EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62019TA0357
Case T-357/19: Judgment of the General Court of 22 June 2022 — Italy v Commission (ERDF — Regional policy — Operational programmes coming under the ‘Investment for growth and jobs’ objective in Italy — Decision approving the financial contribution of the ERDF to the major project ‘Major National Project Ultra Broadband — White Areas’ — Ineligibility of the costs incurred by the beneficiary in respect of VAT — Article 69(3)(c) of Regulation (EU) No 1303/2013 — Concept of ‘VAT that is recoverable under national VAT legislation’)
Cás T-357/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Meitheamh 2022 – an Iodáil v an Coimisiún (CFRE – Beartas réigiúnach – Cláir oibriúcháin a thagann faoin gcuspóir “Infheistíocht le haghaidh fáis agus post” san Iodáil – Cinneadh lena bhformheastar ranníocaíocht airgeadais CFRE don mhórthionscadal “Mórthionscadal Náisiúnta Banda Fíorleathan – Limistéir Bhána” – Neamh-incháilitheacht chostais na tairbhithe ó thaobh CBL de – Airteagal 69(3)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 – An coincheap “CBL atá inghnóthaithe faoi reachtaíocht náisiúnta CBL)
Cás T-357/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Meitheamh 2022 – an Iodáil v an Coimisiún (CFRE – Beartas réigiúnach – Cláir oibriúcháin a thagann faoin gcuspóir “Infheistíocht le haghaidh fáis agus post” san Iodáil – Cinneadh lena bhformheastar ranníocaíocht airgeadais CFRE don mhórthionscadal “Mórthionscadal Náisiúnta Banda Fíorleathan – Limistéir Bhána” – Neamh-incháilitheacht chostais na tairbhithe ó thaobh CBL de – Airteagal 69(3)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 – An coincheap “CBL atá inghnóthaithe faoi reachtaíocht náisiúnta CBL)
OJ C 303, 8.8.2022, p. 37–38
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 303/37 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Meitheamh 2022 – an Iodáil v an Coimisiún
(Cás T-357/19) (1)
(CFRE - Beartas réigiúnach - Cláir oibriúcháin a thagann faoin gcuspóir “Infheistíocht le haghaidh fáis agus post” san Iodáil - Cinneadh lena bhformheastar ranníocaíocht airgeadais CFRE don mhórthionscadal “Mórthionscadal Náisiúnta Banda Fíorleathan – Limistéir Bhána” - Neamh-incháilitheacht chostais na tairbhithe ó thaobh CBL de - Airteagal 69(3)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 - An coincheap “CBL atá inghnóthaithe faoi reachtaíocht náisiúnta CBL)
(2022/C 303/45)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht na hIodáile (ionadaithe: G. Palmieri, Gníomhaire, le cúnamh ó P. Gentili, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Mantl agus F. Tomat, Gníomhairí)
Idirghábhalaithe, i dtaca leis an iarratasóir: Poblacht na Seice (ionadaithe: M. Smolek, J. Vláčil agus O. Serdula, Gníomhairí), Ríocht na Spáinne (ionadaí: I. Herranz Elizalde, Gníomhaire)
Maidir le:
Lena caingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2019) 2652 final ón gCoimisiúin an 3 Aibreán 2019 lena bhformheastar an ranníocaíocht airgeadais don mhórthionscadal “Mórthionscadal Náisiúnta Banda Fíorleathan – Limistéir Bhána”, a roghnaíodh mar chuid de na cláir oibriúcháin “POR Abruzzo FESR 2014-2020”, “Basilicata”, “POR Calabria FESR FSE”, “Campania”, “POR Emilia Romagna FESR”, “POR Lazio FESR”, “POR Liguria FESR”, “POR Lombardia FESR”, “POR Marche FESR 2014-2020”, “POR Piemonte FESR”, “POR Puglia FESR-FSE”, “POR Sardegna FESR”, “Sicilia”, “Toscana”, “POR Umbria FESR”, “POR Veneto FESR 2014-2020” agus “Fiontair agus iomaíochas” san Iodáil, a chur ar neamhní, sa mhéid go n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh na costais arna dtabhú ag an tairbhí i leith cáin bhreisluacha (CBL).
An chuid oibríochtúil
1. |
Cuirtear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2019) 2652 final ón gCoimisiúin an 3 Aibreán 2019 lena bhformheastar an ranníocaíocht airgeadais don mhórthionscadal “Mórthionscadal Náisiúnta Banda Fíorleathan – Limistéir Bhána”), a roghnaíodh mar chuid de na cláir oibriúcháin “POR Abruzzo FESR 2014-2020”, “Basilicata”, “POR Calabria FESR FSE”, “Campania”, “POR Emilia Romagna FESR”, “POR Lazio FESR”, “POR Liguria FESR”, “POR Lombardia FESR”, “POR Marche FESR 2014-2020”, “POR Piemonte FESR”, “POR Puglia FESR-FSE”, “POR Sardegna FESR”, “Sicilia”, “Toscana”, “POR Umbria FESR”, “POR Veneto FESR 2014-2020” agus “Fiontair agus iomaíochas” san Iodáil, ar neamhní sa mhéid go n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh na costais arna dtabhú ag an tairbhí i leith cáin bhreisluacha (CBL). |
2. |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus costais Poblacht na hIodáile a íoc. |
3. |
Ordaítear do Phoblacht na Seice agus do Ríocht na Spáinne a gcostais féin a íoc. |