Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XC00780

Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

C/2025/678

IO C, C/2025/780, 30.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/780/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/780/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/780

30.1.2025

Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

(C/2025/780)

De bhun Airteagal 9(1), pointe (a), de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), leasaítear na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:

(1)

ar leathanach 244, cuirtear isteach an nóta míniúcháin seo a leanas:

‘5603

Ábhair neamhfhite, bídís tuilte, brataithe, clúdaithe nó lannaithe nó ná bídís

Cuimsítear leis an gceannteideal seo táirgí ina gcomhcheanglaítear uige neamhfhite (de shnáithíní teicstíle) le snáithíní ceallalóis trí phróiseas nasctha sníomhlásála/hidreanascála (féach freisin Nóta Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 5603 , II. Nascadh agus III. Bailchríochnú).

Ar thaobh amháin tá an uige neamhfhite fós infheicthe agus is í is iomadúla agus ar an taobh eile tá na snáithíní ceallalóis fós infheicthe agus is iad is iomadúla.

I bhfianaise an phróisis monaraíochta agus na saintréithe a thugann na snáithíní teicstíle don táirge (neart, frithsheasmhacht, airíonna fadmharthanacha, boige ar an gcraiceann, leacht-éarthach), ní athraítear saintréithe an táirge agus snáithíní ceallalóis ann. Fiú mura bhfuil na snáithíní teicstíle ar na cinn is iomadúla i ngach cás, leanann an cineál táirge sin de bheith aicmithe faoin gceannteideal seo.

Féach freisin an nóta míniúcháin a ghabhann le fo-cheannteideal 6210 10 92 .’;

(2)

ar leathanach 267, sa nóta míniúcháin a ghabhann le fo-cheannteideal ‘ 6210 10 92 Gúnaí aon úsáide, de chineál a úsáideann othair nó máinlianna le linn gnáthaimh mháinliachta’, cuirtear isteach an dara mír seo a leanas:

‘Cuimsítear leis an bhfo-cheannteideal seo “gúnaí máinliachta sníomhlásála” atá déanta as ábhair neamhfhite i gcás ina gcomhcheanglaítear an uige neamhfhite (de shnáithíní teicstíle) le snáithíní ceallalóis trí phróiseas nasctha sníomhlásála/hidreanascála (féach freisin an nóta míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 5603 ).

Féadfaidh treisithe fabraice poileistir a bheith ar an taobh istigh freisin.’.


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).

(2)   IO C 119, 29.3.2019, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/780/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top