Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XG00673

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/171 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2019/796 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/173 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

IO C, C/2025/673, 28.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/673/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/673/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/673

28.1.2025

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/171 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2019/796 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/173 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

(C/2025/673)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is iad is bunúis dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/171 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) 2019/796 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/173 ón gComhairle (5) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh – agus Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um Chaidreamh Seachtrach (RELEX) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag gníomhú ar a son – rialaitheoir na próiseála seo; agus is é RELEX.1 an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2019/797/CBES, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/171, agus Rialachán (AE) 2019/796, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/173.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2019/797 agus i Rialachán (AE) 2019/796.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann le forais an liostaithe.

Is iad na Cinntí ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 29 CAE agus Rialacháin ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena n-ainmnítear daoine nádúrtha (ábhair sonraí) agus lena bhforchuirtear an reo sócmhainní agus na srianta taistil is bunús dlí do láimhseáil sonraí pearsanta.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar cúram é a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus chun oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos sna gníomhartha dlí thuasluaite a bhfuil an rialaitheoir faoina réir i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Féadfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta ábhar sonraí a fháil ó na Ballstáit agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Is iad na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a fhaigheann na sonraí pearsanta.

Coimeádfar na sonraí pearsanta uile a phróiseálann an Chomhairle i gcomhthéacs bhearta sriantacha uathrialacha an Aontais go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir reo sócmhainní nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag nó, má thugtar caingean dlí os comhair na Cúirte Breithiúnais, go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach. Coimeádann an Chomhairle sonraí pearsanta atá i ndoiciméid a chláraíonn an Chomhairle chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, de réir bhrí Airteagal 4(1)(e) de Rialachán (AE) 2018/1725.

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gComhairle sonraí pearsanta maidir le hábhar sonraí a mhalartú le tríú tír nó le heagraíocht idirnáisiúnta i gcomhthéacs thrasuí ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe arna dhéanamh ag an gComhairle nó i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta i ndáil le beartas an Aontais i dtaca le bearta sriantacha.

In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó coimircí iomchuí, tá aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta bunaithe ar an gcoinníoll nó na coinníollacha seo a leanas, de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1725:

is gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail;

is gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

Níl aon chinnteoireacht uathoibrithe i gceist agus sonraí pearsanta an ábhair sonraí á bpróiseáil.

Tá an ceart chun faisnéise ag ábhair sonraí chomh maith leis an gceart rochtana ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Tá sé de cheart acu freisin a gcuid sonraí a cheartú agus a chomhlánú. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheart acu a éileamh go scriosfaí a gcuid sonraí pearsanta, agóid a dhéanamh faoina gcuid sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil nó a iarraidh go ndéanfaí an phróiseáil sin a shrianadh.

Is féidir le hábhair sonraí na cearta sin a fheidhmiú trí ríomhphost a sheoladh chuig an rialaitheoir agus cóip a sheoladh chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí mar a léirítear thuas.

I gceangal lena n-iarraidh, ní mór do na hábhair sonraí cóip de dhoiciméad aitheantais (cárta aitheantais nó pas) a sholáthar chun a gcéannacht a dhearbhú. Ba cheart uimhir aitheantais, tír eisiúna, an tréimhse bhailíochta, ainm, seoladh agus dáta breithe a bheith ar an doiciméad sin. Féadfar dath dubh a chur ar aon sonraí eile atá sa chóip den doiciméad aitheantais, mar shampla grianghraf nó saintréithe pearsanta eile.

Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).

Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, moltar do na hábhair sonraí féachaint ar dtús leis an scéal a leigheas trí dhul i dteagmháil leis an rialaitheoir agus/nó le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle.


(1)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)   IO L 129 I, 17.5.2019, lch. 13.

(3)   IO L, 2025/171, 27.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/171/oj.

(4)   IO L 129 I, 17.5.2019, lch. 1.

(5)   IO L, 2025/173, 27.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/173/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/673/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top