Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XG01473

Conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach

ST/5723/2025/REV/1

IO C, C/2025/1473, 28.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1473/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1473/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1473

28.2.2025

Conclúidí ón gComhairle

maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach

(C/2025/1473)

DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS:

1.   

CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá sé caighdeáin dea-rialachais chánach, lena n-áirítear i réimse an chánachais chothroim agus na trédhearcachta cánach, a chur chun cinn agus a neartú, agus calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chur chomhrac, ar leibhéal an Aontais agus ar fud an domhain;

2.   

TUIGEANN SÍ an comhar táirgthe leanúnach i ndáil le cúrsaí cánach idir an Mheitheal um an gCód Iompair maidir le Cánachas Gnó (‘an Mheitheal um an gCód Iompair’) agus formhór na ndlínsí ar fud an domhain;

3.   

IS DÍOL SÁSAIMH DI an dul chun cinn atá déanta sna dlínsí ábhartha trí na bearta gníomhacha a rinneadh faoi na spriocdhátaí a comhaontaíodh, go háirithe maidir le cloí le critéir trédhearcachta cánach liosta an Aontais; IS DÍOL SÁSAIMH DI na bearta a rinne roinnt dlínsí atá liostaithe le fada, ar bearta iad a bhfuil gealladh fúthu; agus IARRANN SÍ ar na dlínsí sin leanúint de na hiarrachtaí sin chun dul i dteagmháil leis an Meitheal um an gCód Iompair agus na saincheisteanna atá fós gan réiteach a réiteach d’fhonn liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach a nuashonrú amach anseo;

4.   

DEARBHAÍONN SÍ GURB OTH LÉI nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ag an Tuirc le Ballstát amháin maidir le malartú uathoibríoch faisnéise éifeachtach; IARRANN SÍ AN ATHUAIR ar an Tuirc tús a chur leis na caidrimh maidir le huathmhalartú faisnéise le Ballstát amháin atá fós gan réiteach agus na ceanglais a leagtar amach sna conclúidí ó Chomhairle Ecofin an 22 Feabhra 2021, an 5 Deireadh Fómhair 2021, an 24 Feabhra 2022, an 4 Deireadh Fómhair 2022, an 14 Feabhra 2023, an 17 Deireadh Fómhair 2023, an 20 Feabhra 2024 agus an 8 Deireadh Fómhair 2024 a chomhlíonadh ina n-iomláine; ATHDHEARBHAÍONN SÍ gur coinníoll é uathmhalartú éifeachtach faisnéise leis na Ballstáit uile chun go mbeidh critéar 1.1 de liosta an Aontais á chomhlíonadh ag an Tuirc; IARRANN SÍ ar an Meitheal an Chomhairle a chur ar an eolas maidir lena bhfuil ag titim amach i ndáil leis sin agus leanúint d’aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach i gcás nach bhfuil aon dul chun cinn déanta;

5.   

FORMHEASANN SÍ an Tuarascáil ón Meitheal um an gCód Iompair a leagtar amach in 6044/25;

6.   

FORMHEASANN SÍ dá réir sin liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

7.   

FORMHUINÍONN SÍ staid na himeartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II maidir leis na gealltanais a thug dlínsí comhoibríocha chun caighdeáin dea-rialachais cánach a chur chun feidhme.


IARSCRÍBHINN I

Liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach

1.   Samó Mheiriceá

Ní chuireann Samó Mheiriceá aon uathmhalartú faisnéise airgeadais i bhfeidhm, níor shínigh sé ná níor dhaingnigh sé, lena n-áirítear tríd an dlínse a bhfuil sé ag brath uirthi, Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, agus níl gealltanas tugtha aige go dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin.

2.   Anguilla

Éascaíonn Anguilla struchtúir agus socruithe easchósta atá dírithe ar bhrabúis a mhealladh gan fíorshubstaint eacnamaíoch ós rud é nach ndéanann sé gach gníomhaíocht is gá chun cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas maidir le substaintí faoi chritéar 2.2 a áirithiú.

Tá gealltanas tugtha ag Anguilla aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh maidir lena chreat chun faisnéis a mhalartú arna iarraidh sin don Fhóram Domhanda agus grinn-athbhreithniú a iarraidh ar an bhFóram Domhanda roimh an 24 Iúil 2026.

3.   Fidsí

Níor shínigh ná níor dhaingnigh Fidsí Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, tá córais chánach fhabhracha dhíobhálacha aici (Dreasacht Teicneolaíochta Cumarsáide Ioncaim Bhunaidh, Cuideachtaí Onnmhairiúcháin) agus níl na saincheisteanna sin réitithe aici go fóill.

4.   Guam

Ní chuireann Guam aon uathmhalartú faisnéise airgeadais i bhfeidhm, níor shínigh sé ná níor dhaingnigh sé, lena n-áirítear tríd an dlínse a bhfuil sé ag brath uirthi, an Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, agus níl gealltanas tugtha aige go dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin.

5.   Oileáin Palau

Níor shínigh Oileáin Palau ná níor dhaingnigh siad Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, agus níl an tsaincheist sin réitithe go fóill acu.

6.   Panama

Tá córas díolúine díobhálach maidir le hioncam ó fhoinsí eachtracha ag Panama agus níl an tsaincheist sin réitithe go fóill aige.

Tá gealltanas tugtha ag Panama aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh maidir lena creat chun faisnéis a mhalartú arna iarraidh sin don Fhóram Domhanda agus grinn-athbhreithniú a iarraidh ar an bhFóram Domhanda roimh an 17 Iúil 2026.

7.   Cónaidhm na Rúise

Tá córas cánach fabhrach díobhálach ag Cónaidhm na Rúise (cuideachtaí sealbhaíochta idirnáisiúnta) agus níl an tsaincheist sin réitithe go fóill aici.

8.   Samó

Tá córas cánach fabhrach díobhálach ag Samó (cuideachta easchósta) agus níl an tsaincheist sin réitithe go fóill aige.

9.   Oileán na Tríonóide agus Tobága

Níl cinneadh déanta i gcás Oileán na Tríonóide agus Tobága maidir le ‘i bhfeidhm, ach feabhas ag teastáil’ ar a laghad i gcás phríomhcheanglais 1 agus 2 i dtuarascáil athbhreithnithe piaraí an Fhóraim Dhomhanda maidir le malartú uathoibríoch faisnéise faoi chuntais airgeadais. Níl rátáil ‘mór-chomhlíontach’ ar a laghad ag Oileán na Tríonóide agus Tobága ón bhFóram Domhanda i ndáil le malartú faisnéise arna iarraidh sin, ní chuireann sé íoschaighdeán BEPS maidir le tuairisciú de réir tíre chun feidhme, agus níl na saincheisteanna sin réitithe go fóill aige.

10.   Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe

Ní chuireann Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe aon uathmhalartú faisnéise airgeadais i bhfeidhm, níor shínigh siad ná níor dhaingnigh siad, lena n-áirítear tríd an dlínse a bhfuil siad ag brath uirthi, an Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, tá córais chánach fhabhracha dhíobhálacha acu (clár forbartha eacnamaíche, cuideachtaí díolmhaithe, gníomh rialála ionaid baincéireachta idirnáisiúnta), agus níl gealltanas tugtha acu go dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin.

11.   Vanuatú

Éascaíonn Vanuatú struchtúir agus socruithe easchósta atá dírithe ar bhrabúis a mhealladh gan fíorshubstaint eacnamaíoch, agus níl an tsaincheist sin réitithe go fóill aige.

Tá Vanuatú ag fanacht le grinn-athbhreithniú ón bhFóram Domhanda i ndáil le malartú faisnéise arna iarraidh sin.


IARSCRÍBHINN II

Staid na himeartha maidir leis an gcomhar leis an Aontas i ndáil le gealltanais a thug dlínsí comhoibríocha chun prionsabail an dea-rialachais cánach a chur chun feidhme

1.   Trédhearcacht

1.1   Uathmhalartú faisnéise

Meastar go ndéanfaidh an dlínse seo a leanas faisnéis a mhalartú go héifeachtach leis na 27 mBallstát uile de réir na hamlíne dá dtagraítear i mír 6 de na Conclúidí ón gComhairle an 22 Feabhra 2021, mír 4 de na Conclúidí ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021, mír 4 de na Conclúidí ón gComhairle an 24 Feabhra 2022, mír 4 de na Conclúidí ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022, mír 7 de na Conclúidí ón gComhairle an 14 Feabhra 2023, mír 7 de na Conclúidí ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023, mír 5 de na Conclúidí ón gComhairle an 26 Feabhra 2024 agus mír 5 de na Conclúidí ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024:

An Tuirc

1.2   Comhaltas san Fhóram Domhanda agus rátáil shásúil i ndáil le malartú faisnéise arna iarraidh sin

Tá na dlínsí seo a leanas ag fanacht ar ghrinn-athbhreithniú ón bhFóram Domhanda:

Antigua agus Barbúda, an Bheilís, Ógh-Oileáin na Breataine agus na Séiséil

2.   Cánachas Cothrom

2.1   Córais chánach dhíobhálacha atá ann

Tá an dlínse seo a leanas, a thug gealltanas a gcórais chánach fhabhracha dhíobhálacha a leasú nó a dhíothú faoi raon feidhme an Fhóraim maidir le Cleachtais Chánach Dhíobhálacha faoin 31 Nollaig 2023, ag feitheamh le measúnú críochnaitheach a bheith déanta ag an bhFóram:

Easuaitíní (Crios eacnamaíoch speisialta)

Thug an dlínse seo a leanas gealltanas a córas díolúine ioncaim foinse eachtraí díobhálach a leasú nó a dhíothú faoin 31 Nollaig 2025:

Brúiné Darasalám

3.   Creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS) a chosc

3.2   Cur chur chun feidhme íoschaighdeán CbCR (Gníomhaíocht BEPS 13)

Gheall an dlínse seo a leanas íoschaighdeán CbCR a chur chun feidhme agus caidreamh malartaithe tuairiscí de réir tíre le Ballstáit uile an Aontais a ghníomhachtú. Shínigh sí Comhaontú Iltaobhach na nÚdarás Inniúil maidir le tuairisciú de réir tíre, agus tá na bearta is gá á ndéanamh aici i láthair na huaire chun caidreamh malartaithe tuairiscí de réir tíre le Ballstáit uile an Aontais a ghníomhachtú:

Vítneam


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1473/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top