EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0673

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Meitheamh 9.
EP v Préfet du Gers agus Institut national de la statistique et des études économiques (INSEE).
Tarchur chun réamhrialú – Saoránacht an Aontais – Náisiúnach den Ríocht Aontaithe a bhfuil cónaí air i mBallstát – Airteagal 9 CAE – Airteagail 20 agus 22 CFAE – an ceart chun vótála agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe – Airteagal 50 CAE – Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach – Iarmhairtí ar Bhallstát a tharraingt siar ón Aontas – Baint den rolla toghthóirí sa Bhallstát cónaithe – Airteagail 39 agus 40 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Bailíocht Chinneadh (AE) 2020/135.
Cás C-673/20.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:449

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

9 Meitheamh 2022 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Saoránacht an Aontais – Náisiúnach den Ríocht Aontaithe a bhfuil cónaí air i mBallstát – Airteagal 9 CAE – Airteagail 20 agus 22 CFAE – an ceart chun vótála agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe – Airteagal 50 CAE – Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach – Iarmhairtí ar Bhallstát a tharraingt siar ón Aontas – Baint den rolla toghthóirí sa Bhallstát cónaithe – Airteagail 39 agus 40 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Bailíocht Chinneadh (AE) 2020/135)

I gCás C-673/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Tribunal judiciaire d’Auch (Cúirt Auch, an Fhrainc), trí bhreith an 17 Samhain 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 9 Nollaig 2020, sna himeachtaí idir

EP

agus

Préfet du Gers,

Institut national de la statistique et des études économiques (INSEE),

idiragraí:

Maire de Thoux,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra)

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, S. Rodin, N. Jääskinen (Rapóirtéir), I. Ziemele agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, F. Biltgen, P.G. Xuereb, N. Piçarra, L.S.Rossi, N.Wahl agus D.Gratsias, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A.M. Collins,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        EP, ag J. Fouchet agus J.-N. Caubet-Hilloutou, avocats,

–        Rialtas na Fraince, ag A.-L. Desjonquères, D. Dubois agus T. Stéhelin, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Rómáine, ag E. Gane agus A. Wellman, i gcáil Gníomhairí,

–        Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag J. Ciantar, R. Meyer agus M. Bauer, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag E. Montaguti, H. Krämer, C. Giolito agus A. Spina, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 24 Feabhra 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo le léirmhíniú Airteagal 50 CAE, Airteagail 18, 20 agus 21 CFAE, Airteagail 39 agus 40 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), Airteagail 2, 3, 10, 12 agus 127 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 2020 L 29, lch. 7), a glacadh an 17 Deireadh Fómhair 2019 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020 (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus le bailíocht an chomhaontaithe sin.

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir EP, náisiúnach de chuid na Ríochta Aontaithe a bhfuil cónaí uirthi, ón mbliain 1984, sa Fhrainc, agus Préfet du Gers, (Maor Contae, Gers, an Fhrainc) agus an Institut national de la statistique et des études économiques (INSEE, an Institiúid Náisiúnta Staidrimh agus Staidéir Eacnamaíochta), maidir le EP a bhaint de na rollaí toghthóirí sa Fhrainc agus maidir leis an diúltú í a chur ar ais ar rolla na dtoghthóirí forlíontacha lena mbaineann.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Conarthaí CAE agus CFAE

3        Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 9 CAE:

“Is saoránach den Aontas é gach náisiúnach de Bhallstát. Beidh saoránacht an Aontais ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad. ”

4        Foráiltear le h’Airteagal 50 CAE:

“1.      Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla féin, tarraingt siar ón Aontas.

2.      Déanfaidh Ballstát a chinnfidh tarraingt siar fógra faoina intinn a chur chuig an gComhairle Eorpach. I bhfianaise na dtreoirlínte ón gComhairle Eorpach, rachaidh an tAontas Eorpach i mbun caibidlíochta agus tabharfaidh sé comhaontú i gcrích leis an Stát sin, ina leagfar amach na socruithe dá tharraingt siar, ag féachaint don chreat dá ghaolmhaireacht sa todhchaí leis an Aontas. Déanfar an Comhaontú sin a chaibidil i gcomhréir le hAirteagal 218(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, an comhaontú sin a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais.

3.      Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an mBallstát i dtrácht ó dháta an comhaontú um tharraingt siar a theacht i bhfeidhm nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 2, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an mBallstát i dtrácht, an tréimhse sin a fhadú.

[...] ”

5        Luaitear an méid seo a leanas sa chéad mhír d’Airteagal 18 CFAE:

“Laistigh de raon feidhme na gConarthaí, agus gan dochar d'aon fhorálacha speisialta iontu, toirmiscfear aon idirdhealú de bhíthin náisiúntachta.”

6        De réir Airteagal 20 CFAE:

“1.      “ Tionscnaítear leis seo saoránacht den Aontas. Is saoránach den Aontas é gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige. Beidh saoránacht an Aontais ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad.

2.      Beidh ag saoránaigh an Aontais na cearta dá bhforáiltear sna Conarthaí, agus beidh siad faoi réir na ndualgas dá bhforáiltear iontu. Beidh acu, inter alia:

[...]

b)      an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn siad, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin ”

7        Foráiltear le hAirteagal 21(1) CFAE:

“ Beidh an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna forálacha arna nglacadh lena gcur chun feidhme. ”

8        Foráiltear mar a leanas in Airteagal 22 CFAE:

“1.      Beidh ag gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach de é an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. [...]

2.      [...] [B]eidh ag gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach de é an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. [...] ”

 An Chairt

9        Foráiltear le h’Airteagal 39(1) den Chairt, dar teideal “An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa” mar a leanas:

“ Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina gcónaíonn sé nó sí, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. ”

10      Faoi Airteagal 40 den Chairt, dar teideal “An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha”:

“Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn sé nó sí, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. ”

 An Comhaontú um Tharraingt Siar

11      Rinneadh an Comhaontú um Tharraingt Siar a fhormheas thar ceann an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (CEFA) le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 (IO 2020 L 29, lch. 1).

12      Luaitear an méid seo a leanas sa cheathrú, sa séú agus san ochtú fomhír den bhrollach a ghabhann leis an gcomhaontú sin:

“Á mheabhrú dóibh, de bhun Airteagal 50 CAE, i gcomhar le hAirteagal 106a de Chonradh Euratom, agus faoi réir na socruithe a leagtar síos sa Chomhaontú seo, go scoirfidh dlí uile an Aontais agus Euratom d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe ón dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm,

[...]

Á aithint dóibh gur gá cosaint chómhalartach a sholáthar do shaoránaigh den Aontas agus do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, agus dá mbaill teaghlaigh féin, i gcás ina mbeidh cearta saorghluaiseachta feidhmithe acu faoi dháta a leagtar síos sa Chomhaontú seo, agus chun a áirithiú go mbeidh a gcearta faoin gComhaontú seo in‐fhorfheidhmithe agus bunaithe ar phrionsabal an neamh‐idirdhealaithe; á aithint dóibh freisin gur cheart cearta a eascraíonn ó thréimhsí árachais slándála sóisialta a chosaint,

[...]

Ós rud é go bhfuil sé ar leas an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon idirthréimhse nó tréimhse cur chun feidhme a chinneadh inar cheart – d’ainneoin gach iarmharta a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus go háirithe, ar an dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, scor shainorduithe chomhaltaí uile na n‐institiúidí, na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais a ainmníodh, a ceapadh nó a toghadh i dtaca le comhaltas na Ríochta Aontaithe san Aontas – ba cheart dlí an Aontais, lena n‐áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta, a bheith infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, agus, de riail ghinearálta, chun na héifeachta céanna i dtaca leis na Ballstáit, chun go seachnófar suaitheadh sa tréimhse ina ndéanfar an comhaontú/na comhaontuithe maidir leis an gcaidreamh sa todhchaí a chaibidliú ”

13      Cuimsíonn an chéad chuid den chomhaontú sin, dar teideal “Forálacha coiteanna”, Airteagail 1 go 8. De réir Airteagal 2(c) go (e) den chomhaontú sin:

“Chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

c)      ciallaíonn “Saoránach den Aontas” aon duine ag a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit;

d)      ciallaíonn “náisiúnach den Ríocht Aontaithe” náisiúnach den Ríocht Aontaithe, mar a shainmhínítear sa Dearbhú Nua ó Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann an 31 Nollaig 1982 maidir leis an sainmhíniú ar an téarma “náisiúnaigh” (1), agus i nDearbhú Uimh. 63 atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na comhdhála idir-rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin [...];

e)      ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 126 ”.

14      Cuimsíonn an dara cuid den chomhaontú sin, dar teideal “Cearta na Saoránach”, Airteagail 9 go 39. Foráiltear le hAirteagal 9(c) agus (d) den chomhaontú sin:

“Chun críocha na Coda seo, agus gan dochar do Theideal III, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

c)      ciallaíonn “Stát óstach”:

i)      maidir le saoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh, an Ríocht Aontaithe, má d’fheidhmigh siad a gceart chun cónaí sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus má leanann siad de bheith ina gcónaí inti dá éis sin;

ii)      maidir le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe agus a mbaill teaghlaigh, an Ballstát inar fheidhmigh siad a gceart chun cónaí i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a leanfaidh siad de bheith ina gcónaí ann dá éis sin;

d)      ciallaíonn “Stát oibre”:

i)      maidir le saoránaigh den Aontas, an Ríocht Aontaithe, má shaothraigh siad gníomhaíocht eacnamaíoch mar oibrithe trasteorann inti roimh dheireadh na hidirthréimhse agus má leanann siad dá saothrú dá éis sin;

ii)      maidir le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, Ballstát ina ndearna siad gníomhaíocht eacnamaíoch a shaothrú mar oibrithe trasteorann roimh dheireadh na hidirthréimhse agus ina leanfaidh siad dá saothrú dá éis sin ”.

15      Foráiltear le hAirteagal 10 den chomhaontú sin, dar teideal “Raon feidhme pearsanta”:

“1.      Gan dochar do Theideal III, beidh feidhm ag an gCuid seo maidir leis na daoine a leanas:

a)      saoránaigh den Aontas a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a leanann de bheith ina gcónaí ansin dá éis sin;

b)      náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí i mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a leanann de bheith ina gcónaí ann dá éis sin;

[...]”

16      Foráiltear mar a leanas in Airteagal 12 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, dar teideal “Neamh‐idirdhealú”:

“ Laistigh de raon feidhme na Coda seo, agus gan dochar d’aon fhorálacha speisialta atá inti, toirmiscfear aon idirdhealú ar fhorais náisiúntachta de réir bhrí na chéad fhomhíre d’Airteagal 18 CFAE sa Stát óstach agus sa Stát oibre i leith na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 10 den Chomhaontú seo. ”

17      Is in Airteagail 13 go 39 den chomhaontú sin ina sonraítear ábhar na gceart ag na daoine a chumhdaítear faoi Chuid a Dó den chomhaontú sin.

18      Foráiltear le hAirteagal 126 den chomhaontú sin, dar teideal “Idirthréimhse”:

“Beidh idirthréimhse nó tréimhse cur chun feidhme ann, a thosóidh ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus a chríochnóidh an 31 Nollaig 2020.”

19      Foráiltear mar a leanas in Airteagal 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, dar teideal “Raon feidhme na hidirthréimhse”:

“1.      Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, beidh dlí an Aontais infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse.

Mar sin féin, ní bheidh na forálacha seo a leanas de chuid na gConarthaí, agus na gníomhartha seo a leanas arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse

[...]

b)      Airteagal 11(4) CAE, pointe (b) d’Airteagal 20(2), Airteagal 22 agus an chéad mhír d’Airteagal 24 CFAE, Airteagal 39 agus Airteagal 40 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus na gníomhartha arna nglacadh ar bhonn na bhforálacha sin.

[...]

6.      Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, le linn na hidirthréimhse, tuigfear go bhfuil an Ríocht Aontaithe san áireamh in aon tagairt do Bhallstáit i ndlí an Aontais is infheidhme de bhun mhír 1, lena n‐‐áirítear mar a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme é agus mar a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm é.

[...]”

20      De bhun Airteagal 185, tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. Is léir freisin ón gceathrú mír den Airteagal sin go bhfuil feidhm ag Cuid a Dó den chomhaontú sin ó dheireadh na hidirthréimhse.

 Dlí na Fraince

21      Leagtar amach in Airteagal 88-3 den Bhunreacht an 4 Deireadh Fómhair 1958, arna leasú le Dlí Bunreachtúil Uimh. 93-952 an 27 Iúil 1993 (JORF an 28 Iúil 1993, lch. 10600):

“Faoi réir na cómhalartachta agus i gcomhréir leis na socruithe a leagtar síos sa [C[h]onradh ar an Aontas Eorpach], ní fhéadfar an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a dheonú ach do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu sa Fhrainc. [...]”

22      Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal LO 227-1 den Chód Toghcháin, a eascraíonn as Dlí Orgánach Uimh. 98-404 an 25 Bealtaine 1998 lena leagtar síos na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 88-3 den Bhunreacht maidir le feidhmiú an chirt chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh a bhfuil cónaí orthu sa Fhrainc, seachas náisiúnaigh na Fraince, agus lenar trasuíodh Treoir 94/80/CE an 19 Nollaig 1994 (JORF an 26 Bealtaine 1998, lch. 7975):

“Féadfaidh saoránaigh an Aontais Eorpaigh a bhfuil cónaí orthu sa Fhrainc, seachas saoránaigh de chuid na Fraince, a bheith rannpháirteach i dtoghadh comhairlí bardasacha faoi na coinníollacha céanna le toghthóirí na Fraince, faoi réir fhorálacha an Ailt seo.

Measfar cónaí a bheith ar na daoine dá dtagraítear sa chéad mhír mar dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa Fhrainc más ann da bhfíoráit chónaithe nó má tá cónaí orthu go leanúnach ann.

[...] ”

23      Foráiltear mar a leanas le hAirteagal LO 227-2 den Chód Toghcháin:

“D’fhonn a gceart chun vótála a fheidhmiú, clárófar na daoine dá dtagraítear in Airteagal LO 227-1, arna iarraidh sin uathu, ar liosta toghthóirí speisialta.

Féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chun a gcláraithe má tá a n-inniúlacht toghcháin acu ina Stát dúchais agus má chomhlíonann siad na coinníollacha dlí, seachas náisiúntacht Fhrancach, le bheith ina dtoghthóirí agus lena gclárú ar liosta toghthóirí sa Fhrainc.”

24      De bhua an dara fomhír d’Airteagal L. 16(3) den Chód Toghcháin, tá INSEE freagrach as ainmneacha toghthóirí éagtha agus toghthóirí nach bhfuil i dteideal vótáil a thuilleadh a bhaint den chlár toghthóirí.

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

25      Tá EP, náisiúnach den Ríocht Aontaithe, ina chónaí sa Fhrainc ó 1984 agus tá sí pósta le saoránach Francach. Ní dhearna sí iarratas ar náisiúntacht Fhrancach ná ní bhfuair sí náisiúntacht Fhrancach.

26      Tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar an 1 Feabhra 2020, baineadh EP den liostaí toghcháin sa Fhrainc le héifeacht ón dáta sin. Níor ceadaíodh di, dá bhrí sin, páirt a ghlacadh sna toghcháin bhardasacha a reáchtáladh ansin an 15 Márta 2020.

27      An 6 Deireadh Fómhair 2020, chomhdaigh EP iarratas go ndéanfaí í a athchlárú ar an rolla toghthóirí speisialta do shaoránaigh neamh-Fhrancacha an Aontais Eorpaigh.

28      Le cinneadh an 7 Deireadh Fómhair 2020, dhiúltaigh méara bhardas Thoux (an Fhrainc) don iarratas sin.

29      An 9 Samhain 2020, thug EP caingean os comhair na cúirte a rinne an tarchur chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin.

30      Os comhair na cúirte sin deir EP nach bhfuil an ceart aici a thuilleadh vótáil agus seasamh mar iarrthóir sa Ríocht Aontaithe de bharr riail dhlí na Ríochta Aontaithe dá réir nach bhfuil náisiúnach de chuid an Stáit sin a bhfuil cónaí air nó uirthi thar lear ar feadh níos mó ná 15 bliana i dteideal páirt a ghlacadh i dtoghcháin sa Stát sin a thuilleadh (“an riail 15 bliana”).

31      Dá bhrí sin, tá EP i gcás atá éagsúil leis an gcás inar chinn an Cour de cassation (cúirt cassation, an Fhrainc) nach ndéanann cailliúint shaoránacht an Aontais difear díréireach do chearta sibhialta agus polaitiúla an duine lena mbaineann, ós rud é go raibh an duine sin in ann vótáil sa reifreann maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus san olltoghchán a reáchtáladh in 2019 sa Stát sin. Ní hionann an cás sin agus cás EP, áfach.

32      Dar le EP, ní fhéadfaidh cailliúint an stádais mar shaoránach den Aontas, mar a chumhdaítear in Airteagal 20 CFAE, a bheith ina iarmhairt uathoibríoch ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Deir sí freisin go sáraíonn an caillteanas sin prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na comhréireachta agus gurb ionann é freisin agus idirdhealú idir saoránaigh an Aontais agus cur isteach ar a saoirse gluaiseachta.

33      Thug méara bhardas Thoux le fios nár ceadaíodh EP a chur ar liosta toghthóirí de bharr na bhforálacha náisiúnta is infheidhme.

34      Áitíonn maor contae Gers gur cheart an chaingean a dhiúltú. Measann sé, go háirithe, gur cailleadh, mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach an 1 Feabhra 2020, an ceart vótála atá ag náisiúnaigh an Stáit sin agus an ceart chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin Eorpacha a reáchtáladh sa Fhrainc agus, dá bhrí sin, gur bhain INSEE náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe, amhail EP, nach náisiúnaigh de chuid na Fraince iad freisin, ó na liostaí toghcháin speisialta.

35      Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go bhfuil an ceart chun vótála bainte de EP ar fad toisc nach féidir léi vótáil i dtoghcháin sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar an riail 15 mbliana agus, de bhun fhorálacha Airteagal 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, go bhfuil an ceart vótála caillte aici freisin i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, agus i dtoghcháin bhardasacha sa Fhrainc.

36      Measann an chúirt sin gurb ionann forálacha an chomhaontaithe sin a chur i bhfeidhm maidir le EP agus cur isteach díréireach ar a ceart bunúsach vótála.

37      Sna himthosca sin, chinn an Tribunal judiciaire d’Auch (Cúirt Auch, an Fhrainc) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“1)      An bhfuil Airteagal 50 [CAE] agus an [Comhaontú Um Tharraingt Siar] le léiriú mar chúlghairm ar shaoránacht [an Aontais] náisiúnach [na Ríochta Aontaithe] a d’fheidhmigh, roimh dheireadh na hidirthréimhse, a gceart chun saoirse gluaiseachta agus chun cónaí faoi shaoirse i gcríoch Ballstáit eile, go háirithe dóibh siúd atá ina gcónaí i gcríoch Ballstáit eile ar feadh níos mó ná 15 bliana agus atá faoi réir riail 15 bliana [na Ríochta Aontaithe], rud a fhágann go gceiltear aon cheart vótála orthu?

2)      Más ea, ar chóir an meascán d’Airteagail 2, 3, 10, 12 agus 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, aithris 6 dá Bhrollach, agus Airteagail 18, 20 agus 21 CFAE a mheas mar ní lena gceadaítear do náisiúnaigh [na Ríochta Aontaithe] na cearta chun saoránacht an Aontais a bhí acu roimh tharraingt siar a dtíre as an Aontas Eorpach a choimeád, gan eisceacht?

3)      I gcás freagra diúltach ar Cheist 2, an bhfuil an Comhaontú um Tharraingt Siar neamhbhailí go páirteach a mhéid a sháraítear leis na prionsabail is bunús le féiniúlacht an Aontais, agus go háirithe Airteagail 18, 20 agus 21 [CFAE], agus freisin Airteagail 39 agus [40] [den Chairt], agus nach sáraítear leis prionsabal na comhréireachta, a mhéid nach bhfuil aon fhoráil ann lena gceadaítear dóibh na cearta sin a choinneáil gan eisceacht?

4)      I gcás ar bith, an bhfuil Airteagal 127(1)(b) den Chomhaontú um Tharraingt Siar neamhbhailí go páirteach a mhéid a sháraíonn sé Airteagail 18, 20 agus 21 de [CFAE], agus Airteagail 39 agus 40 [den Chairt] freisin, sa mhéid go gceileann sé an ceart ar shaoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil a gceart chun saoirse gluaiseachta agus chun cónaí faoi shaoirse sa Ríocht Aontaithe feidhmithe acu vóta a chaitheamh agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha sa Stát sin agus, má léiríonn an Chúirt Ghinearálta agus an Chúirt Bhreithiúnais iad sa chaoi chéanna leis an Conseil d’État(an Chomhairle Stáit, an Fhrainc), an é nach leathnaítear an sárú sin ar náisiúnaigh [na Ríochta Aontaithe] a bhfuil a gceart chun saoirse gluaiseachta agus chun cónaí faoi shaoirse i gcríoch Ballstáit eile le breis agus 15 bliana agus atá faoi réir riail 15 bliana [na Ríochta Aontaithe], agus dá bhrí sin go gceiltear aon cheart vótála orthu? ”

 An iarraidh an chuid ó bhéal den nós imeachta a athoscailt

38      Le doiciméad arna thaisceadh ag Clárlann na Cúirte an 15 Aibreán 2022, d’iarr EP go n-athosclófaí an chuid ó bhéal den nós imeachta, de bhun Airteagal 83 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte.

39      Mar thaca lena héileamh, bhí EP ag brath ar an bhfíric gur thug an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc) breithiúnas an 22 Márta 2022 inar rialaíodh, i gcás atá inchomparáide leis an gcás sna príomhimeachtaí, gan fanacht ar bhreithiúnas na Cúirte sa chás sin, ar iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach i leith stádas náisiúnach den Ríocht Aontaithe a bhfuil cónaí orthu sa Fhrainc i bhfianaise rialacha an Aontais maidir le saoránacht. Dúirt sí freisin nár aontaigh sí le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta, a tugadh an 24 Feabhra 2022, nár fhreagair sé do roinnt dá hargóintí.

40      I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, nach bhforáiltear i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná ina Rialacha Nós Imeachta go bhféadfadh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23 den reacht sin barúlacha a chur isteach mar fhreagairt ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta (breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C-748/19 go C-754/19, EU:C:2021:931, mír 30 agus an cásdlí a luaitear).

41      Ar an dara dul síos, faoin dara mír d’Airteagal 252 CFAE, déanann an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe i gcúirt oscailte ar chásanna ina n-éilítear a rannpháirtíocht i gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní tuairim í a dhírítear ar bhreithiúna ná ar pháirtithe a thagann ó údarás atá lasmuigh den Chúirt, ach tuairim réasúnaithe an duine aonair atá ann, arna tabhairt i gcúirt oscailte, ag comhalta den Chúirt Bhreithiúnis. Faoi na cúinsí sin, ní féidir leis na páirtithe Tuairim an Abhcóide Ghinearálta a phlé (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C-882/19, EU:C:2021:800, mír 21). Ina theannta sin, níl an Chúirt faoi cheangal na tuairime sin ná na réasúnaíochta ar a mbunaíonn an tAbhcóide Ginearálta an tuairim. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh easaontas ó pháirtí leasmhar le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta, is cuma cad iad na saincheisteanna a dtugann an tAbhcóide Ginearálta aghaidh orthu sa Tuairim, a bheith ina bhforais ann féin chun an nós imeachta ó bhéal a athoscailt (breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile , C-748/19 go C-754/19, EU:C:2021:931, mír 31 agus an cásdlí a luaitear).

42      Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 83 de na Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Chúirt tráth ar bith, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, a ordú go n-athosclófar an chuid ó bhéal den nós imeachta, go háirithe má mheasann sí nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ann nó má mheasann sí go bhfuil fíoras nua curtha isteach ag páirtí, tar éis dheireadh na coda sin den nós imeachta, ar fíoras é de chineál a d’fhéadfadh a bheith ina thoisc chinntitheach do chinneadh na Cúirte, nó nuair nach mór cás a chinneadh ar bhonn argóint nár pléadh idir na páirtithe leasmhara.

43      Sa chás seo, measann an Chúirt, áfach, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go bhfuil an fhaisnéis uile aici is gá chun rialú a thabhairt ar an iarraidh ar réamhrialú seo. Tugann sí faoi deara freisin nach fíorais nua í an fhianaise ar bhraith EP mar thaca lena hiarratas ar an gcuid ó bhéal de na himeachtaí a athoscailt, lena n-áirítear an cinneadh náisiúnta ar a bhfuiltear ag brath, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcinneadh a n-iarrtar uirthi dá réir a thabhairt.

44      Sna himthosca sin, ní gá a ordú go n-athosclófaí an chuid ó bhéal den nós imeachta.

 Ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

 An chéad cheist agus an dara ceist

45      Leis an gcéad cheist agus an dara ceist, ar cheart a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagail 9 agus 50 CAE agus Airteagail 20 go 22 CFAE, arna léamh i gcomhar leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, le léiriú sa chaoi, ó tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach an 1 Feabhra 2020, nach bhfuil stádas saoránaigh de chuid an Stáit sin ag náisiúnaigh an Stáit sin a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí i mBallstát roimh dheireadh na hidirthréimhse a thuilleadh, nó, go sonrach, faoi Airteagal 20(2)(b) agus 22 CFAE, nach bhfuil an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe acu a thuilleadh, lena n-áirítear i gcás ina mbaintear de cheart dóibh freisin, faoi dhlí an Stáit ar náisiúnaigh de iad, an ceart chun vótála i dtoghcháin arna reáchtáil ag an Stát sin.

46      I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, ní mór a chur in iúl go dteastaíonn seilbh náisiúntachta Ballstáit le haghaidh shaoránacht an Aontais.

47      I gcomhréir le hAirteagal 9 CAE agus le hAirteagal 20(1) CFAE, ní mór gur náisiúnaigh de chuid Ballstáit iad saoránaigh an Aontais. Ina theannta sin, tá sé soiléir ó na forálacha sin go mbeidh saoránacht an Aontais ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus nach ngabhfaidh sí a hionad.

48      Dá bhrí sin, le hAirteagal 9 CAE agus le hAirteagal 20 CFAE, bhunaigh údair na gConarthaí nasc dosháraithe eisiach idir náisiúntacht Bhallstáit a shealbhú agus stádas saoránaigh den Aontas a fháil, ach freisin an stádas sin a choinneáil.

49      Is chuige sin a mheasann an Chúirt go mbronntar le hAirteagal 20 CFAE stádas shaoránacht an Aontais ar gach duine ag a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit, a cheaptar, de réir cásdlí socair, a bheith mar stádas bunúsach do náisiúnaigh na mBallstát (breithiúnas an 18 Eanáir 2022, Wiener Landesregierung (Aisghairm ar ghealltanais eadóirseachta), C-118/20, EU:C:2022:34, mír 38 agus an cásdlí a luaitear).

50      Cruthaítear le hAirteagail 20(2), 21 agus 22 CFAE sraith ceart a chuirtear le stádas mar shaoránach den Aontas. Tugtar le saoránacht an Aontais, inter alia, ceart bunúsach agus aonair do gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na srianta a leagtar síos in CFAE agus faoi réir na mbeart arna nglacadh lena gcur chun feidhme. (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Bealtaine 2018 K. A. agus páirtithe eile (Athaontú teaghlaigh sa Bheilg), C-82/16, EU:C:2018:308, mír 48 agus an cásdlí a luaitear).

51      Go háirithe, i gcás shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh de iad, áirítear leis na cearta sin, faoi Airteagal 20(2)(b) agus 22 CFAE, an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. Aithnítear an ceart céanna in Airteagal 40 den Chairt. Ar an taobh eile, ní chumhdaítear an ceart sin i bhfabhar náisiúnaigh tríú tíortha in aon cheann de na forálacha sin.

52      Mar a thug an Coimisiún faoi deara, nuair a d‘fheidhmigh duine aonair ar náisiúnach iad de stát a bhí mar Bhallstát, a cheart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch Ballstáit eile, níl sé, dá bhrí sin, de chineál a chuirfeadh ar a chumas stádas mar shaoránach den Aontas agus na cearta go léir a ghabhann le CFAE a choinneáil más rud é, tar éis dá Stát tionscnaimh a tharraingt siar ón Aontas, nach bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige a thuilleadh.

53      Sa dara háit, maidir leis na hiarmhairtí a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ar náisiúnaigh an Stáit sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 50(1) CAE go bhféadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla féin, tarraingt siar ón Aontas. Dá bhrí sin, ní cheanglaítear ar an mBallstát i dtrácht a chinneadh a dhéanamh i gcomhar leis na Ballstáit eile ná le hinstitiúidí an Aontais. Is faoin mBallstát sin amháin é an cinneadh um tharraingt siar, i gcomhréir lena cheanglais bhunreachtúla, agus dá bhrí sin braitheann sé ar a rogha cheannasach amháin (breithiúnas an 10 Nollaig 2018, Wightman agus páirtithe eile, C-621/18, EU:C:2018:999, mír 50).

54      Mar a mheabhraigh an Chúirt, leagtar síos le hAirteagal 50(2) agus (3) CAE an nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás cinneadh maidir le tarraingt siar, arb éard a bheidh ann, ar dtús, fógra a chur chuig an gComhairle Eorpach go bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát tarraingt siar, ar an dara dul síos, comhaontú ina leagtar amach na socruithe dá tharraingt siar, agus an caidreamh a bheidh ann amach anseo idir an Stát lena mbaineann agus an tAontas Eorpach a chur san áireamh agus, sa tríú háit, tarraingt siar iarbhír ón Aontas ar dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe sin nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis fógra a thabhairt don Chomhairle Eorpach, mura rud é go gcinnfidh an Chomhairle Eorpach, le comhaontú an Bhallstáit i dtrácht, d’aon toil an tréimhse sin a fhadú (breithiúnas an 16 Samhain 2021, Governor of Cloverhill Prison agus páirtithe eile, C-479/21 PPU, EU:C:2021:929, mír 48 agus an cásdlí a luaitear).

55      Dá bhrí sin, de bhua Airteagal 50(3) CAE, scoir na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ar an dáta a tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020, agus ba é an toradh a bhí air sin nach Ballstát a bhí sa Ríocht Aontaithe ón dáta sin a thuilleadh (féach, chuige sin, ordú an 16 Meitheamh 2021, Sharpston v an Chomhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát, C-685/20 P, EU:C:2021:485, mír 53).

56      Dá bhrí sin, ón 1 Feabhra 2020, níl náisiúntacht Bhallstáit ag náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a thuilleadh, ach náisiúntacht tríú tír.

57      Mar is léir ó mhíreanna 46 go 51 den bhreithiúnas seo, is coinníoll fíor-riachtanach é seilbh náisiúntachta Ballstáit go bhféadfaidh duine stádas mar shaoránach den Aontas a fháil agus a choinneáil agus chun na cearta iomlána a ghabhann leis a theachtadh. Dá bhrí sin is éard atá i gceist le cailliúint náisiúntachta Ballstáit, don duine lena mbaineann, agus a stádas mar shaoránach den Aontas a chailleadh go huathoibríoch.

58      Sna himthosca sin, toisc gur náisiúnaigh tríú tír náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ón 1 Feabhra 2020, tá a stádas mar shaoránaigh de chuid an Aontais caillte acu ón dáta sin. Dá bhrí sin, ní bheidh acu a thuilleadh, faoi Airteagail 20(2)(b) agus 22 CFAE, an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu. Ní bhaineann sé le hábhar, i ndáil leis sin, gur fheidhmigh náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe a gceart chun cónaí i mBallstát roimhe sin.

59      Maidir leis an imní atá ag an gcúirt a rinne an tarchur maidir leis na hiarmhairtí díréireacha a bhaineann le stádas saoránach den Aontas a chailleadh do náisiúnach den Ríocht Aontaithe, amhail EP, a mbaintear an ceart vótála di sa Ríocht Aontaithe freisin de bhua na rialach 15 bliana, ba cheart a chur in iúl, ar dtús, gur cailleadh an stádas sin, agus dá bharr sin an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha i mBallstát cónaithe an náisiúnaigh sin, is iarmhairt uathoibríoch é, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 42 dá Thuairim, ar an gcinneadh aonair a ghlac an Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas faoi Airteagal 50(1) CAE.

60      Os a choinne sin, is é an riail 15 bliana ná rogha ar an dlí toghcháin a rinne an t-iarBhallstát sin, atá ina thríú tír anois.

61      Sna himthosca sin, ní féidir a cheangal ar údaráis inniúla na mBallstát ná ar a gcúirteanna scrúdú aonair a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bhaineann le stádas shaoránach an Aontais a chailleadh don duine lena mbaineann, i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta.

62      I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a chur i bhfios go láidir gur toradh uathoibríoch ar chinneadh ceannasach a ghlac iarBhallstát tarraingt siar ón Aontas agus a bheith ina tríú i ndáil leis an Aontas Eorpach dá bharr, é caillteanas an stádais sin chomh maith leis an gceart chun vótála agus seasamh i dtoghchán i dtoghcháin a thionóltar i mBallstát cónaithe an duine lena mbaineann. Mar sin féin, bhain na cásanna inar leag an Chúirt síos oibleagáid i leith measúnú comhréireachta aonair ar na hiarmhairtí a bhaineann le saoránacht an Aontais a chailleadh le cásanna sonracha faoi dhlí an Aontais i gcás inar tharraing Ballstát náisiúntacht daoine aonair siar de bhun beart reachtach de chuid an Bhallstáit sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Márta 2019, Tjebbes agus páirtithe eile, C-221/17, EU:C:2019:189, mír 48) nó cinneadh aonair arna ghlacadh ag údaráis inniúla an Bhallstáit sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 2 Márta 2010, Rottmann, C-135/08, EU:C:2010:104, mír 42, agus an 18 Eanáir 2022, Wiener Landesregierung (Aisghairm ar ghealltanais eadóirseachta), C-118/20, EU:C:2022:34, mír 74). Mar sin ní féidir an cásdlí a eascraíonn as na breithiúnais éagsúla sin a chur i bhfeidhm maidir le cás mar atá sna príomhimeachtaí.

63      Ar an tríú dul síos, maidir leis an gceist an gcoimeádtar leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, thar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, agus mar sin tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin an 1 Feabhra 2020, chun leasa náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe a bhfuil a gceart feidhme acu chun cónaí i mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse, an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe, ní mór a chur in iúl nach bhfuil aon rud sa Chomhaontú a léiríonn go dtugtar ceart den sórt sin do na náisiúnaigh sin.

64      Go háirithe, ba cheart a thabhairt faoi deara, de réir an cheathrú mír den bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, go scoirfidh dlí an Aontais ina iomláine d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a leagtar síos ann, agus faoina réir sin amháin, ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin.

65      Maidir leis na socruithe sin, a beartaíodh ionas go bhféadfadh an Ríocht Aontaithe tarraingt siar go hordúil ón Aontas Eorpach (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Nollaig 2018, Wightman agus páirtithe eile, C-621/18, EU:C:2018:999, mír 56), déantar idirdhealú sa Chomhaontú um Tharraingt siar idir dhá thréimhse.

66      Ar thaobh amháin, de réir Airteagal 2(e) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 126 den Chomhaontú sin, foráiltear leis an gComhaontú sin d’idirthréimhse ón 1 Feabhra go dtí an 31 Nollaig 2020.

67      I ndáil leis sin, leagtar amach in Airteagal 127(1) den chomhaontú sin an prionsabal, dá dtagraítear freisin san ochtú fomhír dá bhrollach, gur lean dlí an Aontais de bheith infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse. De mhaolú ar an bprionsabal sin, eisiatar go sainráite le hAirteagal 127(1)(b) den chomhaontú sin cur i bhfeidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe d’Airteagail 20(2)(b) agus 22 CFAE agus Airteagail 39 agus 40 den Chairt, eadhon na forálacha de dhlí príomha an Aontais a bhaineann le ceart shaoránaigh an Aontais vótáil agus seasamh mar iarrthóir i bParlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe.

68      Is fíor, mar a d’áitigh EP, faoi Airteagal 127(1)(b) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, go mbaineann an t-eisiamh sin leis an Ríocht Aontaithe agus le críoch an Stáit sin, mar a shainítear in Airteagal 3(1) den chomhaontú, maidir le raon feidhme críochach an chomhaontaithe sin, gan tagairt shainráite a dhéanamh dá náisiúnaigh. Ní mór a mheas, áfach, go bhfuil feidhm ag an eisiamh sin freisin maidir le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí i mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse.

69      Go deimhin, ní mór Airteagal 127(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar a léamh in éineacht le hAirteagal 127(6) den Chomhaontú.

70      Is léir ón bhforáil dheireanach sin go bhfuil sé le tuiscint, maidir lena gcur chun feidhme agus lena gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit, i ndáil leis na forálacha sin de dhlí an Aontais nach bhfuil infheidhme de bhua Airteagal 127(1)(b) den Chomhaontú sin, nach n-áirítear leo an Ríocht Aontaithe laistigh dá raon feidhme. Áirítear ar na forálacha sin Airteagail 20(2)(b) agus 22 CFAE, chomh maith le hAirteagail 39 agus 40 den Chairt, a bhaineann leis an gceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha. Coimeádtar an ceart sin do gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach de é, ós rud é go luaitear in Airteagal 20(1) CFAE gur saoránach den Aontas é “gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige”.

71      Dá bhrí sin, níl oibleagáid ar na Ballstáit a thuilleadh, amhail ón 1 Feabhra 2020, caitheamh le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe mar náisiúnaigh de chuid Ballstáit chun Airteagail 20(2)(b) agus 22 CFAE nó Airteagail 39 agus 40 den Chairt a chur i bhfeidhm, ná, dá bhrí sin, an ceart a thabhairt do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe atá ina gcónaí ina gcríocha an ceart, a thugtar leis na forálacha sin do dhaoine a bhfuil stádas mar shaoránach de chuid Ballstáit acu, chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha.

72      Ar chaoi ar bith, le léiriú dá mhalairt ar Airteagal 127(1)(b) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, arb é atá ann a chur i bhfeidhm a theorannú go hiomlán ar chríoch na Ríochta Aontaithe agus mar sin amháin do na saoránaigh sin de chuid an Aontais a bhí ina gcónaí sa Stát sin le linn na hidirthréimhse, chruthófaí neamhshiméadracht idir na cearta a thugtar leis an gComhaontú sin do náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe agus do shaoránaigh an Aontais. Bheadh neamhshiméadracht den sórt sin in aghaidh chuspóir an chomhaontaithe sin, a leagtar amach sa séú mír den bhrollach a ghabhann leis an gcomhaontú sin, is é sin cosaint chómhalartach a áirithiú do shaoránaigh an Aontais agus do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a d’fheidhmigh a gcearta saorghluaiseachta faoi seach roimh dheireadh na hidirthréimhse.

73      Ar an dara dul síos, maidir leis an tréimhse a thosaigh ag deireadh na hidirthréimhse an 1 Eanáir 2021, déantar foráil sa dara cuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar do rialacha lena mbeartaítear cosaint a thabhairt, ar bhealach cómhalartach agus comhionann, do staid shaoránaigh an Aontais agus náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) faoi seach d’Airteagal 10 den chomhaontú sin, a d’fheidhmigh a gcearta saorghluaiseachta roimh dheireadh na hidirthréimhse.

74      Is é cuspóir na rialacha sin, a bhfuil feidhm acu, de bhun an cheathrú mír d’Airteagal 185 den Chomhaontú sin, ó dheireadh na hidirthréimhse, mar a shonraítear i mír 72 den bhreithiúnas seo, cosaint chómhalartach a áirithiú do shaoránaigh den Aontas agus do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, dá dtagraítear sa mhír roimhe seo. Baineann na rialacha sin, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagail 13 go 39 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, le cearta cónaithe, cearta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, cáilíochtaí gairmiúla agus comhordú na gcóras slándála sóisialta.

75      Mar sin féin, mar a luaitear in Airteagal 127(1)(b) den chomhaontú sin maidir leis an idirthréimhse, ní áirítear ar na cearta dá bhforáiltear go sonrach i gCuid a Dó den chomhaontú sin an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha i mBallstát cónaithe na náisiúnach den Ríocht Aontaithe a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí i mBallstát den Aontas Eorpach roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a leanann de bheith ina gcónaí ann ina dhiaidh sin.

76      Sa chomhthéacs sin, ní mór a lua freisin go mbaineann an toirmeasc, a leagtar síos in Airteagal 12 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, le haon idirdhealú ar bhonn náisiúntachta, de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 18 CFAE, sa Stát óstach, de réir bhrí Airteagal 9(c) den chomhaontú sin, agus sa Stát oibre, mar a shainmhínítear in Airteagal 9(d) den chomhaontú, i ndáil leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 10 den Chomhaontú, de réir fhoclaíocht Airteagal 12, leis an dara chuid den Chomhaontú.

77      An ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, dá dtagraítear in Airteagal 10(b) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ní thagann sé faoi raon feidhme Chuid a Dó den Chomhaontú sin. Dá bhrí sin, ní féidir le náisiúnach de chuid na Ríochta Aontaithe, amhail EP, a d’fheidhmigh a cheart chun cónaí i mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a leanann de bheith ina chónaí inti ina dhiaidh sin, brath go bailí ar an toirmeasc sin ar idirdhealú chun an ceart chun vótála a éileamh agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu, rud a cheiltear orthu i ndiaidh chinneadh ceannasach na Ríochta Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach.

78      I gcomhréir leis na breithnithe thuas, ní mór a thabhairt chun cuimhne freisin, maidir le hAirteagal 18(1) CFAE, nach mbeartaítear go mbeadh feidhm ag an bhforáil sin i gcás difríocht a d’fhéadfadh a bheith sa chóireáil idir náisiúnaigh de chuid na mBallstát agus tríú Stáit (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Aibreán 2020, Ruska Federacija, C-897/19 PPU, EU:C:2020:262, mír 40 agus an cásdlí a luaitear).

79      Ar an gcaoi chéanna, maidir le hAirteagal 21 CFAE, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear leis an Airteagal sin, i mír 1 de, do cheart gach saoránaigh den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát agus go bhfuil feidhm aige, mar is léir ó Airteagal 20(1) CFAE, maidir le gach duine ag a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit, agus dá thoradh sin nach bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír (breithiúnas an 2 Aibreán 2020, Ruska Federacija, C-897/19 PPU, EU:C:2020:262, mír 41).

80      A mhéid a cuireadh an chéad mhír d’Airteagal 18 CFAE agus an chéad mhír d’Airteagal 21 CFAE i bhfeidhm leis an gComhaontú um Tharraingt Siar le linn na hidirthréimhse agus ina dhiaidh sin, ní féidir leis na forálacha sin, gan neamhaird a dhéanamh ar théarmaí Airteagal 20(2)(b) agus Airteagal 22 CFAE, Airteagal 40 den Chairt agus forálacha an Chomhaontú um Tharraingt Siar, a léiriú mar fhorálacha lena dtugtar freisin do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe nach bhfuil náisiúntacht Bhallstáit acu a thuilleadh, an ceart chun vótála agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a dhéantar ina mBallstát cónaithe.

81      Dá réir sin, ní féidir an chéad mhír d’Airteagal 18 CFAE agus an chéad mhír d’Airteagal 21 CFAE a léiriú amhail is go gceanglaítear leo ar na Ballstáit leanúint, tar éis an 1 Feabhra 2020, don cheart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha arna ndéanamh sa chríoch sin a dheonú do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe atá ina gcónaí sa chríoch sin agus a dheonaíonn siad do shaoránaigh an Aontais.

82      Tá an léirmhíniú sin gan dochar do cheart na mBallstát an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir a dheonú do náisiúnaigh tríú tíortha atá ina gcónaí ar a gcríoch, faoi na coinníollacha a leagann siad síos ina ndlí náisiúnta.

83      I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist nach mór Airteagail 9 agus 50 CAE agus Airteagail 20 go 22 CFAE, arna léamh i gcomhar leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, a léirmhíniú amhail is go gciallaítear leo, ó tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach an 1 Feabhra 2020, maidir le náisiúnaigh an Stáit sin a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí i mBallstát roimh dheireadh na hidirthréimhse, nach bhfuil stádas mar shaoránaigh den Aontas acu a thuilleadh, ná, go háirithe, faoi Airteagal 20(2)(b) agus 22 CFAE, an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe, lena n-áirítear i gcás ina mbaintear freisin, faoi dhlí an Stáit ar náisiúnaigh de iad, an ceart vótála i dtoghcháin arna n-eagrú ag an mBallstát sin.

 An tríú agus an ceathrú ceist

84      Ós rud é go mbaineann an tríú agus an ceathrú ceist le bailíocht an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, ní mór a mheabhrú go bhfuil dlínse ag an gCúirt, i gcaingean le haghaidh neamhniú agus i gcomhthéacs iarraidh ar réamhrialú, chun a chinneadh an bhfuil comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach ag luí leis na Conarthaí agus le rialacha an dlí idirnáisiúnta atá, i gcomhréir leis na Conarthaí sin, ina gceangal ar an Aontas Eorpach (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Western Sahara Campaign UK, C-266/16, EU:C:2018:118, mír 48 agus an cásdlí a luaitear).

85      Más rud é, mar atá sa chás seo, go bhfuil iarraidh ar réamhrialú déanta chuig an gCúirt maidir le bailíocht comhaontaithe idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach, ní mór a thuiscint go bhfuil an iarraidh sin ag tagairt do ghníomh an Aontais lena bhformheastar an comhaontú idirnáisiúnta sin a thabhairt i gcrích. Is dócha, mar sin féin, go mbaineann an t-athbhreithniú bailíochta sin atá an Chúirt faoi cheangal a sheoladh le dlíthiúlacht an ghnímh sin maidir le hábhar an chomhaontaithe idirnáisiúnta atá i gceist (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Western Sahara Campaign UK, C-266/16, EU:C:2018:118, míreanna 50 agus 51).

86      Formheasadh tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar le Cinneadh 2020/135.

87      Ba cheart a mheabhrú freisin, i gcás ina mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú ó chúirt náisiúnta, ag gníomhú di ar a freagracht féin, le bailíocht rialach de dhlí an Aontais, go bhfuil an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a thabhairt mura rud é, go háirithe, nach gcomhlíontar na ceanglais a bhaineann le hábhar na hiarraidh ar réamhrialú a leagtar síos in Airteagal 94 de na Rialacha Nós Imeachta nó i gcás inar léir nach bhfuil aon bhaint ag léirmhíniú nó ag measúnú ar bhailíocht rialach den sórt sin de chuid an Aontais le réaltacht nó ábhar na bpríomhimeachtaí nó nuair is fadhb de chineál hipitéiseach í (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Meitheamh 2019, P. M. agus páirtithe eile, C-264/18, EU:C:2019:472, míreanna 14 agus 15).

88      Is amhlaidh an cás anseo, a mhéid a iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Bhreithiúnais maidir le bailíocht Chinneadh 2020/135 a mhéid nach dtugtar, leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, an ceart vótála do shaoránaigh an Aontais a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí sa Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Stát sin, gan aon bhaint a bheith acu leis an gcás sin sna príomhimeachtaí. Ar an gcaoi chéanna, ós rud é go mbaineann Airteagal 39 den Chairt leis an gceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, níl sé ábhartha ar bith chun an tríú agus an ceathrú ceist a fhreagairt ós rud é go mbaineann siad leis an gceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha.

89      Dá réir sin, ní mór an freagra ar an dá cheist sin a bheith teoranta a mhéid a bhaineann siad le bailíocht Chinneadh 2020/135 sa mhéid nach dtugtar, leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí i mBallstát roimh dheireadh na hidirthréimhse, an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe.

90      Sna himthosca sin, ní mór a mheas go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag fiafraí, go bunúsach, i bhfianaise Airteagal 9 CAE, Airteagail 18, 20, 21 CFAE agus Airteagal 40 den Chairt agus phrionsabal na comhréireachta, an bhfuil Cinneadh 2020/135 neamhbhailí, sa mhéid nach dtugtar, leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí i mBallstát roimh dheireadh na hidirthréimhse an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe.

91      I ndáil leis sin, a mhéid a bhaineann leis, ar an gcéad dul síos, an scrúdú ar bhailíocht Chinneadh 2020/135 i bhfianaise Airteagal 9 CAE, Airteagail 18, 20 go 22 CFAE agus Airteagal 40 den Chairt, tugadh faoi deara i míreanna 55 go 58 den bhreithiúnas seo, tar éis an chinnidh cheannasaigh arna ghlacadh ag an Ríocht Aontaithe chun tarraingt siar ón Aontas Eorpach ar bhonn Airteagal 50(1) CAE, gur scoir na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 50(3) CAE ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt siar, an 1 Feabhra 2020 arb é an toradh atá air nach bhfuil náisiúntacht Bhallstáit ag náisiúnaigh an Stáit sin a thuilleadh, ón dáta sin, ach náisiúntacht tríú tír. Dá bhrí sin, ní saoránaigh den Aontas iad a thuilleadh ón dáta sin.

92      Mar is léir ó mhíreanna 46 go 51 den bhreithiúnas seo, ní fhéadfaidh ach saoránaigh de chuid an Aontais, faoi Airteagal 20(2)(b), Airteagal 22 CFAE agus Airteagal 40 den Chairt, brath ar an gceart chun vótála i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe.

93      Sna himthosca sin, ní féidir a mheas go bhfuil Cinneadh 2020/135 contrártha d’Airteagal 9 CAE, d’Airteagail 20 agus 22 CFAE ná d’Airteagal 40 den Chairt, sa mhéid nach dtugtar, leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a formheasadh leis, do náisiúnaigh an iarBhallstáit sin, atá anois ina dtríú tír, a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí i mBallstát roimh dheireadh na hidirthréimhse, an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe.

94      Is amhlaidh atá maidir le hAirteagal 18 CFAE agus Airteagal 21 CFAE.

95      Maidir le hAirteagal 18 CFAE, leanann sé ó na breithnithe a leagtar amach i míreanna 78 go 81 den bhreithiúnas seo, maidir leis an difríocht sa chóir a eascraíonn as an gComhaontú um Tharraingt Siar arna fhormheas leis an gcinneadh sin idir náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe atá ina gcónaí i mBallstát nach bhfuil an ceart acu, ón 1 Feabhra 2020, chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe, agus saoránaigh den Aontas a bhfuil an ceart sin acu, ní hionann sin agus idirdhealú ar fhorais náisiúntachta, de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 18 CFAE.

96      Maidir le hAirteagal 21 CFAE, leanann sé as na breithnithe a leagtar amach i míreanna 79 go 82  den bhreithiúnas seo nach ionann an rogha, a eascraíonn as an gComhaontú um Tharraingt Siar a formheasadh leis an gcinneadh sin, gan ceart vótála agus ceart chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstáit sin a choimeád, tar éis an 1 Feabhra 2020, do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe atá ina gcónaí i mBallstát, agus sárú ar mhír 1 den Airteagal sin.

97      Dá réir sin, ní féidir a mheas go bhfuil Cinneadh 2020/135 contrártha d’Airteagail 18 agus 21 CFAE ar an bhforas nár foráladh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, a formheasadh leis, don cheart chun vótála ná chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha arna reáchtáil ar chríoch na mBallstát ar mhaithe le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a leanann de bheith ina gcónaí sa chríoch sin tar éis an 1 Feabhra 2020.

98      Ar an dara dul síos, maidir leis an scrúdú ar bhailíocht Chinneadh 2020/135 i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, ní mór a chur in iúl nach bhfuil aon rud sa chomhad atá os comhair na Cúirte chun tacú leis an gconclúid gur sháraigh an tAontas Eorpach, mar pháirtí conarthach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, teorainneacha a lánrogha maidir le seoladh an chaidrimh sheachtraigh, trí mhainneachtain a cheangal, sa chomhaontú ginearálta sin nó in Airteagal 127 de go háirithe, go mbeadh ceart vótála agus an ceart chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe a sholáthar do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí i mBallstát roimh dheireadh na hidirthréimhse.

99      I ndáil leis sin, tá lánrogha i gcinntí beartais ag institiúidí an Aontais maidir le caidreamh seachtrach a sheoladh (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Swiss International Air Lines, C-272/15, EU:C:2016:993, mír 24). Agus a sainchumais á bhfeidhmiú acu sa réimse sin, féadfaidh na hinstitiúidí sin comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích a bheidh bunaithe, inter alia, ar phrionsabal na cómhalartachta agus comhleasanna. Dá bhrí sin, ní cheanglaítear orthu go haontaobhach cearta a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír amhail an ceart chun vótála agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe, cearta a choinnítear, ina theannta sin, do shaoránaigh an Aontais amháin, faoi Airteagal 20(2)(b), Airteagal 22 CFAE agus Airteagal 40 den Chairt.

100    Sna himthosca sin, ní féidir an Chomhairle a cháineadh toisc go ndearna sí, le Cinneadh 2020/135, an Comhaontú um Tharraingt Siar a fhormheas, cé nach dtugann an comhaontú sin an ceart do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe, bíodh sin le linn na hidirthréimhse nó ina dhiaidh sin.

101    Ar an tríú dul síos, maidir leis na himthosca, dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go ndéantar a gceart chun vótála sa Ríocht Aontaithe de bhun na rialach 15 bliana a bhaint de náisiúnaigh áirithe den Ríocht Aontaithe, amhail EP, a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí i mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil na himthosca sin bunaithe ar fhoráil de dhlí tríú tír amháin agus ní ar dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, níl an cinneadh sin ábhartha chun críocha measúnú a dhéanamh ar bhailíocht Chinneadh 2020/135.

102    Dá bhrí sin, níor nocht an scrúdú ar an tríú agus ar an gceathrú ceist aon fhachtóir de chineál a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhailíocht Chinneadh 2020/135.

 Costais

103    Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór- Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Ní mór Airteagail 9 agus 50 CAE agus Airteagail 20 go 22 CFAE, arna léamh i gcomhar leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, a glacadh an 17 Deireadh Fómhair 2019 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020, a léirmhíniú go gciallaítear leo, ó tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach an 1 Feabhra 2020, nach bhfuil stádas mar shaoránach de chuid an Aontais ag náisiúnaigh an Stáit sin a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí i mBallstát roimh dheireadh na hidirthréimhse a thuilleadh ná, go sonrach, faoi Airteagail 20(2)(b) agus 22 CFAE, an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe, lena n-áirítear i gcás ina mbaintear de cheart díobh freisin, faoi dhlí an Stáit ar náisiúnaigh de iad, an ceart chun vótála i dtoghcháin arna reáchtáil ag an Stát sin.

2.      Níor léiríodh aon ghné sa scrúdú ar an tríú agus ar an gceathrú ceist a tarchuireadh chun réamhrialú dá leithéid lena ndéanfaí difear do bhailíocht Chinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Fhraincis

Top