This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0409
Case C-409/21: Judgment of the Court (Seventh Chamber) of 1 December 2022 (request for a preliminary ruling from the Varhoven administrativen sad — Bulgaria) — DELID EOOD v Izpalnitelen direktor na Darzhaven fond ‘Zemedelie’ (Reference for a preliminary ruling — Common agricultural policy (CAP) — European Agricultural Fund for Rural Development (EAFRD) funding — Regulation (EU) No 1305/2013 — Investment support — National legislation making the grant of the support conditional upon the person applying for support submitting a certificate of registration of a livestock facility in that person’s name and showing that, on the date of submission of the application, the output of that person’s agricultural holding is equivalent to at least EUR 8 000)
Cás C-409/21: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 1 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – DELID EOOD v Izpalnitelen direktor na Darzhaven fond “Zemedelie” (Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) – Maoiniú ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) – Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 – Cabhair infheistíochta – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear de choinníoll le deonú na tacaíochta go ndéanfaidh an duine a dhéanann iarratas ar thacaíocht deimhniú clárúcháin saoráide beostoic in ainm an duine sin a thíolacadh agus go dtaispeánann sé gur ionann, ar dháta chur isteach an iarratais, aschur ghabháltais talmhaíochta an duine sin agus EUR 8 000 ar a laghad.)

IO C 35, 30.1.2023, p. 11–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/11 |
Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 1 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – DELID EOOD v Izpalnitelen direktor na Darzhaven fond “Zemedelie”
(Cás C-409/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) - Maoiniú ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) - Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 - Cabhair infheistíochta - Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear de choinníoll le deonú na tacaíochta go ndéanfaidh an duine a dhéanann iarratas ar thacaíocht deimhniú clárúcháin saoráide beostoic in ainm an duine sin a thíolacadh agus go dtaispeánann sé gur ionann, ar dháta chur isteach an iarratais, aschur ghabháltais talmhaíochta an duine sin agus EUR 8 000 ar a laghad.)
(2023/C 35/12)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris.
An chúirt a rinne an tarchur
Varhoven administrativen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: DELID EOOD
Cosantóir: Izpalnitelen direktor na Darzhaven fond “Zemedelie”
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear de choinníoll le deonú na tacaíochta dá dtagraítear san fhoráil sin go ndéanfaidh an t-iarratasóir deimhniú clárúcháin saoráide beostoic ina ainm a thíolacadh. |
2) |
Maidir le hAirteagal 17 de Rialachán Uimh. 1305/2013, arna leasú le Rialachán 2017/2393, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear de choinníoll le deonú na tacaíochta dá dtagraítear san fhoráil sin go dtaispeánfaidh an t-iarratasóir gur ionann, ar dháta chur isteach an iarratais, aschur ghabháltais talmhaíochta an duine sin agus EUR 8 000 ar a laghad. |