Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0441

Cás C-441/21 P: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 6 Meitheamh 2024 – Ryanair DAC v an Coimisiún Eorpach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince (Achomharc – Státchabhair – Airteagal 107(3)(b) den CFAE – Scéim chabhrach arna cur in iúl ag Ríocht na Spáinne – Ciste le haghaigh athchaipitliú mar thaca na cuideachtaí straitéiseacha le linn phaindéim COVID-19 – Creat sealadach maidir le bearta státchabhrach – Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach gan agóidí a dhéanamh – Cabhair atá ceaptha chun cur isteach tromchúiseach ar an ngeilleagar a leigheas – Prionsabail na comhréireachta agus neamh-idirdhealaithe – Saoirse bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar)

IO C, C/2024/4432, 22.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4432/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4432/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4432

22.7.2024

Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 6 Meitheamh 2024 – Ryanair DAC v an Coimisiún Eorpach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince

(Cás C-441/21 P)  (1)

(Achomharc - Státchabhair - Airteagal 107(3)(b) den CFAE - Scéim chabhrach arna cur in iúl ag Ríocht na Spáinne - Ciste le haghaigh athchaipitliú mar thaca na cuideachtaí straitéiseacha le linn phaindéim COVID-19 - Creat sealadach maidir le bearta státchabhrach - Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach gan agóidí a dhéanamh - Cabhair atá ceaptha chun cur isteach tromchúiseach ar an ngeilleagar a leigheas - Prionsabail na comhréireachta agus neamh-idirdhealaithe - Saoirse bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar)

(C/2024/4432)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Ryanair DAC (ionadaithe: ar dtús V. Blanc, F.-C. Laprévote, E. Vahida, avocats, I.-G. Metaxas-Maranghidis, dikigoros, D. Pérez de Lamo agus S. Rating, abogados, ansin F.-C. Laprévote, E. Vahida, avocats, I. G. Metaxas-Maranghidis, dikigoros, D. Pérez de Lamo agus S. Rating, abogados)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, S. Noë agus F. Tomat, Gníomhairí), Ríocht na Spáinne (ionadaithe: ar dtús S. Centeno Huerta agus M. I. Herranz Elizalde, ansin A. Gavela Llopis agus I. Herranz Elizalde, Gniomhairí), Poblacht na Fraince (ionadaithe: ar dtús T. Stéhelin agus N. Vincent, ansin T. Stéhelin, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Díbhtear an t-achomharc;

2.

Ordaítear do Ryanair DAC a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.

3.

Ordaítear do Ríocht na Spáinne a costais féin a íoc.


(1)   IO C 382, 20. 9.2021.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4432/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top