Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XC02923

FÓGRA ÓN gCOIMISIÚN EORPACH

PUB/2025/509

IO C, C/2025/2923, 21.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2923/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2923/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2923

21.5.2025

FÓGRA ÓN gCOIMISIÚN EORPACH

(C/2025/2923)

Foilsíonn an Coimisiún Eorpach an fógra seo i gcomhréir le hAirteagal 3, mír 4 de Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

D’fhoilsigh údaráis Stáit Aontaithe Mheiriceá (Roinn Cosanta Teorann agus Custaim na Stát Aontaithe) an tuarascáil dar teideal FY2024 CDSOA Annual Disbursement Report [Tuarascáil Bhliantúil maidir le heisíocaíochtaí CDSOA le haghaidh na bliana airgeadais 2024] (2) an 22 Samhain 2024. Sa tuarascáil liostaítear na heisíocaíochtaí faoi CDSOA le haghaidh na bliana fioscaí 2024. De réir na tuarascála sin, is é USD 321,48 luach na n-eisíocaíochtaí CDSOA a bhaineann le dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh arna n-íoc ar allmhairí ón Aontas sa bhliain fhioscach 2024.

Na heisíocaíochtaí faoi CDSOA a bhaineann le dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh arna n-íoc ar allmhairí ón Aontas i leith na bliana is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith, is lú ná USD 30 000 iad. Dá bhrí sin, mar a fhoráiltear le hAirteagal 3, mír 4 de Rialachán (AE) 2018/196, cuirtear ar fionraí cur i bhfeidhm na dleachta breise dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/196.


(1)  Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2018 maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 44, 16.2.2018, lch. 1).

(2)   FY2024 CDSOA Annual Disbursement Report | U.S. Customs and Border Protection .


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2923/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top