Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XC00455

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

PUB/2024/1049

IO C, C/2025/455, 21.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/455/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/455/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/455

21.1.2025

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(C/2025/455)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL

‘Crémant de Die’

PDO-FR-A0487-AM02

Dáta na teachtaireachta: 21 Deireadh Fómhair 2024

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA LEIS

1.   Lipéadú

I Roinn XII ‘Rialacha maidir le cur i láthair agus lipéadú’ de Chaibidil I den tsonraíocht táirge, forlíonadh pointe 2 ‘Forálacha speisialta’ chun na rialacha lipéadaithe maidir le tagairt a dhéanamh don aonad geografach níos leithne ‘Vignobles de la Vallée du Rhône’ a áireamh, mar a leagtar amach sa chomhaontú a síníodh idir na comhlachtaí cosanta agus bainistíochta lena mbaineann. Ní mór an fhaisnéis sin a bheith sa réimse radhairc céanna leis na mionsonraí sainordaitheacha uile, ní mór í a phriontáil i gcarachtair a bhfuil an dearadh grafach céanna agus an dath céanna orthu agus atá ar an ainmniúchán, agus ní fhéadfaidh siad sin a bheith níos mó ná dhá thrian de mhéid an ainmniúcháin.

Cuireadh an leasú sin sa doiciméad aonair, faoin gceannteideal ‘Coinníollacha breise’.

2.   Limistéar geografach

I Roinn IV ‘Limistéir agus áiteanna ina ndéantar na hoibríochtaí éagsúla’ de Chaibidil I den tsonraíocht táirge, forlíonadh pointe 1 ‘Limistéar geografach’ chun ainmneacha na mbardas a thabhairt cothrom le dáta agus a cheartú, gan an limistéar geografach a leasú.

Scriosadh bardais Aix-en-Diois agus Molière-Glandaz agus cuireadh bardas Solaure en Diois isteach.

Cuireadh an ceartúchán sin ar ainmneacha na mbardas sa doiciméad aonair, faoin gceannteideal ‘Limistéar geografach críochaithe’.

3.   Mionsonraí an chomhlachta cigireachta

Tugadh Roinn II ‘Tagairt don chomhlacht cigireachta’ de Chaibidil III den tsonraíocht táirge cothrom le dáta chun a shonrú nach mór seiceálacha ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a dhéanamh ar bhonn plean cigireachta formheasta agus nach mór do chomhlacht tríú páirtí a thairgeann ráthaíochtaí inniúlachta, neamhchlaontachta agus neamhspleáchais arna dtarmligean ag an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta an méid sin a dhéanamh.

Ní dhéanann an nuashonrú sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm (nó ainmneacha)

Crémant de Die

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC - Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

3.1.   Cód le haghaidh na hAinmníochta Comhcheangailte

22 - DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR

2204 – Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

4.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Úsáidtear ATFC ‘Crémant de Die’ le haghaidh fíonta súilíneacha geala ar ardchaighdeán agus iad amháin. Déantar ‘Crémant de Die’ as fíonchaora de na cineálacha Clairette B (príomhchineál), Aligoté B agus Muscat à petits grains B (cineálacha tánaisteacha).

Ní mór 55 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáidtear a bheith de chineál Clairette B. - Ní mór 10 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáidtear a bheith den chineál Aligoté B. - Ní mór idir 5 % agus 10 % de na fíonchaora a úsáidtear, agus gan níos mó ná 10 % den fhíon críochnaithe, a bheith den chineál Muscat à petits grains B.

Tá méid siúcra níos mó ná 144 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona sna fíonchaora.

Táirgtear na fíonta tríd an dara coipeadh i mbuidéil ghloine.

Is é 9 % neart alcóil nádúrtha íosta na bhfíonta de réir toirte.

Tar éis dímhoirtiú, bíonn brú barrachais dé-ocsaíde carbóin nach lú ná 3,5 atmaisféir ag 20 °C ag na fíonta.

Tar éis chur isteach na dáileoige, tá méid siúcra ag na fíonta, arna shloinneadh mar shiúcraí coiptheacha, nach mó ná 15 ghram in aghaidh an lítir.

I gcás inar saibhríodh an t-úrfhíon, ní bhíonn neart alcóil iarbhír de réir toirte na bhfíonta pacáistithe níos mó ná 13,5 %.

Comhlíonann na critéir anailíseacha eile na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Tá blasanna an-torthaíoch aramatacha ar an bhfíon súilíneach galánta seo le himireacha de bhláthanna bána a bhaineann go sonrach leis a idirdhealaíonn é ó fhíonta súilíneacha ar ardchaighdeán eile a dhéantar i limistéar Diois.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte) —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 10

Aigéadacht iomlán íosta i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) —

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 150

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Cleachtais saothraithe

Modh saothraithe

a)

Dlús plandaithe

Níl an t-achar atá ar fáil do gach planda níos mó ná 2,20 méadar cearnach. Ríomhtar an t-achar dromchla sin tríd an spásáil idir sraitheanna a mhéadú faoin spásáil idir plandaí.

Ní mó ná 2,50 méadar an spásáil idir na sraitheanna.

Is é 0,80 méadar ar a laghad an spásáil idir plandaí sa tsraith chéanna ach ní mó ná 1,50 méadar í.

b)

Rialacha prúnála

Déantar treorú Guyot nó prúnáil spoir (treorú cordon de Royat) ar na fíniúnacha, le 12 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

c)

Uisciú

Féadfar uisciú a údarú.

d)

Buaint

Is as fíonchaora a bhuantar de láimh a dhéantar na fíonta.

Ní mór an tréimhse idir buaint na bhfíonchaor agus an brú a bheith chomh gearr agus is féidir. Ní fhéadfaidh, i gcás ar bith, an tréimhse sin a bheith níos faide ná 24 uair an chloig i gcás fíonchaora buainte a iompraítear i mboscaí agus i gcliathbhoscaí, agus 6 uair an chloig i gcás iompar i leantóirí talmhaíochta.

Sna coimeádáin a úsáidtear chun an bhuaint a iompar, níor cheart na fíonchaora a charnadh níos airde ná 0,60 méadar. Déantar urlár bréagach tréscaoilteach a fheistiú ar leantóirí buainte, a bhfuil taobhanna orthu níos airde ná 0,6 méadar, ar leibhéal 0,6 méadar ón gciumhais uachtair.

2.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

a)

Ní mór go gcomhlíonann na cleachtais fhíoneolaíocha uile na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí.

b)

Ní mór do na láithreáin bhrúite critéir a chomhlíonadh maidir le glacadh le buaint na bhfíonchaor, na saoráidí brúite agus na fáisceáin, luchtú fáisceán, scaradh súnna agus sláinteachas, mar a leagtar síos sa tsonraíocht.

c)

Cuirtear teorainn 100 lítear úrfhíona in aghaidh an 150 cileagram fíonchaor i bhfeidhm chun na bunfhíonta a dhéanamh atá beartaithe lena n-úsáid chun na fíonta atá incháilithe don ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint a tháirgeadh.

5.2.   Uastáirgeacht

70 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a dhéanamh, a phróiseáil, a aibiú agus a phacáistiú i gcríoch na 31 bhardas seo a leanas i roinn Drôme: Aouste-sur-Sye, Aubenasson, Aurel, Barsac, Barnave, Beaufort-sur-Gervanne, Châtillon-en-Diois, Die, Espenel, Laval-d’Aix, Luc-en-Diois, Menglon, Mirabel-et-Blacons, Montclar-sur-Gervanne, Montlaur-en-Diois, Montmaur-en-Diois, Piegros-la-Clastre, Ponet-et-Saint-Auban, Pontaix, Poyols, Recoubeau-Jansac, Saillans, Saint-Benoît-en-Diois, Saint-Roman, Saint-Sauveur-en-Diois, Sainte-Croix, Suze, Solaure en Diois, Vercheny agus Véronne.

7.   Cineál (nó cineálacha) fíonchaor

Aligoté B

Clairette B

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

Tá an limistéar geografach suite soir ó dheas ó bhardas Valence. Ó dheas ó Vercors, i ngleann abhainn Drôme, tosaíonn an aeráid ag léiriú thionchair na Meánmhara, tionchair a maolaíonn na sléibhte in aice láimhe iad. Fíonghoirt a fhorbraítear anseo, déantar iad a chur go príomha le cineálacha fíonchaoire deisceartacha, go sonrach Muscat à petits grains B agus Clairette B.

Tá saineolas an duine tar éis na cineálacha sin a oiriúnú, agus an úsáid is fearr a bhaint astu in ithreacha marla nó aolchloiche, ar na serres [téarma áitiúil le haghaidh fánaí] agus ar leicne cnoic lena bhfuil nochtadh agus draenáil den scoth. Chuir na cruatain agus na srianta fisiceacha ar chumas fíonsaothraithe taithí agus saineolas a bhailiú maidir leis na cineálacha sin a oiriúnú do chásanna éagsúla. Is iad ithreacha ‘cré duibhe’ siosta marla agus siosta cailcreacha an tír-raon is fearr le cineál Muscat à petits grains B, rud a thugann saibhreas, struchtúr agus neart aramatach do na fíonta. Os a choinne sin, is iondúil go leagtar amach na hithreacha clochacha ar na léibhinn Cheathartha, na feananna gláracha agus an scileach faoi na hiomairí aolchloiche le haghaidh chineál Clairette B. Tá an cineál deireanach tipiciúil do Provence. Anseo, tá sé ar an imeall is faide amach den limistéar ina bhfuil an aeráid oiriúnach chun é a aibiú. Mar thoradh air sin, tugann sé aigéadacht agus fíneáltacht dea-bholaithe ríthábhachtacha d’fhíonta súilíneacha agus socra.

Ó ghlúin go glúin de tháirgeoirí, tá saineolas forbartha chun fíonta súilíneacha a dhéanamh agus teicnící éagsúla á n-úsáid. Tar éis dóibh an teicníc ar a dtugtar an ‘modh sinsearach’ a thabhairt chun foirfeachta, fuair siad máistreacht ar an modh chun an dara coipeadh a spreagadh sa bhuidéal, atá oiriúnaithe chun ‘Crémant de Die’ a tháirgeadh. Leis an teicníc sin, ní mór gach oibríocht táirgthe, ó bhuaint na bhfíonchaor go dtí an dímhoirtiú agus an pacáistiú, a dhéanamh sa limistéar geografach.

D’ainneoin na bhfíonghort a bheith ann agus táirge a bhfuil cáil air a théann siar go dtí na cianaoiseanna, ní raibh mórán eolais ar fhíon ó Die ar feadh i bhfad, mar gheall ar dhrochbhealaí cumarsáide den chuid is mó. Go deimhin, idir an 15ú agus an 18ú céad, d’óltaí an fíon súilíneach den chuid is mó san áit ina dtáirgtí é nó i sléibhte Diois, Dévoluy, Trièves agus Vercors in aice láimhe. Is féidir a mheas gur cruthaíodh an cháil sin sna réigiúin máguaird le téacs 1748. Scríobh custaiméir in Mens, bardas Trièves, agus fíon á ordú aige, ‘Toisc go bhfuil a fhios agam, i gcás Clerete de Die, go háirithe an ceann maith, go ndéantar an coipeadh a stopadh sula mbíonn sé críochnaithe.’

In 1781, scríobh Faujas de Saint-Fonds [geolaí as an bhFrainc] ina shaothar Histoire Naturelle de la Province du Dauphiné (stair nádúrtha chúige Dauphiné): ‘Sa chúige seo, tá fíonta a bhfuil dea-cháil orthu fós ann, fíon súilíneach Die, cuir i gcás’.

In 1825, leathnaigh négociant de theach Joubert et Bernard, a bunaíodh in Die, gnólacht a athar (súdaireacht a dhéanamh ar sheithí) trí fhíonta óna áitreabh féin a dhíol mar aon le fíonta a ceannaíodh ó shaothraithe fíniúna. Thosaigh dáileadh na bhfíonta sna limistéir máguaird de bhaile Die agus eagraíodh é ina dhiaidh sin chun soláthar a dhéanamh do bhardais limistéar Diois. D’éirigh go maith leis an ngnólacht agus cheannaigh sé fíonchaora isteach. Seoladh an fíon a táirgeadh, i luchtóga 110 lítear, níos faide ó bhaile go Nîmes, Grenoble, Avignon agus Privas. Mar sin féin, bhí an turas fada agus contúirteach. Thagadh an fíon go minic agus é millte, dá dtagadh sé ar chor ar bith.

Bhí gá fanacht go mbeadh gleann Drôme ceangailte leis an domhan lasmuigh, a bhuíochas go háirithe le teacht an iarnróid lenar nascadh Die le príomhlíne Pháras-Marseille in 1885. Ba é sin an uair a tháinig cáil náisiúnta ar na fíonta suaithinseacha sin.

Tá gnéithe áirithe dá gcáil nasctha freisin le háiteanna laistigh den limistéar geografach, uaireanta le bardas ar leith. Ina shaothar in 1924 A travers l’histoire des cantons de Crest et Châtillon (Trí stair chantúin Crest agus Châtillon), scríobh A. Lacroix ‘Ar an taobh thiar den mhasaíf charraigeach atá beagnach go hiomlán chun tosaigh sa limistéar seo, aibíonn an ghrian na fíonchaora le haghaidh fíon geal súilíneach pléisiúrtha ar a dtugtar vin de Barsac ’.

An tráth sin, thagair an téarma ‘Clerete’ d’éagsúlacht fíonta geala lena n-áirítear fíonta socra, agus fíonta súilíneacha a tháirgtear ó úrfhíon leathchoipthe nó ó bhunfhíonta. Rinneadh gach ceann acu as na cineálacha Muscat à petits gráin B agus Clairette B, ach bhí na comhréireanna éagsúil.

In 1993, aithníodh ‘Crémant de Die’ go dlíthiúil mar ainmniúchán tionscnaimh cláraithe le haghaidh ceann d’fhíonta súilíneacha Diois. Ba i gcomhthéacs an bheartais náisiúnta chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar shaintréith na bhfíonta súilíneacha é sin, bunaithe ar rialacha maidir le teicnící a sainmhíníodh ar bhealach níos soiléire, go háirithe maidir le cineálacha fíonchaor, buaint agus iompar na bhfíonchaor buainte, brú agus an fhíonóireacht. Tá blasanna an-torthaíoch aramatacha ar an bhfíon súilíneach galánta a tháirgtear ar an mbealach sin agus baineann imreacha bláthanna bána go sonrach leis lena n-idirdhealaítear é ó fhíonta súilíneacha eile a dhéantar i limistéar Diois.

Ag tús an 20ú céad, tháinig deireadh le cibé tionscal beag a bhí ann, i réimsí amhail fabraicí, páipéar agus síoda. Ina dhiaidh sin, faoi 2010, ba é táirgeadh fíona in Diois an phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch sa ghleann.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Lipéadú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór téarmaí roghnacha a bhféadfaidh na Ballstáit a n-úsáid, faoi rialacha an Aontais, a rialú, a phriontáil ar na lipéid i litreacha nach mó iad, in airde, ar leithead, ná ar thiús, ná dhá oiread mhéid na litreacha ina litrítear an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe.

Féadfar an t-aonad geografach níos mó ‘Vignobles de la Vallée du Rhône’ a shonrú ar lipéid na bhfíonta ar a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint faoi na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú a síníodh idir na comhlachtaí cosanta agus bainistíochta lena mbaineann.

Ní mór an fhaisnéis sin a bheith sa réimse radhairc céanna leis na mionsonraí sainordaitheacha uile, ní mór í a phriontáil i gcarachtair a bhfuil an dearadh grafach céanna agus an dath céanna orthu agus atá ar an ainmniúchán, agus ní fhéadfaidh siad sin a bheith níos mó ná dhá thrian de mhéid an ainmniúcháin.

Pacáistiú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

a)

Ní mór gach oibríocht táirgthe a chur i gcrích sa limistéar geografach, ó bhuaint na bhfíonchaor go dtí an dímhoirtiú.

b)

Ós rud é gur cuid den phróiseas táirgthe é an dara coipeadh sa bhuidéal, déantar na fíonta a phacáistiú sa limistéar geografach.

c)

Tarlaíonn an dara coipeadh i mbuidéil ghloine, a tháirgeann na súilíní, ón 1 Nollaig tar éis na buainte.

d)

Cuirtear na fíonta ar an margadh don tomhaltóir tar éis tréimhse íosta aosaithe de 12 mhí tar éis an dara coipeadh.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-c75cd940-784c-4859-8578-5e3f2fcad5c0


(1)   IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/455/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top