraolacháin lena dtacaítear le gníomh ionsaithe agus má tá sé comhréireach (féach míreanna 149 go 191 thuas), is amhlaidh atá i gcás a fortiori maidir le teorannú cheart an phobail chun teacht ar chláir den sórt sin.

215    I bhfianaise na mbreithnithe uile thuas, ní mór an dara saincheist dlí a dhiúltú.

 An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh

216    Dar leis an iarratasóir, sáraítear leis na gníomhartha a chonspóidtear an tsaoirse chun gnó a sheoladh, atá cosanta le hAirteagal 16 den Chairt.  Dhéanfadh aon srian ar shaoirse na meán difear don tsaoirse sin go huathoibríoch. Tá sé sin fíor go háirithe sa chás seo, ós rud é go gcuirtear leis an toirmeasc ginearálta agus iomlán ar chraoladh a fhorchuirtear leis na bearta sriantacha atá i gceist cosc, go bunúsach, ar iriseoirí agus ar fhostaithe an iarratasóra leanúint dá ngníomhaíochtaí, agus an riosca sonrach ann go ndéanfaí an t‑iarratasóir a leachtú sa ghearrthéarma.

217    Cuireann an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Phoblacht na hEastóine, ó Phoblacht na Fraince, ó Phoblacht na Laitvia, ó Phoblacht na Liotuáine, ó Phoblacht na Polainne, ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, i gcoinne áitimh an iarratasóra.

218    Foráiltear le hAirteagal 16 den Chairt “[go n-]aithnítear an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta”.

219    Sa chás seo, níl aon amhras ach go bhfuil srianta i gceist leis na bearta sriantacha atá sna gníomhartha a chonspóidtear ar fheidhmiú an iarratasóra dá cheart maidir leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh.

220    Mar sin féin, ní saincheart iomlán í an tsaoirse sin, amhail cearta bunúsacha eile, agus d’fhéadfadh feidhmiú na saoirse sin a bheith faoi réir srianta a bhfuil bonn cirt leo de bharr cuspóirí leasa ghinearálta arna saothrú ag an Aontas Eorpach, ar choinníoll go bhfreagraíonn na srianta sin do na cuspóirí leasa ghinearálta sin agus, i ndáil leis an aidhm atá á saothrú, nach ionann iad agus cur isteach díréireach agus dofhulaingthe a dhéanann dochar do shubstaint na gceart a ráthaítear (féach breithiúnas an 28 Márta 2017, Rosneft, C‑72/15, EU:C:2017:236, mír 148 agus an cásdlí dá dtagraítear).

221    Thairis sin, tá iarmhairtí ag bearta sriantacha, de réir sainmhínithe, a dhéanann difear, inter alia, don tsaoirse trádáil nó gairm a sheoladh, rud a dhéanann díobháil do pháirtithe nach bhfuil aon fhreagracht orthu as an staid ba chúis le glacadh na smachtbhannaí. A fortiori is é sin an cás maidir le hiarmhairtí na mbeart sriantach atá dírithe ar na heintitis a chumhdaítear leo (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Márta 2017, Rosneft, C‑72/15, EU:C:2017:236, mír 149 agus an cásdlí dá dtagraítear).

222    Mar a tugadh faoi deara i mír 145 thuas, chun dlí an Aontais a chomhlíonadh, ní mór sárú ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh: ní mór foráil a bheith déanta le dlí dóibh, ní mór bunbhrí na saoirse sin a urramú, ní mór cuspóir leasa ghinearálta, a aithníonn an tAontas Eorpach mar chuspóir den sórt sin, a saothrú, agus ní mór nach bhfuil sé díréireach (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2018, VTB Bank v an Chomhairle‑, T‑734/14, nár foilsíodh, EU:T:2018:542, mír 140 agus an cásdlí dá dtagraítear).

223    Ní mór a mheas go bhfuil na coinníollacha sin comhlíonta sa chás seo.

224    Ar an gcéad dul síos, tá “foráil le dlí” ag na bearta sriantacha atá i gceist ós rud é go leagtar amach iad i ngníomhartha a bhfuil, inter alia, feidhm ghinearálta acu agus a bhfuil bunús dlí soiléir acu i ndlí an Aontais agus a bhfuil intuarthacht leordhóthanach acu (féach mír 149 thuas).

225    Ar an dara dul síos, ós rud é gur bearta sealadacha agus inchúlaithe iad na bearta sin, ní mór a mheas nach mbaineann siad an bonn de bhunbhrí na saoirse chun gnó a sheoladh (féach míreanna 154 agus 155 thuas), go háirithe ós rud é nár thug an t‑iarratasóir aon fhianaise ar aird a d’fhéadfadh an chonclúid sin a thabhairt faoi cheist.

226    Ar an tríú dul síos, mar a cuireadh in iúl cheana i mír 202 thuas, tá tábhacht na gcuspóirí atá á saothrú leis na gníomhartha a chonspóidtear, arb iad, go háirithe, sa chéad áit, luachanna an Aontais Eorpaigh, a bhunleasanna, a shlándáil, a shláine agus a ord poiblí a choimirciú agus, sa dara háit, an tsíocháin a chaomhnú agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, agus ar cuid iad, mar is léir ó na tosca dá dtagraítear i míreanna 160 go 166 thuas, de na cuspóirí arna saothrú leis an straitéis fhoriomlán arna cur i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach, faoi réir sraith beart sriantach a ghlacadh go pras, agus é mar aidhm dheiridh leis sin uasbhrú a chur ar Chónaidhm na Rúise deireadh a chur leis an ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine, a rinneadh de shárú ar an dlí idirnáisiúnta agus ar Chairt na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a leagtar amach in Airteagal 21 CAE, de chineál a thugann údar le hiarmhairtí diúltacha, fiú más iarmhairtí suntasacha iad, d’oibreoirí áirithe.

227    Ar an gceathrú dul síos, maidir le hoiriúnacht, riachtanas agus comhréireacht na mbeart sriantach atá i gceist, ní mór tagairt a dhéanamh do mhíreanna 193 go 213 thuas.

228    Sa chás seo, is fíor gur cuireadh cosc sealadach ar an iarratasóir a ghníomhaíocht chraolacháin a sheoladh san Aontas Eorpach nó i dtreo an Aontais Eorpaigh ó cuireadh na bearta sriantacha atá i gceist chun feidhme. Is cosúil, áfach, go bhfuil bonn cirt iomlán le toirmeasc den sórt sin, ar de chineál idirthréimhseach é, de bharr chuspóirí an leasa ghinearálta a shaothraítear leis na bearta sin (féach míreanna 161 go 166 thuas). I ndáil leis sin, maíonn an t‑iarratasóir go gcuireann na gníomhartha a chonspóidtear fostaíocht leanúnach a chuid fostaithe go léir i mbaol, go háirithe na poist a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht chraolacháin, chomh maith lena hinmharthanacht airgeadais, rud a fhágann, go luath amach anseo, go ndéanfaí é a leachtú. Mar sin féin, ní thugann sé aon fhianaise ar aird chun tacú leis an gconclúid go bhfuil gar-riosca ann dá inmharthanacht airgeadais, i bhfianaise, ar an gcéad dul síos, nach gcuireann na gníomhartha a chonspóidtear cosc air leanúint de ghníomhaíochtaí áirithe a chur i gcrích (féach míreanna 156 agus 157 thuas) agus, ar an dara dul síos, go mbaineann sé le comhlachas, go bunúsach, arna mhaoiniú go hiomlán ó bhuiséad Stát na Rúise (féach mír 172 thuas).

229    Dá bhrí sin, bhí sé de cheart ag an gComhairle a mheas go bhféadfadh an toirmeasc sealadach, go dtí an 31 Iúil 2022, ar chraoladh an iarratasóra san Aontas Eorpach agus i dtreo an Aontais Eorpaigh rannchuidiú go héifeachtach le cuspóirí na ngníomhartha a chonspóidtear dá dtagraítear i mír 226 thuas.

230    Ní mór a chinneadh nár bhain na bearta sriantacha atá i gceist an bonn go díréireach ó shaoirse an iarratasóra chun gnó a sheoladh agus nach mór diúltú dá argóintí i ndáil leis sin mar argóintí gan bhunús.

231    I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, ní mór an tríú saincheist dlí a dhiúltú.

 An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe ar bhonn náisiúntachta 

232    De réir an iarratasóra, sáraítear leis na gníomhartha a chonspóidtear prionsabal an neamh-idirdhealaithe, a aithnítear in Airteagal 21 den Chairt, sa mhéid is go bhfuil siad bunaithe ar thionscnamh a chistithe amháin agus, go háirithe, ar an nasc idir é agus Cónaidhm na Rúise, agus ní ar a iompar féin. Áitíonn sé go mbeadh gach toirmeasc ar mheán ar fhoras náisiúntacht a scairshealbhóirí amháin, bíodh sin scairshealbhóirí Stáit nó príobháideach, contrártha do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe.

233    Cuireann an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Phoblacht na hEastóine, ó Phoblacht na Fraince, ó Phoblacht na Laitvia, ó Phoblacht na Liotuáine, ó Phoblacht na Polainne, ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, i gcoinne áitimh an iarratasóra.

234    Le hAirteagal 21(1) den Chairt toirmisctear “aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach”. De réir mhír 2 den airteagal sin, laistigh de raon feidhme na gConarthaí, agus gan dochar d’aon cheann dá bhforálacha sonracha, toirmisctear freisin aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta.

235    Maidir leis an toirmeasc ar idirdhealú ar fhoras náisiúntachta, ní mór a mheabhrú, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 6(1) CAE agus le hAirteagal 52(7) den Chairt, nach mór na mínithe a bhaineann leis an gCairt a chur san áireamh chun críche a léirmhínithe.

236    De réir na mínithe sin, comhfhreagraíonn Airteagal 21(2) den Chairt “don chéad mhír d’Airteagal 18 [CFAE] agus ní mór í a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis”. Thairis sin, de réir Airteagal 52(2) den Chairt, tá na cearta a aithnítear sa Chairt agus dá bhforáiltear sna Conarthaí le feidhmiú faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha a shainítear sna Conarthaí sin. Dá bhrí sin, ní mór a thuiscint go bhfuil an raon feidhme céanna ag Airteagal 21(2) den Chairt agus atá ag an gcéad mhír d’Airteagal 18 CFAE (féach breithiúnas an 30 Aibreán 2019, Wattiau v an Pharlaimint, T‑737/17, EU:T:2019:273, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).

237    Foráiltear sa chéad mhír d’Airteagal 18 CFAE mar a leanas: “Laistigh de raon feidhme na gConarthaí, agus gan dochar d’aon fhorálacha speisialta iontu, toirmiscfear aon idirdhealú de bhíthin náisiúntachta.” Tá an fhoráil sin ar fáil i gCuid a Dó de CFAE, dar teideal “Neamh-idirdhealú agus saoránacht an Aontais”. Baineann an fhoráil sin le cásanna a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais ina ndéantar idirdhealú idir náisiúnach Ballstáit agus náisiúnach Ballstáit eile ar bhonn a náisiúntachta amháin (féach breithiúnas an 20 Samhain 2017, Petrov agus páirtithe eile v an Pharlaimint, T‑452/15, EU:T:2017:822, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

238    I bhfianaise an idirdhealaithe ar bhonn náisiúntachta ar a bhfuil an t‑iarratasóir ag brath, eadhon, go bunúsach, go ndéantar idirdhealú ina leith leis na bearta sriantacha atá i gceist ar an bhforas gur den Rúis a scairshealbhóirí agus gur caitheadh leis ar bhealach níos lú fabhair ar an gcúis sin ná mar a gcaithfí leis na meáin chlosamhairc eile de chuid na Fraince nach bhfuil faoi réir an chineáil chéanna rialaithe ag eintiteas tríú tír, ba cheart a thabhairt faoi deara, fiú dá bhféadfadh duine dlítheanach leas a bhaint as Airteagal 21(2) den Chairt, is amhlaidh fós nach dtagann an difríocht sa chóir sin faoi raon feidhme na forála sin, mar a luaitear i mír 237 thuas.

239    Ar aon chuma, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a thug an Chomhairle faoi deara, go raibh an t‑iarratasóir faoi réir na mbeart sriantach a bhí i gceist tar éis measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise shonrach maidir lena ról i ngníomhaíochtaí bolscaireachta i bhfabhar an ionsaithe mhíleata i gcoinne na hÚcráine arna dhéanamh ag Cónaidhm na Rúise. Tá na cúiseanna ar bhraith an Chomhairle agus na gníomhartha a chonspóidtear á nglacadh bunaithe ar ról an iarratasóra mar arm faisnéise straitéisí agus bolscaireachta faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise. Is fíor nach fachtóir tánaisteach é go mbaineann a scairchaipiteal le comhlachas a bunaíodh sa Rúis, arna mhaoiniú go hiomlán ó bhuiséad Stát na Rúise, sa mheasúnú ar a ghníomhaíocht bolscaireachta. Mar sin féin, is léir ó na gníomhartha a chonspóidtear go bhfuil an chaoi a gcaitear leis an iarratasóir i gcomparáid le meáin chlosamhairc eile bunaithe ar dhá chritéar, ceann a bhaineann lena rialú ag Rialtas Chónaidhm na Rúise agus an ceann eile lena ghníomhartha bolscaireachta i bhfabhar an ionsaithe mhíleata i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid a éilíonn an t-iarratasóir, ní hé a struchtúr caipitil nó tionscnamh a mhaoiniú an t-aon chúis a thug ar an gComhairle na gníomhartha a chonspóidtear a ghlacadh.

240    Thairis sin, ní shainaithníonn an t‑iarratasóir aon chatagóir eile daoine a bheadh faoi réir cóir níos fabhraí i gcás ina raibh siad i staid atá inchomparáide lena chás féin, eadhon a bheith faoi rialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise.

241    Dá bhrí sin, theip ar an iarratasóir a shuíomh conas a rinneadh aon idirdhealú a thoirmisctear le hAirteagal 21 den Chairt ina leith.

242    I bhfianaise an méid sin roimhe seo, ní mór an ceathrú saincheist dlí agus, dá bhrí sin, an gníomh ina iomláine a dhíbhe.

 Costais

243    Faoi Airteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad sna pléadálacha. Ós rud é nár éirigh leis an iarratasóir, ní mór a ordú dó a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gComhairle a íoc, i gcomhréir leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí idirbhreitheacha.

244    Faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta, íocfaidh na Ballstáit agus na hinstitiúidí a rinne idiragairt sna himeachtaí as a gcostais féin. Dá bhrí sin, ní foláir do Ríocht na Beilge, do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Fraince, do Phoblacht na Laitvia, do Phoblacht na Liotuáine, do Phoblacht na Polainne agus don Choimisiún a gcostais féin a íoc.

245    Faoi Airteagal 138(3) de na Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Chúirt a ordú d’idiragraithe seachas iad siúd dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal sin a gcostais féin a íoc. Sa chás seo, ní mór a ordú don Ardionadaí a chostais féin a íoc.

Ar na forais sin, rialaíonn

AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Mór-Dhlísheomra)

mar seo a leanas:

1.      Déantar an chaingean a dhíbhe.

2.      Ordaítear do RT France a chostais féin agus na costais a thabhaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc, lena náirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí idirbhreitheacha.

3.      Ordaítear do Ríocht na Beilge, do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Fraince, do Phoblacht na Laitvia, do Phoblacht na Liotuáine, do Phoblacht na Polainne, don Choimisiún Eorpach agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála a gcostais féin a íoc.

Papasavvas

Kanninen

Tomljenović

Gervasoni

Spielmann

Frimodt Nielsen

Schwarcz

Buttigieg

Öberg

Mastroianni

Brkan

Gâlea

Dimitrakopoulos

Kukovec

Kingston

Arna léamh amach i gcúirt oscailte i Lucsamburg an

Sínithe


Clár


Cúlra na díospóide

Nós imeachta agus éilimh na bpáirtithe

An dlí

Inniúlacht na Comhairle na gníomhartha a chonspóidtear a ghlacadh

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar chearta chun cosanta

An dara cuid, lena n-éilítear, go bunúsach, nár urramaíodh ceart an iarratasóra chun éisteacht a fháil

An chéad chuid, lena n-éilítear nár leor an ráiteas ar chúiseanna na mbeart a chonspóidtear maidir leis an iarratasóir

An dara saincheist dlí, lena n éilítear sárú ar an saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil

Prionsabail an chásdlí is infheidhme maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh

Srian a bheith ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh

An coinníoll nach mór foráil a dhéanamh le dlí maidir le haon srian ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh

Urramú bunbhrí na saoirse chun tuairimí a nochtadh

Cuspóir leasa ghinearálta, atá aitheanta amhlaidh ag an Aontas Eorpach, a bhaint amach

Comhréireacht na mbeart sriantach atá i gceist

– Ábharthacht agus leordhóthanacht na fianaise arna tabhairt ar aird ag an gComhairle

– Oiriúnacht na srianta

– An gá atá leis na srianta

– Na leasanna a chothromú

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe ar bhonn náisiúntachta

C ostais


*      Teanga an cháis: an Fhraincis.

Top