Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0769

Cás C-769/22: Caingean arna tabhairt an 19 Nollaig 2022 — an Coimisiún Eorpach v an Ungáir

IO C 54, 13.2.2023, pp. 16–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/16


Caingean arna tabhairt an 19 Nollaig 2022 — an Coimisiún Eorpach v an Ungáir

(Cás C-769/22)

(2023/C 54/19)

Teanga an cháis: an Ungáiris

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: V. Di Bucci, K. Talabér-Ritz, L. Malferrari, J. Tomkin, Gníomhairí)

Cosantóir: an Ungáir

An t-ordú atá á lorg

Go ndearbhófar, le glacadh an a pedofil bűnelkövetőkkel szembeni szigorúbb fellépésről, valamint a gyermekek védelme érdekében egyes törvények módosításáról szóló 2021. évi LXXIX. törvény (Dlí LXXIX de 2021 lena nglactar bearta níos déine i gcoinne ciontóirí ar péidifiligh iad agus lena leasaítear dlíthe áirithe chun mionaoisigh a chosaint), gur mhainnigh an Ungáir na hoibleagáidí atá uirthi de bhun dlí an Aontais a chomhlíonadh ar na caíonna seo a leanas:

(1)

 

trí thoirmeasc a leagan síos sa chaoi nach bhféadfaidh mionaoisigh rochtain a fháil ar ábhar lena gcuirtear imeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht chun cinn nó lena gcuirtear in iúl iad, sháraigh an Ungáir Airteagal 3(2) de Threoir 2000/31/CE maidir le tráchtáil leictreonach, (1) Airteagail 16 agus 19 de Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, (2) Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 1, 7, 11 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

trí thoirmeasc a leagan síos sa chaoi nach bhféadfaidh mionaoisigh rochtain a fháil ar fhógraíocht lena gcuirtear imeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht chun cinn nó lena gcuirtear in iúl iad, sháraigh an Ungáir Airteagal 9(1)(c)(ii) de Threoir 2010/13/AE maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc, (3) Airteagal 3(2) de Threoir 2000/31/CE maidir le tráchtáil leictreonach, Airteagail 16 agus 19 de Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 1, 7, 11 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

tríd an oibleagáid a fhorchur ar sholáthraithe seirbhisí cumarsáide a chuireann seirbhísí cumarsáide líní ar fáilaon chlár arb é an chomhpháirt is tábhachtaí de ná imeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht a chur chun cinn nó a chur in iúl a aicmiú sa chatagóir V agus, dá bhrí sin, iad a chraoladh idir 22.00 agus 05.00, agus trí chláracha den sórt sin a chur as an áireamh ón aicmiú mar chumarsáid leasa phoiblí nó mar fhógraíocht a bhfuil fóntas sóisialta ag baint léi, sháraigh an Ungáir Airteagal 6a(1) de Threoir 2010/13/AE maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc, agus Airteagail 1, 7, 11 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

tríd an oibleagáid a fhorchur ar Chomhairle na Meán iarraidh ar an mBallstát a bhfuil dlínse aige i leith an tsoláthraí seirbhísí cumarsáide bearta éifeachtacha a ghlacadh agus gníomhú d’fhonn deireadh a chur leis na sáruithe arna n-aimsiú ag Comhairle na Meán, sháraigh an Ungáir Airteagail 2 agus 3(1) de Threoir 2010/13/AE maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc;

trí thoirmeasc a leagan síos sa chaoi nach bhféadfaidh a bheith d’aidhm ag gairmeacha atá bainte leis an gcultúr gnéasach, leis an saol gnéis, leis an ngnéaschlaonadh agus leis an bhforbairt ghnéasach imeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht a chur chun cinn nó a chur in iúl, sháraigh an Ungáir Airteagail 16 agus 19 de Threoir 2006/123/AE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 1, 7, 11 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

(2)

trí na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, sháraigh an Ungáir Airteagal 2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(3)

tríd an oibleagáid a fhorchur ar an gcomhlacht a bhfuil rochtain dhíreach aige ar na sonraí arna dtaifeadadh chun na sonraí arna dtaifeadadh i leith daoine a rinne cionta i gcoinne na saoirse agus na moráltachta i leith mionaoiseach a chur ar fáil don duine atá údaraithe chuige sin, sháraigh an Ungáir Airteagal 10 de Rialachán Ginearálta (AE) 2016/679 maidir le Cosaint Sonraí, chomh maith le hAirteagal 8(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

(4)

go n-ordófar don Ungáir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

An 15 Meitheamh 2021, ghlac Parlaimint na hUngáire an a pedofil bűnelkövetőkkel szembeni szigorúbb fellépésről, valamint a gyermekek védelme érdekében egyes törvények módosításáról szóló 2021. évi LXXIX. törvény (Dlí LXXIX de 2021, lena nglactar bearta níos déine i gcoinne ciontóirí ar péidifiligh iad agus lena leasaítear dlíthe áirithe chun mionaoisigh a chosaint), a tháinig i bhfeidhm an 8 Iúil 2021. Déantar leasuithe leis an Dlí ar líon áirithe rialacha dlíthiúla difriúla lena gcumhdaítear, inter alia, seirbhísí meán, an fhógraíocht, an tráchtáil leictreonach agus an oideachas. Forchuirtear líon áirithe toirmeasc agus srianta leis na leasuithe sin maidir le himeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht a chur chun cinn nó a chur in iúl.

An 15 Iúil 2021, thionscain an Coimisiún imeachtaí um shárú i gcoinne na hUngáire maidir le Dlí LXXIX de 2021.

Ós rud é nár mheas an Coimisiún go raibh an freagra a thug na hUngáire sásúil, bhog an Coimisiún ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de na himeachtaí um shárú agus, an 2 Nollaig 2021, sheol sé tuairim réasúnaithe go dtí an Ungáir.

Ó tharla nár mheas sé go raibh an freagra ar an tuairim réasúnaithe sásúil ach oiread, chinn an Coimisiún an cás a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais chun go ndearbhófaí gur mhainnigh an Ungáir na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagail 2, 3(1), 6a(1) agus 9(1)(c)(ii) de Threoir 2010/13/AE maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc, Airteagal 3(2) de Threoir 2000/31/CE maidir le tráchtáil leictreonach, Airteagail 16 agus 19 de Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, Airteagal 10 de Rialachán Ginearálta (AE) 2016/679 maidir le cosaint sonraí, Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagail 1, 7, 8(2), 11 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.


(1)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (IO 2000 L 178, lch. 1).

(2)  IO 2006 L 376, lch. 36.

(3)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (IO 2010 L 95, lch. 1).


Top