Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0582

Cás C-582/22, Die Länderbahn agus páirtithe eile: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 7 Márta 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Köln – an Ghearmáin) – Die Länderbahn GmbH DLB, Prignitzer Eisenbahn GmbH, Ostdeutsche Eisenbahn GmbH v Bundesrepublik Deutschland (Tarchur chun réamhrialú – Iompar iarnróid – Treoir 2012/34/UE – Rochtain ar bhonneagar iarnróid – Muirir  – Airteagal 56 – Comhlacht rialála náisiúnta aonair um fhaireachán ar an earnáil iarnróid – Iniúlachtaí  – Athbhreithniú ar mhuirir d’úsáid an bhonneagair ina bhfuil an tréimhse ama chun iad a chur chun feidhme tar éis dul in éag –  Cumhacht chun a chinneadh do-ghlacthacht le héifeacht ex tunc agus aisíocaíocht muirear a ordú)

IO C, C/2024/2906, 6.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2906/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2906/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2906

6.5.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 7 Márta 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Köln – an Ghearmáin) – Die Länderbahn GmbH DLB, Prignitzer Eisenbahn GmbH, Ostdeutsche Eisenbahn GmbH v Bundesrepublik Deutschland

(Cás C-582/22  (1) , Die Länderbahn agus páirtithe eile)

(Tarchur chun réamhrialú - Iompar iarnróid - Treoir 2012/34/UE - Rochtain ar bhonneagar iarnróid - Muirir - Airteagal 56 - Comhlacht rialála náisiúnta aonair um fhaireachán ar an earnáil iarnróid - Iniúlachtaí - Athbhreithniú ar mhuirir d’úsáid an bhonneagair ina bhfuil an tréimhse ama chun iad a chur chun feidhme tar éis dul in éag - Cumhacht chun a chinneadh do-ghlacthacht le héifeacht ex tunc agus aisíocaíocht muirear a ordú)

(C/2024/2906)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Köln

Príomhpáirtithe sna himeachtaí

Iarratasóir: Die Länderbahn GmbH DLB, Prignitzer Eisenbahn GmbH, Ostdeutsche Eisenbahn GmbH

Cosaintóir: Bundesrepublik Deutschland

Idiragraí: DB Netz AG

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 56(1), (6) agus (9) de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: Cuirtear cosc ar reachtaíocht Ballstáit lena eisitear dlínse an chomhlachta rialála, bunaithe ar iarratas i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin, chun dlíthiúlacht mhuirir d’úsáid an bhonneagair ina bhfuil an tréimhse ama chun é a chur chun feidhme tar éis dul in éag agus chun a chinneadh do-ghlacthacht le héifeacht ex tunc,

2)

Maidir le hAirteagal 56(9) de Threoir 2012/34 ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: Ní cheanglaítear ar an gcomhlacht rialála a bheith in ann a ordú dó féin aisíocaíocht muirear nuair a thugtar le dlí náisiúnta an chumhacht seo ar na cúirteanna sibhialta, faoi réir chomhlíonadh phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta.

(1)   IO C 441, 21.11.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2906/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top