This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0495
Case T-495/21: Judgment of the General Court of 24 January 2024 — Spain v Commission (EAGF and EAFRD — Expenditure excluded from financing — Expenditure incurred by Spain — Financial corrections — Key controls — Cross-checks and updating of the SIGPAC — Article 5 of Delegated Regulation (EU) No 640/2014 — Articles 28 and 29 of Implementing Regulation (EU) No 809/2014 — Manifest error of assessment — On-the-spot checks — Flat-rate correction covering all the deficiencies found — Article 12 of Delegated Regulation (EU) No 907/2014 — Guidelines on the calculation of financial corrections)
Cás T-495/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2024 – an Spáinn v an Coimisiún (CERT agus CETFT – Caiteachas atá eisiata ó mhaoiniú – Caiteachas na Spáinne – Ceartuithe airgeadais – Príomhsheiceálacha – Crosseiceálacha agus nuashonrú ar SIGPAC – Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 – Airteagail 28 agus 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 – Earráid fhollasach mheasúnúcháin – Seiceálacha ar an láthair – Ceartú ar ráta comhréidh lena gcumhdaítear na heasnaimh go léir a aimsíodh – Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 – Treoirlínte maidir leis na ceartuithe airgeadais a ríomh)

IO C, C/2024/2292, 2.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2292/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2292 |
2.4.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2024 – an Spáinn v an Coimisiún
(Cás T-495/21) (1)
(CERT agus CETFT - Caiteachas atá eisiata ó mhaoiniú - Caiteachas na Spáinne - Ceartuithe airgeadais - Príomhsheiceálacha - Crosseiceálacha agus nuashonrú ar SIGPAC - Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 - Airteagail 28 agus 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 - Earráid fhollasach mheasúnúcháin - Seiceálacha ar an láthair - Ceartú ar ráta comhréidh lena gcumhdaítear na heasnaimh go léir a aimsíodh - Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 - Treoirlínte maidir leis na ceartuithe airgeadais a ríomh)
(C/2024/2292)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: L. Aguilera Ruiz agus A. Ballesteros Panizo, Gníomhairí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Aquilina, F. Castilla Contreras agus I. Galindo Martín, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann Ríocht na Spáinne go gcuirfí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/988 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2021 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe arna dhéanamh ag na Ballstáit de bhun an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2021 L 218, lch. 9), a mhéid a bhaineann sé le haisíocaíocht na cabhrach dírí le haghaidh smachta airgeadais agus leis an gcaiteachas a rinne sé faoi chabhair dhíreach dhíchúpláilte maidir le pobal uathrialach Thír na mBascach (an Spáinn) do na blianta éilimh 2016 go 2018, ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do Ríocht na Spáinne na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2292/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)