Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XC02991

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin san Aontas Eorpach.

C/2026/3333

IO C, C/2026/2991, 29.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2991/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2991/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2991

29.5.2026

TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin san Aontas Eorpach’.

(C/2026/2991)

1.   RÉAMHRÁ: AN TIONSCNAMH Ó NA SAORÁNAIGH

Is é an ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin san Aontas Eorpach’ (1) an 13ú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES), arna chur faoi bhráid an Choimisiúin lena scrúdú tar éis dó na tairseacha (2) a cheanglaítear leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le Rialachán (AE) 2019/788 (3) (‘Rialachán TES’) a bhaint amach.

Déanann na heagraithe cur síos ar a gcuspóirí mar a leanas:

Iarraimid ar an gCoimisiún toirmeasc dlíthiúil ceangailteach a mholadh ar chleachtais tiontúcháin atá dírithe ar shaoránaigh LADTIA+ san Aontas Eorpach.

Is é atá i gceist le Cleachtais Tiontúcháin idirghabhálacha atá dírithe ar ghnéaschlaonadh, ar fhéiniúlacht inscne agus/nó ar léiriú inscne daoine LADTIA+ a athrú, a chur faoi chois nó a bhrú faoi chois.

Tá cleachtais den sórt sin, mar gheall ar a gcineál idirdhealaitheach, táireach, díobhálach agus calaoiseach, cáilithe mar chéastóireacht ag na Náisiúin Aontaithe, agus tá toirmeasc á chur orthu faoi láthair i líon méadaitheach Stát.

Tá ról lárnach ag an Aontas i gcosaint na gceart bunúsach agus ba cheart dó bearta a dhéanamh chun gach cleachtas mídhaonna a chomhrac. Ba cheart don Choimisiúin treoir a mholadh lena gcuirfear cleachtais tiontúcháin le liosta na gcoireanna Eorpacha agus/nó an treoir atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le comhionannas (2008) a leasú chun toirmeasc ar na cleachtais sin a chur san áireamh.

Ina theannta sin, chun an moratóir reachtach a chomhrac, ba cheart don Choimisiún rún neamhcheangailteach a fhorfheidhmiú freisin lena n-iarrfar toirmeasc forleathan ar chleachtais tiontúcháin san Aontas.

Ar deireadh, iarraimid ar an gCoimisiún an Treoir maidir le Cearta Íospartach a leasú chun íoschaighdeáin a bhunú maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na gcleachtas tiontúcháin.

Ba cheart do gach Ballstát toirmeasc a thabhairt isteach ar chleachtais tiontúcháin nó athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid cleachtas reatha.

Tar éis iarraidh an lucht eagraithe an 27 Samhain 2023, chláraigh an Coimisiún an tionscnamh an 24 Eanáir 2024  (4). In iarscríbhinn a chuirtear isteach leis an iarraidh ar chlárú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, tugtar tuilleadh sonraí faoi ábhar, faoi chuspóirí agus faoi chúlra an tionscnaimh. Go sonrach, déanann na heagraithe liosta moltaí le haghaidh toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin, moltaí a thagann ón dtuarascáil dar teideal ‘Conversion Practices on LGBT+ People’ [Cleachtais tiontúcháin ar Dhaoine LADT+] (5), a d’iarr an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile de chuid Pharlaimint na hEorpa in 2023.

Bhailigh na heagraithe na ‘ráitis tacaíochta’ (sínithe) is gá idir an 17 Bealtaine 2024 agus an 17 Bealtaine 2025. An 17 Samhain 2025, tar éis d’údaráis na mBallstát na ráitis tacaíochta a fhíorú, chuir na heagraithe an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin. An dáta céanna, d’fhoilsigh an Coimisiún an fógra lena ndeimhnítear bailíocht an tionscnaimh i gclár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Chuir an lucht eagraithe cuspóirí an tionscnaimh i láthair i gcruinniú leis an gCoimisiún an 12 Nollaig 2025  (6) agus le linn éisteacht phoiblí a d’eagraigh Parlaimint na hEorpa an 2 Márta 2026. Le linn na héisteachta poiblí, chuir na heagraithe in iúl go mba dhíol sásaimh dóibh é dá nglacfadh an Coimisiún Eorpach moladh lena spreagfaí na Ballstáit le bearta a dhéanamh chun deireadh a chur le cleachtais tiontúcháin laistigh dá gcomhthéacsanna náisiúnta (7).

Ina dhiaidh sin, an 25 Márta 2026, bhí díospóireacht iomlánach ag an bParlaimint maidir leis an tionscnamh ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin’ (8).

Leagtar amach sa teachtaireacht seo conclúidí dlíthiúla agus polaitiúla an Choimisiúin ar an tionscnamh, an ghníomhaíocht atá beartaithe aige a dhéanamh, na cúiseanna leis an ngníomhaíocht sin agus an amlíne atá beartaithe, i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán ECI.

2.   COMHTHÉACS

2.1   An tsaincheist atá idir chamáin

‘Is idirghabhálacha an-díobhálach iad cleachtais tiontúcháin a bhraitheann ar an smaoineamh atá bréagach ó thaobh leighis de go bhfuil daoine LADT[IA+] tinn, rud a chruthaíonn dianphian agus dianfhulaingt, agus a mbíonn damáiste fadtéarmach síceolaíoch agus fisiciúil mar thoradh orthu’ (9). Go deimhin, níl aon luach teiripeach ag na cleachtais sin, ar féidir mí-úsáid ó bhéal, comhéigean, leithlisiú, cógas éigeantach, turraingí leictreacha, mí-úsáid fhisiciúil agus ghnéasach (10) a áireamh leo, ós rud é nach bhfuil aon rud le ‘leigheas’ ná le ‘brú faoi chois’.

Scoir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) den ‘homaighnéasacht’ a aicmiú mar neamhord meabhrach in 1990, trína baint den 10ú hathbhreithniú ar Aicmiú Idirnáisiúnta na nGalar agus na bhFadhbanna Sláinte Gaolmhara (ICD-10). In 2019, bhain EDS ‘neamhord féiniúlachta inscne’ den chaibidil ‘Neamhoird mheabhracha agus iompraíochta’ den 11ú hathbhreithniú ar Aicmiú Idirnáisiúnta na nGalar agus na bhFadhbanna Sláinte Gaolmhara (ICD-11) (11).

Ina theannta sin, tá mórchomhlachtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta i gcoinne cleachtais tiontúcháin go poiblí, lena n-áirítear Comhlachas Domhanda na Lianna Míochaine in 2013 (12), Comhlachas Domhanda na Síciatrachta in 2016 (13) agus Comhlachas Síciatrachta na hEorpa in 2022 (14).

De réir shuirbhé LADTIA 2023 a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (15), d’fhulaing duine as gach ceathrar (24 %) daoine LADTIA+ cleachtais tiontúcháin, lena n-áirítear foréigean fisiciúil agus gnéasach, mí-úsáid ó bhéal agus uirísliú. Bhí méadú faoi dhó nach mór ar an bhfigiúr sin go 47 % i gcás mná trasinscneacha agus 48 % i gcás fir thrasinscneacha.

Ina theannta sin, léirítear i dtuarascáil na Náisiún Aontaithe ón Saineolaí Neamhspleách maidir le cosaint ar fhoréigean agus ar idirdhealú bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus ar fhéiniúlacht inscne go bhfuil feiniméan na gcleachtas tiontúcháin le fáil ar fud an domhain agus go ndéanann sé difear díréireach do dhaoine óga LADTIA+ (16).

2.2   Comhthéacs an bheartais Eorpaigh

Ba cheart go mbraithfeadh gach duine san Aontas Eorpach go sábháilte agus saor chun bheith dílis dóibh féin. Is bunluachanna agus bunchearta iad an comhionannas agus an neamh-idirdhealú a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Thug an tUachtarán Ursula von der Leyen sainordú don Choimisinéir Hadja Lahbib, ina litir mhisin (17), ‘Straitéis athnuaite um Chomhionannas LADTIA a mholadh don tréimhse tar éis 2025. Ba cheart go ndíreodh sé sin go háirithe ar an gciapadh agus ar an bhforéigean leanúnach fuathspreagtha, lena n-áirítear ar líne, agus ar chleachtas na teiripe tiontúcháin a thoirmeasc.’

Fógraíodh sa Straitéis um Chomhionannas LADTIA+ 2026-2030 (18), a glacadh 8 Deireadh Fómahir 2025, ‘go ndéanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht iomchuí chun cleachtais tiontúcháin a chomhrac, agus cuirfear béim ar leith ar thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit, a bhfuil ról ríthábhachtach acu sa réimse sin. ... Agus a chur chuige á fhorbairt aige maidir le cleachtais tiontúcháin a chomhrac, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go háirithe, an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh le déanaí, “Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc san Aontas Eorpach”’.

Is tosaíocht don Choimisiún é daoine LADTIA+ a chosaint ar mhí-úsáid, ar chleachtais dhíobhálacha agus ar fhuath, agus is príomhcholún den straitéis sin é. Tá sé ríthábhachtach gach cineál foréigin a chosc agus a chomhrac agus deireadh a chur le hinsintí fuatha chun seasamh le luachanna coiteanna an Aontais maidir le comhionannas, dínit an duine agus urraim do chearta bunúsacha do chách.

Sa rún uaithi maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach a glacadh an 29 Aibreán 2026  (19), ‘cáineann Parlaimint na hEorpa cleachtais tiontúcháin, amhail cleachtais atá dírithe ar ghnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne agus/nó léiriú inscne duine a athrú, a chur faoi chois nó a bhrú faoi chois, mar sháruithe ar chearta bunúsacha, agus... tathantaíonn sí freisin, i ndáil leis an méid sin, ar an gCoimisiún togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí lena mbunaítear toirmeasc AE ar chleachtais tiontúcháin i ngach Ballstát mar ghníomhaíocht leantach ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh dar teideal ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin san Aontas Eorpach’. Rinneadh iarraidh den chineál céanna i rún uaithi maidir le tuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta an 29 Aibreán 2026  (20) agus maidir le cur chun feidhme na Straitéise um Chomhionannas LADTIA 2020-2025, a glacadh an 8 Feabhra 2024  (21).

Sna conclúidí ó Uachtaránacht na Comhairle maidir le sábháilteacht daoine LADTIA san Aontas Eorpach (22), a glacadh an 9 Meitheamh 2023 le tacaíocht ó 25 Bhallstát, iarrtar ar na Ballstáit, laistigh dá n-inniúlachtaí náisiúnta, ‘daoine LADTIA a chosaint, ar líne agus as líne araon, ó... chleachtais dhíobhálacha, lena n-áirítear a bheith faoi réir ‘cleachtais tiontúcháin’’.

Ina theannta sin, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairim an 29 Aibreán 2026 chun tacú leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, inar moladh don Choimisiún ‘togra a thabhairt isteach le haghaidh toirmeasc AE atá ceangailteach ó thaobh dlí de ar chleachtais tiontúcháin. Leis an toirmeasc atá beartaithe, ba cheart toirmeasc a chur ar gach gníomhaíocht agus ar fhógairt gníomhaíochtaí den sórt sin arb é is aidhm dóibh gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne agus/nó léiriú inscne duine a athrú, a chur faoi chois nó a scriosadh’ (23).

Thairis sin, an 29 Eanáir 2026, ghlac Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa rún (24) lena n-iarrtar ar a Bhallstáit toirmeasc a chur ar chleachtais tiontúcháin arb é is aidhm dóibh gnéaschlaonadh nó féiniúlacht/léiriú inscne duine a athrú, a chur faoi chois nó a dhíothú, lena bhforáiltear do smachtbhannaí coiriúla. Luaitear sa rún gur riachtanas sláinte poiblí é gníomhaíocht a dhéanamh chun an díobháil a dhéanann cleachtais tiontúcháin a chosc agus a chomhrac agus gur ábhar é a bhaineann le hurraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, lena n-athdhearbhaítear tábhacht an neamhspleáchais phearsanta, mar a chosnaítear faoi Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Moltar ann freisin sraith beart a bhaineann le tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh, oiliúint agus feasacht an phobail.

2.3   Creat dlíthiúil náisiúnta:

Tá toirmeasc curtha cheana féin ag ocht mBallstát ar chleachtais tiontúcháin (25). Athraíonn raon feidhme na ndlíthe sin, agus is iondúil go ndéantar iarrachtaí leo gnéaschlaonadh nó féiniúlacht inscne duine a athrú nó a bhrú faoi chois, agus i bhformhór na gcásanna léiriú inscne freisin, faoin dlí riaracháin, a choiriúlú nó a thoirmeasc. Áirítear i bhformhór na ndlíthe náisiúnta sin pionóis ghéaraitheacha i leith cionta a dhéantar i gcoinne mionaoiseach nó aosaigh shoghonta. I measc na smachtbhannaí tá fíneálacha i ngach ceann acu agus príosúnacht sa chuid is mó díobh. Tá toirmeasc freisin ar fhógraíocht chleachtas tiontúcháin leis na dlíthe náisiúnta sin go léir.

3.   FREAGRA AR AN TIONSCNAMH EORPACH Ó NA SAORÁNAIGH

Leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, iarrtar ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) ‘treoir a mholadh lena gcuirfear cleachtais tiontúcháin le liosta na gcoireanna Eorpacha agus/nó an treoir atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le comhionannas (2008) a leasú chun toirmeasc ar na cleachtais sin a chur san áireamh’; (ii) ‘an Treoir maidir le Cearta Íospartach a leasú chun íoschaighdeáin a bhunú maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na gcleachtas tiontúcháin’; (iii) ‘rún neamhcheangailteach a fhorfheidhmiú lena n-iarrtar toirmeasc forleathan ar chleachtais tiontúcháin san Aontas’.

I ndeireadh na dála, tá an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh soiléir agus é á chur in iúl ‘gur cheart do na Ballstáit uile toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin a thabhairt isteach’.

Mar fhreagairt ar an tionscnamh, leagann an Coimisiún béim ar an méid seo a leanas:

(a)

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún moladh ón gCoimisiún a ghlacadh in 2027, agus é mar chuspóir aige a iarraidh ar na Ballstáit toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin a chur i bhfeidhm laistigh dá gcreat dlíthiúil.

(b)

Os a choinne sin, measann an Coimisiún nach mbeadh sé éifeachtach, ar na cúiseanna a leagtar amach thíos, togra a dhéanamh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun críocha Airteagal 11(4) CAE.

3.1   Moladh ón gCoimisiún a ghlacadh chun cuspóir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhaint amach

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún moladh a ghlacadh, gníomh dlí atá bunaithe ar Airteagal 292 CFAE, lena gcosnaítear daoine LADTIA+, go háirithe na daoine is leochailí, agus lena ndéantar cleachtais tiontúcháin a chomhrac arb é is aidhm dóibh a ngnéaschlaonadh nó a bhféiniúlacht/léiriú inscne a athrú, a chur faoi chois nó a bhrú faoi chois. Tá coinne leis go gcomhlíonfaidh moladh ón gCoimisiún cuspóirí substainteacha an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Ag gníomhú dó trí mholadh, aithneoidh an Coimisiún an ról ríthábhachtach atá ag na Ballstáit sa réimse sin agus díreoidh sé ar thacaíocht a thabhairt dóibh maidir le cleachtais tiontúcháin a thoirmeasc, agus gníomhaíocht náisiúnta a spreagadh chun an toirmeasc dlíthiúil a leathnú ar fud an Aontais.

Tá sé beartaithe go gcuirfidh an moladh le dea-chleachtais ó na toirmisc atá ann cheana ar chleachtais tiontúcháin sna Ballstáit, agus go n-iarrfar ar gach ceann acu toirmeasc a bheith i bhfeidhm acu. Breithneoidh an Coimisiún freisin moltaí a chur san áireamh, sa mholadh, maidir le bearta comhlántacha eile, amhail gníomhaíochtaí chun rochtain ar cheartas agus ar chúiteamh a éascú d’íospartaigh agus do mharthanóirí ag tógáil ar oibleagáidí dlíthiúla a eascraíonn as an Treoir maidir le Cearta Íospartach nuair a dhéantar cleachtais den sórt sin a choiriúlú; cúrsaí oiliúna le haghaidh meabhairshláinte agus liachleachtóirí ábhartha eile.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a gcuirfear an moladh chun feidhme ina gcomhthéacs náisiúnta, rud a fhágfaidh go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear an moladh chun feidhme ar an láthair sa chleachtas.

Agus an moladh á ullmhú, beidh idirphlé struchtúrtha ar an ábhar atá beartaithe ag an gCoimisiún a chur chun cinn tríd an sainghrúpa um chomhionannas LADTIA+ ina dtugtar le chéile na Ballstáit, an Coimisiún agus páirtithe leasmhara chun comhionannas LADTIA+ a fheabhsú faoin ngrúpa ardleibhéil um neamh-idirdhealú, comhionannas agus éagsúlacht mar bhonn taca le hullmhú an mholta.

Thairis sin, mar a fógraíodh sa straitéis um chomhionannas LADTIA+, bunóidh an Coimisiún fóram beartais LADTIA+ le heagraíochtaí sochaí sibhialta LADTIA+: beidh an chéad eagrán den fhóram sin ar siúl roimh dheireadh 2026 sa Bhruiséil agus díreoidh sé ar chleachtais tiontúcháin.

Ar deireadh, mar a fógraíodh freisin sa straitéis um chomhionannas LADTIA+, sheol an Coimisiún staidéar ar chleachtais tiontúcháin, a bheidh mar bhonn don mholadh ón gCoimisiún trí ghnéithe amhail an leibhéal comhéigin agus brú a bhaineann le cleachtais den sórt sin a mheas.

3.2   Cúiseanna gan togra a dhéanamh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun críocha Airteagal 11(4) CAE

Míníonn an Coimisiún ina chinneadh maidir le clárú ‘nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh an Coimisiún moladh go gcuirfí roinnt cleachtais tiontúcháin éigeantacha le liosta choireanna an Aontais ar bhonn Airteagal 83(1) CFAE, ar choinníoll go mbeadh údar cuí le ceanglais na forála sin agus go háirithe, maidir leis na cleachtais tiontúcháin sin, go bhféadfaí a mheas gur ‘coireacht fhíorthromchúiseach iad a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo mar gheall ar nádúr na gcionta sin nó mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu nó toisc go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn comhchoiteann”.’

Le togra reachtach nua faoin bhforáil sin, bheadh gá, mar chéad chéim, le bunús dlí nua a bhunú trí chinneadh d’aon toil ón gComhairle lena leathnófaí liosta na gcoireanna Eorpacha. Baineann na coireanna a liostaítear faoi Airteagal 83(1) CFAE le réimsí na coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo. Ní bheadh an Coimisiún in ann treoir a mholadh, mar dhara céim, faoin mbunús dlí nua sin ach amháin dá gcuirfeadh an Chomhairle le liosta na gcoireanna Eorpacha.

Measann an Coimisiún nach ndéanfadh tionscnamh den sórt sin a sheoladh chun liosta na gcoireanna faoi Airteagal 83(1) CFAE a leathnú feiniméan na gcleachtas tiontúcháin a chomhrac go héifeachtach. Cé nach féidir a chur as an áireamh go gcomhlíonann cleachtais áirithe tiontaithe éigeantaigh an critéar maidir le réimsí na coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, ní dócha go ndéanfaidh ach cuid bheag de na cleachtais sin amhlaidh.

Is é is aidhm do thogra 2008 ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le Cóir Chomhionann  (26) cosaint ar idirdhealú ar fhoras reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta a leathnú chuig réimsí lasmuigh den fhostaíocht. Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009, tá an togra bunaithe ar Airteagal 19 CFAE, mar sin tá gá le haontoilíocht sa Chomhairle, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

Cé go bhfuil an togra á phlé sa Chomhairle le beagnach 18 mbliana anuas, agus go dtacaíonn formhór mór na mBallstát le glacadh an téacs chomhréitigh a chuir Uachtaránacht na Beilge ar an gComhairle síos sa chéad leath de 2024 (27), ní rabhthas in ann teacht ar chomhaontú go fóill.

Ní bheadh aon leasuithe nua ar an téacs comhréitigh seo mar chuid de fhreagairt an Choimisiúin ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ós rud é gurb í an Chomhairle atá freagrach as na leasuithe sin a dhéanamh. Ina theannta sin, ní bheadh sé oiriúnach toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin a fhorchur laistigh de fhócas agus raon feidhme trasearnálach an togra seo.

Athdhearbhaíonn an Coimisiún go bhféadfaí togra nua le haghaidh bearta reachtacha ar bhonn Airteagal 19 CFAE a dhéanamh dá mba idirdhealú bunaithe ar ghnéas nó ar ghnéaschlaonadh de réir bhrí an Airteagail sin cleachtais tiontúcháin. Cé gur dócha go gcomhlíonfadh roinnt de na cleachtais sin an coinníoll sin, ní mheasann an Coimisiún gurb é togra nua faoi Airteagal 19 CFAE an bealach is éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, i bhfianaise, go háirithe, na ndeacrachtaí a bhaineann le glacadh d’aon toil ag an gComhairle.

Ina theannta sin, mínítear sa chinneadh maidir le clárú ‘a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin a bhunú maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartach na gcleachtas tiontúcháin, d’fhéadfadh an Coimisiún leasuithe a mholadh ar Threoir 2012/29/AE maidir le cearta íospartach ar bhonn Airteagal 82(2) CFAE.’

Ní mheasann an Coimisiún go bhfuil údar le leasuithe nua ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach a mholadh (28). Tar éis an togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach i mí Iúil 2023 (29), tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú sealadach maidir le Treoir athbhreithnithe maidir le Cearta Íospartach i mí na Nollag 2025 (30). Leis na rialacha nua, neartófar cearta na n-íospartach uile, mar shampla trí rochtain níos fearr ar fhaisnéis agus ar thacaíocht, trí thuairisciú éascaithe na coireachta, trí chosaint níos fearr ar shonraí pearsanta íospartach, trí mheasúnú aonair neartaithe ar riachtanais íospartach, trí rochtain éascaithe ar chúiteamh ón gciontóir agus trí chomhordú agus comhar níos fearr i measc na ndaoine a dhéanann teagmháil le híospartaigh. Bainfidh íospartaigh foréigin ghnéasaigh tairbhe as seirbhísí tacaíochta spriocdhírithe comhtháite lena n-áirítear rochtain ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe.

A mhéid a dhéantar cleachtais tiontúcháin a choiriúlú faoin dlí náisiúnta, beidh feidhm ag forálacha na Treorach mar a thrasuitear sa dlí náisiúnta iad maidir le híospartaigh na coireachta den sórt sin.

Cuirtear i bhfios go láidir sa Treoir gur cheart aird ar leith a thabhairt ar íospartaigh a bhfuil riachtanais shonracha acu chun iad a chosaint ar íospairt thánaisteach agus ar athíospairt, ar imeaglú agus ar fhrithbheart. Ní mór d’íospartaigh measúnú aonair a fháil chun cosaint shonrach agus riachtanais shonracha a shainaithint agus chun a chinneadh an mbainfeadh siad tairbhe as bearta speisialta agus a mhéid a bhainfeadh siad tairbhe astu. Sna Ballstáit ina ndéantar cleachtais tiontúcháin a choiriúlú, ba cheart, dá bhrí sin, d’íospartaigh na gcleachtas sin tairbhe a bhaint as an gcreat cosanta agus tacaíochta dá bhforáiltear leis an Treoir, lena n-áirítear measúnú aonair agus rochtain ar sheirbhísí tacaíochta iomchuí.

Ar deireadh, measann an Coimisiún nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar bhealach cuimsitheach éifeachtúil dá nglacfaí togra le haghaidh moladh ón gComhairle. Maidir le moladh ón gComhairle a chur chun tosaigh ar bhonn Airteagal 83(1) CFAE i gcomhar le hAirteagal 292 CFAE, ní féidir a rá faoi láthair an bhféadfadh cleachtais tiontaithe áirithe teacht faoi réimse ‘na coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi’ de réir bhrí Airteagal 83(1) CFAE. A mhéid a bhaineann le moladh ón gComhairle a chur chun tosaigh ar bhonn Airteagal 19 CFAE i gcomhar le hAirteagal 292 CFAE, dhéanfadh na dúshláin a leagtar amach thuas maidir le gníomhaíocht reachtach bunaithe ar Airteagal 19 CFAE difear do mholadh den sórt sin freisin.

4.   CONCLÚID AGUS FORLÉARGAS

Mar fhreagra ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin san Aontas’, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún moladh a ghlacadh, a bhfuiltear ag súil leis go mbainfidh sé amach cuspóirí substainteacha an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, in 2027.

Tá sé beartaithe go gcuirfidh an moladh le dea-chleachtais ó na toirmisc atá ann cheana ar chleachtais tiontúcháin sna Ballstáit. Beidh sé bunaithe ar phróiseas comhairliúcháin chuimsithigh, lena n-áirítear tríd an ngrúpa saineolaithe maidir le comhionannas LADTIA+ agus tríd an bhfóram beartais nua LADTIA+. Beidh torthaí ó staidéar a sheol an Coimisiún ar an ábhar mar bhonn taca faoin moladh freisin.

Tá sé beartaithe an méid seo a leanas a dhéanamh leis an moladh ón gCoimisiún:

a mholadh do na Ballstáit toirmeasc a chur ar chleachtais tiontúcháin ina ndlíchóras náisiúnta;

daoine LADTIA+ a chosaint agus cleachtais tiontúcháin atá dírithe ar a ngnéaschlaonadh nó ar a bhféiniúlacht/a léiriú inscne a chomhrac;

an toirmeasc atá molta ar chleachtais tiontúcháin a fhorlíonadh le moltaí maidir le bearta eile lena soláthraítear, mar shampla, oiliúint do chleachtóirí;

iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar maidir leis an gcaoi a gcuirtear an moladh chun feidhme ina gcomhthéacs náisiúnta, mar bhonn chun measúnú a dhéanamh ar an gcur chun feidhme sin.


(1)   Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc san Aontas Eorpach.

(2)  Faoi Airteagal 3 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ‘tá tionscnamh bailí más rud é: (a) go bhfuil tacaíocht faighte aige ó mhilliún saoránach ar a laghad de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 2(1) (‘sínitheoirí’), ar saoránaigh iad ó aon cheathrú ar a laghad de na Ballstáit; agus (b) gurb ionann an líon sínitheoirí, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, agus an líon íosta atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, agus go bhfreagraíonn an líon sin don líon Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh i ngach Ballstát, arna iolrú faoi líon iomlán Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, tráth cláraithe an tionscnaimh.

(3)   Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.

(4)   Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/442 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024 maidir leis an iarraidh ar chlárú, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin.

(5)  Parlaimint na hEorpa, ‘Cleachtais Tiontúcháin ar Dhaoine LADT+’, 2023.

(6)  Cruinniú idir eagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh agus an Coimisiún Eorpach, ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin san Aontas’.

(7)  Parlaimint na hEorpa, gnáthchruinniú an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, éisteacht phoiblí: Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc san Aontas Eorpach an 2 Márta 2026.

(8)  Parlaimint na hEorpa, díospóireacht iomlánach an 25 Márta 2026.

(9)  Saineolaí Neamhspleách ó na Náisiún Aontaithe maidir le cosaint ar fhoréigean agus idirdhealú bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne, Cleachtais ‘teiripe thiontúcháin’, mar a thugtar orthu, an 1 Bealtaine 2020.

(10)  Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (PACE), Rún 2534 (2026): Daoine LADTI a chosaint ar ‘chleachtais tiontúcháin’, a glacadh an 29 Eanáir 2026.

(11)  ‘neamhchongruacht inscne a chur ina áit’ sa chaibidil nua ‘Dálaí a bhaineann le sláinte ghnéasach’ den11ú athbhreithniú ar Aicmiú Idirnáisiúnta na nGalar agus na bhFadhbanna Sláinte Gaolmhara (ICD-11).

(12)   World Medical Association statement on natural variations of human sexuality [Ráiteas ó Chomhlachas Domhanda na Lianna Míochaine maidir le héagsúlachtaí nádúrtha gnéasachta daonna], arna ghlacadh ag 64ú Comhthionól Ginearálta Chomhlachas Domhanda na Lianna Míochaine, Deireadh Fómhair 2013.

(13)   World Psychiatric Association position statement on gender identity and same-ex orientation, attract and behaviours [Ráiteas Seasaimh ó Chomhlachas Domhanda na Síciatrachta maidir le féiniúlacht inscne agus gnéaschlaonadh, mealladh agus iompraíochtaí comhghnéis], Meán Fómhair 2016.

(14)   Ráiteas ó Chomhlachas Síciatrachta na hEorpa maidir le ‘teiripí’ tiontiúcháin agus othair LADTA+, Eanáir 2022.

(15)  Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, LADTIA ag uair na cinniúna - forbairtí agus dúshláin, 2024.

(16)  Saineolaí Neamhspleách ó na Náisiún Aontaithe maidir le cosaint ar fhoréigean agus idirdhealú bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne, Cleachtais ‘teiripe thiontúcháin’, mar a thugtar orthu, an 1 Bealtaine 2020.

(17)   An tUachtarán Ursula von der Leyen, litir mhisin chuig Hadja Lahbib, an Coimisinéir um Chomhionannas, agus um Ullmhacht agus Bainistíocht Ghéarchéime, an Coimisiún Eorpach, an 1 Nollaig 2024.

(18)  An Coimisiún Eorpach, Aontas an ChomhionannaisStraitéis um Chomhionannas LADTIA+ 2026-2030, COM/2025/725 final.

(19)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach in 2024 agus 2025 ((P10_TA(2026)0146).

(20)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 i ndáil leis an Tuarascáilón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta (P10_TA(2026)0147).

(21)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024 ar chur chun feidhme Straitéis an Aontais um Chomhionannas LADTIA 2020-2025 (P9_TA(2024)0076).

(22)  Comhairle an Aontais Eorpaigh, Conclúidí ón Uachtaránacht maidir le sábháilteacht daoine LADTI san Aontas Eorpach, an 9 Meitheamh 2023.

(23)  Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Tuairim ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin san Aontas Eorpach’, arna glacadh an 29 Aibreán 2026 (SOC/854-EESC-2025).

(24)  Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (PACE), Rún 2534 (2026): Daoine LADTI a chosaint ar ‘chleachtais tiontúcháin’, a glacadh an 29 Eanáir 2026.

(25)   An Bheilg, An Ghearmáin, An Ghréig, An Spáinn, An Fhrainc, An Chipir, Málta agus An Phortaingéil.

(26)  Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, (COM(2008) 0426 final).

(27)  Treoir maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme (Airteagal 19) - Tuarascáil maidir le dul chun cinn (10817/24).

(28)   Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta.

(29)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle, (COM/2023/424 final).

(30)   Preaseisiúint ón gComhairle: neartaíonn an tAontas cosaint agus tacaíocht d’íospartaigh na coireachta, 10 Nollaig 2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2991/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top