This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CA0704
Joined Cases C-704/20 and C-39/21: Judgment of the Court (Grand Chamber) of 8 November 2022 (requests for a preliminary ruling from the Raad van State, Rechtbank Den Haag, zittingsplaats’s-Hertogenbosch — Netherlands) — Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid v C, B (C-704/20), X v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (C-39/21) (References for a preliminary ruling — Area of freedom, security and justice — Detention of third-country nationals — Fundamental right to liberty — Article 6 of the Charter of Fundamental Rights of the European Union — Conditions governing the lawfulness of detention — Directive 2008/115/EC — Article 15 — Directive 2013/33/EU — Article 9 — Regulation (EU) No 604/2013 — Article 28 — Review of the lawfulness of detention and of the continuation of a detention measure — Ex officio review — Fundamental right to an effective judicial remedy — Article 47 of the Charter of Fundamental Rights)
Cásanna uamtha C-704/20 agus C-39/21: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 8 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State, Rechtbank Den Haag, zittingsplaats 's-Hertogenbosch – an Ísiltír) – Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid v C, B (C-704/20), X v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (C-39/21) (Tarchur chun réamhrialú – Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais – Náisiúnaigh tríú tír a choinneáil – Ceart bunúsach chun Saoirse – Airteagal 6 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Coinníollacha dlíthiúlachta na coinneála – Treoir 2008/115/CE – Airteagal 15 – Treoir 2013/33/AE – Airteagal 9 – Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 – Airteagal 28 – Athbhreithniú ar dhlíthiúlacht cur nó coimeád faoi choinneáil – Athbhreithniú ex officio – Ceart bunúsach chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha)

IO C 7, 9.1.2023, pp. 4–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 7/4 |
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 8 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State, Rechtbank Den Haag, zittingsplaats 's-Hertogenbosch – an Ísiltír) – Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid v C, B (C-704/20), X v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (C-39/21)
(Cásanna uamtha C-704/20 agus C-39/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais - Náisiúnaigh tríú tír a choinneáil - Ceart bunúsach chun Saoirse - Airteagal 6 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Coinníollacha dlíthiúlachta na coinneála - Treoir 2008/115/CE - Airteagal 15 - Treoir 2013/33/AE - Airteagal 9 - Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 - Airteagal 28 - Athbhreithniú ar dhlíthiúlacht cur nó coimeád faoi choinneáil - Athbhreithniú ex officio - Ceart bunúsach chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh - Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha)
(2023/C 7/05)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Raad van State, Rechtbank Den Haag, zittingsplaats 's-Hertogenbosch
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (C-704/20), X (C-39/21)
Cosantóirí: C, B (C-704/20), Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (C-39/21)
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, Airteagal 9(3) agus (5) de Threoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, agus Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
mar chuid den athbhreithniú a dhéanfaidh údarás breithiúnach ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le dlíthiúlacht coinneála náisiúnaigh tríú tír a eascraíonn as dlí an Aontais, ní mór don údarás sin aon mhainneachtain i gcomhlíonadh coinníoll dlíthiúlachta nár ardaigh an duine lena mbaineann a ardú ex officio, ar bhonn na faisnéise sa chomhad a cuireadh faoina bhráid, arna forlíonadh nó arna soiléiriú le linn na n-imeachtaí sáraíochta os a chomhair.