Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0200

    Cásanna T-200/22 agus T-314/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Bealtaine 2024 – an Pholainn v an Coimisiún (Comhshaol – Gníomhaíochtaí mianadóireachta ligníte i mianach teilgthe oscailte – Mianach ligníte Turów (an Pholainn) – Dlí institiúideach – Neamhchomhlíonadh ordaithe Cúirte lena ndeonaítear urghaire – Íocaíocht phionósach thréimhsiúil – Aisghabháil fiacha trí chúiteamh – Airteagal 101(1) agus Airteagal 102 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 – Deireadh a chur leis an bpríomhchás – Neamhláithreacht éifeachta aisghníomhaí ar na bearta eatramhacha a eisíodh – Oibleagáid cúiseanna a lua)

    IO C, C/2024/4322, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4322/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4322/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/4322

    15.7.2024

    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Bealtaine 2024 – an Pholainn v an Coimisiún

    (Cásanna T-200/22 agus T-314/22)  (1)

    (Comhshaol - Gníomhaíochtaí mianadóireachta ligníte i mianach teilgthe oscailte - Mianach ligníte Turów (an Pholainn) - Dlí institiúideach - Neamhchomhlíonadh ordaithe Cúirte lena ndeonaítear urghaire - Íocaíocht phionósach thréimhsiúil - Aisghabháil fiacha trí chúiteamh - Airteagal 101(1) agus Airteagal 102 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 - Deireadh a chur leis an bpríomhchás - Neamhláithreacht éifeachta aisghníomhaí ar na bearta eatramhacha a eisíodh - Oibleagáid cúiseanna a lua)

    (C/2024/4322)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, Gníomhaire)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Estrada de Solà, O. Verheecke agus K. Herrmann, Gníomhairí)

    Ábhar

    Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann Poblacht na Polainne go gcuirfí ar neamhní, i gcás T-200/22, cinntí ón gCoimisiún Eorpach an 7 Feabhra agus 8 Feabhra 2022, an 16 Márta agus an 31 Márta 2022 agus, i gCás T-314/22, chinneadh ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2022 trínar ghnóthaigh an Coimisiún trí chúiteamh na suimeanna a bhí dlite aige i leith na híocaíochtaí pionósacha laethúil a d’fhorchuir Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais ina hordú dar dáta an 20 Meán Fómhair 2021, Poblacht na Seice v an Pholainn (C-121/21 R, EU:C:2021:752), do na tréimhsí atá san áireamh, ar an gcéad dul síos, idir 20 Meán Fómhair 2021 agus 17 Eanáir, 2022 agus, ar an dara dul síos, idir 18 Eanáir 2022 agus 3 Feabhra 2022.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Déantar na cásanna T-200/22 agus T-314/22 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais.

    2.

    Diúltaítear do na caingne.

    3.

    Ordaítear do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.


    (1)   IO C 237, 20.6.2022.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4322/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top