This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CA0533
Case C-533/22, Adient: Judgment of the Court (Tenth Chamber) of 13 June 2024 (request for a preliminary ruling from the Tribunalul Argeș – Romania) – SC Adient Ltd & Co. KG v Agenția Națională de Administrare Fiscală, Agenția Națională de Administrare Fiscală – Direcția Generală Regională a Finanțelor Publice Ploiești – Administrația Județeană a Finanțelor Publice Argeș (Reference for a preliminary ruling – Taxation – Common system of value added tax (VAT) – Directive 2006/112/EC – Article 44 – Implementing Regulation (EU) No 282/2011 – Article 11(1) – Place of supply of services – Concept of a fixed establishment – Ability, in terms of human and technical resources, to receive and use the services for its own needs – Services for the manufacture of car seat covers performed by one company on behalf of another company, belonging to the same group and established in another Member State)
Cás C-533/22, Adient: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 13 Meitheamh 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunalul Argeş – an Rómáin) – SC Adient Ltd & Co. Kg v Agenţia Naţională de Administrare Fiscală, Agenţia Naţională de Administrare Fiscală – Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Ploieşti – Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Argeş (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 44 – Rialachán Cur Chun Feidhme (UE) Uimh. 282/2011 – Airteagal 11(1) – Áit soláthair seirbhísí – Coincheap buanbhunaíocht – Cumas, i dtéarmaí acmhainní daonna agus teicniúla, seirbhísí a fháil agus a úsáid chun a chríocha féin – Seirbhísí chun clúdaigh suíocháin ghluaisteáin a mhonarú arna ndéanamh ag cuideachta amháin thar ceann cuideachta eile, ar leis an ngrúpa céanna agus atá bunaithe i mBallstát eile)
Cás C-533/22, Adient: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 13 Meitheamh 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunalul Argeş – an Rómáin) – SC Adient Ltd & Co. Kg v Agenţia Naţională de Administrare Fiscală, Agenţia Naţională de Administrare Fiscală – Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Ploieşti – Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Argeş (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 44 – Rialachán Cur Chun Feidhme (UE) Uimh. 282/2011 – Airteagal 11(1) – Áit soláthair seirbhísí – Coincheap buanbhunaíocht – Cumas, i dtéarmaí acmhainní daonna agus teicniúla, seirbhísí a fháil agus a úsáid chun a chríocha féin – Seirbhísí chun clúdaigh suíocháin ghluaisteáin a mhonarú arna ndéanamh ag cuideachta amháin thar ceann cuideachta eile, ar leis an ngrúpa céanna agus atá bunaithe i mBallstát eile)
IO C, C/2024/4557, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4557/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/4557 |
29.7.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 13 Meitheamh 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunalul Argeş – an Rómáin) – SC Adient Ltd & Co. Kg v Agenţia Naţională de Administrare Fiscală, Agenţia Naţională de Administrare Fiscală – Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Ploieşti – Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Argeş
(Cás C-533/22 (1) , Adient)
(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 44 - Rialachán Cur Chun Feidhme (UE) Uimh. 282/2011 - Airteagal 11(1) - Áit soláthair seirbhísí - Coincheap ‘buanbhunaíocht’ - Cumas, i dtéarmaí acmhainní daonna agus teicniúla, seirbhísí a fháil agus a úsáid chun a chríocha féin - Seirbhísí chun clúdaigh suíocháin ghluaisteáin a mhonarú arna ndéanamh ag cuideachta amháin thar ceann cuideachta eile, ar leis an ngrúpa céanna agus atá bunaithe i mBallstát eile)
(C/2024/4557)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunalul Argeş
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: SC Adient Ltd & Co.Kg
Cosantóirí: Agenţia Naţională de Administrare Fiscală, Agenţia Naţională de Administrare Fiscală – Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Ploieşti – Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Argeş
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagal 44 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Treoir (AE) 2018/1695 ón gComhairle an 6 Samhain 2018, agus Airteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní féidir a mheas go bhfuil buanbhunaíocht sa bhallstát eile sin ag cuideachta, atá faoi réir cánach breisluacha a bhfuil a gnó aici i mBallstát amháin, a fhaigheann seirbhísí arna soláthar ag cuideachta atá bunaithe sa Bhallstát eile, chun áit soláthair na seirbhísí sin a chinneadh, díreach toisc go mbaineann an dá chuideachta leis an ngrúpa céanna nó toisc go bhfuil na cuideachtaí sin nasctha le conradh chun seirbhísí a sholáthar. |
2) |
Maidir le hAirteagal 44 de Threoir 2006/112/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/1695, agus Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: níl rud ábhartha é go bhfuil struchtúr sa Bhallstát eile sin ag cuideachta atá faoi réir cánach breisluacha (CBL) a bhfuil a gnó aici i mBallstát amháin, a fhaigheann seirbhísí monaraíochta arna soláthar ag cuideachta atá bunaithe i mBallstát eile, a dhéanann idirghabháil i soláthar an táirgí críochnaithe a eascraíonn as na seirbhísí monaraíochta sin, nó gur lasmuigh den Bhallstát sin den chuid is mó a dhéantar na hidirbhearta soláthair sin agus go bhfuil na hidirbhearta sin a dhéantar ann faoi réir CBL, chun a shuí, le haghaidh áit soláthair na seirbhísí a chinneadh, go bhfuil buanbhunaíocht ag an gcuideachta sin sa Bhallstát deireanach sin. |
3) |
Maidir le hAirteagail 44 agus 192a de Threoir 2006/112/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/1695, agus Airteagail 11 agus 53 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: níl buanbhunaíocht sa dara Ballstát ag cuideachta atá faoi réir cánach bhreisluacha a bhfuil a príomháit ghnó aici i mBallstát amháin, agus a fhaigheann seirbhísí arna soláthar ag cuideachta atá bunaithe i mBallstát eile, mura bhfuil na hacmhainní daonna agus teicniúla atá ar fáil di sa Bhallstát sin éagsúil leis na hacmhainní a sholáthraíonn na seirbhísí di nó mura soláthraíonn na hacmhainní daonna agus teicniúla sin ach gníomhaíochtaí ullmhúcháin nó coimhdeacha. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4557/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)