EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0045

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Méan Fómhair 13.
Banka Slovenije v Državni zbor Republike Slovenije.
Tarchur chun réamhrialú — An Córas Eorpach Banc Ceannais — Banc Ceannais Náisiúnta — Treoir 2001/24/CE — Institiúidí creidmheasa a atheagrú agus a fhoirceannadh — Cúiteamh i leith damáiste a rinneadh mar thoradh ar bhearta atheagrúcháin arna nglacadh — Airteagal 123 CFAE agus Airteagal 21.1 de Phrótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh. — Toirmeasc ar mhaoiniú airgeadaíochta Bhallstáit an limistéir euro — Airteagal 130 CFAE agus Airteagal 7 den Phrótacal sin — Neamhspleáchas — Nochtadh faisnéise rúnda.
Cás C-45/21.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:670

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

13 Meán Fómhair 2022 ( *1 )

“Tarchur chun réamhrialú — An Córas Eorpach Banc Ceannais — Banc Ceannais Náisiúnta — Treoir 2001/24/CE — Institiúidí creidmheasa a atheagrú agus a fhoirceannadh — Cúiteamh i leith damáiste a rinneadh mar thoradh ar bhearta atheagrúcháin arna nglacadh — Airteagal 123 CFAE agus Airteagal 21.1 de Phrótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh. — Toirmeasc ar mhaoiniú airgeadaíochta Bhallstáit an limistéir euro — Airteagal 130 CFAE agus Airteagal 7 den Phrótacal sin — Neamhspleáchas — Nochtadh faisnéise rúnda”

I gCás C-45/21,

Iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Ustavno sodišče (Cúirt Bhunreachtúil, An tSlóivéin), trí bhreith an 14 Eanáir 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 28 Eanáir 2021, sna himeachtaí idir

Banka Slovenije

idiragraithe:

Državni zbor Republike Slovenije,

AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

comhdhéanta de K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, C. Lycourgos, E. Regan agus S. Rodin, Uachtaráin Dlísheomraí, M. Ilešič, J.-C. Bonichot, M. Safjan, A. Kumin, D. Gratsias, M. L. Arastey Sahún, M. Gavalec, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,

Cláraitheoir: M. Longar, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 18 Eanáir 2022,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Banka Slovenije, ag J. Žitko, i gcáil gníomhaire,

Rialtas na Slóivéine, ag J. Morela agus N. Pintar Gosenca, i gcáil gníomhairí,

An Coimisiún Eorpach, ag S. Delaude, B. Rous Demiri agus A. Steiblytė, i gcáil gníomhairí,

an Banc Ceannais Eorpach, ag A. Grosu, K. Kaiser agus C. Kroppenstedt, i gcáil gníomhairí, le cúnamh ó G. Pajek, odvetnik,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 31 Márta 2022,

an méid seo a leanas

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 123 agus Airteagal 130 CFAE, Airteagal 7 agus Airteagal 21 de Phrótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (‘an Prótacal maidir le CEBC agus BCE’), Airteagal 44 go hAirteagal 52 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus leanúint den ghnó sin (IO 2006 L 177, lch. 1), agus Airteagail 53 go 62 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO 2013 L 176, lch. 338).

2

Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhunreachtúlacht forálacha reachtacha náisiúnta lena sainítear na coinníollacha faoina bhfuil Banka Slovenije (Banc Ceannais na Slóivéine) faoi dhliteanas i leith damáiste arb é cealú ionstraimí airgeadais áirithe is cúis leis agus rochtain ar fhaisnéis áirithe a bhaineann leis an gcealú sin atá i seilbh an bhainc ceannais sin.

An dlí lena mbaineann

Rialachán (CE) Uimh. 3603/93,

3

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht sa dara haithris a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 3603/93 ón gComhairle an 13 Nollaig 1993 lena sonraítear na sainmhínithe chun na toirmisc dá dtagraítear in Airteagal [123 CFAE] agus [125(1) CFAE] (IO 1993 L 332, lch. 1) a chur i bhfeidhm:

“de bhrí, go háirithe, gur cheart na téarmaí ‘saoráidí rótharraingtí’ agus ‘saoráid chreidmheasa de shaghas […] eile’ a úsáidtear in Airteagal [123 CFAE] a shoiléiriú, go háirithe maidir le láimhseáil na n-éileamh a bhí ann ar an 1 Eanáir 1994”.

4

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 1(1) den Rialachán sin:

“Chun críocha Airteagal [123 CFAE], beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘rótharraingtí’ aon soláthar acmhainní don earnáil phoiblí a mbíonn, nó ar dóigh go mbeidh, iarmhéid dochair sna cuntais mar thoradh air [;]

(b)

ciallaíonn ‘saoráid chreidmheasa de shaghas […] eile’:

(i)

aon éileamh in aghaidh na hearnála poiblí a bhí ann an 1 Eanáir 1994, cé is moite d’éilimh aibíochta seasta a fuarthas roimh an dáta sin;

(ii)

aon mhaoiniú ar oibleagáidí na hearnála poiblí i leith tríú páirtithe;

(iii)

gan dochar d'Airteagal [123(2) CFAE], aon idirbheart leis an earnáil phoiblí a mbeidh nó ar dócha go mbeidh éileamh uirthi mar thoradh air.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 2000/12/CE

5

Foráladh mar a leanas in Airteagal 1(4) de Threoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus leanúint den ghnó sin (IO 2000 L 126, lch. 1):

“Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(4)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis náisiúnta a dtugtar cumhacht dóibh le dlí nó le rialachán chun maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 2001/24/CE

6

De réir aithris 6 de Threoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hinstitiúidí creidmheasa a atheagrú agus a fhoirceannadh (IO 2001 L 125, lch. 15):

“Ba cheart inniúlacht eisiach a thabhairt d'údaráis riaracháin nó bhreithiúnacha an Bhallstáit baile chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta atheagrúcháin dá bhforáiltear sna dlíthe agus sna cleachtais atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin agus iad a chur i bhfeidhm. I bhfianaise a dheacra atá sé dlíthe agus cleachtais na mBallstát a chomhchuibhiú, is iomchuí aitheantas frithpháirteach a bhunú do na Ballstáit do na bearta arna ndéanamh ag gach ceann acu chun inmharthanacht na mbunaíochtaí atá formheasta aige a athbhunú.”

7

In Airteagal 2 den Treoir sin, sa leagan is infheidhme maidir le fíorais na bpríomhimeachtaí, rinneadh foráil maidir leis an méid seo a leanas:

“Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

Ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 1(4) de Threoir [2000/12];

[...]”

8

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 3(1) de Threoir 2001/24:

“Is ag údaráis riaracháin nó bhreithiúnacha an Bhallstáit baile amháin a bheidh an inniúlacht chun cinneadh a dhéanamh maidir le beart atheagrúcháin amháin nó níos mó a chur chun feidhme in institiúid creidmheasa, lena n-áirítear brainsí arna mbunú i mBallstáit eile.””

9

Tá an fhoclaíocht in Airteagal 33 den Treoir sin mar a leanas:

“Beidh gach duine a n-iarrfar air faisnéis a fháil nó a thabhairt i gcomhthéacs na nósanna imeachta faisnéise nó comhairliúcháin dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5, 8, 9, 11 agus 19 faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla, i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 30 de Threoir [2000/12], cé is moite d’údaráis bhreithiúnacha a bhfuil feidhm ag na forálacha náisiúnta atá i bhfeidhm maidir leo.”

[Aistriúcháin neamhoifigiúla]

Treoir 2006/48

10

In Airteagal 4(4) de Threoir 2006/48, sonraíodh mar a leanas:

“Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(4)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis náisiúnta a dtugtar cumhacht dóibh le dlí nó le rialachán chun maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa.”

11

Foráiltear in Airteagal 44(1) den Treoir sin:

“Forálfaidh na Ballstáit go mbeidh gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla, chomh maith le hiniúchóirí nó saineolaithe a fheidhmíonn thar ceann na n-údarás inniúil, faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

Ní fhéadfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann siad i gcúrsa a gcuid dualgas a nochtadh d’aon duine nó d’údarás ar bith, ach amháin i bhfoirm achomair nó chomhiomlán, ionas nach féidir institiúidí creidmheasa aonair a shainaithint, gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil.

Mar sin féin, i gcás inar dearbhaíodh go bhfuil institiúid creidmheasa féimheach nó ina mbeidh a foirceannadh éigeantach ordaithe ag cúirt, féadfar faisnéis rúnda nach mbaineann le tríú páirtithe a bhfuil baint acu le hiarrachtaí chun teacht i gcabhair ar an institiúid creidmheasa sin a nochtadh in imeachtaí sibhialta nó tráchtála.”

12

Leagtar síos in Airteagail 45 go 52 den Treoir sin sraith rialacha lena rialaítear úsáid, malartú, tarchur agus nochtadh faisnéise ag na húdaráis inniúla, de réir bhrí Airteagal 4(4) den Treoir sin.

13

Seo a leanas Airteagal 158 de Threoir 2006/48:

“ 1.   Aisghairtear Treoir [2000/12] arna leasú leis na Treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII, Cuid A, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha sin a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII, Cuid B, a thrasuí.

2.   Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV.”

[Aistriúcháin neamhoifigiúla]

Treoir 2013/36

14

Foráiltear in Airteagal 3(1)(36) de Threoir 2013/36:

“Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

[...]

(36)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás inniúil de réir bhrí Airteagal 4(1)(40) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO 2013 L 176, lch. 1)]”.

15

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 53(1) den Treoir sin:

“Forálfaidh na Ballstáit go mbeidh gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla, chomh maith le hiniúchóirí nó saineolaithe a fheidhmíonn thar ceann na n-údarás inniúil, faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

Ní fhéadfar faisnéis rúnda a fhaigheann na daoine, na hiniúchóirí agus na saineolaithe sin i bhfeidhmiú a gcumhachtaí a nochtadh ach amháin i bhfoirm achomair nó chomhiomlán, ionas nach féidir institiúidí creidmheasa a shainaithint, gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil.

Mar sin féin, i gcás inar dearbhaíodh go bhfuil institiúid creidmheasa féimheach nó inar ordaíodh a foirceannadh éigeantach, féadfar faisnéis rúnda nach mbaineann le tríú páirtithe a bhfuil baint acu le hiarrachtaí chun teacht i gcabhair ar an institiúid creidmheasa sin a nochtadh in imeachtaí sibhialta nó tráchtála.”

16

Leagtar síos in Airteagail 54 go 62 den Treoir sin sraith rialacha lena rialaítear úsáid, malartú, tarchur agus nochtadh faisnéise ag na húdaráis inniúla, de réir bhrí Airteagal 3(1) (36) den Treoir sin.

17

Foráiltear le hAirteagal 163 de Threoir 2013/36:

Déantar Treoir [2006/48] agus Treoir 2006/49/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le leordhóthanacht caipitil gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa (IO 2006 L 177, lch. 201)] a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus do [Rialachán Uimh. 575/2013] agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán [Uimh. 575/2013].”

[Aistriúcháin neamhoifigiúla]

Rialachán Uimh. 575/2013

18

Foráiltear le hAirteagal 4(1), pointe (40) de Threoir 575/2013:

“Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(40)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás poiblí nó comhlacht atá aitheanta go hoifigiúil leis an dlí náisiúnta, agus a dtugann an dlí náisiúnta an chumhacht dó maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí mar chuid den chóras maoirseachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann”.

An cás sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

19

Le cinneadh an 19 Deireadh Fómhair 2016, chinn Ustavno sodišče (an Chúirt Bhunreachtúil, an tSlóivéin) gur ag teacht le Bunreacht na Slóivéine atá forálacha reachtacha, lena gceadaítear do Bhanc Ceannais na Slóivéine deireadh a chur le hionstraimí airgeadais áirithe i gcás institiúid creidmheasa a bheith i mbaol féimheachta agus í ag cur an córas airgeadais ina iomláine i mbaol. Ar an taobh eile, chinn an chúirt sin go raibh bearna ann a bhí contrártha le Bunreacht na Slóivéine, toisc nach raibh, sa reachtaíocht atá i gceist, rialacha speisialta nós imeachta ann maidir le caingne le haghaidh cúitimh a fhéadfadh iarshealbhóirí ar ionstraimí airgeadais cealaithe a thabhairt.

20

Chun an bhearna sin a leigheas, ghlac Državni zbor Republike Slovenije (Tionól Náisiúnta Phoblacht na Slóivéine) an Zakon o postopku sodnega in izvensodnega varstva nekdanjih imetnikov kvalificiranih obveznosti bank (Dlí maidir leis an nós imeachta um chosaint bhreithiúnach agus sheachbhreithiúnach d’iarshealbhóirí dhliteanais incháilithe na mbanc, an ‘ZPSVIKOB’), ina leagtar síos rialacha atá ceaptha le cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú d’iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais arna gcealú ag Banc Ceannais na Slóivéine.

21

Thíolaic Banc Ceannais na Slóivéine iarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh ar bhunreachtúlacht roinnt forálacha de ZPSVIKOB agus ar fhoráil de chuid Zakon o bančništvu (an tAcht Baincéireachta), agus é ag áitiú, inter alia, go raibh na rialacha a leagtar síos sna forálacha sin maidir le tabhú a dhliteanais agus rochtain ar fhaisnéis atá ina seilbh ar neamhréir le dlí an Aontais.

22

I ndáil leis sin, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur gur féidir, faoi ZPSVIKOB, Banc Ceannais na Slóivéine a chur faoi dhliteanas i leith damáiste arb é cealú ionstraimí airgeadais áirithe is cúis leis faoi dhá chóras mhalartacha ar leithligh.

23

Ar an gcéad dul síos, d’fhéadfadh an dliteanas sin teacht chun cinn, i bprionsabal, i gcás ina suitear nach beart riachtanach é ionstraim airgeadais a chealú d’fhonn féimheacht an bhainc lena mbaineann a sheachaint agus d’fhonn cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú nó gur sáraíodh an prionsabal nach bhféadfaidh creidiúnaí ar bith a bheith faoi mhíbhuntáiste níos mó ná mar a bheadh sé i gcás féimheachta. É sin ráite, ní féidir an dliteanas sin a thabhú ach amháin mura suíonn Banc Ceannais na Slóivéine gur ghníomhaigh sé féin, nó na daoine atá údaraithe aige chun gníomhú thar a cheann, le dícheall cuí, agus é á chur san áireamh go dtarlaíonn cealú den sórt sin in imthosca sonracha géarchéime ina n-éilítear measúnú tapa ar shaincheisteanna casta.

24

Ar an taobh eile, maidir le daoine nádúrtha a raibh ionstraim airgeadais ina seilbh acu roimhe seo agus a bhfuil a n-ioncam bliantúil faoi bhun tairseach áirithe, féadfaidh siad cúiteamh a fháil ó Bhanc Ceannais na Slóivéine de mhéid is ionann agus 80 % den phraghas a íocadh tráth a ceannaíodh an ionstraim airgeadais sin, suas le huasmhéid EUR 20000.

25

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl freisin, chun a áirithiú go gcumhdaítear na costais a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gcóras dliteanais arna mbunú ag ZPSVIKOB, go bhforáiltear le ZPSVIKOB nach mór na brabúis a rinne Banc Ceannais na Slóivéine ón 1 Eanáir 2019 a íoc isteach i gcúlchistí speisialta atá tiomnaithe don chumhdach sin. Dá mba rud é nach leor na cúlchistí speisialta sin chun na críche sin, bheadh ar Bhanc Ceannais na Slóivéine suas le 50 % dá chúlchistí ginearálta a úsáid agus ansin, dá mba rud é nár leor úsáid na gcúlchistí sin chun an cumhdach sin a áirithiú, bheadh air na suimeanna is gá a fháil ar iasacht ó údaráis na Slóivéine.

26

I bhfianaise na dtosca sin, ceistíonn an chúirt sin comhoiriúnacht na gcóras dliteanais sin le hAirteagal 123 CFAE agus le hAirteagal 21 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE, a mhéid a d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an fhreagracht a ghlac Banc Ceannais na Slóivéine in ionad údaráis na Slóivéine comhionann le cineál maoinithe ar na húdaráis sin, agus a gcomhoiriúnacht le prionsabal neamhspleáchas an bhainc ceannais a eascraíonn as Airteagal 130 CFAE agus as Airteagal 7 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE.

27

Thairis sin, tugann an chúirt sin dá haire go bhforáiltear le ZPSVIKOB rialacha maidir le doiciméid rúnda áirithe a nochtadh go huathoibríoch, do na gearánaigh uile a d’fhéadfadh a bheith ann agus dá n-ionadaithe, ar doiciméid iad a úsáideadh chun cinneadh a dhéanamh chun ionstraimí airgeadais a chealú agus líon níos teoranta doiciméad den sórt sin a fhoilsiú. Luaitear ann go bhfuil amhras uirthi faoi chomhoiriúnacht na rialacha sin leis na forálacha maidir le rúndacht faisnéise áirithe atá i dTreoir 2006/48 agus i dTreoir 2013/36.

28

Sna himthosca sin, chinn Ustavno sodišče (an Chúirt Bhunreachtúil) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun réamhrialú a fháil:

“ 1)

Ar chóir Airteagal 123 CFAE agus Airteagal 21 den Phrótacal [maidir le CEBC agus BCE] a léirmhíniú mar chosc ar bhanc ceannais náisiúnta, ar comhalta é den Chóras Eorpach Banc Ceannais [(CEBC)], a bheith faoi dhliteanas, as a chistí féin, as cúiteamh a thabhairt d’iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais ar chinn sé iad a chealú i bhfeidhmiú na cumhachta a tugadh dó le dlí chun bearta eisceachtúla ar mhaithe le leas an phobail a ghlacadh chun bagairt ar chobhsaíocht an chórais airgeadais a chosc, i gcás gur chosúil, in imeachtaí dlíthiúla ina dhiaidh sin, nuair a cealaíodh [na hionstraimí airgeadais sin], nár comhlíonadh an prionsabal lena gceanglaítear nach féidir caitheamh le haon sealbhóir ionstraime airgeadais ar chaoi níos measa ná mar a chaithfí leis mura mbeadh aon bheart eisceachtúil glactha, agus an banc ceannais náisiúnta freagrach as [ar thaobh amháin] an damáiste a bhí sé in ann a thuar ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca mar a bhí tráth a chinnidh, ar damáiste é gur chuir sé san áireamh nó gur cheart dó é a chur san áireamh, agus [ar an taobh eile,] an damáiste a eascraíonn as iompar daoine a ghníomhaigh, le húdarás an bhainc ceannais, agus cumhachtaí an bhainc ceannais á bhfeidhmiú acu, ach nár ghníomhaigh le dícheall cuí i bhfianaise na bhfíoras agus na n-imthosca arb eol dóibh nó ar cheart gurbh eol dóibh i bhfianaise a gcuid údarás?

2)

An bhfuil Airteagal 123 CFAE agus Airteagal 21 den Phrótacal [maidir le CEBC agus BCE] le léirmhíniú mar chosc ar bhanc ceannais náisiúnta, ar comhalta é de [CEBC], cúiteamh airgeadais aonair a íoc, as a chistí féin le cuid amháin d’iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais a cealaíodh (ar bhonn chritéar staid na sócmhainne), mar thoradh ar chealaithe [ionstraimí airgeadais] gur chinn sé i bhfeidhmiú na cumhachta a tugadh dó le dlí chun bearta eisceachtúla ar mhaithe le leas an phobail a ghlacadh chun bagairt do chobhsaíocht an chórais airgeadais a chosc, de bhrí, chun a bheith i dteideal cúitimh, gur leor an prionsabal nár cealaíodh an ionstraim airgeadais, gan beann ar cibé ar sáraíodh nó nár sáraíodh an prionsabal nach féidir caitheamh le haon sealbhóir ionstraime airgeadais ar chaoi níos measa ná mar a chaithfí leis mura mbeadh aon bheart eisceachtúil glactha.

3)

An bhfuil Airteagal 130 CFAE agus Airteagal 7 den Phrótacal [maidir le CEBC agus BCE] le léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc leo ar chás ina gcuirfí de cheangal ar bhanc ceannais náisiúnta cúiteamh a íoc i leith damáiste a eascraíonn as feidhmiú a chumhachtaí dlíthiúla, ar mhéid lena bhféadfaí difear a dhéanamh dá chumas a chúraimí a chur i gcrích go héifeachtach? I ndáil leis sin, chun a chinneadh ar sáraíodh prionsabal neamhspleáchas airgeadais an bhainc ceannais náisiúnta, an bhfuil na coinníollacha dlíthiúla faoina bhforchuirtear an fhreagracht sin tábhachtach?

4)

Ar chóir Airteagail 53 go 62 de [Threoir 2013/36] nó Airteagal 44 go hAirteagal 52 de Threoir [2006/48], lena ráthaítear rúndacht na faisnéise rúnda arna fáil nó arna cruthú le linn mhaoirseacht stuamachta na mbanc, a léirmhíniú mar nithe lena n-áirithítear freisin rúndacht na faisnéise a fhaightear nó a chruthaítear le linn chur chun feidhme bearta chun teacht i gcabhair ar bhainc atá ceaptha chun cobhsaíocht an chórais airgeadais a chosaint, i gcás nárbh fhéidir an bhagairt do shócmhainneacht agus leachtacht na mbanc a sheachaint trí bhíthin gnáth-bhearta um athbhreithniú maoirseachta, ós rud é go meastar gur bhearta atheagrúcháin iad na bearta sin de réir bhrí Threoir [2001/24]?

5)

Má tá an freagra ar [an gceathrú ceist] dearfach, ar chóir Airteagail 53 go 62 de [Threoir 2013/36] nó Airteagal 44 go hAirteagal 52 de [Threoir 2006/48], a bhaineann le cosaint faisnéise arna fáil nó arna cruthú le linn an athbhreithnithe maoirseachta, a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn, maidir leis an gcosaint sin, go mbeidh feidhm ag Treoir [2013/36], a glacadh ina dhiaidh sin, freisin i gcás faisnéise rúnda arna fáil nó arna cruthú a bhí feidhm ag Treoir [2006/48], má nochtadh í nuair a cuireadh Treoir [2013/36] i bhfeidhm?

6)

Má tá an freagra ar [an gceathrú ceist] dearfach, ar chóir an chéad fhomhír d'Airteagal 53(1) de Threoir [2013/36] (agus an chéad fhomhír d'Airteagal 44(1) de Threoir [2006/48], de réir fhreagra na ceiste roimhe seo) a léirmhíniú ar chaoi a gciallaíonn nach gcaitear a thuilleadh mar fhaisnéis rúnda a thagann faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla, faisnéis atá ar fáil don bhanc ceannais náisiúnta mar údarás maoirseachta agus atá, go ceann tamaill tar éis a cruthaithe, tagtha chun bheith poiblí nó atá ina faisnéis ar dóigh di a bheith faoi rúndacht ghairmiúil ach atá níos sine ná cúig bliana nó níos mó agus dá bhrí sin, mar gheall ar imeacht ama, atá measta a bheith stairiúil agus atá, dá dheasca sin, i ndiaidh a cineál rúnda a chailliúint? I gcás faisnéis stairiúil atá cúig bliana d'aois nó níos mó, an mbraitheann cothabháil na rúndachta ar cibé an bhféadfaí údar a bheith le rúndacht ar fhorais seachas staid eacnamaíoch na mbanc atá faoi mhaoirseacht nó gnóthas eile?

7)

Má tá an freagra ar [an gceathrú ceist] dearfach, ar chóir an tríú fomhír d'Airteagal 53(1) de Threoir [2013/36] (agus an tríú fomhír d'Airteagal 44(1) de Threoir [2006/48], de réir an fhreagra ar an [gcúigiú ceist]), sa chiall go gceadaítear leis doiciméid rúnda a nochtadh go huathoibríoch do gach gearánach ionchasach agus dá n-ionadaithe nach mbaineann le tríú páirtithe a bhfuil baint acu le hiarrachtaí chun teacht i gcabhair ar institiúid creidmheasa agus atá ábhartha ó thaobh dlí de do chinneadh na cúirte i gcomhthéacs na caingne dlí sibhialta ar chúiteamh i gcoinne an údaráis mhaoirseachta stuamachta, cheana féin roimh thús na n-imeachtaí dlí, gan nós imeachta beacht chun cinneadh a dhéanamh, de réir an cháis, maidir leis an údar atá le gach ceann de na doiciméid a nochtadh do gach duine de na seolaithe agus gan na leasanna dá mhalairt a mheá i ngach cás aonair, fiú má bhaineann sé le faisnéis a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa nár dearbhaíodh a bheith féimheach agus nár ordaíodh a bhfoirceannadh éigeantach, ach a fuair Státchabhair in imeachtaí inar cealaíodh ionstraimí airgeadais scairshealbhóirí agus fo-chreidiúnaithe institiúidí airgeadais?

8)

Má tá an freagra ar [an gceathrú ceist] dearfach, ar chóir an dara fomhír d’Airteagal 53(1) de Threoir [2013/36] (agus an dara fomhír d’Airteagal 44(1) de Threoir [2006/48], de réir an fhreagra ar an [gcúigiú ceist]), a léirmhíniú sa chiall go gceadaítear leis foilsiú, ar fáil do chách, ar shuíomh gréasáin, de dhoiciméid rúnda nó sleachta díobh nach mbaineann le tríú páirtithe a bhfuil baint acu le hiarrachtaí chun teacht i gcabhair ar institiúid airgeadais, agus atá ábhartha de réir dlí maidir le cinneadh na cúirte sa chaingean shibhialta le haghaidh damáistí i gcoinne an údaráis mhaoirseachta stuamachta, i gcás faisnéis a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa nár dearbhaíodh a bheith féimheach agus nár ordaíodh a bhfoirceannadh éigeantach, ach a fuair Státchabhair in imeachtaí inar cealaíodh ionstraimí airgeadais scairshealbhóirí agus fo-chreidiúnaithe institiúidí airgeadais, fiú má cheanglaítear, nuair a fhoilsítear an fógra sin ar shuíomh gréasáin, nach mór an fhaisnéis rúnda uile a fholú?”

Na himeachtaí os comhair na Cúirte

An t-iarratas ar an nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm

29

D’iarr an chúirt a rinne an tarchur go gcuirfí an tarchur chun réamhrialú atá idir lámha faoi réir an nós imeachta brostaithe de bhun Airteagal 105 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

30

Mar thaca lena hiarraidh, tugann an chúirt sin faoi deara nach féidir, ach amháin le cur i bhfeidhm ZPSVIKOB, i staid reatha dhlíchóras na Slóivéine, a chur ar chumas iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais arna gcealú cúiteamh a fháil agus gur cuireadh na caingne ar chúiteamh a thug siad ar fionraí go dtí go dtabharfaidh an Chúirt freagra ar an iarraidh seo ar réamhrialú. Mar thoradh air sin, maíonn sí go bhfuil sláine an mhargaidh urrús faoi bhagairt agus go bhfuil leigheas éifeachtach bainte de líon mór daoine chun a gceart chun maoine a chosaint le níos mó ná sé bliana anuas. Ina theannta sin, ós rud é go mbaineann na ceisteanna a tarchuireadh, inter alia, leis an toirmeasc ar mhaoiniú airgeadaíochta agus le prionsabal neamhspleáchas na mbanc ceannais náisiúnta, d’fhágfadh freagra na Cúirte go bhféadfaí éiginnteacht a leigheas maidir le léirmhíniú ar phrionsabail bhunúsacha dhlí AE agus ar dhlí bunreachtúil na Slóivéine.

31

Foráiltear le hAirteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta, go bhféadfaidh Uachtarán na Cúirte a chinneadh, ar iarratas ón gcúirt nó ón mbinse a rinne an tarchur nó, go heisceachtúil, uaidh féin, i gcás go n-éilíonn nádúr an cháis go ndéileálfar leis laistigh d’achar gearr ama, tar éis dó an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go gcuirfear nós imeachta brostaithe i bhfeidhm maidir le tarchur chun réamhrialú trí mhaolú ar fhorálacha na Rialacha sin.

32

Sa chás seo, chinn Uachtarán na Cúirte, ar an 9 Feabhra 2021, tar éis éisteacht leis an mBreitheamh is Rapóirtéir agus an Abhcóide Ginearálta, nach raibh sé iomchuí glacadh leis an iarratas dá dtagraítear i mír 29 den bhreithiúnas seo.

33

Ba cheart a mheabhrú, i ndáil leis sin, gur ionstraim nós imeachta é an nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 105 de na Rialacha Nós Imeachta atá ceaptha freagairt do chás práinne urghnách (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Márta 2022, Commissioners for Her Majesty’s Revenue and Customs (Árachas cuimsitheach breoiteachta), C-247/20, EU:C:2022:177, mír 41 agus an cásdlí a luaitear).

34

Dá bhrí sin, i dtaobh leas na ndaoine aonair, a admhaítear a bheith dlisteanach, maidir le raon feidhme na gceart a dhíorthaíonn siad ó dhlí an Aontais a bheith á chinneadh a luaithe is féidir, ní hionann é agus a shuíomh gurb ann d’imthosca eisceachtúla, de réir bhrí Airteagal 105(1) den Rialachán sin. (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Phoenix Contact, C-44/21, EU:C:2022:309, mír 16 agus an cásdlí a luaitear).

35

Thairis sin, níl íogaireacht eacnamaíoch cáis nó na leasanna eacnamaíocha lena mbaineann iontu féin, bíodh siad tábhachtach agus dlisteanach, de chineál lena dtabharfaí údar le dul ar iontaoibh an nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 105 (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Phoenix Contact, C-44/21, EU:C:2022:309, mír 15 agus an cásdlí a luaitear). Níl an líon mór daoine nó cásanna dlíthiúla a bhféadfadh na ceisteanna a tharchuirtear difear a dhéanamh dóibh agus a d’fhéadfadh, dá réir sin, de chineál le bheith ina imthoisc eisceachtúil lena bhféadfaí údar a thabhairt le dul i muinín an nós imeachta sin ach oiread (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Caruter, C-642/20, EU:C:2022:308, mír 22 agus an cásdlí a luaitear).

36

Cé gur cinneadh, i gcás ina n-ardaíonn cás éiginnteachtaí tromchúiseacha a dhéanann difear do cheisteanna bunúsacha faoin dlí bunreachtúil náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais, go bhféadfadh sé a bheith riachtanach, ag féachaint d’imthosca sonracha an cháis sin, déileáil leis laistigh de thréimhse ghearr ama, i gcomhréir le hAirteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta, níl an imthoisc go bhfuil an cás sna príomhimeachtaí cinntitheach chun cosaint bhreithiúnach an chirt chun maoine a bhí ag iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais arna gcealú a áirithiú, I bhfianaise imthosca fíor shonracha an cháis seo, de chineál lena bhféadfaí údar cuí a thabhairt le déileáil leis an gcás seo ar an mbealach sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Márta 2022, Presidenza del Consiglio dei Ministri agus páirtithe eile (Dochtúirí saineolacha faoi oiliúint), C-590/20, EU:C:2022:150, mír 31 agus an cásdlí a luaitear).

37

Ar an gcaoi chéanna, cé go bhféadfadh sé go mbeadh gá le nós imeachta brostaithe a thionscnamh chun éiginnteacht a dhíchur lena bhféadfaí bac a chur ar fheidhmiú CEBC (féach, chuige sin, ord Uachtarán na Cúirte an 12 Meitheamh 2018, BCE v An Laitvia, C-238/18, nár foilsíodh, EU:C:2018:488, mír 14), ní féidir teacht ar neamhchinnteacht den sórt sin sa chás seo, ós rud é nach bhfuil na ceisteanna a tharchuirtear ceaptha ach amháin chun iarmhairtí gníomhartha arna nglacadh ag Banc Ceannais na Slóivéine i gcomhthéacs beartais náisiúnta shonraigh a chinneadh agus, dá bhrí sin, níl bac ar fheidhmiú CEBC go dtí go bhfaighfear toradh an cháis sna príomhimeachtaí.

An t-iarratas ar athoscailt an nós imeachta ó bhéal

38

Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 10 Bealtaine 2022, d'iarr an Banc Ceannais Eorpach (BCE) go n-athosclófaí an nós imeachta ó bhéal.

39

Ag tacú leis an iarraidh sin, cuireann BCE in iúl nach n-aontaíonn sé le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta. Maíonn sé, go háirithe, go bhfuil an tuairim sin bunaithe ar léirmhíniú leathan ar an gcoincheap ‘oibleagáidí na hearnála poiblí’ de réir bhrí Airteagal 1(1)(b)(ii) de Rialachán Uimh. 3603/93, a mbeadh iarmhairtí suntasacha aige maidir le heagrú ginearálta an bheartais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, agus nár tugadh an deis do na páirtithe barúil a thabhairt ar an bpointe sin ag an éisteacht.

40

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, nach bhforáiltear le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná leis na Rialacha Nós Imeachta don fhéidearthacht do na páirtithe barúlacha a thíolacadh mar fhreagairt ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta (breithiúnas an 15 Iúil 2021, An Coimisiún v An Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna), C-791/19, EU:C:2021:596, mír 41).

41

Ar an dara dul síos, faoin dara mír d'Airteagal 252 CFAE, tá ar an tAbhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna ina n-éilítear a rannpháirtíocht i gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Níl an Chúirt faoi cheangal ag an Tuairim sin ná ag an ráiteas ar na cúiseanna lena dtagann an tAbhcóide Ginearálta uirthi. Dá bhrí sin, ní féidir easaontas páirtí le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta, is cuma cad iad na ceisteanna a scrúdaíonn sé sa Tuairim sin, a bheith ina fhoras ann féin lena dtabharfaí údar le hathoscailt an nós imeachta ó bhéal (breithiúnas an 15 Iúil 2021, An Coimisiún v An Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna), C-791/19, EU:C:2021:596, mír 42).

42

Fairis sin, féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, tar éis éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta, a ordú go ndéanfar an nós imeachta ó bhéal a athoscailt i gcomhréir le hAirteagal 83 dá Rialacha Nós Imeachta, go háirithe má mheasann sí nach bhfuil dóthain faisnéise aici.

43

Sa chás seo, measann an Chúirt, áfach, tar éis di éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta, go bhfuil aici, in aghaidh a bhfuil á áitiú ag BCE, ag deireadh an nós imeachta i scríbhinn agus na héisteachta a tionóladh os a comhair, an fhaisnéis go léir is gá chun rialú a thabhairt, tar éis díospóireacht fhorleathan a bheith déanta idir na páirtithe ar an gcoincheap ‘oibleagáidí na hearnála poiblí’, de réir bhrí Airteagal 1(1)(b)(ii) de Rialachán Uimh. 3603/93. Sna himthosca sin, ní gá a ordú go n-athosclófar an nós imeachta ó bhéal.

Na ceisteanna a tharchuirtear i gcomhair réamhrialú

An chéad cheist

44

I bhfianaise na soiléirithe arna soláthar ag an gcúirt a rinne an tarchur maidir leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, ní mór a chinneadh, faoina céad cheist, go n-iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 123(1) CFAE agus Airteagal 21.1 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE a léirmhíniú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil banc ceannais náisiúnta a bhaineann le CEBC faoi dhliteanas, as a cistí féin, as damáiste a bhain do iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais a chealaigh sé de bhun bearta atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24, arna n-ordú ag an mbanc ceannais sin, i gcás inar cosúil, in imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin, go bhfuil an méid seo a leanas fíor:

ar thaobh amháin, ní raibh an cealú sin riachtanach chun cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú, nó na hiarshealbhóirí ionstraimí airgeadais sin a d’fhulaing, de thoradh an chealaithe sin, caillteanais níos mó ná mar a thabhóidís i gcás fhéimheacht an fhorais airgeadais lena mbaineann, agus

ar an taobh eile, ní shuíonn an banc ceannais sin gur ghníomhaigh sé féin nó na daoine atá údaraithe aige chun gníomhú thar a cheann le dícheall cuí in imthosca sonracha géarchéime ina n-éilítear measúnú tapa ar shaincheisteanna casta.

45

Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú go leanann sé ó Airteagal 282(1) CFAE agus ó Airteagal 1 agus ó Airteagal 14.3 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE go bhfuil CEBC comhdhéanta de BCE agus bainc cheannais náisiúnta na mBallstát, agus na bainc cheannais náisiúnta sin ina gcuid dhílis den chóras sin. Is léir freisin ó na forálacha sin go ndéanann BCE agus bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, a chomhdhéanann an tEurochóras, beartas airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh a sheoladh (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, An Coimisiún v An tSlóivéin (Cartlann BCE), C-316/19, EU:C:2020:1030, mír 79).

46

Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 9.2 den Phrótacal ar CEBC agus ar BCE, cuireann BCE nó na bainc cheannais náisiúnta na cúraimí atá curtha ar CEBC i gcrích.

47

Mar sin féin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach cúram é, faoi dhlí AE, ar CEBC, go ginearálta, ná ar na bainc cheannais náisiúnta go háirithe, bearta a chur chun feidhme chun institiúidí creidmheasa a atheagrú, de réir bhrí Threoir 2001/24, amhail na bearta sin lena mbaineann an córas dliteanais dá dtagraítear sa chéad cheist.

48

Níl an cúram sin ar cheann de na bunchúraimí a chuirfear i gcrích trí CEBC, a liostaítear in Airteagal 127(2) CFAE agus in Airteagal 3.1 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE, eadhon, beartas airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh a shainiú agus a chur chun feidhme, oibríochtaí um malairt eachtrach is comhchuí le forálacha Airteagal 219 CFAE a sheoladh, cúlchistí oifigiúla eachtracha na mBallstát a shealbhú agus a bhainistiú, agus oibriú rianúil na gcóras íocaíochta a chur ar aghaidh.

49

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin gur glacadh Treoir 2001/24 ar bhonn cumhachtaí an Aontais Eorpaigh i réimse an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe an chumhacht chun deireadh a chur le bacainní ar an tsaoirse bhunaíochta agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar laistigh den Aontas Eorpach, seachas a chumhachtaí i réimse an bheartais eacnamaíoch agus airgeadaíochta.

50

Thairis sin, cé go bhforáiltear in Airteagal 127(5) CFAE agus in Airteagal 3.3 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE go rannchuideoidh CEBC le seoladh rianúil beartas arna saothrú maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus cobhsaíocht an chórais airgeadais, luaitear go soiléir sna forálacha sin nach é CEBC féin ach na ‘húdaráis inniúla’ a shaothróidh na beartais sin.

51

I ndáil leis sin, leanann sé as Airteagal 2 agus Airteagal 3(1) de Threoir 2001/24, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(4) de Threoir 2000/12, a bhí infheidhme ag an am ábhartha sna príomhimeachtaí, go raibh an tsaoirse ag na Ballstáit an t-údarás inniúil a roghnú chun cinneadh a dhéanamh maidir le bearta atheagrúcháin a chur chun feidhme, de réir bhrí na chéad treorach sin. Dá bhrí sin, ní gá gurbh é banc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann an t-údarás sin an tráth sin.

52

É sin ráite, mar a chinn an Chúirt, déanann CEBC ionadaíocht, i ndlí AE, ar shocrú dlíthiúil nua ina dtugtar le chéile institiúidí náisiúnta agus lena n-áirithítear dlúthchomhar eatarthu, eadhon, na bainc cheannais náisiúnta, agus institiúid AE, eadhon, BCE, ina bhfuil struchtúr difriúil agus idirdhealú nach bhfuil chomh suntasach idir dlíchóras an Aontais agus na dlíchórais náisiúnta. Sa chóras ard-chomhtháite sin atá ceaptha ag údair na gConarthaí do CEBC, tá stádas hibrideach ag na bainc cheannais náisiúnta agus ag a ngobharnóirí, sa mhéid is gur údaráis náisiúnta agus údaráis iad araon ag gníomhú dóibh faoi chuimsiú CEBC (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, An Coimisiún v An tSlóivéin (Cartlann BCE), C-316/19, EU:C:2020:1030, mír 83).

53

Sa chomhthéacs sin, i gcomhréir le hAirteagal 14.4 den Phrótacal ar CEBC agus ar BCE, féadfaidh bainc cheannais náisiúnta feidhmeanna a chomhlíonadh seachas na feidhmeanna a shonraítear sa Phrótacal sin, mura gcinnfidh an Chomhairle Rialaithe go gcuireann na feidhmeanna sin isteach ar chuspóirí agus cúraimí CEBC.

54

I gcás go sannfaidh reachtas Ballstáit feidhm den sórt sin do bhanc ceannais an Bhallstáit sin, ní mór, faoin bhforáil sin, an fheidhm sin a fheidhmiú faoi fhreagracht agus faoi rioscaí an bhainc ceannais sin.

55

Ar bhonn níos sonraí, maidir leis na socruithe sonracha chun dliteanas bainc cheannais náisiúnta a thabhú, lena n-áirítear i gcás ina gcomhlíonann sé feidhm a shanntar dó leis an dlí náisiúnta, ní luaitear sa Phrótacal maidir le CEBC agus BCE ach, in Airteagal 35(3), go gcinnfear an fhreagracht sin ar bhonn an dlí sin.

56

Eascraíonn sé as an méid sin roimhe seo gur faoin mBallstát lena mbaineann atá sé na coinníollacha a shainiú faoina bhféadfar a bhanc ceannais náisiúnta a chur faoi dhliteanas mar gheall ar chur chun feidhme birt atheagrúcháin, arna dhéanamh ag an mbanc sin, de réir bhrí Threoir 2001/24, i gcás inar chinn an Ballstát sin, amhail Poblacht na Slóivéine, an banc ceannais sin a ainmniú mar údarás inniúil chun beart den sórt sin a chur chun feidhme.

57

Mar sin féin, i bhfeidhmiú na cumhachta sin, tá sé de cheangal ar na Ballstáit a n-oibleagáidí faoi dhlí AE agus, go háirithe, faoi Theideal VIII de Chuid a Trí de Chonradh FAE, ina bhfuil Airteagal 123 den Chonradh sin, agus ón bPrótacal maidir le CEBC agus BCE, a chomhlíonadh. [féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 15 Iúil 2021, An Coimisiún v An Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna), C-791/19, EU:C:2021:596, mír 56].

58

Thairis sin, le hAirteagal 131 CFAE agus le hAirteagal 14.1 den Phrótacal sin ceanglaítear go sainráite ar gach Ballstát a áirithiú go bhfuil a reachtaíocht náisiúnta, lena n-áirítear reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí leis na Conarthaí agus leis an bPrótacal sin.

59

I measc na gcaighdeán atá de cheangal ar na Ballstáit ina leith sin, inter alia, tá Airteagal 123(1) CFAE agus Airteagal 21.1 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE, lena mbaineann an chéad cheist.

60

Is léir ó fhoclaíocht Airteagal 123(1) CFAE go dtoirmisctear leis an bhforáil sin ar BCE agus ar na bainc cheannais náisiúnta rótharraingtí nó aon saoráid chreidmheasa de chineál ar bith eile a dheonú d’údaráis phoiblí agus do chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát agus ionstraimí fiachais a cheannach go díreach uathu. (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Nollaig 2018, Weiss agus Páirtithe Eile, C-493/17, EU:C:2018:1000, mír 102). Athdhearbhaítear an toirmeasc sin in Airteagal 21.1 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE.

61

I ndáil leis sin, ní mór a mheas nach féidir tabhú dliteanas bainc cheannais náisiúnta, as a chistí dílse, de bhua feidhmiú feidhme a thugtar dó leis an dlí náisiúnta, a aicmiú go soiléir mar cheannach díreach d’ionstraimí fiachais de chuid comhlachta phoiblí.

62

Tá na téarmaí “rótharraingtí” agus “saoráid chreidmheasa […] eile” a úsáidtear in Airteagal 123 CFAE, mar atá luaite sa dara haithris sa bhrollach a ghabhann le Rialachán Uimh. 3603/93, sonraithe sa Rialachán sin.

63

Dá bhrí sin, foráiltear le hAirteagal 1(1)(a) den Rialachán sin go dtagraítear leis an téarma “rótharraingtí”, chun críocha Airteagal 123 CFAE, d’aon acmhainní a chuirtear ar fáil don earnáil phoiblí a bhfuil comhardú dochair sna cuntais mar thoradh air nó ar dócha go mbeidh comhardú dochair sna cuntais mar thoradh air.

64

Ós rud é nach gceanglaítear le reachtaíocht amhail an reachtaíocht sin dá dtagraítear sa chéad cheist ar bhanc ceannais náisiúnta comhardú dochair a bhunú i bhfabhar na hearnála poiblí, ní féidir a mheas, dá bhrí sin, go ndeonaítear rótharraingt, de réir bhrí Airteagal 123(1) CFAE, d’údaráis phoiblí nó do chomhlachtaí poiblí.

65

Le hAirteagal 1(1)(b) de Rialachán Uimh. 3603/93 sainmhínítear an téarma “saoráid chreidmheasa […] eile”, chun críocha Airteagal 123 CFAE, mar ní a chumhdaíonn aon éileamh ar an earnáil phoiblí a bhí ann ar an 1 Eanáir 1994, aon mhaoiniú ar oibleagáidí na hearnála poiblí i leith tríú páirtithe nó, gan dochar d’Airteagal 123(2) CFAE, aon idirbheart leis an earnáil phoiblí a bhfuil éileamh ar an earnáil phoiblí mar thoradh air nó ar dócha go mbeidh éileamh ar an earnáil phoiblí mar thoradh air.

66

Is fíor nach féidir leis an gcéad chatagóir agus an tríú catagóir dá dtagraítear in Airteagal 1(1)(b) dliteanas bainc ceannais náisiúnta a chumhdach, óna chistí dílse, de bhua feidhm a shanntar dó leis an dlí náisiúnta a chomhlíonadh, ós rud é nach intuigthe as glacadh an dliteanais sin gurb ann d’éileamh ón mbanc ceannais sin ar an earnáil phoiblí atá ann an 1 Eanáir 1994 nó d’oibríocht idir an banc ceannais sin agus an earnáil phoiblí a bhfuil éileamh air nó ar dócha go mbeidh éileamh air mar thoradh uirthi.

67

Ar an taobh eile, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfaí a mheas go ngabhann maoiniú oibleagáid na hearnála poiblí i leith tríú páirtithe, de réir bhrí Airteagal 1(1)(b) (ii), le tabhú an dliteanais sin, a mhéid a thugann sé ar an mbanc ceannais náisiúnta lena mbaineann oibleagáidí a ghlacadh i leith tríú páirtithe a d’fhéadfadh a bheith de dhualgas ar an earnáil phoiblí.

68

Chuige sin, ní mór, ar an gcéad dul síos, é a chur as an áireamh ón tús go mbeadh gá le meas gurb ionann dliteanas den sórt sin a thabhú, i ngach imthoisc, agus maoiniú oibleagáid na hearnála poiblí i leith na ndaoine a dtabhaítear an dliteanas sin ina leith.

69

Dá mba rud é gur mheas údair na gConarthaí go raibh sé ar neamhréir, in aon chás, le hAirteagal 123(1) CFAE, dliteanas bainc cheannais náisiúnta a thabhú mar gheall ar fheidhm a thugtar dó leis an dlí náisiúnta a chomhlíonadh, ní bheadh siad i ndiaidh foráil a dhéanamh go sainráite, in Airteagal 14.4 agus in Airteagal 35.3 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE, go ndéanfaidh na bainc cheannais náisiúnta na feidhmeanna sin a chomhlíonadh faoina bhfreagracht féin agus ar a riosca féin, faoi choinníollacha a shainítear sa dlí náisiúnta.

70

Bheadh léirmhíniú den sórt sin ar Airteagal 123(1) CFAE bunoscionn le héagsúlacht na gcleachtas náisiúnta sa réimse seo, rud a bheartaigh údair na gConarthaí a chaomhnú trí na forálacha sin den Phrótacal maidir le CEBC agus le BCE a ghlacadh.

71

Sa dara háit, ba cheart a chur in iúl, i gcás ina bhfuil banc ceannais náisiúnta faoi dhliteanas ní hamháin toisc go bhfuil feidhm a shanntar dó leis an dlí náisiúnta agus nach dtagann faoi raon feidhme CEBC comhlíonta aige, ach toisc gur mhainnigh an banc ceannais sin na rialacha atá ina gceangal air sa chomhthéacs sin a chomhlíonadh, is ionann cúiteamh do thríú páirtithe a ndearnadh damáiste dóibh agus toradh ar ghníomhaíochtaí an bhainc ceannais sin, ní toradh ar ghlacadh oibleagáide a bhí ann cheana i leith tríú páirtithe ar na húdaráis phoiblí eile.

72

Sa tríú háit, is gá léirmhíniú a dhéanamh ar Airteagal 1(1)(b)(ii) de Rialachán Uimh 3603/93, lena bhféachtar le raon feidhme Airteagal 123(1) CFAE a shoiléiriú, agus cuspóir an dara foráil sin á chur san áireamh, eadhon, na Ballstáit a spreagadh chun beartas fioscach fónta a leanúint trí chás a sheachaint ina mbeadh maoiniú airgeadaíochta ar easnaimh rialtais nó rochtain phribhléideach ag na húdaráis phoiblí ar na margaí airgeadais as a dtiocfadh féichiúnas iomarcach nó easnaimh iomarcacha sna Ballstáit (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Meitheamh 2015, Gauweiler agus Páirtithe Eile, C-62/14, EU:C:2015:400, mír 100, agus an 11 Nollaig 2018, Weiss agus Páirtithe Eile, C-493/17, EU:C:2018:1000, mír 107).

73

Agus córas á chur i bhfeidhm faoina n-eascraíonn dliteanas bainc cheannais náisiúnta as mainneachtain na rialacha a chomhlíonadh lena rialaítear feidhmiú feidhme a thugtar dó leis an dlí náisiúnta, ní féidir a mheas de ghnáth go dtagann maoiniú iarbhír na n-oibleagáidí i leith tríú páirtithe ag an mbanc ceannais náisiúnta sin go díreach as bearta arna nglacadh ag údaráis phoiblí eile an Bhallstáit lena mbaineann. I bprionsabal, ní féidir a mheas, dá bhrí sin, go gceadaítear le maoiniú den sórt sin do na húdaráis phoiblí sin caiteachas a thabhú trí sheachaint na dreasachta maidir le beartas buiséadach fónta a eascraíonn as Airteagal 123(1) CFAE a chomhlíonadh.

74

I bhfianaise an méid sin roimhe seo, i gcás córas faoina bhfuil banc ceannais náisiúnta faoi dhliteanas i gcás nár chomhlíon an banc ceannais sin nó na daoine a d’údaraigh sé gníomhú thar a cheann an oibleagáid maidir le dícheall cuí a fhorchuirtear orthu leis an dlí náisiúnta, i bhfeidhmiú feidhme a thugtar don bhanc ceannais sin leis an dlí sin, ní féidir a mheas, i bprionsabal, go bhfuil baint aige le maoiniú oibleagáidí earnála poiblí i leith tríú páirtithe.

75

Mar sin féin, i bhfianaise an méid ard castachta agus práinne atá mar shaintréith de chur chun feidhme beart atheagrúcháin de réir bhrí Threoir 2001/24, ní féidir córas dliteanais den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir le damáiste a eascraíonn as cur chun feidhme na mbeart sin ag banc ceannais náisiúnta, gan a cheangal go mbeadh mainneachtain na hoibleagáide maidir le dícheall, a líomhnaítear ina choinne, de chineál tromchúiseach. Murach sin, bheadh sé mar thoradh ar an méid sin, i ndáiríre, go gcuirfí ar an mbanc ceannais sin an chuid is mó de na rioscaí airgeadais a bhaineann go dlúth leis an gcur chun feidhme sin agus, dá bhrí sin, go gceanglófaí ar an mbanc ceannais, de shárú ar an toirmeasc ar mhaoiniú airgeadaíochta, maoiniú iarbhír na n-oibleagáidí i leith tríú páirtithe a ghlacadh, in ionad údaráis phoiblí eile an Bhallstáit lena mbaineann, a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar na roghanna beartais eacnamaíoch arna ndéanamh ag na húdaráis phoiblí sin.

76

Cé gur fíor, i gcóras dliteanais amhail an córas dá dtagraítear sa chéad cheist, gur ar an mbanc ceannais náisiúnta lena mbaineann, seachas ar na hiarratasóirí, atá an dualgas cruthúnais maidir le comhlíonadh na hoibleagáide maidir le dícheall, níl an méid sin cinntitheach, chun críocha Airteagal 123(1) CFAE agus Airteagal 21.1 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE, a mhéid a chaomhnaíonn leithdháileadh an dualgais cruthúnais sin, ar aon chuma, an deis atá ag an mbanc ceannais náisiúnta sin a dhliteanas a urscaoileadh trína chruthú nár sháraigh sé an oibleagáid sin go tromchúiseach.

77

Ba cheart a chur in iúl freisin nach féidir glacadh le hargóint BCE go bhforchuirtear, le hAirteagal 17(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, oibleagáid ar na Ballstáit cúiteamh a thabhairt d’ iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais i gcás inar fhulaing na sealbhóirí sin caillteanais níos mó ná mar a thabhóidís i gcás fhéimheacht na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann, agus dá dheasca sin, i gcás córas náisiúnta faoina bhféadfadh dliteanas bainc ceannais eascairt, go páirteach, as caillteanais den sórt sin, bheadh gá go ndéanfadh an banc ceannais sin oibleagáidí na hearnála poiblí a mhaoiniú i leith tríú páirtithe.

78

Ba cheart a mheabhrú nach gceanglaítear le hAirteagal 17(1) go mbunófar scéimeanna dliteanais lena n-áiritheofar cúiteamh córasach d’iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais a d’fhulaing na caillteanais sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Bealtaine 2022, BPC Lux 2 agus Páirtithe Eile, C-83/20, EU:C:2022:346, míreanna 61 agus 62).

79

I bhfianaise a bhfuil thuas, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 123(1) CFAE agus Airteagal 21.1 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE a léirmhíniú sa chiall nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil banc ceannais náisiúnta ar le CEBC é faoi dhliteanas, óna chistí dílse, as damáiste a bhain d’iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais a chealaigh sé de bhun bearta atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24, arna n-ordú ag an mbanc ceannais sin, i gcás ina ndealraíonn sé, in imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin, nach raibh gá leis an gcealú sin chun cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú, nó gur bhain caillteanais níos mó do na hiarshealbhóirí ionstraimí airgeadais sin, mar thoradh ar an gcealú sin, ná mar a thabhódh siad i gcás fhéimheacht na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann, a mhéid nach bhfuil an banc ceannais sin faoi dhliteanas ach amháin i gcás inar ghníomhaigh sé nó na daoine a d’údaraigh sé chun gníomhú thar a cheann agus é nó iad ag déanamh sárú tromchúiseach ar a ndualgas díchill.

An dara ceist

80

Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 123(1) CFAE agus Airteagal 21.1 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE a léirmhíniú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil banc ceannais náisiúnta de chuid CEBC faoi dhliteanas, óna chistí dílse, laistigh de theorainneacha réamhchinntithe, as damáiste a d’fhulaing iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais a chealaigh sé de bhun bearta atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24, arna n-ordú ag an mbanc ceannais sin, ar na coinníollacha seo amháin:

ar an gcéad dul síos, gur daoine nádúrtha iad na hiarshealbhóirí sin a bhfuil ioncam bliantúil acu atá faoi bhun tairsí a leagtar síos leis an reachtaíocht sin, agus

ar an dara dul síos, go staonfaidh na hiarshealbhóirí sin ó chúiteamh a fháil as an damáiste sin trí bhíthin leigheas dlí eile.

81

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara go leanann sé as na breithnithe a leagtar amach i mír 47 go mír 53 thuas go rannchuidíonn córas dliteanais amhail na córais dá dtagraítear sa chéad cheist agus sa dara ceist le sainiú na gcoinníollacha maidir le feidhmiú feidhme seachas na feidhmeanna a chuirtear de chúram ar CEBC, a thugtar do bhanc ceannais náisiúnta leis an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 14.4 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE.

82

É sin ráite, tá difríocht idir an córas dliteanais dá dtagraítear sa chéad cheist agus an córas dá dtagraítear sa dara ceist, go háirithe a mhéid a ngabhann oibleagáid leis an gcóras deireanach sin, ar thaobh an bhainc ceannais náisiúnta lena mbaineann, cúiteamh a thabhairt d’iarshealbhóirí áirithe d’ionstraimí airgeadais a chealaigh sé, mar thoradh ar an gcealú sin amháin, fiú má shuitear go raibh na rialacha is infheidhme i ndáil leis sin comhlíonta go hiomlán ag an mbanc ceannais sin, go háirithe trí ghníomhú le dícheall.

83

Dá bhrí sin, áirithítear le córas dliteanais amhail an córas dá dtagraítear sa dara ceist, d’fhonn cuspóir sóisialta a bhaint amach, cúiteamh as iarmhairtí dosheachanta na gcinntí a dhéanann an banc ceannais náisiúnta i gcomhréir leis na roghanna arna ndéanamh ag an reachtas náisiúnta maidir lena fheidhmeanna a shainiú.

84

Cé go bhfuil sé ar chumas an reachtais náisiúnta cúiteamh den sórt sin a áirithiú, i gcomhréir le dlí an Aontais, d’fhonn cosc a chur ar éifeachtaí na mbeartas arna saothrú d’fhonn cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú ó ualach iomarcach a fhorchur ar dhaoine nádúrtha ar ioncam íseal, ní mór a chinneadh go gcruthófar leis, dá bhrí sin, oibleagáid chun íce a eascraíonn go díreach as roghanna polaitiúla arna ndéanamh ag an reachtas sin agus ní as an gcaoi ina bhfeidhmíonn banc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann a fheidhmeanna ná ó na roghanna a dhéanann banc ceannais an Bhallstáit sin sa chomhthéacs sin.

85

Dá bhrí sin, ní mór a mheas, i gcás go n-íocann banc ceannais náisiúnta an cúiteamh sin as a chistí dílse agus, ní mór a mheas go n-eascraíonn sé as an méid sin go nglacfaidh an banc sin air féin, in ionad údaráis phoiblí eile an Bhallstáit lena mbaineann, maoiniú na n-oibleagáidí atá ar an earnáil phoiblí faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit sin.

86

Mar is léir ó mhír 53 go mír 68 den bhreithiúnas seo, le hAirteagal 123(1) CFAE agus ó Airteagal 21.1 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE, cuirtear cosc ar bhunú córas dliteanais bainc cheannais náisiúnta, as a chistí dílse, mar gheall ar fheidhmiú feidhme a thugtar dó leis an dlí náisiúnta, i gcás ina mbeidh maoiniú oibleagáid na hearnála poiblí i leith daoine a dtabhaítear an dliteanas sin ag gabháil le cur i bhfeidhm an chórais dliteanais sin.

87

I ndáil leis sin, ní dhéantar difear leis an imthoisc nach bhfuil feidhm ag córas dliteanais den sórt sin ach amháin laistigh d’uasteorainneacha áirithe, sa mhéid nach léir ar bhealach ar bith ó na forálacha sin go bhfuil an toirmeasc ar mhaoiniú airgeadaíochta a eascraíonn as na forálacha sin faoi réir mhéid an mhaoinithe sin.

88

Thairis sin, maidir le hargóint Rialtas na Slóivéine gur cheart diúltú do chur i bhfeidhm na bhforálacha dá dtagraítear i mír 86 den bhreithiúnas seo ar an bhforas nach ndéantar na scéimeanna dliteanais atá i gceist sna príomhimeachtaí a mhaoiniú ach amháin ar bhonn athrú ar dháileadh bhrabúis bhliantúla Bhanc Ceannais na Slóivéine, lena n-áirítear laghdú nó fiú díchur sciar na mbrabús sin nach mór a íoc ar ais le Poblacht na Slóivéine, ní glacadh léi, ós rud é go dtagann an deighilt sin faoi chumhachtaí an reachtais náisiúnta.

89

Is léir ón iarraidh ar réamhrialú go mbaineann sé le scéimeanna dliteanais a n-áirithítear a maoiniú ní hamháin trí dháileadh brabús den sórt sin, ach freisin, i gcás gur ghá, le tobhach ar chúlchistí ginearálta Bhanc Ceannais na Slóivéine, nó fiú trí iasacht ón mbanc sin le Poblacht na Slóivéine, agus, dá bhrí sin, le cistí dílse an bhainc ceannais sin.

90

Dá bhrí sin, is é an freagra atá ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 123(1) CFAE agus Airteagal 21.1 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil banc ceannais náisiúnta ar le CEBC é faoi dhliteanas, óna chistí dílse, laistigh de theorainneacha réamhchinntithe, as damáiste a bhain d’iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais a chealaigh sé de bhun bearta atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24, arna n-ordú ag an mbanc ceannais sin, ar na coinníollacha seo amháin:

ar an gcéad dul síos, gur daoine nádúrtha iad na hiarshealbhóirí sin a bhfuil ioncam bliantúil acu atá faoi bhun tairsí a leagtar síos leis an reachtaíocht sin, agus

ar an dara dul síos, go staonfaidh na hiarshealbhóirí sin ó chúiteamh a fháil as an damáiste sin trí bhíthin leigheas dlí eile.

An tríú ceist

91

Lena tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 130 CFAE agus Airteagal 7 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE a léirmhíniú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil banc ceannais náisiúnta de chuid CEBC faoi dhliteanas i leith damáiste a eascraíonn as cealú ionstraimí airgeadais, de bhun bearta atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24, arna n-ordú ag an mbanc ceannais sin, ar mhéid ar dóigh dó difear a dhéanamh dá chumas a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus arna mhaoiniú, in ord tosaíochta, tríd an méid seo a leanas:

na brabúis go léir a rinne an banc ceannais sin ó dháta sonraithe a leithdháileadh ar chúlchistí speisialta;

tobhach ar chúlchistí ginearálta an bhainc ceannais chéanna nach mó ná 50 % de na cúlchistí sin, agus

iasacht le hús ón mBallstát lena mbaineann.

92

Mar réamhphointe, leanann sé as an bhfreagra a tugadh ar an gcéad dá cheist nach bhfuil léirmhíniú ar Airteagal 130 CFAE agus Airteagal 7 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE, atá faoi réir an tríú ceist, úsáideach chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach ach amháin i bhfianaise an réimis dliteanais dá dtagraítear sa chéad cheist, a mhéid a chumasaítear leis an gcóras sin do Bhanc Ceannais na Slóivéine a dhliteanas a urscaoileadh trína chruthú nár mhainnigh sé go tromchúiseach a dhualgas díchill a chomhlíonadh i gcomhthéacs ghlacadh na mbeart atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24.

93

Tar éis an soiléiriú sin a bheith déanta, ba cheart a mheabhrú go raibh sé mar aidhm ag údair Chonartha CE, agus Chonartha CFAE ina dhiaidh sin, a áirithiú go mbeadh BCE agus CEBC in ann na cúraimí a cuireadh orthu a chomhlíonadh go neamhspleách (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Feabhra 2019, Rimšēvičs agus BCE v an Laitvia, C-202/18 agus C-238/18, EU:C:2019:139, mír 46 agus an cásdlí a luaitear).

94

Tá príomh-léiriú an rúin sin leagtha amach in Airteagal 130 CFAE, atá le fáil go bunúsach in Airteagal 7 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE, lena gcuirtear toirmeasc go sainráite, ar thaobh amháin, ar BCE, ar na bainc cheannais náisiúnta agus ar chomhaltaí a gcomhlachtaí cinnteoireachta treoracha a lorg nó a ghlacadh ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, ó rialtais na mBallstát nó ó aon chomhlacht eile agus, ar an taobh eile, ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí sin an Aontais Eorpaigh agus rialtais na mBallstát iarracht a dhéanamh chun tionchar a imirt ar chomhaltaí chomhlachtaí cinnteoireachta BCE agus na mbanc ceannais náisiúnta i gcomhlíonadh a gcúraimí (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Feabhra 2019, Rimšēvičs agus BCE v an Laitvia, C-202/18 agus C-238/18, EU:C:2019:139, mír 47 agus an cásdlí a luaitear).

95

Go deimhin, i bhfianaise stádas hibrideach na mbanc ceannais náisiúnta, a mheabhraítear i mír 52 den bhreithiúnas seo, ní gá go mbeidh feidhm ag prionsabal neamhspleáchas na mbanc ceannais sin ar an gcaoi chéanna i gcás ina gcomhlíonann siad cúram a thagann faoi raon feidhme CEBC agus nuair a fheidhmíonn siad feidhm lasmuigh de CEBC a sannadh dóibh leis an dlí náisiúnta faoi Airteagal 14.4 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE, amhail an cúram lena mbaineann an tríú ceist.

96

Ina theannta sin, ós rud é, mar a luadh i mír 69 den bhreithiúnas seo, go bhforáiltear in Airteagal 14.4 go bhfuil na bainc cheannais náisiúnta chun feidhm den sórt sin a chomhlíonadh ar a bhfreagracht féin agus ar a ndliteanas féin, ní féidir a mheas, dá réir sin, nach bhfuil bunú córais lenar féidir a ndliteanas a thabhú i leith damáiste a dhéantar i gcomhlíonadh na feidhme sin, ag luí le neamhspleáchas na mbanc ceannais sin.

97

Mar sin féin, ní fhéadfaidh na rialacha náisiúnta a chuirfear i bhfeidhm chun na críche sin, gan Airteagal 130 CFAE agus Airteagal 7 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE a shárú, an banc ceannais náisiúnta lena mbaineann a chur i staid ina gcuirfí i mbaol, ar dhóigh ar bith, a chumas cúram a thagann faoi raon feidhme CEBC a chomhlíonadh go neamhspleách.

98

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, chun neamhspleáchas BCE a áirithiú, gur fhoráil údair na gConarthaí, inter alia, sa tríú habairt d’Airteagal 282(3) CFAE, go bhfuil BCE neamhspleách i mbainistiú a chúrsaí airgeadais (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Iúil 2003, An Coimisiún v BCE, C-11/00, EU:C:2003:395, míreanna 130 agus 132).

99

Cé gur fíor nach leagtar síos riail choibhéiseach le Conradh FAE ná leis an bPrótacal ar CEBC agus ar BCE maidir le bainc cheannais náisiúnta, is amhlaidh fós go bhforchuirtear bunchúraimí CEBC, lena n-áirítear, i gcomhréir le hAirteagal 127(2) CFAE agus le hAirteagal 3.1 den Phrótacal sin, sainiú agus cur chun feidhme bheartas airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh, ní hamháin ar BCE ach ar na bainc cheannais náisiúnta trí CEBC (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, An Coimisiún v An tSlóivéin (Cartlann BCE), C-316/19, EU:C:2020:1030, mír 80).

100

D’fhonn a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme bheartas airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh, is cosúil go bhfuil comhdhéanamh cúlchistí ag na bainc cheannais náisiúnta fíor-riachtanach, go háirithe chun bheith in ann aon chaillteanais a thig ó oibríochtaí beartais airgeadaíochta a fhritháireamh agus chun na hoibríochtaí margaidh oscailte dá bhforáiltear in Airteagal 18 den Phrótacal ar CEBC agus ar BCE a mhaoiniú.

101

Sa chomhthéacs sin, maidir le tobhach ar chúlchistí ginearálta bainc cheannais náisiúnta, ar méid é ar dóigh dó difear éifeachtach a dhéanamh dá chumas a chúraimí faoi CEBC a chomhlíonadh go héifeachtach, mar aon le neamhábaltacht na cúlchistí sin a athshlánú go huathrialach, mar gheall ar leithdháileadh córasach a bhrabúis go léir ar aisíoc an damáiste a rinne sé, is tobhach é a chuirfeadh an banc ceannais sin i riocht ina bhfuil sé spleách ar údaráis pholaitiúla an Bhallstáit lena mbaineann sé.

102

Sa chás sin, ionas go mbeidh na cistí is gá aige chun a chúraimí faoi CEBC a chomhlíonadh, beidh sé d’oibleagáid ar an mbanc ceannais comhaontú na n-údarás polaitiúil sin a lorg chun cistiú nó athchaipitliú a fháil.

103

Ar an gcaoi chéanna, ós rud é go bhforchuirfear, sna himthosca sin, oibleagáid dhlíthiúil ar bhanc ceannais náisiúnta iasacht a thógáil amach ó údaráis phoiblí eile sa Bhallstáit, i gcás ina mbeidh foinsí maoinithe atá nasctha le cúlchistí ídithe, an áit a mbeidh air, d’fhonn a bheith in ann a chúraimí faoi CEBC a chomhlíonadh, méid na hiasachta sin agus na coinníollacha a mbeidh sí faoina réir a chaibidliú leis na húdaráis phoiblí sin.

104

Dá bhrí sin, le reachtaíocht amhail an reachtaíocht dá dtagraítear sa tríú ceist, cuirtear an banc ceannais náisiúnta lena mbaineann i staid ina bhféadfadh sé a bheith faoi bhrú polaitiúil, cé go bhféachtar le hAirteagal 130 CFAE agus Airteagal 7 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE dá mhalairt sin ar fad, le CEBC a chaomhnú ó gach brú polaitiúil d’fhonn a chumasú dó na cuspóirí a shanntar dá chúraimí a shaothrú go héifeachtach, trí na cumhachtaí sonracha atá aige chun na críche sin faoin dlí príomha a fheidhmiú go neamhspleách. (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Feabhra 2019, Rimšēvičs agus BCE v an Laitvia, C-202/18 agus C-238/18, EU:C:2019:139, mír 47 agus an cásdlí a luaitear).

105

Bheadh sé difriúil, áfach, dá ráthódh an Ballstát a bhfuil córas dliteanais bunaithe aige dá bhanc ceannais náisiúnta amhail an córas dá dtagraítear sa chéad cheist roimhe sin go mbeadh na cistí is gá ag an mbanc ceannais sin chun go mbeadh sé in ann an cúiteamh a eascraíonn as an scéim sin a íoc, agus fós ag coinneáil a chumas chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus go hiomlán neamhspleách. Sa chás seo, áfach, ní léir ó na doiciméid os comhair na Cúirte gurb é sin an cás.

106

Mar thoradh ar an méid sin roimhe seo, is é an freagra ar an tríú ceist ná nach mór Airteagal 130 CFAE agus Airteagal 7 den Phrótacal maidir le CEBC agus BCE a léirmhíniú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil banc ceannais náisiúnta, ar le CEBC é, faoi dhliteanas i leith damáiste a eascraíonn as cealú ionstraimí airgeadais, de bhun bearta atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24, arna n-ordú ag an mbanc ceannais sin, le haghaidh méid ar dóigh dó difear a dhéanamh dá chumas a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus arna mhaoiniú, in ord tosaíochta, tríd an méid seo a leanas:

na brabúis go léir a rinne an banc ceannais sin ó dháta sonraithe a leithdháileadh ar chúlchistí speisialta;

tobhach ar chúlchistí ginearálta an bhainc ceannais chéanna nach mó ná 50 % de na cúlchistí sin, agus

iasacht le hús ón mBallstát lena mbaineann.

An ceathrú ceist

107

Lena ceathrú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 44 go hAirteagal 52 de Threoir 2006/48 nó Airteagail 53 go 62 de Threoir 2013/36 a léirmhíniú ar chaoi a gciallaíonn go bhfuil na rialacha a leagtar síos leo infheidhme maidir le faisnéis a fhaightear nó a chruthaítear nuair a chuirtear bearta atheagrúcháin chun feidhme, de réir bhrí Threoir 2001/24.

108

Le hAirteagal 44 de Threoir 2006/48 leagadh síos oibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus rúndacht a bhí ina gceangal ar gach duine a bhí ag obair nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla, de réir bhrí na Treorach sin, agus ar na hiniúchóirí agus na saineolaithe arna dtreorú ag na húdaráis inniúla sin.

109

In Airteagal 45 go hAirteagal 52 den Treoir sin, leagadh síos sraith rialacha lena rialaítear úsáid, malartú, tarchur agus nochtadh faisnéise ag na húdaráis inniúla sin.

110

Sonraíodh in Airteagal 4(4) den Treoir sin, chun críocha na Treorach sin, go gciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chumhacht acu le dlí nó le rialachán maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa.

111

Go bunúsach, rinneadh na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 44 de Threoir 2006/48 a atáirgeadh in Airteagal 53 de Threoir 2013/36, lenar aisghaireadh, mar a luaitear in Airteagal 163 de, Treoir 2006/48 le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

112

Leagtar síos in Airteagal 54 go hAirteagal 62 de Threoir 2013/36 na rialacha lena rialaítear úsáid, malartú, tarchur agus nochtadh faisnéise ag na húdaráis inniúla, de réir bhrí na Treorach sin.

113

Sainítear in Airteagal 3(1)(36) den Treoir sin coincheap an ‘údaráis inniúil’ trí thagairt don bhrí a thugtar don choincheap sin in Airteagal 4(1)(40) de Rialachán Uimh. 575/2013, ina dtagraítear d’údarás poiblí a bhfuil sé de chumhacht aige, faoin dlí náisiúnta, maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa faoin gcóras maoirseachta atá sa Bhallstát lena mbaineann.

114

Eascraíonn sé as na forálacha sin go léir go bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 44 go hAirteagal 52 de Threoir 2006/48 agus in Airteagail 53 go 62 de Threoir 2013/36 ar na húdaráis atá údaraithe, leis an dlí náisiúnta, chun maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa.

115

I gcás ina dtugtar d’údarás náisiúnta, le reachtaíocht Ballstáit, ní hamháin an fheidhm sin ach freisin feidhmeanna eile nach gcumhdaítear le Treoir 2006/48 nó Treoir 2013/36, ní féidir oibleagáidí na rúndachta gairmiúla agus na rúndachta a leagtar síos leis na treoracha sin a fhorchur maidir le faisnéis a fhaightear nó a chruthaítear agus na feidhmeanna eile sin á bhfeidhmiú, gan dul thar raon feidhme an chomhchuibhithe a chuirtear i gcrích leis na treoracha sin.

116

Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, ní bheidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagail 44 go 52 de Threoir 2006/48 ná ag Airteagail 53 go 62 de Threoir 2013/36, faoi dhlí AE, ach amháin maidir le faisnéis a fhaightear nó a chruthaítear i bhfeidhmiú na feidhme maoirseachta ar na hinstitiúidí creidmheasa.

117

Ní thagraítear sa cheathrú ceist d’fhaisnéis den sórt sin ach, ar bhonn eisiach, d’fhaisnéis a fuarthas nó a cruthaíodh nuair a cuireadh bearta atheagrúcháin chun feidhme, de réir bhrí Threoir 2001/24, nach gcumhdaítear leis an maoirseacht stuamachta arna rialú ag Treoir 2006/48 agus Treoir 2013/36.

118

É sin ráite, sa dara háit, leagtar síos in Airteagal 33 de Threoir 2001/24 oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil, lena dtagraítear do na rialacha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 30 de Threoir 2000/12.

119

Ní mór an tagairt sin a thuiscint, faoi Airteagal 158(2) de Threoir 2006/48, arna léamh in éineacht leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Treoir sin, agus faoi Airteagal 163 de Threoir 2013/36, arna léamh in éineacht leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, mar thagairt d’Airteagal 44 go hAirteagal 52 de Threoir 2006/48, agus ansin d’Airteagail 53 go 61 de Threoir 2013/36, ag brath ar an dáta atá á bhreithniú.

120

Mar sin féin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 33 de Threoir 2001/24 nach gceanglaítear léi oibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus rúndacht a chomhlíonadh ach amháin maidir le daoine a n-iarrtar orthu faisnéis a fháil nó a nochtadh i gcomhthéacs na nósanna imeachta faisnéise nó comhairliúcháin dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5, 8, 9, 11 agus 19 den Treoir sin.

121

Ina theannta sin, mar is léir ó aithris 6 den Treoir sin, is é cuspóir na Treorach sin córas aitheantais fhrithpháirtigh do bhearta atheagrúcháin a bhunú, gan bheith ag iarraidh an reachtaíocht náisiúnta sa réimse sin a chomhchuibhiú (breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2013, LBI, C-85/12, EU:C:2013:697, mír 39, agus an 19 Iúil 2016, Kotnik agus Páirtithe Eile, C-526/14, EU:C:2016:570, mír 104).

122

Sna himthosca sin, ní mór Airteagal 33 den Treoir sin a léirmhíniú sa chaoi nach bhfuil sé mar thoradh air go ndéantar comhchuibhiú ginearálta ar na rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil agus an rúndacht is infheidhme maidir le hatheagrú na mbanc, trína gcur faoi réir na rialacha is infheidhme i réimse na maoirseachta stuamachta ar institiúidí baincéireachta, ach sa chaoi nach ndéantar foráil leis ach amháin do chur i bhfeidhm na rialacha sin i gcomhthéacs nósanna imeachta faisnéise agus comhairliúcháin idir údaráis inniúla a bhfuil sé d’aidhm acu aitheantas frithpháirteach do bhearta atheagrúcháin a áirithiú.

123

Dá réir sin, ní féidir cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach in Airteagail 44 go 52 de Threoir 2006/48 agus in Airteagail 53 go 61 de Threoir 2013/36 a bheith i gceist le hAirteagal 33 maidir le faisnéis a fuarthas nó a cruthaíodh nuair a cuireadh bearta atheagrúcháin chun feidhme agus nach raibh faoi réir nósanna imeachta faisnéise nó comhairliúcháin de bhun Threoir 2001/24.

124

Dá bhrí sin, is é an freagra atá ar an gceathrú ceist ná nach mór Airteagal 33 de Threoir 2001/24, Airteagail 44 go 52 de Threoir 2006/48 agus Airteagail 53 go 62 de Threoir 2013/36 a léirmhíniú ar chaoi a gciallaíonn nach bhfuil na rialacha a leagtar amach sna hAirteagail sin infheidhme maidir le faisnéis a fhaightear nó a chruthaítear le linn chur chun feidhme beart atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24, nach raibh faoi réir na nósanna imeachta faisnéise nó comhairliúcháin dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5, 8, 9, 11 agus 19 den Treoir sin.

An cúigiú ceist go dtí an t-ochtú ceist

125

I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar an gceathrú ceist, ní gá an cúigiú go dtí an t-ochtú ceist a fhreagairt, ós rud é gur chuir an chúirt a rinne an tarchur iad sa chás go bhfreagrófaí an ceathrú ceist go dearfach.

Costais

126

Ós rud é gur céim sa chaingean atá ar feitheamh os comhair na cúirte náisiúnta iad na himeachtaí sin, is faoin gcúirt sin atá an cinneadh maidir le costais. Níl na costais a thabhaítear le linn barúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór Airteagal 123(1) CFAE agus Airteagal 21.1 den Phrótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, a léirmhíniú sa chiall nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil banc ceannais náisiúnta ar leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais é, faoi dhliteanas, óna chistí dílse, as damáiste a bhain d’iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais a chealaigh sé de bhun bearta atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hinstitiúidí creidmheasa a atheagrú agus a fhoirceannadh, arna n-ordú ag an mbanc ceannais sin, i gcás ina ndealraíonn sé, in imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin, nach raibh gá leis an gcealú sin chun cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú, nó gur bhain caillteanais níos mó do na hiarshealbhóirí ionstraimí airgeadais sin, mar thoradh ar an gcealú sin, ná mar a thabhóidís i gcás fhéimheacht na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann, a mhéid nach bhfuil an banc ceannais sin faoi dhliteanas ach amháin i gcás gur ghníomhaigh sé, nó na daoine a d’údaraigh sé chun gníomhú thar a cheann, agus é nó iad ag déanamh sárú tromchúiseach ar a dhualgas nó a ndualgas díchill.

 

2.

Ní mór Airteagal 123(1) CFAE agus Airteagal 21.1 de Phrótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh a léiriú sa chiall go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil banc ceannais náisiúnta ar le CEBC é faoi dhliteanas, as a chistí féin, laistigh de theorainneacha réamhshocraithe, sa damáiste a bhain d'iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais a chealaigh sé de bhun bearta atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24, arna n-ordú ag an mbanc ceannais sin, ar na coinníollacha seo amháin:

ar an gcéad dul síos, gur daoine nádúrtha iad na hiarshealbhóirí sin a bhfuil ioncam bliantúil acu atá faoi bhun tairsí a leagtar síos leis an reachtaíocht sin, agus

ar an dara dul síos, go staonfaidh na hiarshealbhóirí sin ó chúiteamh a fháil as an damáiste sin trí bhíthin leigheas dlí eile.

 

3.

Ní mór Airteagal 130 CFAE agus Airteagal 7 de Phrótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil banc ceannais náisiúnta, ar leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais é, faoi dhliteanas i leith damáiste a eascraíonn as cealú ionstraimí airgeadais, de bhun bearta atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24, arna n-ordú ag an mbanc ceannais sin, le haghaidh méid ar dóigh dó difear a dhéanamh dá chumas a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus arna mhaoiniú, in ord tosaíochta, tríd an méid seo a leanas:

na brabúis go léir a rinne an banc ceannais sin ó dháta sonraithe a leithdháileadh ar chúlchistí speisialta;

tobhach ar chúlchistí ginearálta an bhainc ceannais chéanna nach mó ná 50 % de na cúlchistí sin, agus

iasacht le hús ón mBallstát lena mbaineann.

 

4.

Ní mór Airteagal 33 de Threoir 2001/24, Airteagail 44 go 52 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus leanúint den ghnó sin, agus Airteagail 53 go 62 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 26 Meitheamh 2013, maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE,

ar léirmhíniú ar chaoi a gciallaíonn:

nach bhfuil na rialacha a leagtar amach sna hAirteagail sin infheidhme maidir le faisnéis a fhaightear nó a cruthaíodh le linn chur chun feidhme beart atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24, nach raibh faoi réir nósanna imeachta faisnéise nó comhairliúcháin dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5, 8, 9, 11 agus 19 den Treoir sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an tSlóivéinis.

Top