EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0700

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Meitheamh 20.
London Steam-Ship Owners’ Mutual Insurance Association Limited v Kingdom of Spain.
Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus tráchtála – Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 – Breithiúnas arna eisiúint i mBallstát eile a aithint – Cúiseanna le haithint a dhiúltú – Airteagal 34(3) – Breithiúnas atá bunoscionn le breithiúnas arna eisiúint roimhe sin idir na páirtithe céanna sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint – Coinníollacha – Na forálacha bunúsacha agus na cuspóirí bunúsacha atá ag Rialachán Uimh. 44/2001 a urramú le breithiúnas arna thabhairt roimhe sin lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána – Airteagal 34(1) – Aithint atá contrártha go follasach le beartas poiblí an Stáit ina n‑iarrtar an aithint – Coinníollacha.
Cás C-700/20.

Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:488

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

20 Meitheamh 2022 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus tráchtála – Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 – Breithiúnas arna eisiúint i mBallstát eile a aithint – Cúiseanna le haithint a dhiúltú – Airteagal 34(3) – Breithiúnas atá bunoscionn le breithiúnas arna eisiúint roimhe sin idir na páirtithe céanna sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint – Coinníollacha – Na forálacha bunúsacha agus na cuspóirí bunúsacha atá ag Rialachán Uimh. 44/2001 a urramú le breithiúnas arna thabhairt roimhe sin lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána – Airteagal 34(1) – Aithint atá contrártha go follasach le beartas poiblí an Stáit ina n‑iarrtar an aithint – Coinníollacha)

I gCás C‑700/20,

iarraidh ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón High Court of Justice (England & Wales), Queen’s Bench Division (Commercial Court) [an Ard-Chúirt Bhreithiúnais (Sasana agus an Bhreatain Bheag), Rannán Bhinse na Banríona (Dlísheomra Tráchtála), an Ríocht Aontaithe] trí bhreith an 21 Nollaig 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 22 Nollaig 2020, sna himeachtaí idir

London Steam-Ship Owners’ Mutual Insurance Association Limited

agus

Ríocht na Spáinne,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

comhdhéanta de K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, I. Jarukaitis agus N. Jääskinen, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.-C. Bonichot, M. Safjan (Raportéir), A. Kumin, M. L. Arastey Sahún, M. Gavalec, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. M. Collins,

Cláraitheoir: C. Strömholm, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteachta an 31 Eanáir 2022,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        London Steam-Ship Owners’ Mutual Insurance Association Limited ag A. Song agus M. Volikas, Solicitors, A. Thompson agus C. Tan, Barristers, C. Hancock agus T. de la Mare, QC,

–        Rialtas na Ríochta Aontaithe, ag L. Baxter, B. Kennelly agus F. Shibli, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller, U. Bartl agus M. Hellmann, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Spáinne, ag S. Centeno Huerta, A. Gavela Llopis, S. Jiménez García agus M. J. Ruiz Sánchez, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Fraince, ag A. Daniel agus A.-L. Desjonquères, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna agus S. Żyrek, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hEilvéise, ag M. Schöll, i gcáil Gníomhaire,

–        an Coimisiún Eorpach, ag C. Ladenburger, X. Lewis agus S. Noë, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 5 Bealtaine 2022,

an Breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léirmhíniú Airteagal 1(2)(d) agus Airteagal 34(1) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2001 L 12, lch. 1).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir London Steam-Ship Owners’ Mutual Association Limited (“London P&I Club”) agus Ríocht na Spáinne maidir le breithiúnas arna thabhairt ag cúirt de chuid na Spáinne a aithint sa Ríocht Aontaithe.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Rialachán Uimh. 44/2001

3        Foráiltear mar seo a leanas in Aithris 16 de Rialachán 44/2001:

“Tugtar údar leis na breithiúnais arna n‑eisiúint ag Ballstát a aithint trí bhíthin feidhmiú dlí i ngeall ar an muinín fhrithpháirteach atá ann i leith riar an cheartais san Aontas gan gá a bheith ann le haon nós imeachta speisialta chuige sin, ach amháin i gcásanna cuir i gcoinne.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 1(1) agus (2) den Rialachán sin:

“1.      Beidh feidhm leis an Rialachán seo in ábhair shibhialta agus tráchtála, beag beann ar chineál na cúirte nó an bhinse. Ní bheidh baint aige le cúrsaí ioncaim, custaim ná riaracháin.

2.      Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

[...]

(d)      eadráin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foroinntear i ndeich mír Caibidil II de Rialachán Uimh. 44/2001, dar teideal “Dlínse”:

6        Baineann Roinn 3 den chaibidil sin le dlínse in ábhair a bhaineann le hárachas.

7        Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 13 den Rialachán sin mar chuid den Roinn sin:

“Ní fhéadfar maolú d’fhorálacha na Roinne seo ach amháin trí bhíthin comhaontuithe:

[...]

(5) a bhaineann le conradh árachais a mhéid atá ceann amháin nó níos mó de na rioscaí a liostaítear in Airteagal 14 cumhdaithe leis.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        De réir Airteagal 14 den Rialachán sin, a n‑áirítear chomh maith sa Roinn sin:

“Seo a leanas na rioscaí dá dtagraítear i bpointe 5 d’Airteagal 13:

(1) damáiste ar bith:

(a)       do longa farraige, do shuiteálacha amach ón gcósta nó ar an mórmhuir, nó d’aerárthaí, de dhroim teagmhais a bhaineann lena n‑úsáid chun críoch tráchtála;

[...]

(2)       aon dliteanas, seachas dliteanas i leith díobháil choirp do phaisinéirí nó i leith cailleadh nó damáiste a bhaint dá mbagáiste,

(a)       a thig as úsáid nó oibriú long, suiteálacha nó aerárthaí dá dtagraítear i bpointe 1(a) sa mhéid, maidir le haerárthaí, nach gcuireann dlí an Bhallstáit ina bhfuil na haerárthaí sin cláraithe toirmeasc le comhaontuithe ar dhlínse a mhéid a bhaineann le hárachú na rioscaí sin;

[...]”

9        Baineann Roinn 7 de Chaibidil II le dlínse a iarchur agus áirítear, inter alia, Airteagal 23 de Rialachán Uimh. 44/2001 inti, ina bhforáiltear i mír 1:

“Más rud é gur shocraigh na páirtithe, a bhfuil duine acu ar a laghad lonnaithe i gcríoch Bhallstáit, go mbeidh dlínse ag cúirt nó ag cúirteanna de chuid Ballstáit díospóidí atá tagtha chun cinn nó atá le teacht chun cinn maidir le caidreamh dlí cinnte a réiteach, beidh dlínse ag an gcúirt nó ag na cúirteanna den Bhallstát sin. Beidh an dlínse sin eisiach mura rud é go mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe. Ní foláir do chomhaontú den sórt sin lena ndeonaítear dlínse:

(a)       a bheith i scríbhinn nó arna fhianú i scríbhinn, nó

(b)       a bheith i bhfoirm atá de réir na gcleachtas a bheidh bunaithe ag na páirtithe eatarthu féin, nó

(c)       i dtrádáil nó tráchtáil idirnáisiúnta, a bheith i bhfoirm atá de réir gnáthaimh ar a bhfuil eolas nó ar cheart go mbeadh eolas ag na páirtithe agus a bhfuil cur amach go forleathan air sa trádáil nó sa tráchtáil sin agus a leantar go rialta i measc páirtithe i gconarthaí den saghas a bhaineann leis an trádáil nó an tráchtáil áirithe atá i gceist.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Áirítear Airteagal 27 den Rialachán sin, inter alia, i Roinn 9 de Chaibidil II, a bhaineann le lis pendens agus caingne gaolmhara, ina bhforáiltear:

“1.      I gcás ina ndéanfar imeachtaí leis an gcúis chéanna chaingne agus idir na páirtithe céanna a thionscnamh i gcúirteanna de chuid Ballstát éagsúil, déanfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí, uaithi féin, go dtí go suífear dlínse na chéad chúirte ar tugadh os a comhair iad.

2.      I gcás ina suitear dlínse na chéad chúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair, déanfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

11      Áirítear Airteagail 32 go 56 den Rialachán sin i gCaibidil III de Rialachán Uimh. 44/2001, dar teideal “Aithint agus forghníomhú”.

12      Foráiltear le hAirteagal 32 den Rialachán sin:

“Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘breithiúnas’ aon bhreithiúnas a thugann cúirt nó binse de chuid Ballstáit, cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas, lena n‑áirítear foraithne, ordú, breith nó eascaire ar fhorghníomhú, mar aon le breith ar chostais nó ar chaiteachas arna mbreith ag oifigeach den chúirt.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

13      De réir Airteagal 33 den Rialachán sin:

“1.      Gheobhaidh breithiúnas a tugadh i mBallstát aithint sna Ballstáit eile gan gá a bheith le haon nós imeachta speisialta chuige sin.

2.      Aon pháirtí leasmhar a thabharfaidh aithint breithiúnais faoi thrácht mar phríomh-shaincheist i gconspóid, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i Ranna 2 agus 3 den Chaibidil seo, chun go ndéanfar an breithiúnas sin a aithint.

3.      Má tá toradh imeachtaí i gcúirt de chuid Ballstáit ag brath ar cheist theagmhasach maidir le haithint a chinneadh, beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

14      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 34 den Rialachán sin:

“Ní aithneofar breithiúnas:

(1)      más léir go bhfuil an aithint sin contrártha leis an mbeartas poiblí sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint;

[...]

(3)      má bhíonn sé bunoscionn le breithiúnas a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint;

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

15      Seo a leanas foclaíocht Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001:

“1.      Ina theannta sin, ní aithneofar breithiúnas má bhíonn sé contrártha le Roinn 3, 4 nó 6 de Chaibidil II, ná sa chás dá bhforáiltear in Airteagal 72.

2.      Nuair a bheidh na forais dlínse dá dtagraítear sa mhír roimhe seo faoi bhreithniú aige nó aici, beidh an t‑údarás nó an chúirt a ndearnadh an t‑iarratas léi faoi cheangal ag na cinntí fíorais a rinne cúirt an Stáit tionscnaimh a dlínse a bhunú orthu.

3.      Gan dochar d’fhorálacha mhír 1, ní fhéadfar grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlínse chúirteanna an Bhallstáit tionscnaimh. Ní fhéadfar an tástáil a dhéanfar ar an mbeartas poiblí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) a chur i bhfeidhm ar na rialacha a bhaineann le dlínse.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

16      Faoi Airteagal 43(1) den Rialachán sin:

“Féadfaidh ceachtar den dá pháirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais maidir leis an iarratas ar dhearbhú infhorfheidhmitheachta.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012

17      Rinneadh Rialachán Uimh. 44/2001 a chúlghairm agus a ionadú le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012, L 351, lch. 1).

18      Seo a leanas foclaíocht Aithris 12 de Rialachán Uimh. 1215/2012:

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le headráin. Níor cheart go gcuirfeadh aon ní sa Rialachán seo bac ar chúirteanna Ballstáit, agus caingean os a gcomhair i gcás ina mbeadh comhaontú eadrána déanta idir na páirtithe, ó na páirtithe sin a chur chun eadrána, ó bhac a chur ar na himeachtaí nó na himeachtaí a dhíbheadh, nó ó fhéachaint an bhfuil an comhaontú eadrána ar neamhní, neamhoibríoch nó nach féidir é a fheidhmiú, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

Rialú a thabharfaidh cúirt de chuid Ballstáit i dtaobh an bhfuil comhaontú eadrána ar neamhní, neamhoibríoch nó nach féidir é a chur i bhfeidhm, níor cheart go mbeadh sé faoi réir na rialacha maidir le haithint agus forghníomhú a leagtar síos sa Rialachán seo, is cuma ar chinn an chúirt ar an gceist sin mar phríomh-shaincheist nó mar cheist theagmhasach.

Ar an lámh eile, i gcás ina mbeidh sé cinntithe ag cúirt de chuid Ballstáit, agus í ag feidhmiú dlínse faoin Rialachán seo nó faoin dlí náisiúnta, go bhfuil comhaontú eadrána ar neamhní, neamhoibríoch nó nach féidir é a fheidhmiú, níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar bhreithiúnas na cúirte sin maidir le substaint an ábhair ó bheith aitheanta nó, de réir mar a bheidh, ó bheith forghníomhaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar d’inniúlacht chúirteanna na mBallstát breith a thabhairt maidir le haithint agus forghníomhú dámhachtainí eadrána i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Dámhachtainí Eadrána Coigríche a Aithint agus a Fhorghníomhú, arna dhéanamh i Nua Eabhrac an 10 Meitheamh 1958 [Coinbhinsiún Nua Eabhrac 1958], ar coinbhinsiún é a bhfuil tosaíocht aige ar an Rialachán seo.

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon chaingean nó aon imeachtaí coimhdeacha a bhaineann, go háirithe, le binse eadrána a chur ar bun, le cumhachtaí eadránaithe, le nós imeachta eadrána a sheoladh nó le haon ghné eile de nós imeachta den sórt sin, ná a bhaineann le haon chaingean nó aon bhreithiúnas a bhaineann le dámhachtain eadrána a neamhniú, a athbhreithniú, a achomharc, a aithint nó a fhorghníomhú.”

19      De réir Airteagal 73(2) den Rialachán sin:

“Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Choinbhinsiún Nua Eabhrac 1958.”

 Dlí na Ríochta Aontaithe

20      Foráiltear le hAlt 66 den Arbitration Act 1996 (Acht Eadrána 1996), dar teideal “Forghníomhú na dámhachtana”:

“(1)      Féadfar dámhachtain a dhéanfaidh an binse [eadrána] de bhun chomhaontú eadrána a fhorghníomhnú, le cead na cúirte, ar an modh céanna le breithiúnas nó ordú ón gcúirt leis an éifeacht chéanna.

(2)      Sa chás ina dtabharfar cead amhlaidh, d’fhéadfaí breithiúnas a eisiúint lena n‑athdhearbhófar téarmaí na dámhachtana.

(3)      Ní fhéadfaí cead chun dámhachtain a fhorghníomhnú a thabhairt sa chás ina léireoidh agus sa mhéid an duine nach mór í a fhorghníomhú ina choinne nach raibh dlínse shubstainteach ag an mbinse eadrána leis an dámhachtain a dhéanamh. D’fhéadfadh sé gur cailleadh an ceart chun agóid den sórt sin a dhéanamh (féach Alt 73).

(4)      Ní dhéanfar difear don dámhachtain a aithint nó a fhorghníomhú de réir dlí nó riail dlí eile le haon fhoráil den Alt seo, go háirithe faoi Chuid II den Acht Eadrána, 1950 (Dámhachtainí a fhorghníomhú faoi Choinbhinsiún na Ginéive) nó faoi fhorálacha Chuid III den Acht seo maidir le haithint agus forghníomhú faoi Choinbhinsiún Nua-Eabhrac [1958] nó faoi réir caingean i leith na dámhachtana.”

21      Leagtar amach na coinníollacha faoina bhféadfaidh na páirtithe sna himeachtaí eadrána agóid a dhéanamh i gcoinne dhlínse an bhinse eadrána, dlíthiúlacht na n‑imeachtaí agus tuillteanais na dámhachtana in Ailt 67 go 72 den Acht sin.

22      Foráiltear le hAlt 73 den Acht sin, dar teideal “cailleadh an chirt chun agóid a dhéanamh”:

“(1)      Sa chás ina nglacfadh páirtí in imeachtaí eadrána páirt nó ina leanann sé air de pháirt a ghlacadh sna himeachtaí gan agóid a dhéanamh, láithreach nó faoin teorainn ama dá bhforáiltear sa chomhaontú dámhachtana nó ag an mbinse eadrána nó ag foráil den Chuid seo den Acht:

(a)      nach bhfuil dlínse shubstainteach ag an mbinse eadrána,

(b)      gur seoladh na himeachtaí go míchuí;

(c)      nár comhlíonadh an comhaontú eadrána nó aon fhoráil den Chuid seo den Acht, nó

(d)      go ndearnadh difear don bhinse eadrána nó do na himeachtaí de dheasca neamhrialtacht eile a dhéanamh,

ní fhéadfaidh sé an agóid sin a dhéanamh ina dhiaidh sin os comhair an bhinse nó os comhair na cúirte mura léireoidh sé nach raibh forais na hagóide ar eolas aige, tráth a ghlac sé páirt sna himeachtaí nó ar lean sé de pháirt a ghlacadh sna himeachtaí, agus nach bhféadfadh sé le dúthracht réasúnta eolas a fháil orthu.

(2)      Sa chás ina rialóidh binse eadrána go bhfuil dlínse shubstainteach aige agus nach ndéanfaidh páirtí, a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar an gcinneadh sin

(a)      le nós imeachta eadrána achomhairc nó athbhreithnithe a thionscnamh, nó

(b)      le dámhachtain a cheistiú,

a leithéid nó nach ndearna sé a leithéid faoin teorainn ama arna fhorchur le comhaontú eadrána nó le foráil dá bhforáiltear leis an gcuid seo den Acht, ní fhéadfaidh sé cur i gcoinne dhlínse shubstainteach an bhinse ar aon fhoras ab ábhar leis an mbreithiúnas sin.”

 Dlí na Spáinne

23      Leagtar seo a leanas amach in Airteagal 117 den Código Penal (Cód Coiriúil, “Cód Coiriúil na Spáinne”):

“Gan dochar dá cheart gnóthaithe ón duine lena mbaineann, dlifear go díreach faoin dlí sibhialta, suas le teorainn an chúitimh a bhunófar de réir dlí nó a chomhaontófar de réir choinbhinsiúin, de na hárachóirí a bhfuil riosca dliteanais airgid glactha acu, ar riosca é a thiocfaidh as úsáid nó leas a bhaint as maoin, as tionscal, as gnóthas nó as gníomhaíocht, sa chás ina dtarlóidh teagmhas a fhreagraíonn don riosca a bhfuarthas árachas ina aghaidh de dheasca teagmhas arna fhoráil sa Chód seo.”

 Fíorais na bpríomhimeachtaí agus na ceisteanna arna tarchur chun réamhrialú

24      I ndiaidh dhul faoi uisce an tancaera ola Prestige amach ó chósta na Spáinne i Samhain 2002, rud ba chúis le damáiste suntasach don chomhshaol ar chósta na Spáinne agus ar chósta na Fraince, cuireadh tús le himscrúdú coiriúil sa Spáinn ag deireadh 2002 i gcoinne, inter alia, chaptaen na loinge sin.

25      Ag deireadh an imscrúdaithe sin, tarchuireadh an cás chuig Audiencia Provincial de A Coruña (Cúirt Chúige, La Coruña, an Spáinn) agus, mar chuid de na himeachtaí coiriúla, thionscain roinnt daoine dlíthiúla, lena n‑áirítear Stát na Spáinne, imeachtaí sibhialta in aghaidh chaptaen an Prestige, úinéirí an Prestige agus, ar bhonn Airteagal 117 de Chód Coiriúil na Spáinne lena bhforáiltear do chaingean dhíreach, i gcoinne London P&I Club, lena raibh dliteanas na loinge agus dliteanas a n‑úinéirí faoi árachas. Cé go raibh suim airgid curtha i dtaisce ag London P&I Club cheana féin an 16 Meitheamh 2003 le cúirteanna coiriúla na Spáinne ar tugadh an cás os a gcomhair mar chúiteamh ar an damáiste a d’fhéadfadh a bheith déanta de dheasca an long a dhul faoi uisce, ní raibh London P&I club i láthair sna himeachtaí sin.

26      An 16 Eanáir 2012, is é sin le rá, agus tús curtha leis na himeachtaí sibhialta sin, thionscain London P&I Club imeachtaí eadrána i Londain [(an Ríocht Aontaithe)] ag lorg dearbhú go ndlitear ar Ríocht na Spáinne a cuid éileamh faoi Airteagal 117 de Chód Coiriúil na Spáinne a thíolacadh mar chuid den eadráin sin, de bhun an chlásail eadrána sa chonradh árachais a cuireadh i gcrích le húinéirí an Prestige. D’iarr London P&I Club dearbhú freisin nach bhféadfadh sé a bheith freagrach do Ríocht na Spáinne i leith na n‑éileamh sin toisc gur sonraíodh sa chonradh árachais, de réir an chlásail “pay to be paid” (íoc le bheith íoctha), nach mór don árachaí an cúiteamh atá dlite a íoc leis an íospartach ar dtús sula bhféadfadh sé suim an chúitimh a ghnóthú ón árachóir. Níor ghlac Ríocht na Spáinne páirt sna himeachtaí eadrána, cé gur thug an binse eadrána cuireadh dó.

27      Le dámhachtain an 13 Feabhra 2013, chinn an binse eadrána go raibh feidhm ag dlí Shasana maidir leis an gconradh ós éilimh de chineál conarthach faoin dlí idirnáisiúnta príobháideach Sasanach iad na héilimh ó Ríocht na Spáinne. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh Ríocht na Spáinne brath, de réir an bhinse eadrána, ar chearta conarthacha na n‑úinéirí gan an clásal eadrána agus an clásal “pay to be paid” a urramú. Bhain an binse eadrána de thátal as sin nár mhór na héilimh ar chúiteamh arna ndéanamh ag Ríocht na Spáinne os comhair chúirteanna na Spáinne a bheith déanta i gcomhthéacs na headrána i Londain, nach bhféadfadh London P&I Club a bheith faoi dhliteanas i leith Ríocht na Spáinne mura n‑íocfadh na húinéirí na damáistí don long le Ríocht na Spáinne roimh ré, agus nach bhféadfaí gur sia an méid a dhlitear ná 1 bhilliún dollar Meiriceánach (USD) (thart ar EUR 900 000 000) in aon chás.

28      I Márta 2013, thug London P&I Club cás os comhair an High Court of Justice (England & Wales), Queen’s Bench Division (Commercial Court) [an Ard-Chúirt Bhreithiúnais (Sasana agus an Bhreatain Bheag), Rannán Bhinse na Banríona (Dlísheomra Tráchtála), an Ríocht Aontaithe] de bhun Alt 66(1) agus (2) den Acht Eadrána, 1996, chun cead a fháil d’fhorghníomhú na dámhachtana eadrána mar a fhorghníomhaítear breithiúnas nó ordú, agus breithiúnas a eisiúint ina n‑athdhearbhaítear téarmaí na dámhachtana sin. Chuir Ríocht na Spáinne i gcoinne an iarratais sin agus d’iarr sí ar an gcúirt a tugadh na himeachtaí os a comhair an dámhachtain sin a neamhniú nó a dhearbhú go bhfuil sí neamhéifeachtach, ar bhonn Alt 67 nó Alt 72 den Acht Eadrána, 1996. D’áitigh Ríocht na Spáinne chomh maith go raibh ar an gcúirt sin diúltú, i bhfeidhmiú a lánrogha, do bhreithiúnas a eisiúint ina n‑athdhearbhaítear téarmaí na dámhachtana sin.

29      Le hordú an 22 Deireadh Fómhair 2013 i ndiaidh éisteacht inar tíolacadh fianaise fhíorasach agus inar éisteadh saineolaithe i ndlí na Spáinne, cheadaigh an High Court of Justice (England & Wales), Queen’s Bench Division (Commercial Court) [an Ard-Chúirt Bhreithiúnais (Sasana agus an Bhreatain Bheag), Rannán Bhinse na Banríona (Dlísheomra Tráchtála)], do London P&I Club dámhachtain eadrána an 13 Feabhra 2013 a fhorghníomhú. An 22 Deireadh Fómhair 2013, thug sé breithiúnas inar athdhearbhaíodh téarmaí na dámhachtana sin.

30      Rinne Ríocht na Spáinne achomharc i gcoinne an ordaithe sin os comhair an Court of Appeal (England & Wales) (Civil Division) [Cúirt Achomhairc (Sasana agus an Bhreatain Bheag) (Rannán Sibhialta), an Ríocht Aontaithe]. Le breithiúnas an 1 Aibreán 2015, rinne an chúirt sin an t‑achomharc a dhíbhe.

31      Le breithiúnas an 13 Samhain 2013 a tugadh i gcomhthéacs na n‑imeachtaí coiriúla a tugadh os comhair chúirteanna na Spáinne, d’éigiontaigh Audiencia Provincial de A Coruña (an Chúirt Chúige, La Coruña) captaen an Prestige i gcionta comhshaoil, ciontaíodh é mar gheall ar neamhghéilleadh tromchúiseach don údarás agus rialaigh sé nach ndlifear faoin dlí sibhialta den duine lena mbaineann i leith an damáiste a tharla de bharr doirteadh breosla, in éagmais naisc idir an cion neamhghéillte agus na damáistí sin. Níor rialaigh sé ar dhliteanas sibhialta úinéirí an Prestige nó London P&I Club.

32      Thaisc roinnt páirtithe achomharc ar phointe dlí i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair an Tribunal Supremo (Cúirt Uachtarach, an Spáinn). Le breithiúnas an 14 Eanáir 2016, d’éigiontaigh an chúirt sin captaen an Prestige sa chion maidir le neamhghéilleadh tromchúiseach don údarás ach ciontaíodh é sa chion faillí in aghaidh an chomhshaoil. Maidir leis an gcaingean shibhialta, dhearbhaigh sé dliteanas sibhialta chaptaen an Prestige, úinéirí na loinge sin agus, de bhun Airteagal 117 de Chód Coiriúil na Spáinne, London P&I Club faoi réir na huasteorann conarthaí arna socrú ag USD 1 bhilliún don cheann deireanach. Ar deireadh, tharchuir sí an cás ar ais chuig Audiencia Provincial de A Coruña (An Chúirt Chúige, La Coruña) le méid leithdháilte na ndamáistí a bhí dlite ó na cosantóirí mar chuid den nós imeachta Spáinneach a shocrú.

33      Le breithiúnas an 15 Samhain 2017, a ceartaíodh an 11 Eanáir 2018, dhearbhaigh Audiencia Provincial de A Coruña (Cúirt Chúige, la Coruña) dliteanas sibhialta chaptaen agus úinéirí an Prestige agus London P&I Club i leith níos mó ná 200 páirtí ar leith, lena n‑áirítear Stát na Spáinne, faoi réir na huasteorann conarthaí arna socrú ag USD 1 bhilliún maidir le London P&I Club. Tar éis achomharc ar phointe dlí i gcoinne an bhreithiúnais sin, daingníodh é go bunúsach le breithiúnas ón Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) an 19 Nollaig 2018.

34      Le hordú forghníomhaithe an 1 Márta 2019, shocraigh Audiencia Provincial de A Coruña (An Chúirt Chúige, La Coruña) na suimeanna a raibh gach iarratasóir i dteideal a éileamh ó na cosantóirí faoi seach. Chinn sí, inter alia, go raibh na cosantóirí sin faoi dhliteanas do Stát na Spáinne i leith shuim EUR 2.3 billiún faoi réir uasteorainn shuim EUR 855 mhilliún, maidir le London P&I Club.

35      An 25 Márta 2019, rinne Ríocht na Spáinne iarratas leis an High Court of Justice (England & Wales), Queen’s Bench Division (Commercial Court) [an Ard-Chúirt Bhreithiúnais (Sasana agus an Bhreatain Bheag), Rannán Bhinse na Banríona] ar bhonn Airteagal 33 de Rialachán Uimh. 44/2001, chun go ndéanfaí ordú forghníomhaithe an 1 Márta 2019 a aithint sa Ríocht Aontaithe. Ghlac an chúirt sin leis an iarratas sin le hordú an 28 Bealtaine 2019.

36      An 26 Meitheamh 2019, rinne London P&I Club achomharc i gcoinne an ordaithe sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur de bhun Airteagal 43 de Rialachán Uimh. 44/2001.

37      Mar thaca lena achomharc, d’áitigh London P&I Club, ar an gcéad dul síos, go bhfuil ordú forghníomhaithe an 1 Márta 2019 bunoscionn, de réir bhrí Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001, le hordú agus le breithiúnas an 22 Deireadh Fómhair 2013 a thug an Court of Appeal (England & Wales) (Civil Division) [An Chúirt Achomhairc (Sasana agus an Bhreatain Bheag) (Rannán Sibhialta)] an 1 Aibreán 2015. Ar an dara dul síos, agus in aon chás, d’áitigh sé, agus é ag brath ar Airteagal 34(1) den Rialachán sin, go mbeadh aithint nó forghníomhú an ordaithe forghníomhaithe sin contrártha go follasach leis an mbeartas poiblí, go háirithe i bhfianaise an phrionsabail maidir le res judicata.

38      D’iarr Ríocht na Spáinne go ndiúltófaí don achomharc.

39      Measann an chúirt a rinne an tarchur go n-ardaítear ceisteanna sa chás sna príomhimeachtaí, ar an gcéad dul síos, i dtaobh an bhféadfaí caitheamh mar “b[h]reithiúnas”, de réir bhrí Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001, le breithiúnas faoi Alt 66 den Acht Eadrána, 1996, i gcás nár éist an chúirt sin féin an díospóid shubstainteach iomlán a chinn an binse eadrána. Ar an dara dul síos, tá sí in amhras an féidir fós brath ar bhreithiúnas nach dtagann faoi raon feidhme ábhartha an Rialacháin sin mar gheall ar an eisceacht eadrána dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(d) den Rialachán sin chun aithint agus forghníomhú breithiúnais de chuid Ballstáit eile a chosc, ar bhonn Airteagal 34(3) den Rialachán sin. Ar an tríú dul síos, fiafraíonn an chúirt sin, ag glacadh leis nach bhfuil feidhm ag Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001, an gceadaítear le hAirteagal 34(1) den Rialachán sin diúltú do bhreithiúnas den sórt sin a aithint agus a fhorghníomhú ar an bhforas go ndéanann sé sárú ar fheidhm res judicata a ghabhann le dámhachtain eadrána roimhe sin nó le breithiúnas ina n-athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana den sórt sin.

40      Sna himthosca sin, chinn an High Court of Justice (England & Wales), Queen’s Bench Division (Commercial Court) [an Ard-Chúirt Bhreithiúnais (Sasana agus an Bhreatain Bheag), Rannán Bhinse na Banríona (Dlísheomra Tráchtála)], bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte le haghaidh réamhrialú:

“1)      An bhféadfadh breithiúnas arna thabhairt faoi Alt 66 den Acht Eadrána, 1996 a bheith ina “b[h]reithiúnas” ábhartha de chuid Ballstáit ina n‑iarrtar aithint chun críocha Airteagal 34(3) de Rialachán [Uimh. 44/2001] i bhfianaise chineál na gceisteanna atá le breithniú ag an gcúirt náisiúnta d’fhonn a chinneadh an dtabharfaidh sí breithiúnas lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána de bhun Airteagal 66 den Acht Eadrána, 1996?

2)      Ós breithiúnas nach dtagann faoi raon feidhme ábhartha Rialachán Uimh. 44/2001, toisc an eisceacht eadrána dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(d), é breithiúnas lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána, amhail an breithiúnas arna thabhairt de bhun Alt 66 den Acht Eadrána, 1996, an bhféadfadh a leithéid de bhreithiúnas a bheith ina “b[h]reithiúnas” ábhartha de chuid an Bhallstáit ina n‑iarrtar aithint chun críocha Airteagal 34(3) den Rialachán [sin]?

“3)      Sa chás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 agus ina bhfuil aithint nó forghníomhú breithiúnas Ballstáit eile contrártha leis an mbeartas poiblí intíre ar an bhforas go sáraítear an prionsabal res judicata leis an mbreithiúnas sin toisc dámhachtain eadrána intíre roimh ré nó breithiúnas arna thabhairt roimh ré i dtéarmaí na dámhachtana arna heisiúint ag cúirt an Bhallstáit ina n‑iarrtar an aithint, an bhfuil sé incheadaithe brath ar Airteagal 34(1) de Rialachán Uimh. 44/2001 mar fhoras chun diúltú don aithint nó don fhorghníomhú nó an bhforáiltear go huileghabhálach in Airteagal 34(3) agus (4) den Rialachán sin do na forais ar a bhféadfaí bac a chur ar aithint nó forghníomhú breithiúnais de réir bhrí an Rialacháin sin le res judicata agus/nó leis an gcineál do-réitithe?”

 Na ceisteanna arna dtarchur i gcomhair réamhrialú

 An chéad cheist agus an dara ceist

41      Trína céad agus a dara ceist, ar ceart iad a scrúdú le chéile, is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 a léirmhíniú amhail go bhféadfadh breithiúnas arna thabhairt ag cúirt de chuid Ballstáit lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána a bheith ina bhreithiúnas de réir bhrí na forála sin, breithiúnas lena gcuirtear bac ar chinneadh arna dhéanamh ag cúirt i mBallstát eile a aithint sa Bhallstát sin sa chás ina bhfuil an dá bhreithiúnas sin bunoscionn lena chéile.

42      Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt chun cuimhne, a mhéid a dhéantar Rialachán Uimh. 44/2001 a aisghairm agus Rialachán Uimh. 1215/2012 a chur ina ionad, agus gur tháinig an chéad cheann in ionad Choinbhinsiún an 27 Meán Fómhair 1968 ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 1972 L 299, lch. 32), arna leasú le coinbhinsiúin leanúnacha maidir le haontachas na mBallstát nua leis an gCoinbhinsiún sin, beidh feidhm chomh maith ag an léiriú a sholáthraíonn an Chúirt maidir le forálacha ceann de na hionstraimí dlí sin maidir leis na cinn eile i gcás ina bhféadfar a mheas go bhfuil na forálacha sin coibhéiseach lena chéile (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Iúil 2021, Volvo agus páirtithe eile, C‑30/20, EU:C:2021:604, mír 28).

43      Is amhlaidh sin le hAirteagal 1(2)(d) den dá Rialachán sin agus Airteagal 1(4) den Choinbhinsiún sin, lena n-eisiatar eadráin óna raon feidhme.

44      Tá eadráin as an áireamh ina hiomláine mar ábhar anseo, lena n‑áirítear imeachtaí arna dtabhairt os comhair na gcúirteanna náisiúnta (breithiúnas an 25 Iúil 1991, Rich, C‑190/89, EU:C:1991:319, mír 18).

45      Tugtar le tuiscint uaidh sin go dtagann an nós imeachta um dhámhachtain eadrána a aithint agus a fhorghníomhú ní faoi Rialachán Uimh. 44/2001 ach faoin dlí náisiúnta agus faoin dlí idirnáisiúnta is infheidhme sa Bhallstát ina n‑iarrtar an aithint agus an forghníomhú sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Bealtaine 2015, Gazprom, C‑536/13, EU:C:2015:316, mír 41).

46      Ar an dul céanna, cuirtear i dtreis feasta in aithris 12 de Rialachán Uimh. 1215/2012 nach bhfuil feidhm ag an Rialachán sin maidir le caingean nó breithiúnas a bhaineann le dámhachtain eadrána a aithint nó a fhorghníomhú.

47      Tugtar le tuiscint uaidh sin go dtagann breithiúnas lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána faoi Airteagal 1(2)(d) de Rialachán Uimh. 44/2001 lena leagtar amach nach mbeidh feidhm aige maidir le headráin agus, uime sin, nach bhfuil aithint fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus saorchúrsaíocht laistigh de limistéar breithiúnach an Aontais ag dul dó i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

48      Dá ainneoin sin, féadfar caitheamh lena leithéid de bhreithiúnas mar bhreithiúnas, de réir bhrí Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001.

49      Chuige sin, ar an gcéad dul síos, tugtar le tuiscint ón sainmhíniú leathan ar an gcoincheap “breithiúnas” a thugtar in Airteagal 32 de Rialachán Uimh. 44/2001 go bhfuil gach breithiúnas arna thabhairt ag cúirt nó binse de chuid Ballstáit cumhdaithe leis an gcoincheap sin, gan aon idirdhealú a bheith le déanamh ar bhonn inneachar an bhreithiúnais lena mbaineann, ar choinníoll go raibh sé, nó go bhféadfadh sé a bheith, ina ábhar imscrúdaithe inter partes sa Bhallstát tionscnaimh (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Aibreán 2022, H Limited, C‑568/20, EU:C:2022:264, míreanna 24 agus 26 agus an cásdlí dá dtagraítear). Thairis sin, tá feidhm ag an sainmhíniú leathan sin maidir le forálacha an Rialacháin sin go léir ina n‑úsáidtear an téarma sin, go háirithe i gcás Airteagal 34(3) den Rialachán sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 2 Meitheamh 1994, Solo Kleinmotoren, C‑414/92, EU:C:1994:221, mír 20).

50      Tagann an léirmhíniú sin ar choincheap an “b[h]reithiúna[i]s” a leagtar amach in Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 le cuspóir na forála sin, eadhon, sláine an dlíchórais intíre de chuid Ballstáit a chosaint agus a ráthú nach gcuirtear as dá smacht reachta toisc go ndlitear air breithiúnas a tugadh i mBallstát eile atá bunoscionn le breithiúnas arna thabhairt ag a chúirteanna féin, i gcaingean idir na páirtithe céanna, a aithint (féach, de réir analaí, breithiúnas an 2 Meitheamh 1994, Solo Kleinmotoren, C‑414/92, EU:C:1994:221, mír 21).

51      Ar an dara dul síos, is léir ó chásdlí na Cúirte nach gcuirtear cosc ar bhreithiúnas teacht faoi réim Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 agus, uime sin, ar bhac a chur ar bhreithiúnas arna thabhairt i mBallstát eile lena bhfuil sé bunoscionn a aithint, toisc ábhar a bheith eisiata ó raon feidhme an Rialacháin sin.

52      Mar sin, mheas an Chúirt, inter alia, go raibh breithiúnas ó chúirt de chuid Ballstáit inar iarradh an aithint nár tháinig faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin dá dtagraítear i mír 42 den bhreithiúnas seo ó tharla gur bhain sé le stádas daoine nádúrtha, bunoscionn le breithiúnas a tugadh i mBallstát eile, ós iarmhairtí dlíthiúla comheisiatacha a bhí ag gabháil leis an dá bhreithiúnas sin (breithiúnas an 4 Feabhra 1988, Hoffmann, 145/86, EU:C:1988:61, mír 25).

53      Uime sin, is féidir le breithiúnas a tugadh i mBallstát lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána a bheith ina bhreithiúnas, de réir bhrí Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001, ar breithiúnas é lena gcuirtear bac, sa Bhallstát sin, ar bhreithiúnas arna thabhairt ag cúirt i mBallstát eile a aithint sa chás ina bhfuil an dá bhreithiúnas sin bunoscionn lena chéile.

54      Ní hionann an cás, áfach, inar glacadh an dámhachtain eadrána a n‑athdhearbhaítear a cuid téarmaí leis an mbreithiúnas sin in imthosca nár ceadaíodh breithiúnas breithiúnach a thagann faoina raon feidhme a bheith glactha, i gcomhréir le forálacha agus cuspóirí bunúsacha an Rialacháin sin.

55      Chuige sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, agus léirmhíniú á dhéanamh ar fhoráil de dhlí an Aontais, gur gá a chur san áireamh ní hamháin a foclaíocht ach an comhthéacs ina bhfuil sí agus cuspóirí na rialacha ar cuid díobh í. Uime sin, ar mhaithe le freagra a thabhairt ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist a tarchuireadh chun réamhrialú, ní mór féachaint d’fhoclaíocht agus do chuspóir Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 amháin, do chomhthéacs na forála sin agus do na cuspóirí go léir a shaothraítear leis an Rialachán sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Bealtaine 2010, TNT Express Nederland, C‑533/08, EU:C:2010:243, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

56      Léirítear na cuspóirí sin sna prionsabail is bonn leis an gcomhar breithiúnach in ábhair shibhialta laistigh den Aontas, amhail prionsabal shaorghluaiseacht na mbreithiúnas in ábhair shibhialta, prionsabal intuarthacht na gcúirteanna a bhfuil dlínse acu agus, uime sin, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla do dhlíthithe, prionsabal riar cuí an cheartais, an prionsabal maidir le himeachtaí comhthráthacha a íoslaghdú, agus prionsabal na muiníne frithpháirtí sa cheartas (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Bealtaine 2010, TNT Express Nederland, C‑533/08, EU:C:2010:243, mír 49 agus breithiúnas an 19 Nollaig 2013, Nipponka Insurance, C‑452/12, EU:C:2013:858, mír 36).

57      Ní mór a rá chomh maith nach bhfuil cinntí arna dtabhairt ag binsí eadrána ná cinntí breithiúnacha lena n‑athdhearbhaítear a gcuid téarmaí cuimsithe le muinín fhrithpháirteach i riar an cheartais san Aontas, rud is bunús, de réir aithris 16 de Rialachán Uimh. 44/2001, leis na rialacha dá bhforáiltear leis an Rialachán sin maidir le breithiúnais bhreithiúnacha a aithint.

58      Tugtar le tuiscint uaidh sin nach féidir le héifeachtaí i gcomhthéacs Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 a bheith ag dámhachtain eadrána trí bhíthin breithiúnas lena n‑athdhearbhaítear a cuid téarmaí ach amháin mura sáraítear an ceart chun leighis éifeachtaigh arna ráthú in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Bealtaine 2016, Meroni, C‑559/14, EU:C:2016:349, mír 44) agus má chuirtear ar chumas léi na cuspóirí i ndáil le saorghluaiseacht na gcinntí in ábhair shibhialta agus muinín fhrithpháirteach i riar an cheartais san Aontas a bhaint amach faoi choinníollacha atá ar a laghad chomh fabhrach céanna is atá na coinníollacha as siocair an Rialacháin sin a chur i bhfeidhm (féach, de réir analaí, breithiúnas an 4 Bealtaine 2010, TNT Express Nederland, C‑533/08, EU:C:2010:243, mír 55 agus breithiúnas an 19 Nollaig 2013, Nipponka Insurance, C‑452/12, EU:C:2013:858, mír 38).

59      Sa chás seo, is fíor nach bhféadfadh inneachar na dámhachtana eadrána atá i gceist sna príomhimeachtaí a bheith ina ábhar do bhreithiúnas breithiúnach a thagann faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 44/2001 gan dhá riail bhunúsacha den Rialachán sin a shárú, maidir le, ar thaobh amháin, éifeacht choibhneasta clásail eadrána a cuireadh i gconradh árachais agus, ar an taobh eile, lis pendens.

60      Ar thaobh amháin, maidir leis an éifeacht choibhneasta atá ag clásal eadrána arna chur i gconradh árachais, is léir ó chásdlí na Cúirte nach féidir clásal maidir le rogha cúirte arna chomhaontú idir árachóir agus árachaí a agairt i gcoinne íospartach an damáiste árachaithe ar mian leis, i gcás ina gceadaítear amhlaidh faoin dlí naisiúnta, caingean dhíreach a thabhairt a bhaineann le tort, míghníomh nó samhail mhíghnímh, os comhair na gcúirteanna san áit inar tharla an teagmhas díobhálach, nó os comhair binse san áit ina bhfuil sainchónaí air (breithiúnas an 13 Iúil 2017, Assens Havn, C‑368/16, EU:C:2017:546, míreanna 31 agus 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

61      Tugtar le tuiscint uaidh sin, ionas nach ndéanfar sárú ar cheart an íospartaigh sin, nach bhféadfadh cúirt eile seachas an chúirt ar tugadh an chaingean dhíreach os a comhair cheana a dhearbhú go bhfuil dlínse aici de bhun clásal eadrána dá leithéid, d’fhonn an cuspóir arna shaothrú le Rialachán Uimh. 44/2001 a bhaint amach, eadhon, íospartaigh damáiste a chosaint ar an árachóir lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Iúil 2017, Assens Havn, C‑368/16, EU:C:2017:546, míreanna 36 agus 41).

62      Chuirfí as don chuspóir maidir le híospartaigh damáiste a chosaint dá bhféadfaí caitheamh mar “b[h]reithiúnas a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna sa Bhallstát ina n-iarrtar an aithint”, de réir bhrí Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001, breithiúnas lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána lenar dhearbhaigh binse eadrána go raibh dlínse aici de bhun clásal eadrána dá leithéid arna chur sa chonradh árachais lena mbaineann.

63      Go deimhin, mar a léiríonn imthosca an cháis sna príomhimeachtaí, d’fhéadfaí cúiteamh éifeachtach as an damáiste arna fhulaingt a shéanadh don íospartach dá nglacfaí leis go bhféadfadh a leithéid de bhreithiúnas bac a chur ar aithint breithiúnais arna thabhairt i mBallstát eile sna sála ar chaingean dhíreach le haghaidh damáistí arna tionscnamh ag an íospartach.

64      Ar an taobh eile, maidir le lis pendens, is léir ón ordú tarchuir go raibh imeachtaí ar feitheamh cheana féin os comhair chúirteanna na Spáinne idir, inter alia, Stát na Spáinne agus London P&I Club ar an dáta ar tionscnaíodh na himeachtaí eadrána, eadhon, an 16 Eanáir 2012.

65      Thairis sin, is léir ón gcomhad ar a bhfuil fáil ag an gCúirt gur tugadh fógra faoi na caingne sibhialta ba chúis leis na himeachtaí os comhair chúirteanna na Spáinne do London P&I Club i Meitheamh 2011 agus gur thug an t‑eadránaí aonair cuireadh do Ríocht na Spáinne páirt a ghlacadh sna himeachtaí eadrána arna dtionscnamh ag London P&I Club i Londain.

66      Ó tharla go bhfuil “iarratais... idir na páirtithe céanna” i gceist le hAirteagal 27(1) de Rialachán Uimh. 44/2001, gan gá dóibh páirt éifeachtach a ghlacadh sna himeachtaí lena mbaineann, ní mór a mheas go raibh na páirtithe céanna bainteach leis na himeachtaí dá dtagraítear i mír 64 den bhreithiúnas seo (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2017, Merck, C‑231/16, EU:C:2017:771, míreanna 31 agus 32).

67      Ar deireadh, tá an chúis chéanna chaingne ag na himeachtaí sin, eadhon, an dliteanas a d’fhéadfadh a bheith ag London P&I Club i leith Stát na Spáinne, faoin gconradh árachais a tugadh i gcrích idir London P&I Club agus úinéirí an Prestige, as na ndamáistí a rinneadh de dheasca an Prestige a dhul faoi uisce.

68      Chuige sin, agus léirmhíniú á thabhairt aici ar Airteagal 27(1) de Rialachán Uimh. 44/2001, rialaigh an Chúirt go bhfuil an chúis chaingne chéanna ag iarratas i gcomhair rialú go bhfuil an cosantóir faoi dhliteanas as damáiste agus a ordú dó na damáistí a íoc agus atá ag caingean arna tabhairt ag an gcosantóir le haghaidh dearbhú nach bhfuil sé faoi dhliteanais i leith an damáiste sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Nollaig 2013, Nipponka Insurance, C‑452/12, EU:C:2013:858, mír 42, agus breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Schlömp, C‑467/16, EU:C:2017:993, mír 51). Sa chás seo, ba é cuspóir na n‑imeachtaí sibhialta a tionscnaíodh sa Spáinn, inter alia, London P&I Club a chur faoi dhliteanas sa Bhallstát sin, agus ba é cuspóir na n‑imeachtaí eadrána a thionscain London P&I Club i Londain dearbhú diúltach a fháil maidir leis an dliteanas céanna sin.

69      Is éard atá i gceist lena leithéid d’imthosca ná cás lis pendens, ar cás é, i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán Uimh. 44/2001, ina gcuireann aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh an cás os a comhair bac ar na himeachtaí uaithi féin go dtí go suífear dlínse na chéad chúirte ar tugadh os a comhair é agus ansin, ar dheimhniú dhlínse na chéad chúirte ar tugadh an cás os a comhair, ina ndiúltaíonn aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh an cás os a comhair dlínse i bhfabhar na cúirte sin.

70      Mar a cuireadh i dtreis i mír 56 den bhreithiúnas seo, tá íoslaghdú riosca na n-imeachtaí comhthráthacha ar cuspóir é, a shaothraítear leis an bhforáil sin, ar ceann de na cuspóirí agus na prionsabail is bun leis an gcomhar breithiúnach in ábhair shibhialta laistigh den Aontas Eorpach.

71      Is faoin gcúirt nó binse ar os a comhair nó os a chomhair a tugadh an cás, ionas go dtabharfaí breithiúnas lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána, atá sé a fhíorú go bhfuil idir na forálacha bunúsacha agus na cuspóirí bunúsacha atá le Rialachán Uimh. 44/2001 á n-urramú ar mhaithe le cosc a chur leis go dtiocfaí timpeall orthu, amhail dá dtiocfaí timpeall orthu le himeachtaí eadrána a chur i gcrích atá contrártha leis an éifeacht choibhneasta atá ag clásal eadrána a chuirtear i gconradh árachais agus leis na rialacha maidir le lis pendens dá bhforáiltear in Airteagal 27 den Rialachán sin araon. Is léir ón gcomhad ar a bhfuil fáil ag an gCúirt agus ón bplé ag an éisteacht nár fíoraíodh a leithéid os comhair an High Court of Justice (England & Wales), Queen’s Bench Division (Commercial Court) [Ard-Chúirt Bhreithiúnais (Sasana agus an Bhreatain Bheag), Rannán Bhinse na Banríona (an Chúirt Tráchtála)], ná os comhair an Court of Appeal (England & Wales) (Civil Division) [Chúirt Achomhairc (Sasana agus an Bhreatain Bheag) (Rannán Sibhialta)] agus nach ndearna ceachtar den dá chúirt sin tarchur chun réamhrialú chuig an gCúirt faoi Airteagal 267 CFAE ach an oiread.

72      In imthosca den sórt sin, ní féidir le breithiúnas ina n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána, amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí, bac a chur, faoi Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001, ar bhreithiúnas a tugadh i mBallstát eile a aithint.

73      I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, ní mór a thabhairt mar fhreagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist go gcaithfear Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 a léirmhíniú amhail nach breithiúnas de réir bhrí na forála sin é breithiúnas arna thabhairt ag cúirt nó binse de chuid Ballstáit lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána, sa chás nach bhféadfadh cúirt nó binse de chuid an Bhallstáit sin breithiúnas a thabhairt, arbh ionann a thoradh agus toradh na dámhachtana sin, gan forálacha bunúsacha agus cuspóirí bunúsacha an Rialacháin sin a shárú, go háirithe maidir leis an éifeacht choibhneasta atá ag clásal eadrána a áirítear i gconradh árachais agus maidir leis na rialacha i ndáil le lis pendens a leagtar amach in Airteagal 27 de, agus, sa chás sin, nach féidir leis an mbreithiúnas sin bac a chur, sa Bhallstát sin, ar bhreithiúnas arna thabhairt ag cúirt nó ag binse de chuid Ballstát eile a aithint.

 An tríú ceist

74      Lena tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 34(1) de Rialachán Uimh. 44/2001 a léirmhíniú amhail, sa chás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 34(3) den Rialachán sin maidir le breithiúnas lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána, go bhféadfar diúltú do bhreithiúnas a tugadh i mBallstát eile a aithint nó a fhorghníomhú toisc go bhfuil sé contrártha leis an mbeartas poiblí, ar an bhforas gur sáraíodh an éifeacht res judicata a ghabhann leis an mbreithiúnas sin.

75      Chuige sin, tugtar le tuiscint ón bhfreagra ar an gcéad dá cheist, sa chás seo, nach bhfuil feidhm ag Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 44/2001 maidir leis an mbreithiúnas dá dtagraítear i mír 29 den bhreithiúnas seo, de bharr gur cuireadh clabhsúr leis na himeachtaí eadrána ina ndearnadh an dámhachtain a deimhníodh leis an mbreithiúnas sin de shárú ar na rialacha maidir le lis pendens dá bhforáiltear in Airteagal 27 den Rialachán sin agus ar an éifeacht choibhneasta atá ag clásal eadrána arna chur sa chonradh árachais lena mbaineann.

76      Sna himthosca sin, ní féidir a mheas gur sáraíodh an beartas poiblí sa Ríocht Aontaithe ar an bhforas gur líomhnaíodh go raibh ordú forghníomhaithe an 1 Márta 2019, dá dtagraítear i mír 34 den bhreithiúnas seo, ina shárú ar an mbreithiúnas sin, ar ordú é a rinneadh in imeachtaí nár cuireadh san áireamh sa bhreithiúnas sin féin.

77      De réir chásdlí na Cúirte, in aon chás, ní mór léirmhíniú docht a dhéanamh ar Airteagal 34(1) de Rialachán Uimh. 44/2001 a mhéid a chuirtear bac ar cheann de chuspóirí bunúsacha an Rialacháin sin a bhaint amach leis. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí brath air ach amháin i gcásanna eisceachtúla (breithiúnas an 25 Bealtaine 2016, Meroni, C‑559/14, EU:C:2016:349, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

78      Chinn an Chúirt cheana féin go bhfuil cosc ar choincheap an bheartais phoiblí a ardú sa chás inarb í an cheist atá ann ná an bhfuil breithiúnas ó thír eachtrannach i gcomhréir le breithiúnas náisiúnta (breithiúnas an 4 Feabhra 1988, Hoffmann, 145/86, EU:C:1988:61, mír 21).

79      Go deimhin, mar atá tugtha faoi deara ag an Abhcóide Ginearálta i mír 77 dá Thuairim agus ag Rialtas na Fraince, bhí sé i gceist ag reachtas an Aontais an cheist maidir le res judicata a ghabhann le breithiúnas arna thabhairt roimhe sin a rialáil go huileghabhálach agus, go háirithe, cé acu an bhfuil an cinneadh atá le haithint bunoscionn leis an mbreithiúnas a tugadh roimhe sin trí bhíthin Airteagal 34(3) agus (4) de Rialachán Uimh. 44/2001, lena bhfágfaí, mar sin, nach féidir dul i muinín na heisceachta maidir le beartas poiblí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Rialachán sin ina leith sin.

80      I bhfianaise an méid go léir roimhe seo, is é an freagra atá le tabhairt ar an tríú ceist ná go gcaithfear Airteagal 34(1) de Rialachán Uimh. 44/2001 a léirmhíniú amhail, sa chás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 34(3) den Rialachán sin maidir le breithiúnas lena n‑athdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána, nach féidir diúltú d’aithint nó d’fhorghníomhú breithiúnais a tugadh i mBallstát eile toisc go bhfuil sé contrártha leis an mbeartas poiblí ar an bhforas go mbeadh sé ina shárú ar an éifeacht res judicata a ghabhann leis an mbreithiúnas sin.

 Costais

81      Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Ní mór Airteagal 34(3) de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a léirmhíniú amhail nach breithiúnas de réir bhrí na forála sin breithiúnas arna thabhairt ag cúirt nó binse de chuid Ballstáit lena nathdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána, sa chás nach bhféadfadh cúirt nó binse de chuid an Bhallstáit sin breithiúnas a thabhairt, arbh ionann a thoradh agus toradh na dámhachtana sin, gan forálacha bunúsacha agus cuspóirí bunúsacha an Rialacháin sin a shárú, go háirithe maidir leis an éifeacht choibhneasta atá ag clásal eadrána a áirítear i gconradh árachais agus maidir leis na rialacha i ndáil le lis pendens a leagtar amach in Airteagal 27 de, agus, sa chás sin, nach féidir leis an mbreithiúnas sin bac a chur, sa Bhallstát sin, ar bhreithiúnas arna thabhairt ag cúirt nó ag binse de chuid Ballstát eile a aithint.

2.      Ní mór Airteagal 34(1) de Rialachán Uimh. 44/2001 a léirmhíniú amhail, sa chás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 34(3) den Rialachán sin maidir le breithiúnas lena nathdhearbhaítear téarmaí dámhachtana eadrána, nach féidir diúltú d’aithint nó d’fhorghníomhú breithiúnais a tugadh i mBallstát eile toisc go bhfuil sé contrártha leis an mbeartas poiblí ar an bhforas go mbeadh sé ina shárú ar an éifeacht res judicata a ghabhann leis an mbreithiúnas sin.

Sínithe:


*      * Teanga an cháis: an Béarla.

Top