EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CA0339
Joined Cases C-339/20 and C-397/20: Judgment of the Court (Grand Chamber) of 20 September 2022 (requests for a preliminary ruling from the Cour de cassation — France) — Criminal proceedings against VD (C-339/20), SR (C-397/20) (References for a preliminary ruling — Single Market for financial services — Market abuse — Insider dealing — Directive 2003/6/EC — Article 12(2)(a) and (d) — Regulation (EU) No 596/2014 — Article 23(2)(g) and (h) — Supervisory and investigatory powers of the Autorité des marchés financiers (AMF) — General interest objective seeking to protect the integrity of financial markets in the European Union and public confidence in financial instruments — Option open to the AMF to require the traffic data records held by an operator providing electronic communications services — Processing of personal data in the electronic communications sector — Directive 2002/58/EC — Article 15(1) — Charter of Fundamental Rights of the European Union — Articles 7, 8 and 11 and Article 52(1) — Confidentiality of communications — Restrictions — Legislation providing for the general and indiscriminate retention of traffic data by operators providing electronic communications services — Option for a national court to restrict the temporal effects of a declaration of invalidity in respect of provisions of national law that are incompatible with EU law — Precluded)
Cásanna Uamtha C-339/20 agus C-397/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 20 Meán Fómhair 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne VD (C-339/20), SR (C-397/20), (Tarchur chun réamhrialú – Margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais – Drochúsáid mhargaidh – Déileáil chos istigh – Treoir 2003/6/CE – Airteagal 12(2)(a) agus (d) – Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 – Airteagal 23(2)(g) agus (h) – Cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin an Autorité des marchés financiers (AMF) – Cuspóir leasa ghinearálta maidir le sláine na margaí airgeadais agus muinín an phobail sna hionstraimí airgeadais a chosaint – An deis ag AMF sonraí tráchta atá i seilbh oibreora seirbhísí cumarsáide leictreonaí a éileamh – Sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/58/CE – Airteagal 15(1) – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) – Rúndacht na cumarsáide – Teorainneacha – Reachtaíocht lena bhforáiltear do shonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ag oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí – An deis ag cúirt náisiúnta teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta ar neamhréir le dlí an Aontais neamhbhailí – Toirmeasc)

OJ C 424, 7.11.2022, p. 3–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 424/3 |
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 20 Meán Fómhair 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne VD (C-339/20), SR (C-397/20),
(Cásanna Uamtha C-339/20 agus C-397/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais - Drochúsáid mhargaidh - Déileáil chos istigh - Treoir 2003/6/CE - Airteagal 12(2)(a) agus (d) - Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 - Airteagal 23(2)(g) agus (h) - Cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin an Autorité des marchés financiers (AMF) - Cuspóir leasa ghinearálta maidir le sláine na margaí airgeadais agus muinín an phobail sna hionstraimí airgeadais a chosaint - An deis ag AMF sonraí tráchta atá i seilbh oibreora seirbhísí cumarsáide leictreonaí a éileamh - Sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí - Treoir 2002/58/CE - Airteagal 15(1) - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) - Rúndacht na cumarsáide - Teorainneacha - Reachtaíocht lena bhforáiltear do shonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ag oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí - An deis ag cúirt náisiúnta teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta ar neamhréir le dlí an Aontais neamhbhailí - Toirmeasc)
(2022/C 424/03)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour de cassation
Páirtithe sna príomhimeachtaí coiriúla
VD (C-339/20), SR (C-397/20)
An chuid oibríochtúil
1. |
Ní mór Airteagal 12(2)(a) agus (d) de Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) agus Airteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an Rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 agus i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú amhail go: gcuirtear toirmeasc ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, mar bheart coisctheach, do shonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar bhonn sealadach, eadhon, bliain amháin ón lá a dhéantar taifead orthu, chun críocha dhrochúsáid an mhargaidh, lena n áirítear déileáil chos istigh, a chomhrac. |
2. |
Ní mór dlí an Aontais Eorpaigh a léiriú amhail go gcuirtear toirmeasc ar chúirt náisiúnta ar theorannú ama a dhéanamh ar éifeachtaí atá ar dhearbhú neamhbhailíochta atá fúithi de réir dlí náisiúnta maidir le forálacha reachtacha náisiúnta lena gcuirtear de cheangal ar oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta a stóráil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach de pháirt agus lena gcuirtear de chumas sonraí dá leithéid a chur chuig an údarás inniúil in ábhair airgeadais, gan údarú a fháil roimh ré ó chúirt nó údarás neamhspleách riaracháin, toisc go bhfuil an reachtaíocht sin ar neamhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna leasú le Treoir 2009/136 arna léamh i bhfianaise na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh den pháirt eile. Tagann inghlacthacht fianaise a fhaightear faoi fhorálacha reachtacha náisiúnta a bhfuil ar neamhréir le dlí an Aontais, i gcomhréir le prionsabal uathriail nós imeachta na mBallstát, faoi réim an dlí náisiúnta faoi réir phrionsabal an chomhionannais agus prionsabal na héifeachtachta a chomhlíonadh. |