Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0217

Cás C-217/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Bologna (an Iodáil) a taisceadh an 24 Márta 2022 – OV v Ministero Interno – Unità Dublino

IO C 222, 7.6.2022, p. 21–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 222, 7.6.2022, p. 20–20 (GA)

7.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 222/20


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Bologna (an Iodáil) a taisceadh an 24 Márta 2022 – OV v Ministero Interno – Unità Dublino

(Cás C-217/22)

(2022/C 222/31)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale ordinario di Bologna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: OV

Cosantóir: Ministero Interno – Unità Dublino

An cheist a tharchuirtear:

1.

An gá Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 (1), go háirithe i bhfianaise an chirt chun leighis éifeachtaigh a leagtar síos in Airteagal 27 den Rialachán sin, a léirmhíniú amhail is go bhfuil an t-iarratasóir, a rinne agóid roimh chúirteanna an Stáit iarrthaigh in gcoinne an chinnidh aistrithe a ghlac Aonad Bhaile Átha Cliath an Stáit sin i gcomhthéacs nós imeachta um ghabháil ar ais faoi Airteagal 18(1)(b), i dteideal agairt a dhéanamh i leith shárú an Stáit iarrthaigh ar dhualgas faisnéise a sholáthar a leagtar síos in Airteagal 4 nó ar an oibleagáid i leith agallamh pearsanta a eagrú faoi Airteagal 5 den Rialachán sin, agus más freagra dearfach an freagra a tabharfar, cé chomh ábharthach is atá an sárú sin?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO 2013 L 180 lch. 31)


Top