This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CA0679
Case C-679/22: Judgment of the Court (Ninth Chamber) of 29 February 2024 – European Commission v Ireland (Failure of a Member State to fulfil obligations – Article 258 TFEU – Directive (EU) 2018/1808 – Provision of audiovisual media services – Failure to transpose and to communicate transposition measures – Article 260(3) TFEU – Application for an order to pay a lump sum and a penalty payment)
Cás C-679/22: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 29 Feabhra 2024 – an Coimisiún Eorpach v Éire (Mainneachtain Stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Airteagal 258 CFAE – Treoir (AE) 2018/1808 – Soláthar seirbhísí meán closamhairc – Mainneachtain Treoir a thrasuí agus mainneachtain na bearta trasuite a chur in iúl – Airteagal 260(3) CFAE – Iarratas go ndéanfar cnapshuim agus íocaíocht phionósach a ghearradh)
Cás C-679/22: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 29 Feabhra 2024 – an Coimisiún Eorpach v Éire (Mainneachtain Stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Airteagal 258 CFAE – Treoir (AE) 2018/1808 – Soláthar seirbhísí meán closamhairc – Mainneachtain Treoir a thrasuí agus mainneachtain na bearta trasuite a chur in iúl – Airteagal 260(3) CFAE – Iarratas go ndéanfar cnapshuim agus íocaíocht phionósach a ghearradh)
IO C, C/2024/2576, 22.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2576/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2576 |
22.4.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 29 Feabhra 2024 – an Coimisiún Eorpach v Éire
(Cás C-679/22) (1)
(Mainneachtain Stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh - Airteagal 258 CFAE - Treoir (AE) 2018/1808 - Soláthar seirbhísí meán closamhairc - Mainneachtain Treoir a thrasuí agus mainneachtain na bearta trasuite a chur in iúl - Airteagal 260(3) CFAE - Iarratas go ndéanfar cnapshuim agus íocaíocht phionósach a ghearradh)
(C/2024/2576)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Armati, U. Małecka, L. Malferrari agus E. Manhaeve, Gníomhairí)
Cosantóir: Éire (ionadaithe: M. Browne, an Príomh-Aturnae Stáit, A. Joyce agus D. O’Reilly, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Doherty, Abhcóide)
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Ar dhul in éag don tréimhse dá bhforáiltear sa thuairim réasúnaithe, trí mhainneachtain na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin (go léir) is gá a ghlacadh chun an Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (an Treoir maidir le ‘Seirbhísí Meán Closamhairc’) a chomhlíonadh i bhfianaise athruithe ar an margadh, nó, in aon chás, trí mhainneachtain iad a chur in iúl don Choimisiún, mhainnigh Éire a hoibleagáidí faoi Airteagal 2 de Threoir 2018/1808 a chomhlíonadh. |
|
2) |
Trí mhainneachtain, ar an lá a rinne an Chúirt imscrúdú ar na fíorais, na bearta is gá chun forálacha Threoir 2018/1808 a thrasuí ina dlí náisiúnta a ghlacadh nó na bearta sin a chur in iúl don Choimisiún Eorpach, lean Éire lena mainneachtain a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh. |
|
3) |
Ordaítear d’Éire na costais seo a leanas a íoc leis an gCoimisiún Eorpach:
|
|
4) |
Ordaítear d’Éire a costais agus costais an Choimisiún Eorpaigh a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2576/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)