EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CA0128
Case C-128/20: Judgment of the Court (Grand Chamber) of 14 July 2022 (request for a preliminary ruling from the Landesgericht Klagenfurt — Austria) — GSMB Invest GmbH & Co. KG v Auto Krainer GesmbH (Reference for a preliminary ruling — Approximation of laws — Regulation (EC) No 715/2007 — Approval of motor vehicles — Article 3(10) — Article 5(1) and (2) — Defeat device — Motor vehicles — Diesel engines — Pollutant emissions — Emission control system — Software installed in the electronic engine controller — Exhaust gas recirculation valve (‘EGR valve’) — Reduction in nitrogen oxide (NOx) emissions limited by a ‘temperature window’ — Prohibition on the use of defeat devices that reduce the effectiveness of emission control systems — Article 5(2)(a) — Exception to that prohibition)
Cás C-128/20: Breithiúnais na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 14 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landesgericht Klagenfurt – an Ostair) – GSMB Invest GmbH & Co. KG v Auto Krainer GesmbH (Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 – Cineálcheadú mótarfheithiclí – Pointe 10 d’Airteagal 3 – Airteagal 5(1) agus (2) – Feiste sháraithe – Mótarfheithiclí – Inneall díosail – Astaíochtaí truailleán – Córas rialaithe astaíochta – Bogearraí comhtháite sa ríomhaire rialaithe inneall – Comhla athshruthaithe gáis sceite (comhla AGS) – Laghdú ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) arna theorannú ag “fuinneog theochta” – Toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí – Airteagal 5(2)(a) – Eisceacht ón toirmeasc seo)
Cás C-128/20: Breithiúnais na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 14 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landesgericht Klagenfurt – an Ostair) – GSMB Invest GmbH & Co. KG v Auto Krainer GesmbH (Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 – Cineálcheadú mótarfheithiclí – Pointe 10 d’Airteagal 3 – Airteagal 5(1) agus (2) – Feiste sháraithe – Mótarfheithiclí – Inneall díosail – Astaíochtaí truailleán – Córas rialaithe astaíochta – Bogearraí comhtháite sa ríomhaire rialaithe inneall – Comhla athshruthaithe gáis sceite (comhla AGS) – Laghdú ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) arna theorannú ag “fuinneog theochta” – Toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí – Airteagal 5(2)(a) – Eisceacht ón toirmeasc seo)
OJ C 340, 5.9.2022, p. 6–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/6 |
Breithiúnais na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 14 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landesgericht Klagenfurt – an Ostair) – GSMB Invest GmbH & Co. KG v Auto Krainer GesmbH
(Cás C-128/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhfhogasú dlíthe - Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 - Cineálcheadú mótarfheithiclí - Pointe 10 d’Airteagal 3 - Airteagal 5(1) agus (2) - Feiste sháraithe - Mótarfheithiclí - Inneall díosail - Astaíochtaí truailleán - Córas rialaithe astaíochta - Bogearraí comhtháite sa ríomhaire rialaithe inneall - Comhla athshruthaithe gáis sceite (comhla AGS) - Laghdú ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) arna theorannú ag “fuinneog theochta” - Toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí - Airteagal 5(2)(a) - Eisceacht ón toirmeasc seo)
(2022/C 340/06)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landesgericht Klagenfurt
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: GSMB Invest GmbH & Co. KG
Cosantóir: Auto Krainer GesmbH
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní mór Airteagal 3, pointe 10 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5, mír 1, den Rialachán sin, a léirmhíniú sa chaoi is gur “feiste sháraithe” de réir bhrí Airteagal 3, pointe 10 í feiste lena n-áirithítear go gcomhlíontar na luachanna teorantacha astaíochta atá leagtha síos sa Rialachán sin ach amháin nuair atá an teocht sheachtrach idir 15 agus 33 chéim Celsius agus airde an tráchta níos lú ná 1,000 méadar. |
2) |
Ní mór Airteagal 5(2) (a) de Rialachán Uimh. 715/2007 a léirmhíniú sa chaoi is go gciallaíonn sé nach féidir le feiste sháraithe, lena n-áirithítear comhlíonadh na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos sa Rialachán sin, ach amháin i gcás go bhfuil an teocht sheachtrach idir 15 agus 33 chéim Celsius agus go bhfuil airde tráchta atá níos lú ná 1,000 méadar, teacht faoin eisceacht ón dtoirmeasc ar úsáid feistí den sórt sin, dá bhforáiltear san fhoráil sin, de bharr go gcuireann an fheiste seo le caomhnú comhpháirteanna amhail an chomhla athshruthaithe gáis sceite, an malartóir AGS agus an scagaire cáithníneach díosail agus dá bharr sin amháin, ach amháin a mhéid a chruthaítear go bhfreagraíonn an fheiste sin go docht don ghá atá le seachaint na rioscaí láithreacha de dhamáiste nó de thionóiscí don inneall, a eascraíonn as mífheidhmiú comhpháirte den chóras athshruthaithe gáis sceite, atá chomh tromchúiseach go gcruthófar contúirt nithiúil agus an fheithicil atá feistithe leis an bhfeiste chéanna á tiomáint. Ar aon chuma, níl feidhm ag an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le feiste sháraithe a gcaithfí a oibriú faoi ghnáthchoinníollacha tiomána den chuid is mó den bhliain, chun go gcosnófaí an t-inneall ar dhamáiste nó ar thionóisc agus chun oibriú sábháilte na feithicle a áirithiú. |