EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0510

Cás C-510/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie (an Rómáin) arna taisceadh an 28 Iúil 2022 — Romaqua Group SA v Societatea Națională Apele Minerale, Agenția Națională pentru Resurse Minerale

OJ C 424, 7.11.2022, p. 26–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

7.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 424/26


Iarraidh ar réamhrialú ón Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie (an Rómáin) arna taisceadh an 28 Iúil 2022 — Romaqua Group SA v Societatea Națională Apele Minerale, Agenția Națională pentru Resurse Minerale

(Cás C-510/22)

(2022/C 424/34)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Romaqua Group SA

Cosantóir: Societatea Națională Apele Minerale, Agenția Națională pentru Resurse Minerale

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear Airteagal 106(1) CFAE a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena gcoimeádtar dámhachtain dhíreach, tosaigh agus neamhiomaíoch do chuideachta atá faoi úinéireacht iomlán an Stáit ceadúnas chun foinsí uisce mianraí a shaothrú, trí shíntí leanúnacha gan teorainn a chur le ceadúnais eisiacha (atá ar fáil don chuideachta atá faoi úinéireacht an Stáit)?

2)

An gcaithfear Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 49 CFAE, Airteagal 119 CFAE agus Airteagal 3 de Threoir 2009/54/CE maidir le huiscí mianraí nádúrtha a shaothrú agus a mhargú (1) a léiriú mar chosc ar rialacha náisiúnta, amhail na rialacha atá i gceist sna príomhimeachtaí agus dá dtagraítear thuas, lena bhforchuirtear srian gan údar ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh, lena n-áirítear an tsaoirse bhunaíochta?


(1)  Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí nádúrtha a shaothrú agus a mhargú (IO 2009 L 164, lch. 45).


Top