Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XC01606

Cinneadh ó chúirt Lucsamburg (sliocht) maidir le leachtú FWU Life Insurance Lux s.a.

PUB/2025/128

IO C, C/2025/1606, 11.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1606/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1606/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1606

11.3.2025

Cinneadh ó chúirt Lucsamburg (sliocht) maidir le leachtú FWU Life Insurance Lux s.a.

(C/2025/1606)

Le breithiúnas an 31 Eanáir 2025, dhearbhaigh Tribunal d’Arrondissement de Luxembourg (Cúirt Dúiche Chathair Lucsamburg) (an Dara Dlísheomra), ina suí maidir le hábhair thráchtála, leachtú FWU Life Insurance Lux s.a., cuideachta phoiblí theoranta, a bhfuil a hoifig chláraithe ag L-5826 Hesperange, 33 rue de Gasperich.

Leis an mbreithiúnas céanna, ceapadh Anick Wolff ina Breitheamh Maoirseachta agus Yann Baden ina leachtaitheoir agus socraíodh an 22 Iúil 2024 mar an t-am a scoirfear de na híocaíochtaí.

Leis sin, tugtar feidhm d’Airteagal 248 et seq. de Dhlí leasaithe an 12 Iúil 2015 maidir leis an earnáil árachais, d’Airteagail 1100-1, 1100-4, 1100-6, 1100-8 agus 1100-13 de Dhlí leasaithe an 10 Lúnasa 1915 maidir le cuideachtaí tráchtála, agus d’Airteagail 444, 445, 446, 447, 448, 449, 450, 451, 452, 453, 454, 462, 463, 464, 485, 487, 492, 528, 537, 538, 539, 540, 542, 543, 544, 547, 548, 549, 550, 551, 552, 561, 562 agus 567-1 den Chód Tráchtála a bhaineann leis an gceannteideal ‘Féimheacht’.

Fionrófar fabhrú úis ar aon fhiach nach mbeidh urraithe le lian, gealltán nó morgáiste.

Níl cúiteamh ar fáil a thuilleadh ach amháin sna cásanna seo a leanas: fiacha nasctha (dettes connexes) a bheith ann nó forálacha Dhlí an 5 Lúnasa 2005 maidir le ráthaíochtaí airgeadais a chur i bhfeidhm.

Laistigh de 6 mhí ón mbreithiúnas, seolfaidh an leachtaitheoir nóta mar a fhoráiltear in Airteagal 252 de Dhlí leasaithe an 7 Nollaig 2015, mar aon le dearbhú éilimh réamh-chomhlánaithe chuig aon chreidiúnaí atá ar eolas nó inaitheanta ó leabhair na cuideachta.

Déanfar éilimh a thaisceadh leis an leachtaitheoir i gcomhréir le hAirteagal 252(4), (5) agus (6) den Dlí sin.

Is é an 31 Eanáir 2028 an sprioc-am faoina ndéanfaidh creidiúnaithe an dearbhú éilimh a chur faoi bhráid an leachtaitheora, agus mura ndéanfar sin beidh cosc ama air.

Déanfaidh an leachtaitheoir na héilimh a fhíorú.

Na liostaí ar a bhfuil na héilimh, a dhearbhaítear go tréimhsiúil a bheith inghlactha, déanfar iad a thaisceadh i gClárlann Tribunal d’arrondissement de Luxembourg, an Dara Dlísheomra, le linn na chéad 10 lá de mhí Eanáir, de mhí Aibreáin, de mhí Iúil agus de mhí Dheireadh Fómhair, i gcás ina bhféadfaidh na creidiúnaithe dearbhaithe agus iadsan arna gcur isteach sa chlár comhardaithe iad a iniúchadh. Le linn na tréimhse sin, féadfaidh na daoine céanna agóid (contredit) a thaisceadh in aghaidh éilimh arna gcur isteach sna liostaí.

Déantar an agóid a thaisceadh trí dhearbhú chuig an gClárlann. Ní mór an agóid sin a thaisceadh arís laistigh de 3 lá, trí litir chláraithe a sheolfar chuig an leachtaitheoir, agus mura ndéanfar sin beidh sí neamh-inghlactha. Ní mór stádas/cáil bheacht an pháirtí a thaisceann an agóid a bheith ann, na cúiseanna lena stádas mar chreidiúnaí dearbhaithe nó mar chreidiúnaí dearbhaithe arna chur isteach sa chlár comhardaithe, mar aon leis na forais agus na doiciméid tacaíochta ábhartha ar a bhfuiltear ag brath, ar phian na neamh-inghlacthachta.

Déanann an leachtaitheoir athbhreithniú achomair ar inghlacthacht agus ar fhiúntas na hagóide.

Tar éis an teorainn ama 10 lá chun agóid a thaisceadh a dhul in éag, glacfar go cinntitheach leis na héilimh a dhearbhaítear a bheith inghlactha agus nach gconspóidtear trí bhíthin miontuairiscí arna síniú ag an leachtaitheoir agus ag an mBreitheamh Maoirseachta.

Creidiúnaithe ar conspóideadh a n-éilimh nó atá ina n-ábhar agóide, déanfaidh an leachtaitheoir iad a chur ar an eolas go cuí faoi nádúr na conspóide i leith a n-éilimh nó gur ann d’agóid, trí litir chláraithe chuig an seoladh a léirítear sa dearbhú éilimh nó chuig an seoladh deireanach is eol a bheith acu.

Mura ndéanann na creidiúnaithe sin eascaire a thaisceadh laistigh de 40 (daichead) lá ón dáta a cuireadh an litir chláraithe sa phost, ní mór a mheas gur diúltaíodh go cinntitheach don dearbhú éilimh lena mbaineann.

Ní bheidh aon achomharc (cur i gcoinne) in aghaidh breithiúnais a tugadh ar chonspóidí ná ar agóidí inghlactha.

Cuirfidh an leachtaitheoir iarratas faoi bhráid na cúirte ar údarú chun díbhinní a dháileadh. An breithiúnas lena socrófar an dáta chun an cuntas a dhúnadh, foilseofar ina shleachta é.

Ní mór an díbhinn arna fógairt a dháileadh laistigh de 4 mhí ó dhúnadh an chuntais.

Níor cheart ús a dhámhachtain ar chreidiúnaithe nár glacadh go cinntitheach lena n-éileamh agus a fuair íocaíocht díbhinne amháin nó níos mó i ndiaidh creidiúnaithe eile, ar choinníoll go n-eascraíonn an t-eatramh ama sin as gnáthchúrsa na n-oibríochtaí leachtaithe agus sa mhéid sin amháin.

Ina theannta sin, níl ús iníoctha le creidiúnaithe ar glacadh lena n-éilimh go cinntitheach ach a ndéantar a n-íocaíocht tar éis eatramh áirithe idir dáta an bhreithiúnais lena n-údaraítear díbhinní eatramhacha a íoc agus an íocaíocht féin, bíodh an mhoill sin mar gheall ar chreidiúnaithe nár chuir an fhaisnéis is gá ar fáil don leachtaitheoir don íocaíocht féin, mar gheall ar bhac dlíthiúil nó mar gheall ar dheacracht creidiúnaithe a shainaithint.

Le linn na n-imeachtaí leachtaithe, ní mór don leachtaitheoir díbhinní neamhdháilte a choinneáil agus ús a thuilleamh ar mhaithe leis na creidiúnaithe i gcoitinne.

an sliocht deimhnithe

Leachtaitheoir

Yann BADEN


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1606/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top