This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0189
Case C-189/22: Request for a preliminary ruling from the Amtsgericht München (Germany) lodged on 11 March 2022 — SO v Scalable Capital GmbH
Cás C-189/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) arna taisceadh an 11 Márta 2022 – SO v Scalable Capital GmbH
Cás C-189/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) arna taisceadh an 11 Márta 2022 – SO v Scalable Capital GmbH
IO C 237, 20.6.2022, p. 34–35
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/34 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) arna taisceadh an 11 Márta 2022 – SO v Scalable Capital GmbH
(Cás C-189/22)
(2022/C 237/43)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Amtsgericht München
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: SO
Cosantóir: Scalable Capital GmbH
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An gcaithfear Airteagal 82 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (1) a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil an ceart chun damáistí de chineál pionósach fiú i gcomhthéacs an méid damáistí a ríomh agus, go háirithe, nach bhfuil feidhm athchomhairleach ghinearálta ná speisialta aige, ós rud é nach bhfuil ach feidhm cúitimh ag an gceart agus, i gcásanna áirithe, feidhm sásaimh? |
2.a |
Maidir leis an gceart chun damáistí neamhábhartha a mheas, an gcaithfear a ghlacadh mar bhonn tuisceana go bhfuil feidhm sásaimh ag an gceart sin chomh maith – is é sin le rá, sa chás seo, mar leas príobháideach an duine ar bhain an díobháil dó san iompar atá ina chúis leis an gcaillteanas a phionósú – nó an é nach bhfuil ach feidhm cúitimh ag an gceart chun damáistí – is é sin le rá sa chás seo mar fheidhm cúitimh ar an díobháil a bhain dó? |
2.b.1. |
Má ghlactar leis go bhfuil feidhm cúitimh agus sásaimh araon ag an gceart chun damáistí neamhábhartha: an bhfuil a mheasúnú le déanamh ar an mbonn go bhfuil tosaíocht struchtúrtha ag an bhfeidhm cúitimh ar an bhfeidhm sásaimh nó, ar a laghad, go bhfuil coibhneas rialach-eisceachta eatarthu? An gciallaíonn sé sin nach féidir feidhm sásaimh a bheith aige ach i gcás ina ndearnadh an sárú d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí? |
2.b.2. |
Mura bhfuil feidhm sásaimh ag an gceart chun damáistí neamhábhartha, agus na damáistí sin á ríomh, an é nach bhfuil ualach breise le tabhairt ach do sháruithe maidir le sonraí a rinneadh d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí a mheastar gur fachtóirí cúiseacha iad? |
3. |
An bhfuil damáistí neamhábhartha le meas ar bhonn ord struchtúrtha tosaíochta nó, ar a laghad, i gcoibhneas ordlathais rialach-eisceachta, ina bhfuil ualach níos lú ag baint le caillteanas de thoradh ar shárú maidir le sonraí ná mar atá ag an díobháil agus an dólás a bhaineann le díobháil choirp? |
4. |
An bhfuil an tsaoirse ag cúirt náisiúnta, i gcás ina ndéantar toimhde go ndearnadh díobháil, de bharr easpa tromchúise, gan ach miondamáistí a dheonú sa chaoi go bhféadfadh an duine ar bhain an díobháil dó nó an pobal i gcoitinne a thuiscint nach bhfuil iontu ach damáistí siombalacha? |
5. |
An gcaithfear a ghlacadh mar bhunús chun iarmhairtí damáistí neamhábhartha a mheas nach ndearnadh calaois aitheantais de réir bhrí aithris 75 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ach i gcás inar ghlac ciontóir aitheantas an duine lena mbaineann, is é sin le rá gur lig sé air gurb é an duine sin é, agus sna cásanna sin amháin, nó an leor gur éirigh leis na ciontuithe seilbh a fháil ar na sonraí sin lenar féidir an duine lena mbaineann a aithint? |
(1) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016, L 119, lch. 1).