This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CJ0683
Judgment of the Court (Grand Chamber) of 5 December 2023.#Nacionalinis visuomenės sveikatos centras prie Sveikatos apsaugos ministerijos v Valstybinė duomenų apsaugos inspekcija.#Request for a preliminary ruling from the Vilniaus apygardos administracinis teismas.#Reference for a preliminary ruling – Protection of personal data – Regulation (EU) 2016/679 – Article 4(2) and (7) – Concepts of ‘processing’ and ‘controller’ – Development of a mobile IT application – Article 26 – Joint control – Article 83 – Imposition of administrative fines – Conditions – Requirement that the infringement be intentional or negligent – Responsibility and liability of the controller for the processing of personal data carried out by a processor.#Case C-683/21.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2023 Nollaig 5.
Nacionalinis visuomenės sveikatos centras prie Sveikatos apsaugos ministerijos v Valstybinė duomenų apsaugos inspekcija.
Tarchur chun réamhrialú – Cosaint sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 4(2) agus (7) – Coincheapa na “próiseála” agus an “rialaitheora” – Forbairt feidhmchláir mhóibíligh – Airteagal 26 – Rialú comhpháirteach – Airteagal 83 – Fíneálacha riaracháin a fhorchur – Coinníollacha – Ceanglas go mbeadh an sárú d’aon ghnó nó faillíoch – Freagracht an rialaitheora as próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann próiseálaí.
Cás C-683/21.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2023 Nollaig 5.
Nacionalinis visuomenės sveikatos centras prie Sveikatos apsaugos ministerijos v Valstybinė duomenų apsaugos inspekcija.
Tarchur chun réamhrialú – Cosaint sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 4(2) agus (7) – Coincheapa na “próiseála” agus an “rialaitheora” – Forbairt feidhmchláir mhóibíligh – Airteagal 26 – Rialú comhpháirteach – Airteagal 83 – Fíneálacha riaracháin a fhorchur – Coinníollacha – Ceanglas go mbeadh an sárú d’aon ghnó nó faillíoch – Freagracht an rialaitheora as próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann próiseálaí.
Cás C-683/21.
Court reports – general
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:949
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
an 5 Nollaig 2023 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Cosaint sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 4(2) agus (7) – Coincheapa na “próiseála” agus an “rialaitheora” – Forbairt feidhmchláir mhóibíligh – Airteagal 26 – Rialú comhpháirteach – Airteagal 83 – Fíneálacha riaracháin a fhorchur – Coinníollacha – Ceanglas go mbeadh an sárú d’aon ghnó nó faillíoch – Freagracht an rialaitheora as próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann próiseálaí)
I gCás C-683/21,
Iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Vilniaus apygardos administracinis teismas (tribunal administratif régional de Vilnius, an Liotuáin), trí bhreith an 22 Deireadh Fómhair 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 22 Deireadh Fómhair 2021, sna himeachtaí idir
Nacionalinis visuomenės sveikatos centras prie Sveikatos apsaugos ministerijos
v
Valstybinė duomen of apsaugos inspekcija,
idiragraithe:
UAB “IT sprendimai sėkmei”,
Lietuvos Respublikos sveikatos apsaugos ministerija,
tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, C. Lycourgos, E. Regan, T. von Danwitz, Z. Csehi, O. Spineanu–Matei, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.–C. Bonichot, L. S. Rossi, A. Kumin, N. Jääskinen (Rapóirtéir), N. Wahl agus M. Gavalec, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,
Cláraitheoir: C. Strömholm, Riarthóir,
ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i dtaca le héisteacht an 17 Eanáir 2023,
agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann iad seo a leanas:
– |
Nacionalinis visuomenės sveikatos centras prie Sveikatos apsaugos ministerijos, ag G. Aleksienė, |
– |
Valstybinė duomenų apsaugos inspekcija, ag R. Andrijauskas, |
– |
Rialtas na Liotuáine, ag V. Kazlauskaitė-Švenčionienė, i gcáil Gníomhaire, |
– |
Rialtas na hÍsiltíre, ag C. S. Schillemans, i gcáil Gníomhaire, |
– |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag R. Liudvinavičiūtė agus K. Pleśniak, i gcáil Gníomhairí, |
– |
an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, H. Kranenborg agus A. Steiblytė, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 4 Bealtaine 2023,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 4(2) agus (7), Airteagal 26(1) agus Airteagal 83(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1; “RGCS”). |
2 |
Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir Nacionalinis visuomenės sveikatos centras prie Sveikatos apsaugos ministerijos (Ionad Náisiúnta Sláinte Poiblí san Aireacht Sláinte, an Liotuáin; “CNSP”) agus Valstybinė duomen apsaugos inspekcija (an Chigireacht Náisiúnta um Chosaint Sonraí, an Liotuáin; “INPD”) maidir le cinneadh lenar fhorchuir INPD fíneáil riaracháin ar CNSP de bhun Airteagal 83 de RGCS as sárú ar Airteagail 5, 13, 24, 32 agus 35 den Rialachán sin. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
3 |
Leagtar amach an méid seo a leanas in aithrisí 9, 10, 11, 13, 26, 74, 79, 129 agus 148 de RGCS:
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
|
4 |
De réir théarmaí Airteagal 4 den Rialachán sin: “Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
[...]
[...]
[...]” |
5 |
Foráiltear in Airteagal 26(1) den Rialachán sin, dar teideal “Rialaitheoirí comhpháirteacha”, an méid seo a leanas: “I gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó go comhpháirteach críocha agus bealaí na próiseála, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha. Cinnfidh siad, ar bhealach trédhearcach, na freagrachtaí a bheidh orthu faoi seach maidir leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí agus na dualgais a bheidh orthu faoi seach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14 a chur ar fáil, trí chomhshocrú eatarthu, murar rud é gur le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a chinntear na freagrachtaí atá ar na rialaitheoirí faoi seach, nó a mhéid ar leis na dlíthe sin a chinntear na freagrachtaí atá orthu, agus ar faoina réir atá na rialaitheoirí. Faoin gcomhshocrú, féadfar pointe teagmhála a ainmniú do na hábhair sonraí.” |
6 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 28(10) den Rialachán céanna, dar teideal “An próiseálaí”: “Gan dochar d'Airteagail 82, 83 agus 84, má sháraíonn próiseálaí an Rialachán seo trí chríocha agus modhanna na próiseála a chinneadh, measfar gur rialaitheoir é an próiseálaí i ndáil leis an bpróiseáil sin.” |
7 |
Foráiltear in Airteagal 58(2) de RGCS, dar teideal, “Cumhachtaí”, mar seo a leanas: “Beidh na cumhachtaí ceartaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:
[...]
[...]
[...]
[...]” |
8 |
Foráiltear le hAirteagal 83 den Rialachán sin, dar teideal “Coinníollacha ginearálta maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh” mar seo a leanas: “1. Áiritheoidh gach údarás maoirseachta, maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh de bhun an Airteagail seo i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear i míreanna 4 agus 6 go mbeidh an gearradh sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair. 2. Gearrfar fíneálacha riaracháin, ag brath ar dhálaí gach cáis aonair, de bhreis ar bhearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h) agus i bpointe (j) d’Airteagal 58(2) nó ina n-ionad. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an ngearrfar fíneáil riaracháin agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:
3. Más rud é go sáraíonn rialaitheoir nó próiseálaí, d’aon ghnó nó le faillí, maidir leis na hoibríochtaí céanna próiseála, nó maidir le hoibríochtaí nasctha, roinnt forálacha den Rialachán seo, ní rachaidh méid iomlán na fíneála riaracháin thar an méid a shonraítear i leith an tsáraithe is tromchúisí. 4. Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 10000000 [euro], nó i gcás fiontair, suas le 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde: a) na hoibleagáidí atá ar an rialaitheoir agus ar an bpróiseálaí de bhun Airteagail 8, 11, 25 go 26 agus Airteagail 42 agus 43; [...] 5. Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20000000 [euro], nó i gcás gnóthais, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:
[...]
[...] 6. Beidh neamhchomhlíonadh ordaithe ag an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 58(2), i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20000000 [euro], nó i gcás fiontair, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde[.] 7. Gan dochar do na cumhachtaí ceartúcháin atá ag údaráis mhaoirseachta de bhun Airteagal 58(2), féadfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin. 8. Beidh feidhmiú a chumhachtaí ag an údarás maoirseachta faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí Ballstáit, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí. [...]” |
9 |
Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 84(1) den Rialachán sin: “Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis eile is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, go hairithe sáruithe nach bhfuil faoi réir fínealacha riaracháin de bhun Airteagal 83, agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.” |
Dlí na Liotuáine
10 |
Luaitear in Airteagal 29(3) den Viešųjų pirkimų įstatymas (an Dlí maidir le soláthar poiblí) imthosca áirithe ina bhfuil an ceart, nó an oibleagáid, ar an údarás conarthach na nósanna imeachta tairisceana nó iomaíochta arna nglacadh ar a thionscnamh a tharraingt siar agus tráth ar bith roimh thabhairt i gcrích an chonartha phoiblí (nó an réamhchonradh) nó cinneadh bhuaiteoir an chomórtais. |
11 |
Foráiltear le hAirteagal 72(2) den Dlí maidir le soláthar poiblí do chéimeanna na caibidlíochta a dhéanann an t-údarás conarthach i gcomhthéacs nós imeachta soláthair phoiblí idirbheartaithe gan foilsiú roimh ré. |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
12 |
I gcomhthéacs phaindéim COVID-19, thug Lietuvos Respublikos sveikatos apsaugos ministras (Aire Sláinte Phoblacht na Liotuáine), le céad chinneadh an 24 Márta 2020, treoir do Stiúrthóir CNSP fáil láithreach córais TF a eagrú chun sonraí daoine a nochtadh don víreas sin a thaifeadadh agus faireachán a dhéanamh orthu, chun críoch faireacháin eipidéimeolaíoch. |
13 |
Trí ríomhphost an 27 Márta 2020, chuir duine, a bhí i láthair mar ionadaí do CNSP (“A.S.”), in iúl do chuideachta UAB “IT sprendimai sėkmei” (“cuideachta ITSS”) gur roghnaigh CNSP í chun feidhmchlár móibíleach a chruthú chun na críche sin. Sheol A.S. ríomhphoist ina dhiaidh sin chuig an gcuideachta ITSS maidir le gnéithe éagsúla de chruthú an fheidhmchláir sin, agus seoladh cóip de na ríomhphoist sin chuig stiúrthóir CNSP. |
14 |
Le linn na caibidlíochta idir an chuideachta ITSS agus CNSP, chomh maith le A.S., sheol fostaithe eile CNSP ríomhphoist chuig an gcuideachta sin maidir le dréachtú na gceisteanna a cuireadh san fheidhmchlár móibíleach i gceist. |
15 |
Agus an feidhmchlár móibíleach sin á chruthú, forbraíodh beartas príobháideachta, inar ainmníodh an chuideachta ITSS agus CNSP mar rialaitheoirí ar an bpróiseáil. |
16 |
Bhí an feidhmchlár móibíleach atá i gceist, ag tagairt do ITSS agus do CNSP, ar fáil le híoslódáil ó Google Play Store ón 4 Aibreán 2020 agus ó Apple App Store ón 6 Aibreán 2020. Bhí sé ag feidhmiú go dtí an 26 Bealtaine 2020. |
17 |
Idir an 4 Aibreán 2020 agus an 26 Bealtaine 2020, bhain 3802 dhuine úsáid as an bhfeidhmchlár sin agus sholáthair siad na sonraí a d’iarr an feidhmchlár a bhain leo, amhail uimhir aitheantais, comhordanáidí geografacha (domhanleithead agus domhanfhad), tír, cathair, bardas, cód poist, ainm sráide, uimhir foirgnimh, sloinne, céadainm, cód pearsanta, uimhir theileafóin agus seoladh. |
18 |
Leis an dara cinneadh an 10 Aibreán 2020, chinn Aire Sláinte Phoblacht na Liotuáine an cúram a chur ar stiúrthóir CNSP éadáil an fheidhmchláir mhóibíligh atá i gceist a eagrú ó ITSS agus, chuige sin, beartaíodh dul ar iontaoibh Airteagal 72(2) den Dlí maidir le soláthar poiblí. Mar sin féin, níor bronnadh aon chonradh poiblí ar an gcuideachta sin chun an feidhmchlár sin a fháil go hoifigiúil ag CNSP. |
19 |
An 15 Bealtaine 2020, d’iarr CNSP ar an gcuideachta sin gan é a lua ar bhealach ar bith san fheidhmchlár móibíleach atá i gceist. Ina theannta sin, i litir dar dáta an 4 Meitheamh 2020, chuir CNSP in iúl don chuideachta chéanna, mar gheall ar easpa maoinithe chun an feidhmchlár sin a fháil, gur chuir sé deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 29(3) den Dlí maidir le soláthar poiblí, leis an nós imeachta maidir le héadáil den sórt sin. |
20 |
I gcomhthéacs imscrúdú ar phróiseáil sonraí pearsanta a tionscnaíodh an 18 Bealtaine 2020, shuigh INPD gur bailíodh sonraí pearsanta leis an bhfeidhmchlár móibíleach atá i gceist. Ina theannta sin, fuarthas amach gur fhreagair úsáideoirí a roghnaigh an feidhmchlár sin mar mhodh chun monatóireacht a dhéanamh ar leithlisiú éigeantach de bharr phaindéim COVID-19 ceisteanna a bhain le próiseáil sonraí pearsanta. Cuireadh na sonraí sin ar fáil sna freagraí ar na ceisteanna a cuireadh tríd an bhfeidhmchlár sin agus bhain siad, inter alia, le sláinte an duine lena mbaineann agus leis an gcaoi a gcomhlíonann sé nó sí na coinníollacha leithlisithe. |
21 |
Le cinneadh an 24 Feabhra 2021, d’fhorchuir INPD fíneáil riaracháin EUR 12000 ar CNSP de bhun Airteagal 83 de RGCS, i bhfianaise a shárú ar Airteagail 5, 13, 24, 32 agus 35 den Rialachán sin. Leis an gcinneadh sin, forchuireadh fíneáil riaracháin EUR 3000 ar ITSS mar rialaitheoir comhpháirteach freisin. |
22 |
Rinne CNSP agóid i gcoinne an chinnidh sin os comhair Vilniaus apygardos administracinis teismas (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Vilnias, an Liotuáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, agus é ag áitiú gurb é ITSS nach mór a mheas gurb é an t-aon rialaitheoir amháin é de réir bhrí Airteagal 4(7) de RGCS. Óna thaobh féin de, áitíonn ITSS gur ghníomhaigh sé mar phróiseálaí, de réir bhrí Airteagal 4(8) de RGCS, ar threoracha ó CNSP, arb é an t-aon rialaitheoir amháin é dar leis. |
23 |
Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire gur chruthaigh ITSS an feidhmchlár móibíleach atá i gceist agus gur thug CNSP comhairle dó maidir le hábhar na gceisteanna a ardaíodh tríd an bhfeidhmchlár sin. Mar sin féin, níl aon chonradh soláthair phoiblí idir CNSP agus ITSS. Ina theannta sin, níor thoiligh nó ní údaródh CNSP an feidhmchlár sin a chur ar fáil trí shiopaí éagsúla ar líne. |
24 |
Sonraíonn an chúirt sin go raibh sé mar aidhm ag cruthú an fheidhmchláir mhóibíligh atá i gceist an cuspóir a shanntar ag CNSP a chur chun feidhme, eadhon bainistiú phaindéim COVID-19 trí uirlis TF a chruthú, agus go raibh sé beartaithe sonraí pearsanta a phróiseáil chuige sin. Maidir le ról na cuideachta ITSS, ní bheifí ag súil go saothródh an chuideachta sin cuspóirí seachas an luach saothair a fháil as an táirge TF a cruthaíodh. |
25 |
Tugann an chúirt sin faoi deara freisin, le linn imscrúdú INPD, fuarthas amach go raibh ar an gcuideachta Liotuáinis Juvare Lithuania, bainisteoir an chórais TF chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha a bhfuil baol iomadú i gceist leo, cóipeanna de na sonraí pearsanta arna mbailiú ag an bhfeidhmchlár móibíleach i gceist a fháil. Ina theannta sin, chun tástáil a dhéanamh air, baineadh úsáid as sonraí samhailteacha, cé is moite d’uimhreacha teileafóin fhostaithe na cuideachta sin. |
26 |
I bhfianaise na gcúinsí sin, chinn Vilniaus apygardos administracinis teismas (An Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Vilnius) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
An chéad cheist go dtí an tríú ceist
27 |
Leis an gcéad cheist go dtí an tríú ceist, ar ceisteanna iad is iomchuí a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 4(7) de RGCS le léiriú sa chaoi is go bhféadfar a mheas gur rialaitheoir é eintiteas a thug treoir do ghnóthas feidhmchlár TF móibíleach a fhorbairt, de réir bhrí na forála sin, cé nach bhfuil oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta déanta ag an eintiteas sin é féin, nár thug sé a thoiliú go sainráite oibríochtaí sonracha próiseála den sórt sin a dhéanamh nó an feidhmchlár móibíleach sin a chur ar fáil don phobal agus nach bhfuair sé an feidhmchlár móibíleach sin. |
28 |
Sainmhínítear go ginearálta le hAirteagal 4(7) de RGCS an coincheap “rialaitheoir sonraí” mar thagairt don duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile “a chinneann críocha agus modhanna na próiseála” ina aonar nó i gcomhpháirt. |
29 |
Is é cuspóir an tsainmhínithe leathan sin, i gcomhréir le RGCS, cosaint éifeachtach chearta agus shaoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a áirithiú agus, go háirithe, ardleibhéal cosanta a áirithiú don cheart atá ag gach duine cosaint a fháil ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi (féach, chuige sin, breithiúnais an 29 Iúil 2019, Fashion ID, C-40/17, EU:C:2019:629, mír 66, agus an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland, C-319/20, EU:C:2022:322, mír 73 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
30 |
Chinn an Chúirt cheana féin go bhféadfar a mheas gur rialaitheoir ar an bpróiseáil sin aon duine nádúrtha nó dlítheanach a imríonn tionchar, chun a chríoch féin, ar phróiseáil na sonraí sin agus a ghlacann páirt ar an gcaoi sin i gcinneadh chuspóirí agus mhodhanna na próiseála sin. I dtaca leis sin, ní gá críocha agus modhanna na próiseála a chinneadh trí bhíthin treoirlínte scríofa nó treoracha ón rialaitheoir (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Iúil 2018, Jehovan todistajat, C-25/17, EU:C:2018:551, míreanna 67 agus 68), nó gur ainmníodh go foirmiúil é mar sin. |
31 |
Dá bhrí sin, chun a shuí an féidir eintiteas, amhail CNSP, a mheas mar rialaitheoir de réir bhrí Airteagal 4(7) de RGCS, is gá scrúdú a dhéanamh an raibh tionchar iarbhír ag an eintiteas sin, chun a chríoch féin, ar chinneadh chuspóirí agus mhodhanna na próiseála sin. |
32 |
Sa chás seo, faoi réir na bhfíoruithe atá faoin gcúirt a rinne an tarchur, dealraíonn sé ón gcomhad atá ar fáil don Chúirt gur ordaigh CNSP cruthú an fheidhmchláir mhóibíligh atá i gceist agus go raibh sé d’aidhm aige an cuspóir a shanntar leis a chur chun feidhme, is é sin bainistiú phaindéim COVID-19 trí uirlis TF chun críocha sonraí na ndaoine a nochtar don víreas COVID-19 a thaifeadadh agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Chuige sin, bhí sé beartaithe ag an CNSP sonraí pearsanta úsáideoirí an fheidhmchláir mhóibíligh a bhí i gceist a phróiseáil. Is léir freisin ón ordú tagartha gur cuireadh paraiméadair an fheidhmchláir sin, amhail na ceisteanna a cuireadh agus a bhfoclaíocht, in oiriúint do riachtanais CNSP agus go raibh ról gníomhach ag na paraiméadair sin ina gcinneadh. |
33 |
Sna himthosca sin, ní mór a mheas, i bprionsabal, gur ghlac CNSP páirt iarbhír i gcinneadh chuspóirí agus mhodhanna na próiseála. |
34 |
Os a choinne sin, toisc gur luadh CNSP mar rialaitheoir i mbeartas príobháideachais an fheidhmchláir mhóibíligh atá i gceist agus gur áiríodh naisc leis an eintiteas sin san fheidhmchlár sin, d’fhéadfaí a mheas nach bhfuil siad ábhartha ach amháin a mhéid a shuitear gur thoiligh CNSP, go sainráite nó go hintuigthe, leis an tagairt sin nó leis na naisc sin. |
35 |
Ina theannta sin, maidir leis na himthosca a luaigh an chúirt a rinne an tarchur i gcomhthéacs na mbreithnithe a thacaíonn lena chéad trí cheist a tarchuireadh chun réamhrialú, eadhon nár phróiseáil CNSP féin sonraí pearsanta, nach raibh aon chonradh idir CNSP agus ITSS, nach bhfuair CNSP an feidhmchlár móibíleach atá i gceist nó nár údaraigh CNSP an feidhmchlár sin a scaipeadh trí shiopaí ar líne, ní chuirtear bac leo ar an bhfeidhmchlár sin a aicmiú mar “rialaitheoir” de réir bhrí Airteagal 4(7) de RGCS. |
36 |
Is léir ón bhforáil sin, arna léamh i bhfianaise aithris 74 de RGCS, go bhfuil eintiteas, i gcás ina gcomhlíonann sé an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 4(7), faoi dhliteanas ní hamháin i leith aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann sé féin, ach i leith na próiseála a dhéantar thar a cheann freisin. |
37 |
I ndáil leis sin, ní mór a lua mar sin féin nach féidir a mheas gurb é CNSP an rialaitheoir chun sonraí pearsanta a phróiseáil a eascraíonn as an bhfeidhmchlár móibíleach atá i gceist a chur ar fáil don phobal, más rud é, roimh an gcur ar fáil sin, go ndearna sé agóid shainráite ina choinne, agus gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhionnadh. Go deimhin, i gcás den sórt sin, ní féidir a mheas gur thar ceann CNSP a rinneadh an phróiseáil atá i gceist. |
38 |
I bhfianaise na gcúiseanna roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist go dtí an tríú ceist ná nach mór Airteagal 4(7) de RGCS a léiriú sa chaoi is go bhféadfar a mheas gur rialaitheoir de réir bhrí na forála sin eintiteas a thug treoir do ghnóthas feidhmchlár TF móibíleach a fhorbairt agus a rannchuidigh, sa chomhthéacs sin, le cuspóirí agus modhanna próiseála sonraí pearsanta a rinne an feidhmchlár sin a chinneadh, fiú mura ndearna an t-eintiteas sin féin oibríochtaí próiseála, níor thug sé a thoiliú go sainráite oibríochtaí sonracha na próiseála sin a dhéanamh ná an feidhmchlár móibíleach sin a chur ar fáil don phobal agus nach bhfuair sé an feidhmchlár móibíleach sin, mura rud é, roimh an gcur ar fáil sin don phobal, go ndearna an t-eintiteas sin agóid go sainráite ina aghaidh agus go ndearnadh sonraí pearsanta a phróiseáil mar thoradh ar sin. |
An cúigiú ceist
39 |
Leis an gcúigiú ceist, nach mór a scrúdú sa dara háit, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 4(7) agus Airteagal 26(1) de RGCS le léiriú sa chaoi go dtoimhdítear le haicmiú dhá eintiteas mar rialaitheoirí comhpháirteacha go bhfuil comhaontú ann idir na heintitis sin maidir le cuspóirí agus modhanna próiseála na sonraí pearsanta atá i gceist a chinneadh nó comhaontú a bheith ann lena socraítear na coinníollacha a bhaineann le freagracht chomhpháirteach as próiseáil. |
40 |
De bhun Airteagal 26(1) de RGCS, tá “rialaitheoirí comhpháirteacha” ann i gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó cuspóirí agus modhanna na próiseála go comhpháirteach. |
41 |
Ós rud é gur chinn an Chúirt, chun go measfaí gur rialaitheoir comhpháirteach é, ní mór do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, dá bhrí sin, an sainmhíniú ar “rialaitheoir” in Airteagal 4(7) de RGCS a chomhlíonadh go neamhspleách (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Fashion ID, C-40/17, EU:C:2019:629, mír 74). |
42 |
Mar sin féin, ní gá go mbeadh freagracht choibhéiseach ar na hoibreoirí éagsúla a bhfuil baint acu le próiseáil sonraí pearsanta mar thoradh ar fhreagracht chomhpháirteach a bheith ann. Os a choinne sin, d’fhéadfadh na hoibreoirí sin a bheith rannpháirteach ag céimeanna éagsúla den chóireáil sin agus ar leibhéil éagsúla, ionas nach mór measúnú a dhéanamh ar leibhéal freagrachta gach ceann acu trí imthosca ábhartha uile an cháis a chur san áireamh (breithiúnas an 5 Meitheamh 2018, Wirtschaftsakademie Schleswig-Holstein, C-210/16, EU:C:2018:388, mír 43). Thairis sin, ní cheanglaítear le freagracht chomhpháirteach roinnt gníomhaithe as an bpróiseáil chéanna go mbeidh rochtain ag gach ceann acu ar na sonraí pearsanta lena mbaineann (breithiúnas an 10 Iúil 2018, Jehovan todistajat, C-25/17, EU:C:2018:551, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
43 |
Mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i bpointe 38 dá Thuairim, is féidir le rannpháirtíocht i gcinneadh na gcríoch agus na modhanna próiseála a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, agus d’fhéadfadh an rannpháirtíocht sin teacht as cinneadh comhpháirteach arna dhéanamh ag dhá eintiteas nó níos mó cinntí cóineasaithe na n-eintiteas sin. Sa chás deireanach sin, ní mór na cinntí sin a fhorlíonadh, ionas go mbeidh éifeacht nithiúil ag gach ceann acu maidir le cuspóirí agus modhanna na próiseála a chinneadh. |
44 |
Ar an taobh eile, ní féidir a cheangal go mbeadh comhaontú foirmiúil idir na rialaitheoirí sin maidir le críocha agus modhanna na próiseála. |
45 |
Is cinnte, faoi Airteagal 26(1) de RGCS, arna léamh i bhfianaise aithris 79 de, ní mór do rialaitheoirí comhpháirteacha, trí chomhaontú eatarthu, a n-oibleagáidí faoi seach a shainiú ar bhealach trédhearcach chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin sin. Mar sin féin, ní réamhchoinníoll é comhaontú den sórt sin a bheith ann chun dhá eintiteas nó níos mó a aicmiú mar rialaitheoirí comhpháirteacha, ach oibleagáid a fhorchuireann Airteagal 26(1) ar rialaitheoirí comhpháirteacha, nuair a bheidh sé aicmithe amhlaidh, chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais RGCS a fhorchuirtear orthu. Dá bhrí sin, leanann an t-aicmiú sin as an bhfíric gur ghlac roinnt eintiteas páirt i gcinneadh chuspóirí agus mhodhanna na próiseála. |
46 |
Ag féachaint do na cúiseanna roimhe seo, ní mór gurb é an freagra ar an gcúigiú ceist ná nach mór Airteagal 4(7) agus Airteagal 26(1) de RGCS a léiriú mar rud a chiallaíonn nach meastar le haicmiú dhá eintiteas mar rialaitheoirí comhpháirteacha a bheith ar chomhaontú idir na heintitis sin maidir le cuspóirí agus modhanna próiseála na sonraí pearsanta atá i gceist a chinneadh nó maidir le comhaontú a bheith ann lena socraítear na coinníollacha a bhaineann le cóireáil chomhpháirteach dliteanais. |
An ceathrú ceist
47 |
Lena ceathrú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 4(2) de RGCS a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé gurb ionann úsáid sonraí pearsanta chun críocha ríomhthástáil a dhéanamh ar fheidhmchlár móibíleach agus “próiseáil” de réir bhrí na forála sin. |
48 |
Sa chás sin, mar is léir ó mhír 25 den bhreithiúnas seo, bhí ar an gcuideachta Liotuánach a bhainistíonn an córas TF chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha a mbaineann riosca iomadaithe leo cóipeanna a fháil de na sonraí pearsanta a bhailigh an feidhmchlár móibíleach i gceist. Chun críocha tástála ríomhaireachta, baineadh úsáid as sonraí bréige, cé is moite d’uimhreacha teileafóin fhostaithe na cuideachta sin. |
49 |
Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, sainmhínítear in Airteagal 4(2) de RGCS an coincheap “próiseáil” mar “aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile”. I liosta neamh-uileghabhálach, a tugadh isteach leis an bhfoclaíocht “amhail”, luaitear san fhoráil sin sonraí pearsanta a bhailiú, a chur ar fáil agus a úsáid mar shamplaí den phróiseáil. |
50 |
Is léir, dá bhrí sin, ó fhoclaíocht na forála sin, go háirithe ón nath “aon idirbheart”, go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais raon feidhme leathan a thabhairt don choincheap “próiseáil” (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Feabhra 2022, Valsts ieēmumu dienests (Próiseáil sonraí pearsanta chun críocha cánach), C-175/20, EU:C:2022:124, mír 35) agus nach féidir na cúiseanna a ndéantar oibríocht nó sraith idirbheart a chur san áireamh chun a chinneadh an ionann an oibríocht sin nó an tacar idirbheart sin agus “próiseáil” de réir bhrí Airteagal 4(2) de RGCS. |
51 |
Dá bhrí sin, níl aon tionchar ag an gceist an úsáidtear sonraí pearsanta chun críche tástála TF nó chun críche eile ar aicmiú na hoibríochta atá i gceist mar “phróiseáil” de réir bhrí Airteagal 4(2) de RGCS. |
52 |
Ar an dara dul síos, tá sé tábhachtach mar sin féin a shoiléiriú nach ionann próiseáil a bhaineann le “sonraí pearsanta” amháin agus “próiseáil”, de réir bhrí Airteagal 4(2) de RGCS. |
53 |
Sonraítear in Airteagal 4(1) de RGCS maidir leis sin go gciallaíonn “sonraí pearsanta”“aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta”, is é sin le rá “duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin.” |
54 |
An fíoras dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur ina ceathrú ceist, nach ionann iad agus “cóipeanna de shonraí pearsanta”, mar sin, amhail aicmiú sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 4(1) de RGCS a dhiúltú do na cóipeanna sin, ar choinníoll go bhfuil faisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta i gcóipeanna den sórt sin. |
55 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, nach ionann sonraí samhailteacha, ós rud é nach mbaineann siad le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta ach le duine nach ann dó, i ndáiríre, agus sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 4(1) de RGCS. |
56 |
Baineann an rud céanna le sonraí a úsáidtear chun críoch tástála ríomhaireachta atá gan ainm nó atá anaithnid. |
57 |
Go deimhin, leanann sé ó aithris 26 de RGCS agus ón sainmhíniú féin ar an gcoincheap “sonraí pearsanta”, dá bhforáiltear le hAirteagal 4(1) den Rialachán sin, go bhfuil “faisnéis anaithnid, eadhon faisnéis nach mbaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta”, ná “sonraí pe[a]rsanta atá anaithnid ar bhealach agus nach bhfuil an t-ábhar sonraí in-sainaitheanta nó nach bhfuil an duine sin in-sainaitheanta a thuilleadh”. |
58 |
Os a choinne sin, leanann sé ó Airteagal 4(5) de RGCS, arna léamh i gcomhar le haithris 26 den Rialachán sin, nach mór a mheas gur faisnéis a bhaineann le duine nádúrtha in-sainaitheanta, lena mbaineann na prionsabail a bhaineann le cosaint sonraí, iad sonraí pearsanta nach bhfuil ainm bréige curtha orthu ach amháin agus a d’fhéadfaí a chur i leith duine nádúrtha trí fhaisnéis fhorlíontach a úsáid. |
59 |
I bhfianaise na gcúiseanna roimhe seo, is é an freagra ar an gceathrú ceist ná nach mór Airteagal 4(2) de RGCS a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé gurb ionann úsáid sonraí pearsanta chun críoch tástáil TF a dhéanamh ar fheidhmchlár móibíleach agus “próiseáil” de réir bhrí na forála sin, mura rud é go ndearnadh sonraí den sórt sin anaithnid ar bhealach nach bhfuil an t-ábhar sonraí lena mbaineann na sonraí sin in-sainaitheanta nó nach bhfuil sé in-sainaitheanta a thuilleadh nó gur sonraí samhailteacha iad nach mbaineann le duine nádúrtha atá ann cheana. |
An séú ceist
60 |
Lena séú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 83 de RGCS a léiriú sa chaoi is nach féidir fíneáil riaracháin a fhorchur, ar dtús, de bhun na forála sin ach amháin má shuitear go ndearna an rialaitheoir, d’aon ghnó nó go faillíoch, sárú dá dtagraítear i míreanna 4 go 6 den Airteagal sin agus, ar an dara dul síos, go bhféadfar fíneáil den sórt sin a ghearradh ar rialaitheoir i bhfianaise oibríochtaí próiseála a dhéanann próiseálaí thar a cheann. |
61 |
Ar an gcéad dul síos, maidir leis an bhféadfar fíneáil riaracháin a fhorchur de bhun Airteagal 83 de RGCS ach amháin a mhéid a shuitear go ndearna an rialaitheoir nó an próiseálaí, d’aon ghnó nó le faillí, sárú dá dtagraítear i míreanna 4 go 6 den Airteagal sin, is léir ó mhír 1 den Airteagal sin nach mór do na fíneálacha sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ar an taobh eile, ní shonraítear go sainráite le hAirteagal 83 de RGCS nach féidir fíneáil den sórt sin a phionósú ach amháin má rinneadh é d’aon ghnó nó, ar a laghad, trí fhaillí. |
62 |
Thuig Rialtas na Liotuáine agus Comhairle an Aontais Eorpaigh as an méid sin go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais lánrogha áirithe a fhágáil ag na Ballstáit maidir le hAirteagal 83 de RGCS a chur chun feidhme, lena gceadaítear dóibh foráil a dhéanamh maidir le fíneálacha riaracháin a fhorchur de bhun na forála sin, i gcás inarb iomchuí, gan a shuí gur d’aon ghnó nó le faillí a gearradh pionós ar RGCS de bharr na fíneála sin. |
63 |
Ní féidir glacadh le léiriú den sórt sin ar Airteagal 83 de RGCS. |
64 |
I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, faoi Airteagal 288 CFAE, go bhfuil éifeacht láithreach, go ginearálta, ag forálacha rialachán sna córais dlí náisiúnta, gan gá do na húdaráis náisiúnta bearta cur chun feidhme a ghlacadh. Mar sin féin, féadfaidh forálacha áirithe de na rialacháin a cheangal, chun iad a chur chun feidhme, go nglacfaidh na Ballstáit bearta cur chun feidhme (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland, C-319/20, EU:C:2022:322, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
65 |
Is amhlaidh atá go háirithe i gcás RGCS, a gcuireann forálacha áirithe de ar chumas na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le rialacha breise, níos déine nó maolúcháin náisiúnta lena bhfágtar corrlach lánroghnach dóibh maidir leis an gcaoi a bhféadfaí na forálacha sin a chur chun feidhme (breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland, C-319/20, EU:C:2022:322, mír 57). |
66 |
Ar an gcaoi chéanna, in éagmais rialacha sonracha nós imeachta in RGCS, is faoi dhlíchóras gach Ballstáit atá sé na rialacha mionsonraithe a leagan síos, faoi réir chomhlíonadh phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, lena rialaítear gníomhaíochtaí chun na cearta atá ag daoine aonair ó fhorálacha an rialacháin sin a chosaint (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Post (Damáiste neamhábhartha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta), C-300/21, EU:C:2023:370, míreanna 53 agus 54 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
67 |
Mar sin féin, níl aon ní i bhfoclaíocht Airteagal 8(1) go (6) de RGCS a thugann le fios go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais lamháil lánroghnach a fhágáil do na Ballstáit maidir leis na coinníollacha substainteacha a bheidh le comhlíonadh ag údarás maoirseachta nuair a chinneann sé fíneáil riaracháin a ghearradh ar rialaitheoir as sárú dá dtagraítear i míreanna 4 go 6 den Airteagal sin. |
68 |
Cinnte, ar thaobh amháin, foráiltear le hAirteagal 83(7) de RGCS go bhféadfaidh gach Ballstát rialacha a bhunú lena gcinnfear cibé acu an bhféadfar agus a mhéid a fhéadfar fíneálacha riaracháin a fhorchur ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí atá bunaithe ar a chríoch. Ina theannta sin, is léir ó Airteagal 83(8) den Rialachán sin, arna léamh i bhfianaise aithris 129 de, go bhfuil feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an Airteagal sin, ag an údarás maoirseachta, faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí na mBallstát, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próiseas cuí. |
69 |
Mar sin féin, toisc go dtugann an Rialachán sin an deis do na Ballstáit foráil a dhéanamh d’eisceachtaí i ndáil le húdaráis phoiblí agus comhlachtaí poiblí atá bunaithe ar a gcríoch chomh maith le ceanglais a bhaineann leis an nós imeachta a bheidh le leanúint ag na húdaráis mhaoirseachta chun fíneáil riaracháin a fhorchur ar aon slí go dtabharfaí de chumhacht do na Ballstáit freisin, lasmuigh d’eisceachtaí agus ceanglais nós imeachta den sórt sin, coinníollacha substainteacha a sholáthar nach mór a urramú chun an rialaitheoir a chur faoi dhliteanas agus fíneáil riaracháin a fhorchur i gcur i bhfeidhm Airteagal 83. Ina theannta sin, toisc gur ghlac reachtas an Aontais cúram foráil a dhéanamh go sainráite don fhéidearthacht sin ach gan foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha substainteacha den sórt sin, deimhnítear nár fhág sé lamháil mheasta ar na Ballstáit ina leith sin. |
70 |
Tacaítear leis an gcinneadh sin freisin le léamh comhcheangailte ar Airteagail 83 agus 84 de RGCS. Go deimhin, admhaítear le hAirteagal 84(1) den Rialachán sin go gcoimeádann na Ballstáit an inniúlacht chun réimeas na “smachtbhannaí eile is infheidhme” a chinneadh i gcás sáruithe ar an Rialachán sin, “go háirithe i gcás sáruithe nach bhfuil faoi réir na bhfíneálacha riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 83”. Is mar thoradh ar léamh comhpháirteach den sórt sin ar na forálacha sin go dtagann cinneadh na gcoinníollacha substainteacha lena gceadaítear fíneálacha riaracháin den sórt sin a ghearradh lasmuigh den dlínse seo. Dá bhrí sin, tagann na coinníollacha sin faoi raon feidhme dhlí an Aontais amháin. |
71 |
Maidir leis na coinníollacha sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go liostaítear in Airteagal 83(2) de RGCS na heilimintí a bhforchuireann an t-údarás maoirseachta fíneáil riaracháin ar an rialaitheoir i bhfianaise iad. I measc na ngnéithe sin tá, i bpointe (b) den fhoráil sin, “go ndearnadh an sárú d’aon ghnó nó go faillíoch”. Ar an taobh eile, ní thagraíonn aon cheann de na tosca a liostaítear san fhoráil sin d’aon fhéidearthacht go dtabhódh an rialaitheoir dliteanas ar thaobh an rialaitheora in éagmais iompar éagórach uaidh féin. |
72 |
Ina theannta sin, tá sé tábhachtach Airteagal 83(2) de RGCS a léamh, i gcomhcheangal le mír 3 den Airteagal céanna sin, arb é is aidhm dó foráil a dhéanamh maidir le hiarmhairtí i gcásanna de sháruithe iomadúla ar an Rialachán sin agus ar dá réir “más rud é go sáraíonn rialaitheoir nó próiseálaí, d’aon ghnó nó le faillí, maidir leis na hoibríochtaí céanna próiseála, nó maidir le hoibríochtaí nasctha, roinnt forálacha den Rialachán seo, ní rachaidh méid iomlán na fíneála riaracháin thar an méid a shonraítear i leith an tsáraithe is tromchúisí.” |
73 |
Dá bhrí sin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 83(2) de RGCS nach bhféadfar fíneáil riaracháin a fhorchur ar an rialaitheoir de bhun an Airteagail sin ach amháin i gcás sáruithe ar fhorálacha an rialacháin sin arna ndéanamh ar bhealach éagórach ag an rialaitheoir, eadhon sáruithe a dhéantar d’aon ghnó nó le faillí. |
74 |
Tacaíonn an scéim ghinearálta agus cuspóir ginearálta RGCS leis seo. |
75 |
Ar an gcéad dul síos, rinne reachtas an Aontais foráil maidir le córas pionós lena gcuirtear ar chumas na n-údarás maoirseachta na pionóis is iomchuí a fhorchur ag brath ar imthosca gach cáis. |
76 |
Foráiltear le hAirteagal 58 de RGCS, lena leagtar síos cumhachtaí na n-údarás maoirseachta, i mír 2(i) de, go bhféadfaidh na húdaráis sin fíneálacha riaracháin a fhorchur de bhun Airteagal 83 den Rialachán sin, “i dteannta nó in ionad” na mbeart ceartaitheach eile a liostaítear in Airteagal 58(2), amhail rabhaidh, meabhrúcháin nó orduithe. Ar an gcaoi chéanna, sonraítear go háirithe in aithris 148 den Rialachán sin go gceadaítear d’údaráis mhaoirseachta, nuair a bhaineann sé le mionsárú nó más ualach díréireach ar dhuine nádúrtha an fhíneáil riaracháin is dóigh a fhorchuirfear, staonadh ó fhíneáil riaracháin a fhorchur agus, ina ionad, chun glaoch ar ordú a eisiúint. |
77 |
Ar an dara dul síos, is léir, go háirithe, ó aithris 10 de RGCS gurb iad cuspóirí RGCS, inter alia, ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta laistigh den Aontas Eorpach agus, chuige sin, cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus aonchineálach na rialacha maidir le cosaint chearta agus shaoirsí bunúsacha na ndaoine sin a áirithiú maidir le próiseáil sonraí den sórt sin ar fud an Aontais Eorpaigh. Leagtar béim freisin in aithrisí 11 agus 129 de RGCS ar an ngá atá lena áirithiú, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin sin a áirithiú, go bhfuil cumhachtaí coibhéiseacha maoirseachta agus forfheidhmithe ag na húdaráis mhaoirseachta ar na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus go bhféadfaidh siad pionóis choibhéiseacha a fhorchur i gcás sáruithe ar an Rialachán sin. |
78 |
Trí chóras smachtbhannaí a bheith ann lena bhféadfar, nuair a thugann imthosca sonracha cáis údar maith leis, fíneáil riaracháin a ghearradh de bhun Airteagal 83 de RGCS, tugtar dreasacht do rialaitheoirí agus do phróiseálaithe an Rialachán seo a chomhlíonadh. Trína n-éifeacht athchomhairleach, cuidíonn fíneálacha riaracháin le cosaint daoine nádúrtha a neartú i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus, dá bhrí sin, is príomhghné iad chun urraim do chearta daoine aonair a áirithiú, i gcomhréir le cuspóir an Rialacháin sin, chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do na daoine sin i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. |
79 |
Níor mheas reachtóir an Aontais, áfach, go raibh sé riachtanach, chun ardleibhéal cosanta den sórt sin a áirithiú, foráil a dhéanamh maidir le fíneálacha riaracháin a fhorchur fiú in éagmais lochta. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag RGCS leibhéal coibhéiseach aonfhoirmeach cosanta a bhaint amach agus nach mór, chuige sin, é a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais Eorpaigh, bheadh sé contrártha leis an gcuspóir sin cead a thabhairt do na Ballstáit foráil a dhéanamh do chóras den sórt sin chun fíneáil a fhorchur de bhun Airteagal 83 den Rialachán. Thairis sin, d’fhéadfadh saoirse rogha den sórt sin saobhadh a dhéanamh ar an iomaíocht idir oibreoirí eacnamaíocha laistigh den Aontas Eorpach, rud a bheadh ag teacht salach ar na cuspóirí a chuir reachtas an Aontais in iúl, inter alia, in aithrisí 9 agus 13 den Rialachán sin. |
80 |
Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach gceadaíonn Airteagal 83 de RGCS fíneáil riaracháin a fhorchur mar gheall ar shárú dá dtagraítear i míreanna 4 go 6 de, gan a shuíomh go ndearna an rialaitheoir an sárú sin d’aon ghnó nó go faillíoch, agus dá bhrí sin is ionann sárú inchurtha ina choinníoll chun fíneáil den sórt sin a fhorchur. |
81 |
Maidir leis sin, ní mór a lua freisin, maidir leis an gceist an ndearnadh sárú d’aon ghnó nó go faillíoch agus dá bhrí sin go bhféadfaí fíneáil riaracháin a ghearradh air faoi Airteagal 83 de RGCS, go bhféadfaí pionós a ghearradh ar rialaitheoir mar gheall ar iompar a thagann faoi raon feidhme RGCS i gcás nach bhféadfadh an rialaitheoir sin a bheith ar an eolas faoi chineál sáraitheach a iompair, cibé acu a bhí sé ar an eolas faoi fhorálacha RGCS a shárú nó nach raibh (féach, de réir analaí, breithiúnais an 18 Meitheamh 2013, Schenker & Co. agus páirtithe eile,C-681/11, EU:C:2013:404, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 25 Márta 2021, Lundbeck v an Coimisiún, C-591/16 P, EU:C:2021:243, mír 156, agus an 25 Márta 2021, Arrow Group agus Arrow Generics v an Coimisiún, C-601/16 P, EU:C:2021:244, mír 97). |
82 |
I gcás inar duine dlítheanach é an rialaitheoir, ba cheart a shoiléiriú freisin nach bhfuil gníomhaíocht nó fiú eolas ar údarás bainistíochta an duine dhlítheanaigh sin i gceist le cur i bhfeidhm Airteagal 83 de RGCS (féach, de réir analaí, breithiúnais an 7 Meitheamh 1983, Musique Diffusion française agus Eile v an Coimisiún, 100/80 go 103/80, EU:C:1983:158, mír 97, agus an 16 Feabhra 2017, Tudapetrol Mineralölerzeugnisse Nils Hansen v an Coimisiún, C-94/15 P, EU:C:2017:124, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
83 |
Sa dara háit, maidir leis an gceist an féidir fíneáil riaracháin a fhorchur de bhun Airteagal 83 de RGCS ar rialaitheoir i ndáil le hoibríochtaí próiseála a dhéanann próiseálaí, ní mór a mheabhrú, de réir an tsainmhínithe in Airteagal 4(8) de RGCS, gur “duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora” próiseálaí. |
84 |
Ós rud é, mar a luaitear i mír 36 den bhreithiúnas seo, go bhfuil rialaitheoir freagrach ní hamháin as aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a dhéanann sé féin, ach freisin as an bpróiseáil a dhéantar ar a shon, féadfar fíneáil a ghearradh ar an rialaitheoir sin faoi Airteagal 83 de RGCS i gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil go neamhdhleathach, agus sa chás nach rialaitheoir den sórt sin é, ach próiseálaí ar bhraith an rialaitheoir sin air, a rinne an phróiseáil sin thar ceann an rialaitheora sin. |
85 |
Mar sin féin, ní fhéadfaidh an fhreagracht atá ar an rialaitheoir maidir le hiompar próiseálaí cásanna a chuimsiú ina ndearna an próiseálaí sonraí pearsanta a phróiseáil chun a chríoch féin nó ina ndearna an próiseálaí na sonraí sin a phróiseáil ar bhealach nach luíonn le creat nó le rialacha mionsonraithe na próiseála de réir mar a chinn an rialaitheoir nó ar bhealach nach bhféadfaí a mheas le réasún go mbeadh toiliú tugtha ag an rialaitheoir dó. I gcomhréir le hAirteagal 28(10) de RGCS, ní mór an próiseálaí, i gcás den sórt sin, a mheas mar rialaitheoir i ndáil le próiseáil den sórt sin. |
86 |
I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an séú ceist nach mór Airteagal 83 de RGCS a léiriú mar ní a chiallaíonn, ar an gcéad dul síos, nach bhféadfar fíneáil riaracháin a fhorchur de bhun na forála sin ach amháin má shuitear go ndearna an rialaitheoir, d’aon ghnó nó le faillí, sárú dá dtagraítear i míreanna 4 go 6 agus, ar an dara dul síos, go bhféadfar fíneáil den sórt sin a fhorchur ar rialaitheoir sonraí maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí pearsanta a dhéanann próiseálaí thar ceann an rialaitheora sin, mura rud é, i gcomhthéacs na n-oibríochtaí sin, go ndearna an próiseálaí sin oibríochtaí próiseála chun a chríocha féin nó go ndearna sé na sonraí sin a phróiseáil ar bhealach nach mbeadh i gcomhréir leis an gcreat nó le rialacha mionsonraithe na próiseála de réir mar a chinn an rialaitheoir nó ar bhealach nach bhféadfaí a mheas le réasún go mbeadh toiliú tugtha ag an rialaitheoir dó. |
Costais
87 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Liotuáinis.