EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0651

Cás T-651/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fomhair 2022 – Saure v an Coimisiún (Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Comhfhreagras an Choimisiúin maidir le cainníochtaí agus amanna seachadta na vacsaíní COVID-19 BioNTech – Caingean le haghaidh neamhniú – Cinntí sainráite arna nglacadh tar éis rochtain a dhiúltú go hintuigthe – Easpa lis pendens mar gheall ar neamh-inghlacthacht beart eile – Diúltú iomlán agus páirteach do rochtain – Eisceachtaí a bhaineann le príobháideachas agus sláine an duine aonair a chosaint, comhairle dlí a chosaint, an próiseas cinnteoireachta a chosaint agus leasanna tráchtála tríú páirtí a chosaint)

OJ C 418, 31.10.2022, p. 32–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 418/32


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fomhair 2022 – Saure v an Coimisiún

(Cás T-651/21) (1)

(Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Comhfhreagras an Choimisiúin maidir le cainníochtaí agus amanna seachadta na vacsaíní COVID-19 BioNTech - Caingean le haghaidh neamhniú - Cinntí sainráite arna nglacadh tar éis rochtain a dhiúltú go hintuigthe - Easpa lis pendens mar gheall ar neamh-inghlacthacht beart eile - Diúltú iomlán agus páirteach do rochtain - Eisceachtaí a bhaineann le príobháideachas agus sláine an duine aonair a chosaint, comhairle dlí a chosaint, an próiseas cinnteoireachta a chosaint agus leasanna tráchtála tríú páirtí a chosaint)

(2022/C 418/42)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Hans-Wilhelm Saure (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Partsch, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Herrmann, G. Gattinara agus A. Spina, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 11 Lúnasa 2021, maidir le rochtain pháirteach a dheonú dó ar dhoiciméid áirithe agus rochtain ar dhoiciméid eile a dhiúltú dó, a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1)

Diultaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Hans-Wilhelm Saure na costais a íoc.


(1)  IO C 481, 29.11.2021.


Top