This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025XG03009
Notice for the attention of the natural and legal persons, entities and bodies subject to the restrictive measures provided for in Council Decision (CFSP) 2024/1484, as amended by Council Decision (CFSP) 2025/1070 and in Council Regulation (EU) 2024/1485, as implemented by Council Implementing Regulation (EU) 2025/1081, concerning restrictive measures in view of the situation in Russia
Fógra le haghaidh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/1484 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1070 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1081 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis

IO C, C/2025/3009, 27.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3009/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3009 |
27.5.2025 |
Fógra le haghaidh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/1484 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1070 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1081 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis
(C/2025/3009)
Na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/1484 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1070 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1081 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis, dírítear a n-aird ar an bhfaisnéis seo a leanas:
Ceanglaítear le hAirteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2024/1485 nach mór do na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí sin tuairisc a thabhairt, laistigh de 6 seachtaine ó dháta an liostaithe in Iarscríbhinn IV, faoi na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Bhallstáit ar leo iad nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin suite. Ní mór dóibh oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil maidir le fíorú na faisnéise sin. Aon mhainneachtain na hoibleagáidí sin a urramú, measfar gur teacht timpeall ar na bearta maidir le reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha atá ann.
Ní mór an fhaisnéis atá le tuairisciú a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, trína shuíomh gréasáin mar a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485.
(1) IO L, 2024/1484, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1484/oj.
(2) IO L, 2025/1070, 27.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1070/oj.
(3) IO L, 2024/1485, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1485/oj.
(4) IO L, 2025/1081, 27.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1081/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3009/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)