EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0453

Breithiúnas na Cúirte (An Séú Dlísheomra) 2023 Feabhra 9.
X-FAB Dresden GmbH & Co. KG v FC.
Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 38(3) – an tOifigeach Cosanta Sonraí – Toirmeasc ar é nó í a chur as a phost nó a post as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh – Ceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil – Rialacháin náisiúnta lena dtoirmisctear oifigeach cosanta sonraí a dhífhostú in éagmais cúiseanna córa – Airteagal 38(6) – Coinbhleacht leasa – Critéir.
Cás C-453/21.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:79

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Séú Dlísheomra)

9 Feabhra 2023 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 38(3) – an tOifigeach Cosanta Sonraí – Toirmeasc ar é nó í a chur as a phost nó a post as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh – Ceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil – Rialacháin náisiúnta lena dtoirmisctear oifigeach cosanta sonraí a dhífhostú in éagmais cúiseanna córa – Airteagal 38(6) – Coinbhleacht leasa – Critéir)

I gCás C-453/21,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Bundesarbeitsgericht (Cúirt Oibreachais na Cónaidhme, an Ghearmáin), trí bhreith an 27 Aibreán 2021, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 21 Iúil 2021, sna himeachtaí idir

X-FAB Dresden GmbH & Co. KG

v

FC,

AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Séú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: P. G. Xuereb, Uachtarán ar Dhlísheomra, A. Kumin agus I. Ziemele (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn, agus tar éis éisteacht an 26 Meán Fómhair 2022,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

X-FAB Dresden GmbH & Co. KG, ag S. Leese, Rechtsanwalt,

FC, ag R. Buschmann agus T. Heller, Prozessbevollmächtigte,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller, D. Klebs agus P.-L. Krüger, i gcáil Gníomhairí,

Parlaimint na hEorpa, ag O. Hrstková Šolcová agus B. Schäfer, i gcáil Gníomhairí,

Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag T. Haas agus K. Pleśniak, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, K. Herrmann agus H. Kranenborg, i gcáil Gníomhairí,

ag féachaint don chinneadh arna ghlacadh, tar éis éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta, chun rialú a dhéanamh ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú maidir le léirmhíniú agus le bailíocht an dara habairt d’Airteagal 38(3) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 27 Aibreán 2016, maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, agus Ceartúchán IO 2018 L 127, lch. 2, “RGCS”) agus léirmhíniú Airteagal 38(6) den Rialachán sin.

2

Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir X-FAB Dresden GmbH & Co. KG (“X-FAB”) agus FC, fostaí de chuid X-FAB, maidir le dífhostú FC mar Oifigeach Cosanta Sonraí (“OCS”), dífhostú arna dhéanamh ag X-FAB.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

3

Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 10 agus 97 de RGCS:

“(10)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas [Eorpach] a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go gcuirtear na rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach ar fud an Aontais i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. [...]

[...]

(97)

[...] Ba cheart [do OCS] den sórt sin a bheith in ann a ndualgais agus a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach neamhspleách, bíodh siad fostaithe ag an rialaitheoir nó ná bíodh.”

4

Foráiltear le míreanna 5 agus 6 d’Airteagal 37 de RGCS, dar teideal “[OCS] a ainmniú”, don mhéid seo a leanas:

“5.   Ceapfar [OCS] bunaithe ar bhonn cháilíochtaí gairmiúla an duine agus, go háirithe, ar an méid saineolais atá ag an duine maidir le dlí agus cleachtais um chosaint sonraí agus ar chumas an duine na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 39 a chomhlíonadh.

6.   Féadfaidh sé gur comhalta foirne de chuid an rialaitheora nó an phróiseálaí é an [OCS], nó d’fhéadfadh an t-oifigeach na cúraimí sin a chomhlíonadh ar bhonn conartha seirbhíse.”

5

Foráiltear le míreanna 3, 5 agus 6 d’Airteagal 38 de RGCS, dar teideal “Post [OCS]”, don mhéid seo a leanas:

“3.   Áiritheoidh an rialaitheoir agus an próiseálaí nach bhfaighidh [OCS] treoir ar bith maidir leis na cúraimí sin a chur i gcrích. Ní ghearrfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí pionós [ar OCS] ná ní chuirfidh siad as a phost nó a post é nó í as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh. Tabharfaidh [OCS] tuairisc go díreach do leibhéal bainistíochta is airde an rialaitheora nó an phróiseálaí.

[...]

5.   Beidh [OCS] faoi cheangal sicréideachta nó rúndachta maidir le comhlíonadh a chúraimí nó a cúraimí, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí na mBallstát.

6.   Féadfaidh [OCS] cúraimí eile agus dualgais eile a chomhlíonadh. Áiritheoidh an rialaitheoir nó an próiseálaí nach n-eascraíonn coinbhleacht leasa as na cúraimí ná as na dualgais sin.”

6

Foráiltear le hAirteagal 39 de RGCS, dar teideal “Cúraimí an [OCS]”, don mhéid seo a leanas:

“1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar a laghad ag [OCS]:

a)

fógra a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí agus do na fostaithe a dhéanann an phróiseáil, agus comhairle a chur orthu siúd chomh maith, faoi na hoibleagáidí atá orthu de bhun an Rialacháin seo agus de bhun chomhlíonadh dlí eile an Aontais um chosaint sonraí nó de bhun dhlí na mBallstát um chosaint sonraí;

b)

faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, ar chomhlíonadh dlí eile an Aontais um chosaint sonraí nó ar chomhlíonadh dhlí na mBallstát um chosaint sonraí, agus ar chomhlíonadh bheartais an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear freagrachtaí a shannadh, cur leis an bhfeasacht agus oiliúint a chur ar chomhaltaí foirne atá bainteach le hoibríochtaí próiseála, agus maidir leis na hiniúchtaí gaolmhara;

c)

comhairle a thabhairt nuair a iarrtar sin air maidir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht de bhun Airteagal 35;

d)

comhoibriú leis an údarás maoirseachta; agus

e)

gníomhú mar an pointe teagmhála don údarás maoirseachta i dtaobh saincheisteanna a bhaineann leis an bpróiseáil, lena n-áirítear an réamhchomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 36, agus dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, maidir le haon ábhar eile.

2.   Agus a chúraimí nó a cúraimí á ndéanamh ag [OCS], tabharfaidh sé nó sí aird chuí ar na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí próiseála, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh.”

Dlí na Gearmáine

BDSG

7

Sonraítear an méid seo a leanas in Alt 6(4) den Bundesdatenschutzgesetz (an tAcht Cónaidhme um Chosaint Sonraí), an 20 Nollaig 1990, (BGBl. 1990 I, lch. 2954), sa leagan a bhí i bhfeidhm ón 25 Bealtaine 2018 go 25 Samhain 2019, (BGBl. 2017 I, lch. 2097) (“BDSG”) dar teideal “Feidhm”:

“Ní cheadófar [OCS] a chur as a phost nó a post ach amháin trí Airteagal 626 den Bürgerliches Gesetzbuch [(cód sibhialta) a chur i bhfeidhm de réir análaí, a leagan a foilsíodh an 2 Eanáir 2002 (BGBl. 2002 I, lch. 42, Ceartúchán BGBl. 2002 I, lch. 2909, agus BGBl. 2003 I, lch. 738)]. Tá dífhostú [OCS] neamhdhleathach, mura bhfuil údarás, mar gheall ar na fíorais, ag an gcomhlacht poiblí é nó í a dhífhostú ar chúis chóir gan an tréimhse fógra a urramú. Tar éis deireadh a theacht le dualgais [OCS], beidh dífhostú neamhdhleathach ar feadh bliana, mura bhfuil údarás ag an gcomhlacht poiblí chun dul ar aghaidh leis an dífhostú ar chúis chóir gan an tréimhse fógra a urramú.”

8

Foráiltear mar a leanas in Alt 38 de BDSG, dar teideal “[OCS] do chomhlachtaí neamhphoiblí”:

“(1)   De bhreis ar Airteagal 37 (1)(b) agus (c) de [RGCS], ceapfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí [OCS] i gcás ina bhfostaíonn siad deichniúr ar a laghad de ghnáth atá sannta go buan do phróiseáil uathoibrithe a dhéanamh ar shonraí pearsanta. [...]

(2)   Beidh feidhm ag Alt 6(4), an dara habairt d’Alt 6(5), agus Alt 6(6); ní bheidh feidhm ag Alt 6(4), áfach, ach amháin i gcás go bhfuil sé éigeantach [OCS] a cheapadh.””

An cód sibhialta

9

Sonraítear a leanas in Alt 626 den chód sibhialta, dar teideal “Foirceannadh gan fógra ar chúis chóir”:

“ (1)   Féadfaidh ceachtar páirtí sa chonradh an caidreamh fostaíochta a fhoirceannadh ar chúis chóir gan tréimhse fógra a urramú más rud é nach féidir a cheangal go réasúnach ar an bpáirtí a fhoirceannann, mar gheall ar fhíorais áirithe, leanúint ar aghaidh leis an gcaidreamh fostaíochta go dtí go rachaidh an tréimhse fógra in éag nó go dtí an dáta deiridh a comhaontaíodh sa chaidreamh fostaíochta, ag féachaint d’imthosca uile an cháis agus ag tabhairt aird ar leasanna an dá pháirtí sa chonradh.

(2)   Ní féidir an foirceannadh a dhéanamh ach amháin laistigh de thréimhse dhá sheachtain. Mairfidh an teorainn ama ón am a thiocfaidh an páirtí atá i dteideal foirceannadh ar na fíorais a bhaineann leis an bhfoirceannadh. […]”

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

10

Tá FC fostaithe ag X-FAB ón 1 Samhain 1993 i leith.

11

Sa chuideachta seo, feidhmíonn sé feidhmeanna chathaoirleach na comhairle fostaithe agus, mar sin, tá sé díolmhaithe go páirteach ón obair. Tá post aige freisin mar leas-chathaoireach ar an gcomhairle fostaithe lárnach a cuireadh ar bun do thrí chuideachta sa ghrúpa cuideachtaí lena mbaineann X-FAB, atá bunaithe sa Ghearmáin.

12

Le héifeacht ón 1 Meitheamh 2015, d’ainmnigh gach gnóthas ar leithligh FC mar OCS de X-FAB, dá mháthairchuideachta agus dá fhochuideachtaí eile atá bunaithe sa Ghearmáin. Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, ba é an aidhm a bhí le hainmniú comhthreomhar FC mar OCS de na gnóthais sin go léir leibhéal aonfhoirmeach cosanta sonraí a áirithiú sna gnóthais sin.

13

Ar iarratas ó Oifigeach Cosanta Sonraí agus Saoirse Faisnéise in Thüringen (an Ghearmáin), chuir X-FAB agus na gnóthais dá dtagraítear i mír 12 den bhreithiúnas seo, le litreacha an 1 Nollaig 2017, FC as na cúraimí a bhí air mar OCS le héifeacht láithreach. Chun gach críche, ghlac na gnóthais an cur chuige céanna, trí litreacha ar leith an 25 Bealtaine 2018, ar bhonn an dara habairt d’Airteagal 38(3) de RGCS a tháinig chun bheith infheidhme idir an dá linn, ag agairt cúiseanna gaolmhara don ghrúpa cuideachtaí lena mbaineann X-FAB.

14

Leis an gcaingean arna tionscnamh ag FC os comhair chúirteanna na Gearmáine, déantar dearbhú a lorg go bhfuil stádas OCS de X-FAB aige fós. Áitíonn X-FAB go bhfuil baol coinbhleachta leasa ann má chomhlíonann FC feidhmeanna OCS chomh maith le feidhmeanna chathaoirleach na Comhairle Fostaithe ag an am céanna, ar an bhforas go bhfuil an dá phost sin ag teacht salach ar a chéile. Dá bhrí sin, tá cúis chóir ann a thabharfadh údar maith le FC a chur as a phost mar OCS.

15

Sheas na cúirteanna céadchéime agus na cúirteanna achomhairc leis an gcaingean a thionscain FC. Féachtar leis an gcaingean ar (Revision) arna taisceadh ag X-FAB os comhair an Bundesarbeitsgericht (Cúirt Oibreachais na Cónaidhme, an Ghearmáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur sa chás seo í, an chaingean a dhíbhe.

16

Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go mbraitheann toradh na caingne seo ar léirmhíniú dhlí an Aontais. Go háirithe, tagann an cheist chun cinn, ar an gcéad dul síos, cibé an gcuirtear cosc nó nach gcuirtear cosc leis an dara habairt d’Airteagal 38(3) de RGCS, ar reachtaíocht Bhallstáit lena ndéantar OCS a dhífhostú a chur faoi réir coinníollacha níos déine ná na coinníollacha a leagtar síos le dlí an Aontais, agus más ea, an bhfuil bunús dlí leordhóthanach ag an bhforáil sin. I gcás go gcinnfeadh an Chúirt Bhreithiúnais go gcomhlíonann na coinníollacha a bhaineann leis an dífhostú de réir BDSG dlí an Aontais, ba cheart a chinneadh an bhféadfaidh an duine céanna dualgais chathaoirleach na Comhairle Fostaithe agus OCS an gnóthais chéanna sin a chur i gcrích nó an eascraíonn coinbhleacht leasa as sin de réir bhrí an dara habairt d’Airteagal 38(6) de RGCS.

17

Sna himthosca sin, chinn an Bundesarbeitsgericht (Cúirt Oibreachais na Cónaidhme) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt i gcomhair réamhrialú:

“1.

An gcaithfear an dara habairt d’Airteagal 38(3) de [RGCS] a léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear cosc léi ar fhorálacha dlí náisiúnta, mar shampla, sa chás sin, forálacha comhcheangailte Alt 38(1) agus (2) agus an chéad abairt d’Alt 6(4) de BDSG, lena gcuirtear OCS as a phost, ag an rialaitheoir, arb é a fhostóir é, faoi réir coinníollacha áirithe, gan beann ar cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear OCS as oifig i dtaca le comhlíonadh a chúraimí?

Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist:

2)

An gcuirtear cosc leis an dara habairt d’Airteagal 38(3) de RGCS ar fhorálacha dlí náisiúnta freisin i gcás go bhfuil sé ina cheangal OCS a cheapadh, ní de bhua Airteagal 37(1) de RGCS, ach de bhua dhlí an Bhallstáit amháin?

Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist:

3)

An bhfuil bunús dlí leordhóthanach ann don dara habairt d’Airteagal 38(3) de RGCS, go háirithe a mhéid a bhaineann sí le OCSanna atá faoi cheangal ag an rialaitheoir le conradh fostaíochta faoin bhforáil sin?

Má thugtar freagra diúltach ar an gcéad cheist:

4)

An bhfuil coinbhleacht leasa ann de réir bhrí an dara habairt d’Airteagal 38(6) de RGCS má tá chathaoirleach na comhairle fostaithe an rialaitheora ag [OCS] ag an am céanna? An gá na tascanna laistigh den Chomhairle Fostaithe a bheith sannta ar leith chuig a comhaltaí chun go measfar go bhfuil coinbhleacht leasa ann?”

Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

An chéad cheist

18

Leis an gcéad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, an gcaithfear an dara habairt d’Airteagal 38(3) de RGCS a léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta, lena bhforáiltear go bhféadfadh rialaitheoir nó próiseálaí OCS atá ina bhall d’fhoireann an rialaitheora nó an phróiseálaí sin a chur as a phost nó a post, ach amháin ar chúis amháin, fiú más rud é nach bhfuil baint ag an dífhostú le comhlíonadh chúraimí an Oifigigh.

19

Mar is léir ón gcásdlí socair, is iomchuí, chun foráil dlí de chuid an Aontais a léirmhíniú, a chur san áireamh ní hamháin na téarmaí inti de réir a ngnáthbhrí sa ghnáth-theanga, ach freisin na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacháin a bhfuil sí mar chuid díobh agus dá comhthéacs (Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Meitheamh 2022, Leistritz, C-534/20, EU:C:2022:495,, mír 18 agus an cásdlí dá dtagraítear).

20

Ar an gcéad dul síos, maidir le foclaíocht an dara habairt d’Airteagal 38(3) de RGCS, “Ní ghearrfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí pionós [ar OCS] ná ní chuirfidh siad as a phost nó a post é nó í as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh”.

21

Chuige sin, ina Breithiúnas an 22 Meitheamh 2022, Leistritz (C-534/20, EU:C:2022:495, míreanna 20 agus 21), dúirt an Chúirt Bhreithiúnais, tar éis di a thabhairt faoi deara nach sainmhínítear le RGCS na téarmaí “cuir as a phost nó a post”, “pionós [a ghearradh] air nó uirthi” agus “cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh” sa dara habairt d’Airteagal 38(3) de RGCS, ar an gcéad dul síos, i gcomhréir leis an mbrí atá leis na focail sin sa ghnáth-theanga, an gciallaíonn toirmeasc ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí OCS a chur as a phost nó as a post as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh, nach mór OCS sin a chosaint ar aon chinneadh lena gcuirtear deireadh leis a dhualgais nó a dualgais, faoina gcuirfí é nó í faoi mhíbhuntáiste nó a bheadh ina phionós.

22

D’fhéadfadh cinneadh den sórt sin a bheith ina bheart lena gcuirtear OCS as a phost arna dhéanamh ag a fhostóir agus as a eascraíonn go gcuireann an rialaitheoir nó a phróiseálaí an OCS as a phost.

23

Ar an dara dul síos, mar a thug an Chúirt Bhreithiúnais faoi deara freisin, tá feidhm gan idirdhealú ag an dara habairt d’Airteagal 38(3) de RGCS maidir le OCS ar comhalta d’fhoireann an rialaitheora nó an phróiseálaí é agus maidir leis an duine a chomhlíonann a chúraimí ar bhonn conradh seirbhíse arna thabhairt i gcrích le OCS, i gcomhréir le hAirteagal 37(6) de RGCS, agus is mar toradh air sin go bhfuil feidhm ag an dara habairt d’Airteagal 38(3) maidir leis an gcaidreamh idir OCS agus rialaitheoir nó próiseálaí, gan beann ar chineál an chaidrimh idir an OCS sin agus an dara ceann díobh (Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Meitheamh 2022, Leistritz, C-534/20, EU:C:2022:495, míreanna 23 agus 24).

24

Ar an tríú dul síos, forchuirtear leis an bhforáil dheireanach sin teorainn arb é atá inti toirmeasc a chur ar OCS a dhífhostú ar fhoras a bhaineann le comhlíonadh a chúraimí nó a cúraimí, lena n-áirítear, go háirithe, faoi Airteagal 39(1)(b) de RGCS, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha dlí an Aontais nó na mBallstát maidir le cosaint sonraí agus le beartais an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir le cosaint sonraí pearsanta (féach, chuige sin, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Meitheamh 2022, Leistritz, C-534/20, EU:C:2022:495, mír 25).

25

Sa dara háit, maidir leis an gcuspóir atá á shaothrú ag an dara habairt d’Airteagal 38(3) de RGCS, ar an gcéad dul síos, luaitear in aithris 97 den Rialachán sin gur cheart do [OCS] a bheith in ann a ndualgais agus a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach neamhspleách, bíodh siad fostaithe ag an rialaitheoir nó ná bíodh. I ndáil leis sin, ní mór go gcuirfeadh neamhspleáchas den sórt sin ar a gcumas na cúraimí sin a chur i gcrích i gcomhréir le cuspóir RGCS, lena n-iarrtar, inter alia, mar is léir ó aithris 10 di, ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha laistigh den Aontas Eorpach agus, chuige sin, cur i bhfeidhm comhsheasmhach aonchineálach na rialacha a áirithiú maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha den sórt sin a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ar fud an Aontais (Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Meitheamh 2022, Leistritz, C-534/20, EU:C:2022:495, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

26

Ar an dara dul síos, tá an cuspóir maidir le neamhspleáchas feidhmiúil OCS a áirithiú, mar a leanann sé ón dara habairt d’Airteagal 38(3) de RGCS, is léir freisin ón gcéad abairt agus ón tríú habairt den fhoráil sin, lena gceanglaítear nach bhfaighidh OCS sin treoir ar bith maidir leis na cúraimí atá air nó uirthi a chur i gcrích agus nach mór dó nó di tuairisc a thabhairt go díreach chuig an leibhéal bainistíochta is airde de chuid an rialaitheora nó an phróiseálaí, agus ó Airteagal 38(5), lena bhforáiltear go mbeidh OCS le bheith faoi cheangal sicréideachta nó rúndachta maidir le comhlíonadh a chúraimí (Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Meitheamh 2022, Leistritz, C-534/20, EU:C:2022:495, mír 27).

27

Maidir leis an dara habairt d’Airteagal 38(3) de RGCS, trí OCS a chosaint i gcoinne aon chinneadh lena gcuirfí deireadh lena chúraimí nó lena cúraimí nó lena gcuirfí é nó í faoi mhíbhuntáiste nó gur pionós é, i gcás ina mbaineann cinneadh den sórt sin maidir leis na cúraimí atá air nó uirthi, ní mór é a mheas mar rud atá ag iarraidh neamhspleáchas feidhmiúil OCS a chaomhnú agus, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfuil forálacha RGCS éifeachtach (Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Meitheamh 2022, Leistritz, C-534/20, EU:C:2022:495, mír 28).

28

Mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais freisin, tugtar comhthacaíocht don léirmhíniú sin, sa tríú háit, i gcomhthéacs na forála sin agus, go háirithe, leis an mbunús dlí lenar ghlac reachtas an Aontais RGCS (Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Meitheamh 2022, Leistritz, C-534/20, EU:C:2022:495, mír 29).

29

Is léir ó bhrollach RGCS, gur glacadh é ar bhonn Airteagal 16 CFAE, lena bhforáiltear, go háirithe, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha a leagan síos a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí an Aontais, agus ag na Ballstáit nuair a bheidh gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin, (Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Meitheamh 2022, Leistritz, C-534/20, EU:C:2022:495, mír 30).

30

Chuige sin, ní thagann socrú rialacha maidir le cosaint i gcoinne dífhostú OCS atá fostaithe ag rialaitheoir nó ag próiseálaí faoi raon feidhme chosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ach amháin sa mhéid go bhfuil sé beartaithe leis na rialacha sin neamhspleáchas feidhmiúil OCS a chaomhnú, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 38(3) de RGCS (féach, chuige sin, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Meitheamh 2022, Leistritz, C-534/20, EU:C:2022:495, mír 31).

31

Dá réir sin, tá saoirse ag gach Ballstát, i bhfeidhmiú a inniúlachta coinnithe, forálacha níos cosantaí sonracha a leagan síos maidir le dífhostú OCS, ar choinníoll go bhfuil na forálacha sin ag luí le dlí an Aontais agus, go háirithe, le forálacha RGCS, go háirithe an dara habairt d’Airteagal 38(3) de (féach, chuige sin, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Meitheamh 2022, Leistritz, C-534/20, EU:C:2022:495, mír 34).

32

Go háirithe, ní féidir leis an gcosaint mhéadaithe den sórt sin an bonn a bhaint de bhaint amach chuspóirí RGCS. Is amhlaidh a bheadh sé dá gcuirfí cosc ar dhífhostú OCS ag rialaitheoir nó ar phróiseálaí, nach bhfuil na cáilíochtaí gairmiúla aige nó aici a thuilleadh chun a chúraimí nó a cúraimí a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 37(5) de RGCS, nó nach gcomhlíonann na cúraimí sin i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin (féach, chuige sin, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Meitheamh 2022, Leistritz, C-534/20, EU:C:2022:495, mír 35).

33

Chuige sin, ba cheart a mheabhrú, mar a tugadh faoi deara i mír 25 den bhreithiúnas seo, go bhféachann RGCS le hardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha laistigh den Aontas maidir le próiseáil a sonraí pearsanta, agus, chun an cuspóir sin a bhaint amach, nach mór do OCS a bheith in ann a ndualgais agus a cúraimí a chomhlíonadh ar bhealach neamhspleách.

34

Dá bhrí sin, an chosaint mhéadaithe do OCS a chuirfeadh cosc ar dífhostú OCS i gcás nach bhfuil sé ar a chumas nó a cumas, nó nach bhfuil sé ar a chumas nó a cumas a thuilleadh, a chúraimí nó a cúraimí a chomhlíonadh ar bhealach neamhspleách mar gheall ar choinbhleacht leasa a bheith ann, is rud é a chuirfeadh isteach ar an gcuspóir a bhaint amach.

35

Is faoin gcúirt náisiúnta atá sé a dheimhniú di féin go bhfuil forálacha sonracha amhail iad siúd dá dtagraítear i mír 31 den bhreithiúnas seo ag luí le dlí an Aontais agus, go háirithe, le forálacha RGCS.

36

I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór an dara habairt d’Airteagal 38(3) de RGCS a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfaidh rialaitheoir nó próiseálaí OCS is comhalta dá fhoireann a dhífhostú ar chúiseanna córa amháin, fiú mura bhfuil baint ag an dífhostú le comhlíonadh cúraimí an oifigigh sin, ar choinníoll nach gcuirfidh reachtaíocht den sórt sin gnóthú chuspóirí an rialacháin sin i mbaol.

An dara agus an tríú ceist

37

I bhfianaise an fhreagra arna thabhairt ar an gcéad cheist, níl gá freagra a thabhairt ar an dara agus an tríú ceist.

An ceathrú ceist

38

De réir a ceathrú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, cad iad na himthosca inar bhféadfar “coinbhleacht leasa”, a bheith ann, de réir bhrí Airteagal 38(6) de RGCS.

39

Maidir le foclaíocht na forála atá i gceist, ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a leagtar amach sa dara habairt d’Airteagal 38(6) de RGCS, “go bhféadfaidh [OCS] cúraimí eile agus dualgais eile a chomhlíonadh. Áiritheoidh an rialaitheoir nó an próiseálaí nach n-eascraíonn coinbhleacht leasa as na cúraimí ná as na dualgais sin.”

40

Dá bhrí sin, leanann sé ó fhoclaíocht na forála sin, ar an gcéad dul síos, nach suitear le RGCS go bhfuil neamhréireacht bhunúsach idir, ar thaobh amháin, dualgais OCS a chomhlíonadh agus, ar an taobh eile, comhlíonadh dualgas eile ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí. Foráiltear go sonrach le hAirteagal 38(6) den rialachán sin go bhféadfar cúraimí agus dualgais eile a chur ar OCS seachas na cinn a bhfuil sé freagrach astu faoi Airteagal 39 de RGCS.

41

Ar an dara dul síos, ní mór don rialaitheoir nó dá phróiseálaí a áirithiú nach n-eascróidh “coinbhleacht leasa” as na cúraimí ná as na dualgais eile sin. I bhfianaise bhrí na bhfocal sin i ngnáth-theanga, ní mór a mheas, i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú le hAirteagal 38(6) de RGCS, nach bhféadfar cúraimí agus dualgais eile a chur ar OCS a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’fheidhmiú na bhfeidhmeanna a chomhlíonann OCS.

42

Maidir leis an gcuspóir sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, sa dara háit, go bhfuil an fhoráil sin beartaithe, go bunúsach, mar atá na forálacha eile dá dtagraítear i mír 25 den bhreithiúnas seo, chun neamhspleáchas feidhmiúil OCS a chaomhnú agus, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfuil forálacha RGCS éifeachtach.

43

Ar an tríú dul síos, a mhéid a bhaineann leis an gcomhthéacs ina bhfuil Airteagal 38(6) de RGCS mar chuid de, ba cheart a thabhairt faoi deara, de réir Airteagal 39(1)(b) de RGCS, gurb é cúram OCS, inter alia, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh RGCS seo, ar chomhlíonadh dlí eile de chuid an Aontais um chosaint sonraí nó ar chomhlíonadh fhorálacha na mBallstát um chosaint sonraí, agus ar chomhlíonadh bheartais an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear freagrachtaí a shannadh, cur leis an bhfeasacht agus oiliúint a chur ar chomhaltaí foirne atá bainteach le hoibríochtaí próiseála, agus maidir leis na hiniúchtaí gaolmhara.

44

Dá bhrí sin, go háirithe, ní féidir cúraimí agus dualgais eile a chur ar OCS a d’fhágfadh go gcinnfeadh sé nó sí na cuspóirí agus na modhanna próiseála sonraí pearsanta ag an rialaitheoir nó ag a phróiseálaí. Faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí na mBallstát maidir le cosaint sonraí, ní mór do OCS athbhreithniú a dhéanamh ar na cuspóirí agus ar na modhanna sin go neamhspleách.

45

Ní mór a chinneadh gurb ann do choinbhleacht leasa, de réir bhrí Airteagal 38(6) de RGCS, ar bhonn cás ar chás, ar bhonn measúnaithe ar na himthosca ábhartha go léir, go háirithe struchtúr eagraíochtúil an rialaitheora nó a phróiseálaí agus i bhfianaise na rialacha uile is infheidhme, lena n-áirítear aon bheartais de chuid an rialaitheora nó a phróiseálaí.

46

I bhfianaise an mhéid thuas, is é an freagra ar an gceathrú ceist nach mór Airteagal 38(6) de RGCS a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfadh “coinbhleacht leas”, dá bhforáiltear san fhoráil sin, a bheith ann i gcás ina gcuirtear cúraimí nó dualgais eile ar OCS, a d’fhágfadh go gcinnfeadh sé nó sí na cuspóirí agus na modhanna próiseála sonraí pearsanta ag an rialaitheoir nó ag a phróiseálaí, ar faoin gcúirt náisiúnta é a chinneadh ar bhonn cás ar chás, ar bhonn measúnaithe ar na himthosca ábhartha go léir, go háirithe struchtúr eagraíochtúil an rialaitheora nó a phróiseálaí agus i bhfianaise na rialacha uile is infheidhme, lena n-áirítear aon bheartais de chuid an rialaitheora nó a phróiseálaí.

Costais

47

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór an dara habairt d’Airteagal 38(3) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfaidh rialaitheoir nó próiseálaí Oifigeach Cosanta Sonraí is comhalta dá fhoireann a dhífhostú ar chúiseanna córa amháin, fiú mura bhfuil baint ag an dífhostú le comhlíonadh cúraimí an oifigigh sin, ar choinníoll nach gcuirfidh reachtaíocht den sórt sin gnóthú chuspóirí an rialacháin sin i mbaol.

 

2.

Ní mór Airteagal 38(6) de Rialachán 2016/679 a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfadh “coinbhleacht leasa”, dá bhforáiltear san fhoráil sin, a bheith ann i gcás ina gcuirfí cúraimí nó dualgais eile ar Oifigeach Cosanta Sonraí, a mbeadh sé mar thoradh air nó uirthi cinneadh a dhéanamh maidir le cuspóirí agus modhanna próiseála sonraí pearsanta ag an rialaitheoir nó ag a phróiseálaí, ar faoin gcúirt náisiúnta atá sé é seo a chinneadh ar bhonn cás ar chás, ar bhonn measúnaithe ar na himthosca ábhartha go léir, go háirithe struchtúr eagraíochtúil an rialaitheora nó a phróiseálaí agus i bhfianaise na rialacha uile is infheidhme, lena n-áirítear aon bheartais de chuid an rialaitheora nó a phróiseálaí.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.

Top