Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0512

Cás C-512/21: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 1 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – Aquila Part Prod Com S.A v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 168 – Ceart CBL a asbhaint – Prionsabail na neodrachta cánach, na héifeachtachta agus na comhréireachta – Calaois – Fianaise – Dualgas cúraim an duine inchánach – Breithniú ar shárú oibleagáidí a eascraíonn as forálacha náisiúnta agus as dlí an Aontais a bhaineann le sábháilteacht an bhiashlabhra – Sainordú tugtha ag an duine inchánach do thríú páirtí chun na hidirbheartaarna ngearrtar cáin a dhéanamh – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 47 – Ceart chun triail chóir a fháil)

IO C 35, 30.1.2023, p. 12–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/12


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 1 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – Aquila Part Prod Com S.A v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-512/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 168 - Ceart CBL a asbhaint - Prionsabail na neodrachta cánach, na héifeachtachta agus na comhréireachta - Calaois - Fianaise - Dualgas cúraim an duine inchánach - Breithniú ar shárú oibleagáidí a eascraíonn as forálacha náisiúnta agus as dlí an Aontais a bhaineann le sábháilteacht an bhiashlabhra - Sainordú tugtha ag an duine inchánach do thríú páirtí chun na hidirbheartaarna ngearrtar cáin a dhéanamh - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 47 - Ceart chun triail chóir a fháil)

(2023/C 35/14)

Teanga an cháis: an Ungáiris.

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Aquila Part Prod Com S.A

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina mbeartaíonn an t-údarás cánach ceart a dhiúltú do dhuine inchánach cáin bhreisluacha ionchuir (CBL) a asbhaint ar an bhforas go raibh baint ag an duine inchánach le calaois rothlach CBL, cuirtear cosc ar an údarás cánach sin gan ach a shuíomh go bhfuil an t-idirbheart sin ina chuid de slabhra sonraiscthe ciorclach;

is faoin údarás cánach sin, ar an gcéad dul síos, tuairisc bheacht a thabhairt ar na gnéithe a chomhdhéanann an chalaois agus an t-iompar calaoiseach a chruthú agus, ar an dara dul síos, a shuí go raibh an duine inchánach rannpháirteach go gníomhach sa chalaois sin nó go raibh a fhios aige nó gur cheart go mbeadh a fhios aige go raibh baint ag an idirbheart a rabhthas ag brath air mar bhonn leis an gceart sin leis an gcalaois sin, rud a chiallaíonn nach gá go ndéanfaí na gníomhaithe go léir a bhfuil baint acu leis an gcalaois agus gníomhaíochtaí na bpáirtithe sin faoi seach a shainaithint.

2)

Maidir le Treoir 2006/112,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina ndeir an t-údarás cánach go raibh baint ghníomhach ag an duine inchánach le himghabháil cánach breisluacha d’fhonn an ceart asbhainte a dhiúltú, ní chuirtear cosc ar an údarás cánach sin an diúltú sin a bhunú, sa bhreis air sin nó mar mhalairt air sin, ar fhianaise nach bhfuil an rannpháirtíocht sin cruthaithe léi, ach go bhféadfadh a fhios a bheith ag an duine inchánach sin, trí gach dúthracht chuí a fheidhmiú, go raibh baint ag an idirbheart lena mbaineann leis an gcalaois sin;

ní leor an fhíric go raibh comhaltaí an tslabhra soláthair, a bhfuil an t-idirbheart sin mar chuid de, ar an eolas faoina chéile chun a shuí gur ghlac an duine inchánach páirt sa chalaois.

3)

Maidir le Treoir 2006/112, arna léamh i gcomhar le prionsabal na comhréireachta,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina bhfuil tásca ann as a n-eascraíonn amhras faoi neamhrialtachtaí nó calaois, ní chuirtear cosc ar cheanglas a chur ar an duine inchánach níos mó dúthrachta a fheidhmiú chun a áirithiú nach mbeidh sé rannpháirteach i gcalaois mar gheall ar an idirbheart a dhéanann sé;

ní fhéadfar a cheangal air, áfach, seiceálacha casta críochnúla a dhéanamh, amhail na seiceálacha sin a fhéadfaidh na húdaráis chánach a dhéanamh;

is faoin gcúirt náisiúnta atá sé a chinneadh an bhfuil, i bhfianaise imthosca uile an cháis, dúthracht leordhóthanach léirithe ag an duine inchánach agus an bhfuil na bearta déanta aige a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uaidh le réasún sna himthosca sin.

4)

Maidir le Treoir 2006/112,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc ar an údarás cánach diúltú cead a thabhairt do dhuine inchánach an ceart a fheidhmiú cáin bhreisluacha (CBL) a asbhaint ar an bhforas amháin gur mhainnigh sé na hoibleagáidí a eascraíonn as forálacha náisiúnta nó dlí an Aontais a bhaineann le sábháilteacht an bhiashlabhra a chomhlíonadh;

d’fhéadfadh mainneachtain na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, áfach, a bheith ina toisc amháin, i measc tosca eile, a d’fhéadfadh an t-údarás cánach a chur san áireamh chun a shuíomh gurb ann do chalaois CBL agus rannpháirtíocht an duine inchánach sin sa chalaois sin, fiú in éagmais cinneadh roimh ré ón gcomhlacht riaracháin atá inniúil chun sárú den sórt sin a chinneadh.

5)

Maidir leis an gceart chun triail chóir a fháil, atá cumhdaithe in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc ar an gcúirt a éisteann an t-achomharc in aghaidh chinneadh an údaráis chánach sárú ar na hoibleagáidí sin a chur san áireamh, mar fhianaise gur ann do chalaois chánach breisluacha nó do rannpháirtíocht an duine inchánach sa chalaois sin, más féidir agóid a dhéanamh i gcoinne na fianaise sin agus díospóireacht a dhéanamh uirthi i gcomhpháirt os a comhair.

6)

Maidir le Treoir 2006/112 agus prionsabal na neodrachta cánach,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar chleachtas cánach trína gcuireadh san áireamh, d’fhonn an ceart a shéanadh ar dhuine inchánach asbhaint a dhéanamh ar an bhforas go raibh sé rannpháirteach i gcalaois chánach breisluacha, go raibh ionadaí dlíthiúil ghníomhaire an duine inchánach ar an eolas faoi na fíorais arb ionann iad agus an chalaois sin, beag beann ar na rialacha náisiúnta is infheidhme lena rialaítear an sainordú agus téarmaí na cumhachta aturnae a tugadh i gcrích sa chás seo.


(1)  IO C 471, 22.11.2021.


Top