Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XG01467

Fógra le haghaidh daoine agus eintitis áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/891 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú agus i Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú

ST/6248/2025/INIT

IO C, C/2025/1467, 25.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1467/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1467/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1467

25.2.2025

Fógra le haghaidh daoine agus eintitis áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/891 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú agus i Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú

(C/2025/1467)

Dírítear aird Chiril GUZUN, Dmitry MILYUTIN, Evghenia GUȚUL, Igor Yuryevich CHAIKA, Iurii CUZNEȚOV, Mihail VLAH, Nelli PARUTENCO, Ilia UZUN, Dumitru CHITOROAGĂ, Comhlachas Poiblí – Association of People with Epaulettes ‘Scutul Poporului’, agus EVRAZIA, daoine agus eintitis atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/891 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú.

Tá an Chomhairle ag brath ar na bearta sriantacha a bhaineann leis na daoine agus na heintitis thuasluaite a choinneáil ar bun bunaithe ar ráitis nua ar chúiseanna agus/nó ar fhianaise nua.

Leis seo, cuirtear in iúl do na daoine agus do na heintitis sin go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun an fhaisnéis a fháil a bhaineann le bearta sriantacha a choinneáil ar bun, roimh an 4 Márta 2025, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1467/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top