Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XC03093

Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 97(4), an chéad fhomhír de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in earnáil an fhíona

C/2025/3412

IO C, C/2025/3093, 6.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3093/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3093/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3093

6.6.2025

Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 97(4), an chéad fhomhír de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in earnáil an fhíona

(C/2025/3093)

Laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air nó uirthi i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

DOICIMÉAD AONAIR

‘Tharsys’

PDO-ES-02980

Dáta an iarratais: 27.7.2023

1.   Ainm le clárú

Tharsys

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC – Ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

—

22 - DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR

2204 – Fíon ó fhíonchaora úra, bídís treisithe nó ná bídís; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

4.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

1.   Fíon dearg

Cuma: dath corcra-dearg glan agus geal ina bhfuil fordhathanna idir corcairghorm agus silíní sna fíonta óga, agus dearg an ghairnéid agus dath an rúibín leis sna fíonta aosaithe.

Dea-bholadh: Bolaithe de bhláthanna gorma an-dian sna fíonta óga, a fhorbraíonn go bolaithe de thorthaí dearga, bolaithe balsamacha de luibheanna aramatacha, agus iarbhlas mianrach. Tugann aosú i mbairillí dea-bholaithe tóstáilte, spíosracha agus toite do na fíonta, a mbaineann bolaithe lachtacha leo.

Blas: Struchtúr meánach-ard, tainniní séimhe agus aibí. Blas meánach aigéadachta.

*

I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, comhlíonfar reachtaíocht iomchuí an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

—

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

—

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 13,0

—

Aigéadacht iomlán íosta: 4,5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

—

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 10

—

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 80

2.   Fíon geal agus fíon rosé

FÍON GEAL:

Cuma: glan, dath buí na líomóide ina bhfuil drithlí órga, a athraíonn go dath an tsean-óir le himeacht ama.

Dea-bholadh: dea-bholadh dian agus glan lena mbaineann bolaithe bláthanna, clochthorthaí, torthaí citris, agus dea-bholaithe luibheanna aramatacha, ar a bhfuil iarbhlas mianrach.

Blas: blas glan agus dian, ar a bhfuil struchtúr meánach. Meánaigéadacht go haigéadacht ard. Blas torthaí cloiche, torthaí citris agus luibheanna aramatacha úra.

FÍON ROSÉ:

Cuma: dath geal, bándearg éadrom ina bhfuil drithlí oráiste a athraíonn go dath an bhradáin le himeacht ama.

Dea-bholadh: dea-bholadh dian agus glan lena mbaineann bolaithe bláthanna, clochthorthaí, torthaí citris agus torthaí dearga, agus dea-bholaithe luibheanna aramatacha úra, ar a bhfuil iarbhlas mianrach. Aosaithe i mbairillí, óna dtagann spíosraí tóstáilte agus dea-bholaithe toite chun cinn.

Blas: blas glan agus dian, ar a bhfuil struchtúr meánach. Meánaigéadacht go haigéadacht ard. Blas torthaí cloiche, torthaí dearga agus luibheanna aramatacha. Iarbhlas úr agus mianrach.

*

I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, comhlíonfar reachtaíocht iomchuí an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

—

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

—

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 11,5

—

Aigéadacht iomlán íosta: 5,35 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

—

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 8,33

—

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 130

3.   Fíon súilíneach ar ardchaighdeán (geal agus rosé)

FÍON SÚILÍNEACH AR ARDCHAIGHDEÁN - GEAL:

Cuma: Glan. Dath an tsean-óir ghealbhuí, fíneálta, boilgeoga cothroma.

Dea-bholadh: Glan. Dea-bholaithe diana de bhláthanna bána, clochthorthaí aibí agus torthaí citris, bolaithe luibhe caonaigh agus luibheanna aramatacha úra agus bolaithe mianracha freisin, chomh maith le dea-bholaithe ime úir, crústa aráin tóstáilte agus almóinní atá rósta ar éigean.

Blas: Déine ard. Tathag measartha. Meánaigéadacht go haigéadacht ard. Boilgeoga míne agus fíneálta sa bhéal.

FÍON SÚILÍNEACH AR ARDCHAIGHDEÁN - ROSÉ:

Cuma: Glan. Dath bándearg éadrom, a mbaineann ciumhais gheal chopair leis. Boilgeoga mine, fíneálta agus fadmharthanacha.

Dea-bholadh: Boladh glan agus dian. Bolaithe fíneálta de chrainn bhláthacha, bolaithe torthaí citris, silíní, sútha craobh agus luibheanna aramatacha úra, dea-bholaithe ime úir, aráin tóstáilte, tailc agus iarbhlas mianrach.

Blas: An-dian, tathag measartha, aigéadacht idir measartha agus ard. Boilgeoga fíneálta.

*

I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, comhlíonfar reachtaíocht iomchuí an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

—

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

—

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 10,5

—

Aigéadacht iomlán íosta: 5,35 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

—

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 6,67

—

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 100

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

a.   Cleachtais fhíoneolaíocha fhíor-riachtanacha

An modh saothraithe

Fíonchaora atá deimhnithe ag CAECV (Comité d’Agricultura Ecològica de la Comunitat Valenciana, nó an coiste um fheirmeoireacht orgánach i bPobal Féinrialaitheach Valencia).

Prúnáil rialaithe, prúnáil ghlas agus, más gá, glasbhuaint, ionas nach sárófar na teorainneacha táirgeachta in aghaidh an heicteáir.

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Táirgeacht úsctha uasta:

Cineálacha dubha: 70,5 %

Cineálacha geala: 71,5 %

Fíonta orgánacha agus veigeánacha a dheimhniú. Chun fíonta geala agus fíonta rosé de chatagóir 1 a tháirgeadh, buaintear cineálacha fíniúna gile agus cineálacha fíniúna deirge istoíche.

b.   Uastáirgeacht

1.

Cineálacha fíniúna deirge

8 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Cineálacha fíniúna gile

10 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

75 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

De réir thomhas SIGPAC, is é 19,5 ha achar an fhíonghoirt i mbardas Requena (Valencia). Áirítear ann na dáileachtaí talún seo a leanas, bunaithe ar ainmníocht an Chórais Faisnéise maidir le Dáileachtaí Talún (Sistema de Información Geográfica de Parcelas Agrícolas - SIGPAC).

—

Polagán: 47

—

Dáileachtaí talún: 205, 212, 216, 217, 218, 219, 220, 221, 222, 223, 224, 225, 226, 227, 228, 229, 230, 231,232, 233, 234, 235, 316, 880 agus 923a.

—

Is iad seo a leanas teorainneacha geografacha iamhchríoch Tharsys:

—

Sa tuaisceart: Bóthar Náisiúnta III.

—

San oirthear: crios tionsclaíoch.

—

Sa deisceart agus san iarthar: fálú, conair agus difríocht leibhéil ina bhfuil páirceanna barr cóngaracha.

7.   Cineál (nó cineálacha) fíonchaor

ALBARIÑO

BOBAL

CABERNET FRANC

CHARDONNAY

RED GRENACHE

MERLOT

XARELLO

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

8.1.   An tÚdar atá leis an ainm

Ó bhí an 16ú céad ann, úsáideadh an t-ainm ‘Tharsys’ chun fíonghoirt a ainmniú gar do limistéar uirbeach Requena, áit inar thrasnaigh na bóithre soir ón mbaile a chéile agus ina raibh tobar Fuencaliente suite. Ó bhí an 19ú céad ann, tá fíonlann faoi thalamh ann freisin.

Bhí an dromchla talún is mó laistigh den iamhchríoch, a bhfuilimid ag iarraidh é a chosaint anois, faoi úinéireacht theaghlach Nuévalos-Comas ó bhí an 16ú céad ann, ceann de na teaghlaigh mhóra in La Villa Requena, agus d’fhan sé ina seilbh acu go dtí 1998 nuair a cheannaigh na húinéirí reatha é.

Tá an chéad tagairt don ainm sin sa leabhar ‘ Historia de Requena [Stair Requena]’ le Enrique Herrero agus Moral (1890) ag ainmniú Tharsys mar bhunaitheoir Requena.

Téann tionscnamh iamhchríoch Tharsys siar go dtí an 16ú céad, nuair a bhí cáil air cheana féin mar gheall ar a shaothrú fíniúna agus mar gheall ar cháilíocht eisceachtúil a fhíonchaor.

De réir Ensenada Cadastre 1752, is éard a bhí san iamhchríoch mainéar, muileann plúir agus fíonghort mór céad peonadas [tomhas talúntais a úsáidtear i roinnt cúigí, coibhéiseach le 380 400 m2] atá ar theorainn Camino Real de Madrid (bóthar n-III anois) ó thuaidh.

Lean an áit sin agus a iamhchríoch daonra de bheith ag forbairt agus tháinig sé chun bheith ina ghráig thábhachtach ar thug cónaitheoirí na sráidbhailte máguaird ‘Gráig Tharsys’ air. Bhí seacht dteach agus clós ann, príomhtheach, an fhíonlann, agus an muileann, a raibh cónaí iontu go dtí na 1960idí.

Ó thaobh na fíonlainne de, bhí sí ag feidhmiú go dtí 1950, ag táirgeadh fíonta a raibh cáil orthu an tráth sin mar gheall ar a gcáilíocht agus a bhfad saoil. Ar feadh dhá chéad bliain, bhí cáil ar an iamhchríoch sin as a chuid fíonta.

In 1998, chuir na húinéirí nua tús arís le gníomhaíochtaí san fhíonlann agus sna fíonghoirt máguaird. Thug siad faoi thionscadal eiseamláireach chun an fíonghort a athchóiriú agus an tseanfhíonlann a tochlaíodh as an gcarraig a athchóiriú agus thug siad an gradam a bhain leis an iamhchríoch ar ais.

Leis an tionscadal ar cuireadh tús leis in 1998, glacadh seanainm na hiamhchríche ‘Tharsys’. Bhí 24 bliana ann ó cuireadh tús leis an athchóiriú i mí Eanáir 2022. Tá cáil ar an iamhchríoch go dtí an lá atá inniu ann mar gheall ar an ainm sin agus ar uathúlacht agus ar cháilíocht a fíonta. In 2015, fuair fíonghort iomlán na hiamhchríche deimhniú feirmeoireachta orgánaí. Chuir an próiseas deimhniúcháin sin feabhas ar cháilíocht an fhíona, ar chaomhnú ithreach, ar shláinte fíniúnacha agus ar inbhuanaitheacht chomhshaol nádúrtha na hiamhchríche.

8.2.   Tosca nádúrtha:

ITHREACHA:

Tá limistéar beag i suíomh Tharsys in iarthar chúige Valencia, limistéar teorann atá suite i dteorainneacha oirthear fho-ardchlár theas na hIbéire. Go sonrach, tá sé suite siar ó bhardas Requena (ceantar Utiel-Requena), ag airde 690 m agus tá sé cosanta ó thuaidh ag Sierra de Juan Navarro (ag 1 200 m). Is iamhchríoch nádúrtha é ina ndéantar saothrú fíonghort gar do ghleann abhann Magro, ina bhfuil fánaí séimhe ar a n-athraíonn dríodair Chailceacha go dríodair ón tréimhse Threasach.

Is aonad aonair é limistéar críochaithe iomlán Tharsys ina bhfuil saintréithe sonracha agus grádán réidh ag a bhfuil difríocht níos lú ná 2 %. Tá sé suite ag leibhéal níos airde suas le 10 méadar agus talamh arúil máguaird ar na teorainneacha thiar agus theas. Tá an difríocht airde sin ann de bharr an mhionchreimthe a tharla ann mar gheall ar chineál éagsúil ithreach. Tá an iamhchríoch sin suite ar bhuncharraig mhór aolchloiche póiriúil (Méicéineach Pontach) de thionscnamh dríodair, atá idir 2 mhéadar agus 4 mhéadar ar doimhneacht. Mar thoradh ar chreimeadh na n-ábhar sin, foirmíodh ithreacha scaoilte, tréscaoilteacha, éadomhain agus an-úr, a bhfuil toilleadh réimse thart ar 18,5–21.3 gr/100 g acu. Mar gheall ar screamhuisce fodhromchla a bheith ann, is féidir riosca teoranta struis hiodrálaigh a choinneáil agus ligeann sé do na hithreacha fanacht úr, mar a luaitear thuas. I ngarchomharsanacht an limistéir chríochaithe, tá roinnt mhaith toibreacha (Fuencaliente, Fuente Flores agus Fuente Santa Catalina), a léiríonn go bhfuil flúirse cúltaiscí uisce sa limistéar.

De réir aicmiú uigeachta ithreach in Soil Taxonomy: A Basic System of Soil classification for Making and Interpreting Soil Surveys a d’fhoilsigh Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe (USDA), tá ithreacha iamhchríoch Tharsys gainmheach agus dúrabhán gainmheach (tá toisí na bpríomhcháithníní ithreach idir 0,1 agus 0,5 mm) agus tá fordhathanna idir béas agus donn éadrom orthu. Is ithreacha alcaileacha iad sin, ag a bhfuil luachanna pH idir 8,2 – 8,3. Tá cion an ábhair orgánaigh íseal, ag thart ar 1,26 – 1,43 gr/100 gr, ag a bhfuil leibhéil arda carbónáití iomlána, 38 – 46 gr/100 gr agus aolchloch ghníomhach idir meánach agus ard 5 – 18 gr/100 gr.

Tá ithir iamhchríoch Tharsys an-difriúil leis na hithreacha atá mar shaintréith den Ainmniúchán Tionscnaimh (AT) in aice láimhe ‘Utiel-Requena’, ar cré agus crédhúrabhán iad. Dá bhrí sin, tá a n-éifeachtaí ar shaothrú fíniúnacha agus ar na fíonta a thagann astu go hiomlán difriúil.

Cuirtear i dtábhacht sa tábla seo a leanas na difríochtaí idir ithir láithreán Tharsys agus ithreacha tipiciúla AT Utiel-Requena:

SAINTRÉITHE:

Ithreach ghainmheach iamhchríoch ‘Tharsys’ / Ithir chré AT Utiel-Requena

Méid na bpríomhcáithníní: Idir 0,1 agus 0,5 mm / idir 0,001 agus 0,002 mm

Insíothlú uisce: Ard / Níos ísle

Aerú: Ard / Níos ísle

Coinneáil uisce: Íseal / Ard

Creimeadh: Íseal / Ard

Coinneáil cothaitheach: Íseal / Ard

Mianrú ábhair orgánaigh: Ard / Íseal

Éascaíocht foirmithe struchtúir: Meánach-íseal / Ard

Táirgeacht barr: Íseal / Ard

CLÍOMEOLAÍOCHT:

Tá aeráid an limistéir chríochaithe, d’ainneoin a chóngaraí agus atá sé don chósta díreach 60 km soir, de chineál ilchríochach ag a bhfuil tionchar beag na Meánmhara mar gheall ar airde 690 m, agus na sléibhte a chuireann fál san oirthear air mar sciath agus a chuireann bac ar theacht stoirmeacha na Meánmhara agus ar thionchar muirí.

Tagann an báisteach, ar beag di a bhíonn ann, san iamhchríoch chríochaithe den chuid is mó ón Ardchlár Manchegan atá suite ó dheas, óna dtagann na stoirmeacha a thagann ón Atlantach i dtír.

Bíonn an méid báistí a thiteann ar an meán sa bhliain íseal ag thart ar 430 mm in aghaidh na bliana, agus titeann sí san fhómhar agus san earrach den chuid is mó, agus bíonn na samhraí agus na geimhrí tirim. Is í mí na Bealtaine an mhí is fliche san earrach, ina dtiteann 47,6 mm báisteach ar an meán, agus is í mí Dheireadh Fómhair an mhí is fliche san fhómhar, ina dtiteann 76,2 mm báisteach ar an meán. Bíonn solas na gréine an-dian, bíonn níos mó ná 3 000 uair an chloig gréine i gceist in aghaidh na bliana. Is é 14 °C an mheánteocht bhliantúil agus tá na difríochtaí teochta idir-shéasúrach agus idir lá agus oíche, mar is amhlaidh i gcás oícheanta úra an tsamhraidh, agus na teochtaí chomh hard le 33 °C i rith an lae agus ag titim chomh híseal le 12 °C san oíche. Bíonn sé sin an-tairbheach d’fhás plandaí agus d’aibiú cuí fíonchaor. Bíonn an geimhreadh fada agus fuar ina mbíonn an mheánteocht idir 3 – 7 °C, a thiteann go minic faoi bhun nialais. Bíonn an t-earrach úr ina mbíonn an mheánteocht idir 8 – 16 °C agus sioc ó am go chéile. Bíonn an samhradh te agus gearr, ina mbíonn an mheánteocht idir 19 – 22 °C agus bíonn an fómhar úr, ina mbíonn an mheánteocht idir 7 – 16 °C.

Mar gheall ar threoshuíomh áirithe thuaidh-theas an fhíonghoirt in Tharsys, séideann na príomhghaothanna ón oirthear go dtí an t-iarthar. Déanann na trasghaothanna sin na fíniúnacha a aerú, sioc an earraigh a chosc agus miocraeráid a chruthú timpeall an fhíonghoirt, rud a chuireann cosc ar fhorbairt galar fungasach. Thairis sin, laistigh de limistéar críochaithe Tharsys, tá cnuasach thábhachtach nádúrtha chrannach, ina bhfuil leamháin (Ulmus minor) ag fás atá céad bliain d’aois, crainn Celtis australis ársa na Meánmhara, crainn fige fiáine (Ficus carica) agus seanchrainn ológ (Olea Europaea) agus loch fionnuisce cobhsaí. Maolaíonn an dobharlach agus na crainn arda na teochtaí foircneacha ionas go mbíonn na geimhrí níos teo agus na samhraí níos fuaire, rud a tháirgeann miocraeráid uathúil san iamhchríoch, a mbaineann difríocht suas le 3 °C leis i ndáil le meán an limistéir.

Dá bhrí sin, tá an mhiocraeráid níos measartha agus níos séimhe ná mar atá miocraeráid limistéar AT Utiel-Requena máguaird, a mbaineann níos lú éagsúlachtaí teochta foircneacha agus aerú níos mó leis ná mar a bhaineann lena limistéir chomharsanacha ar an meán, rud a tháirgeann fíonta ag a bhfuil aibiú feanólach den scoth a chaomhnaíonn a n-aigéadacht ar bhealach níos fearr.

8.3.   Nasc idir na dálaí máguaird agus saintréithe an fhíona

Táirgtear táirgeacht íseal d’fhíonchaora sláintiúla a aibíonn go mall le miocraeráid ‘Tharsys’ lena haerú fíonchaor, maolú teochtaí foircneacha, ithreacha lochacha aolchloiche scaoilte agus tréscaoilteacha. Táirgtear leo sin, sin fíonta marthanacha cobhsaí dearga, geala agus rosé ag a bhfuil neart alcóil ard, aigéadacht íseal agus pH íseal, déine datha mheasartha, agus dea-bholadh agus blas dian. Tá aigéadacht ard (úire) agus pH íseal, blas agus dea-bholadh dian, struchtúr maith agus tathag measartha ag na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán mar gheall ar an aeráid mheasartha agus mar gheall ar shaintréithe na hithreach aolchloiche. Tá siad marthanach freisin, agus caomhnaítear na saintréithe sin de réir mar a théann siad in aois. Baintear an leibhéal íseal alcóil amach trí bhuaint luath.

8.4.   Difríochtaí leis an at comharsanach (at utiel-requena)

Cumhdaíonn AT Utiel-Requena 32 567 ha d’fhíonghoirt agus cuimsíonn sé 9 mbardas. Cumhdaíonn sé limistéar an-mhór, a bhfuil saintréithe ithreach agus aeráide an-difriúil ann le saintréithe iamhchríoch ‘Tharsys’.

Tá ithreacha cré an-chreimthe ag an ATFC ‘Utiel-Requena’ ina bhfuil leibhéal íseal insíothlaithe uisce agus leibhéal ard coinneála cothaitheach, óna dtagann táirgeacht ard barr. Tá sé sin i gcodarsnacht leis an iamhchríoch ‘Tharsys’, a bhfuil a n-ithreacha déanta as aolchloch ghainmheach, giota beag creimthe, a bhfuil leibhéal ard insíothlaithe uisce agus leibhéal íseal coinneála cothaitheach acu, óna dtagann táirgeacht íseal barr.

Déantar comparáid sa tábla seo a leanas idir gnéithe na bhfíonta ón ainmniúchán tionscnaimh Utiel-Requena agus iad siúd ó iamhchríoch Tharsys, chun an difríocht idir an dá cheann a léiriú:

PARAIMÉADAR:

ATFC Utiel-Requena /// Iamhchríoch Tharsys

(Fíonta Dearga / Geala / Rosé / Fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán /// Fíonta dearga / Fíonta geala agus rosé / Fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán)

Uastáirgeacht úsctha (%): 74 /// 70.5

Leibhéal íosta alcóil (% toirte) Íosleibhéal: 10,5 / 10 / 9 / 11 /// 13 / 11,5 / 10,5

Aigéadacht iomlán íosta (in g/l): 3,5 / 4 / 4 / 4,5 /// 4,5 / 5,35 / 5,35

Aigéadacht luaineach uasta (in g/l): 0,9 / 0,9 / 0,9 / 0,9 /// 0,6 / 0,5 / 0,4

Méid uasta dé-ocsaíde sulfair (in g/l): 150 / 200 / 200 / 185 /// 80 / 130 / 100

Táirgeadh agus próiseáil orgánach sainordaitheach: TÁ/NÍL

Deimhniú veigeánach éigeantach: TÁ/NÍL

Déine datha: Ard / Meánach / Ard / Meánach /// Meánach / Íseal / Íseal

Cobhsaíocht datha: Meánach / Íseal / Íseal / Íseal / /// Ard / Ard / Ard

Déine dhea-bholaidh/bhlais: Meánach / Meánach / Meánach / Íseal /// Ard / Ard / Ard

Fad saoil: Meánach / Íseal / Íseal / Íseal /// Ard / Ard

I gcomparáid leis sin, tá neart alcóil níos ísle, aigéadacht iomlán nádúrtha níos ísle agus pH níos airde ag fíonta ATFC Utiel-Requeno de chatagóir 1. Tá aigéadacht iomlán nádúrtha níos ísle agus pH níos airde ag fíonta chatagóir 5 ATFC Utiel-Requena. Is é is cúis leis sin miocraeráid iamhchríoch Tharsys, lena n-éascaítear aerú na bhfíonchaor (treoshuíomh fíonghoirt) agus lena maolaítear teochtaí foircneacha (stoic crann agus sil-leagain locha), rud atá fabhrach do tháirgeadh fíonchaor sláintiúil a aibíonn go mall agus a choinníonn a n-aigéadacht ar bhealach níos fearr. Is é is cúis leis freisin ithir ghainmheach na hiamhchríche atá an-difriúil le cré ghinearálta AT Utiel-Requena, ag a bhfuil coinneáil íseal cothaitheach agus ina bhfuil aolchlocha locha, óna dtagann táirgeacht íseal fíonchaor.

Táirgtear leis na hithreacha aolchloiche sin, fíonta cobhsaí marthanacha a bhfuil déine datha idir meánach agus íseal acu, murab ionann agus na fíonta sin a tháirgtear faoi ATFC Utiel-Requena.

Bíonn dath níos déine ar fhíonta ATFC Utiel-Requena, níl siad chomh haramatach céanna, agus tá torthaí an-aibí, aigéadacht níos ísle, tainniní níos airde (sna fíonta dearga) agus tathag níos iomláine (sna fíonta dearga) le sonrú iontu. De réir mar a thagann laghdú substaintiúil ar chobhsaíocht a saintréithe le himeacht ama, ní mhaireann fíonta chatagóir 1 ná chatagóir 5 ATFC Utiel-Requena chomh fada leis na fíonta a tháirgtear in iamhchríoch chríochaithe Tharsys.

Thairis sin, in iamhchríoch ‘Tharsys’, ní mór saothrú agus táirgeadh a bheith orgánach agus veigeánach, rud a dhéanann idirdhealú freisin idir fíonta as an iamhchríoch gheografach sin agus na fíonta a tháirgtear in áiteanna eile, nach fíonta orgánacha ná veigeánacha iad.

Is í an fhíonlann is iarratasóir an t-aon fhíonlann sa limistéar críochaithe, ach má chomhlíonann táirgeoirí eile amach anseo an tsonraíocht táirge le haghaidh an ATFC seo, féadfaidh siad a ainm a úsáid.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise

—

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://n9.cl/68jpm


(1)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3093/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top