This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0078
Case C-78/21, PrivatBank and Others: Judgment of the Court (First Chamber) of 2 March 2023 (request for a preliminary ruling from the Administratīvā apgabaltiesa — Latvia) — AS ‘PrivatBank’, A, B, Unimain Holdings Limited v Finanšu un kapitāla tirgus komisija (Reference for a preliminary ruling — Articles 56 and 63 TFEU — Freedom to provide services — Free movement of capital — National measure imposing an obligation on a credit institution to terminate business relationships with non-nationals or no longer to enter into such relationships — Restriction — Article 65(1)(b) TFEU — Justification — Directive (EU) 2015/849 — Prevention of the use of the financial system for the purpose of money laundering and terrorist financing — Proportionality)
Cás C-78/21, PrivatBank agus páirtithe eile: Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Administratīvā apgabaltiesa – an Laitvia) – AS “PrivatBank”, A, B, Unimain Holdings Limited v Finanšu un kapitāla tirgus komisija (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 56 agus Airteagal 63 CFAE – Saoirse chun seirbhísí a sholáthar – Saorghluaiseacht caipitil – Beart náisiúnta lena gceanglaítear ar institiúid chreidmheasa caidreamh gnó a fhoirceannadh nó gan caidreamh den sórt sin a dhéanamh a thuilleadh le neamhnáisiúnaigh – Srian – Airteagal 65(1)(b) CFAE – Údar a thabhairt – Treoir (AE) 2015/849 – Cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta – Comhréireacht)
Cás C-78/21, PrivatBank agus páirtithe eile: Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Administratīvā apgabaltiesa – an Laitvia) – AS “PrivatBank”, A, B, Unimain Holdings Limited v Finanšu un kapitāla tirgus komisija (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 56 agus Airteagal 63 CFAE – Saoirse chun seirbhísí a sholáthar – Saorghluaiseacht caipitil – Beart náisiúnta lena gceanglaítear ar institiúid chreidmheasa caidreamh gnó a fhoirceannadh nó gan caidreamh den sórt sin a dhéanamh a thuilleadh le neamhnáisiúnaigh – Srian – Airteagal 65(1)(b) CFAE – Údar a thabhairt – Treoir (AE) 2015/849 – Cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta – Comhréireacht)
IO C 155, 2.5.2023, p. 6–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
2.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 155/6 |
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Administratīvā apgabaltiesa – an Laitvia) – AS “PrivatBank”, A, B, Unimain Holdings Limited v Finanšu un kapitāla tirgus komisija
(Cás C-78/21 (1), PrivatBank agus páirtithe eile)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 56 agus Airteagal 63 CFAE - Saoirse chun seirbhísí a sholáthar - Saorghluaiseacht caipitil - Beart náisiúnta lena gceanglaítear ar institiúid chreidmheasa caidreamh gnó a fhoirceannadh nó gan caidreamh den sórt sin a dhéanamh a thuilleadh le neamhnáisiúnaigh - Srian - Airteagal 65(1)(b) CFAE - Údar a thabhairt - Treoir (AE) 2015/849 - Cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta - Comhréireacht)
(2023/C 155/08)
Teanga an cháis: an Laitvis
An chúirt a rinne an tarchur
Administratīvā apgabaltiesa
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: AS “PrivatBank”, A, B, Unimain Holdings Limited
Cosantóir: Finanšu un kapitāla tirgus komisija
An chuid oibríochtúil
1) |
Is gluaiseachtaí caipitil de réir bhrí Airteagal 63(1) CFAE iad iasachtaí agus creidmheasanna airgeadais chomh maith le hidirbhearta i gcuntais reatha agus taiscí le hinstitiúidí airgeadais, go háirithe institiúidí creidmheasa. |
2) |
Maidir le hAirteagal 56, an chéad fhomhír, agus le hAirteagal 63(1) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: is srian é beart riaracháin lena dtoirmisceann údarás inniúil Ballstáit, ar thaobh amháin, institiúid chreidmheasa ó chaidreamh gnó a dhéanamh le haon duine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil aon bhaint aige nó aici leis an mBallstát ina bhfuil an institiúid sin bunaithe agus a sháraíonn gluaiseachtaí creidmheasa míosúla méid áirithe agus, ar thaobh eile, lena n-éilíonn údarás inniúil Ballstáit go gcuirfeadh an institiúid sin deireadh le caidreamh gnó den sórt sin nuair a bhunaítear é tar éis an beart sin a ghlacadh ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, de réir bhrí an chéad cheann de na forálacha seo, mar aon le srian ar ghluaiseacht chaipitil, de réir bhrí an dara ceann de na forálacha seo. |
3) |
Maidir le hAirteagal 56, an chéad fhomhír, agus le hAirteagal 63(1) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chuirtear bac leo ar bheart riaracháin lena dtoirmisceann údarás inniúil Ballstáit, ar thaobh amháin, institiúid chreidmheasa ó chaidreamh gnó a dhéanamh le haon duine nádúrtha nach bhfuil aon bhaint aige nó aici leis an mBallstát ina bhfuil an institiúid sin agus a bhfuil a ghluaiseachtaí creidmheasa míosúla os cionn EUR 15 000, nó le haon duine dlítheanach nach mbaineann a ghníomhaíocht eacnamaíoch leis an mBallstát sin agus a bhfuil a ghluaiseachtaí creidmheasa míosúla os cionn EUR 50 000, agus, ar thaobh eile, lena n-éilíonn údarás inniúil Ballstáit go gcuirfeadh an institiúid sin deireadh le caidreamh gnó den sórt sin nuair a bhunaítear é tar éis an beart sin a ghlacadh, ar choinníoll go bhfuil bonn cirt leis an mbeart riaracháin sin, ar an gcéad dul síos, mar chuspóir chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc nó mar bheart bunriachtanach atá dírithe ar ghníomhú i gcoinne sáruithe ar dhlíthe náisiúnta agus ar rialacháin náisiúnta maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí airgeadais nó mar bheart a bhfuil údar maith leis ar chúiseanna a bhaineann le beartas poiblí, dá dtagraítear in Airteagal 65(1)(b) CFAE, ar an dara dul síos, iomchuí chun baint amach na gcuspóirí sin a ráthú, ar an tríú dul síos, a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus, ar an gceathrú dul síos, nach ndéantar difear rómhór leis an mbeirt sin do na cearta agus na leasanna atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 56 agus Airteagal 63 CFAE, a bhaineann an institiúid chreidmheasa lena mbaineann agus a custaiméirí tairbhe as. |