Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0403

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Airí Chomhairle na hEorpa i ndáil le síneadh a chur leis an téarma le haghaidh aontachas na Casacstáine le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac, i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais Eorpaigh

COM/2025/403 final

An Bhruiséil,14.7.2025

COM(2025) 403 final

2025/0218(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Airí Chomhairle na hEorpa i ndáil le síneadh a chur leis an téarma le haghaidh aontachas na Casacstáine le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac, i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais Eorpaigh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcruinniú de Choiste Airí Chomhairle na hEorpa i mí Mheán Fómhair 2025, i ndáil le cinneadh atá beartaithe a ghlacadh lena ndeonaítear síneadh 2 bhliain don Chasacstáin maidir leis an téarma le haghaidh aontachas le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’ nó ‘Coinbhinsiún’).

1.1.Coinbhinsiún Iostanbúl

Le Coinbhinsiún Iostanbúl bunaítear sraith rialacha chuimsitheach agus chomhchuibhithe chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2014.

Shínigh an tAontas Eorpach an Coinbhinsiún i mí an Mheithimh 2017, agus thug sé i gcrích an nós imeachta aontachais an 28 Meitheamh 2023, lenar tionscnaíodh teacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin don Aontas Eorpach an 1 Deireadh Fómhair 2023. D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is iad sin ábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais 1 agus ábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement 2 . A mhéid a bhaineann le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach, níl Éire ná an Danmhairg faoi cheangal ag feidhmiú inniúlacht an Aontais 3 . Tá 39 bPáirtí sa Choinbhinsiún faoi láthair, an tAontas agus 22 Bhallstát san áireamh 4 .

1.2.Coiste Airí Chomhairle na hEorpa

Is é an Coiste Airí comhlacht cinnteoireachta Chomhairle na hEorpa. Tá an Coiste Airí comhdhéanta d’Airí Gnóthaí Eachtracha 46 Bhallstát Chomhairle na hEorpa agus a mBuanionadaithe in Strasbourg ag gníomhú dóibh mar Theachtaí. Tugtar tuairisc ar ról agus ar fheidhmeanna an Choiste Airí i gCaibidil IV de Reacht Chomhairle na hEorpa (‘an Reacht’) 5 . De bhun Airteagal 14 den Reacht, beidh gach comhalta de Chomhairle na hEorpa i dteideal ionadaí amháin ar an gCoiste Airí, agus beidh gach ionadaí i dteideal vóta amháin. Tá Ballstáit uile an Aontais ina gcomhaltaí de Chomhairle na hEorpa agus, dá bhrí sin, tá ionadaíocht acu ar an gCoiste Airí. Tagann an Coiste Airí le chéile ar leibhéal na n-airí uair sa bhliain agus ar leibhéal na dteachtaí gach seachtain.

1.3.An cinneadh atá beartaithe ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa

Foráiltear le hAirteagal 75(1) de Choinbhinsiún Iostanbúl gur féidir le Ballstáit Chomhairle na hEorpa, leis na Stáit nach Ballstáit de Chomhairle na hEorpa iad a ghlac páirt ina fhorbairt agus leis an Aontas aontú dó. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 76(1) gur féidir le Stáit nach Ballstáit iad nár ghlac páirt i bhforbairt an Choinbhinsiúin aontú dó, ar choinníoll gur iarr an Coiste Airí go foirmiúil orthu aontú dó. I ndáil leis sin, féadfaidh an Coiste Airí, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl agus tar éis a dtoiliú d’aon toil a fháil, a iarraidh ar aon Stát nach Ballstát de Chomhairle na hEorpa é aontú don Choinbhinsiún trí chinneadh arna ghlacadh ag tromlach dhá thrian den Choiste Airí 6 agus trí vóta d’aon toil ionadaithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún atá i dteideal suí ar an gCoiste Airí 7 .

An 22 Aibreán 2020, chinn an Coiste Airí cuireadh a thabhairt don Chasacstáin aontú do Choinbhinsiún Iostanbúl. I gcomhréir leis an gcinneadh, tá an cuireadh sin bailí ar feadh 5 bliana ó dháta a ghlactha, i.e., go dtí an 23 Aibreán 2025.

Le litir dar dáta an 3 Aibreán 2025, d’iarr an Chasacstáin síneadh 2 bhliain ar a téarma le haghaidh aontachas leis an gCoinbhinsiún, chun go mbeidh sí in ann a próisis inmheánacha a thabhairt chun críche. Cuireadh Ballstáit Chomhairle na hEorpa agus Páirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl ar an eolas le litir dar dáta an 7 Aibreán 2025 maidir leis an iarraidh agus go bhfuil gá le cinneadh nua ón gCoiste Airí ina leith. Tá coinne leis go ndéanfaidh an Grúpa Rapóirtéir um Chomhar Dlíthiúil (GR-J) de chuid an Choiste Airí scrúdú ar an iarraidh ag an gcruinniú a bheidh aige an 11 Meán Fómhair 2025, agus tá coinne leis go nglacfaidh an Coiste Airí cinneadh ina dhiaidh sin chun síneadh 2 bhliain a chur leis an téarma le haghaidh aontachas na Casacstáine le Coinbhinsiún Iostanbúl, mar a iarradh (‘an cinneadh atá beartaithe’).

2.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Moltar gurb é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú den Choiste Airí i mí Mheán Fómhair 2025, tacú le síneadh 2 bhliain a chur leis an téarma le haghaidh aontachas na Casacstáine le Coinbhinsiún Iostanbúl chun an t-am is gá a thabhairt don Chasacstáin chun a próisis inmheánacha a thabhairt chun críche. Rachadh aontachas na Casacstáine chun tairbhe don Aontas ós rud é go leathnófaí leis caighdeáin uaillmhianacha an Choinbhinsiúin chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac chuig an tír sin.

3.Bunús dlí

3.1.Bunús dlí don nós imeachta

3.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu atá an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú, nó nach bhfuil 8 .

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha de chineál eagraíochtúil a imríonn tionchar ar an gcaoi a ndéantar cinntí laistigh den chomhlacht, mar shampla má ghlacann comhlacht a bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta aige tír nua mar chomhalta.

3.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Coiste Airí a bunaíodh le comhaontú, is é sin an Reacht. An cinneadh síneadh a chur leis an téarma le haghaidh aontachas na Casacstáine le Coinbhinsiún Iostanbúl, a iarrtar ar an gCoiste Airí a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Is ionann an síneadh leis an spriocdháta chun aontú don Choinbhinsiún agus ‘athnuachan’ ar an gcuireadh, os rud é go ndeachaigh an cuireadh bunaidh in éag an 23 Aibreán 2025. Má chuirtear síneadh leis an spriocdháta, agus má aontaíonn an Chasacstáin don Choinbhinsiún laistigh den tréimhse ama athnuaite, bunófar caidreamh conartha idir an tAontas agus an Chasacstáin faoi chuimsiú Choinbhinsiún Iostanbúl. D’fhéadfadh éifeachtaí dlíthiúla a bheith ag an gcinneadh a dhéanann an Coiste Airí ar an Aontas freisin toisc go mbeadh tionchar ag aontachas na Casacstáine ar an gcaoi a ndéantar cinntí laistigh de Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl. Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

3.2.Bunús dlí substainteach

3.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí aige an tráth céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna ann, atá i ndlúthnasc do-scartha le chéile gan aon cheann acu a bheith teagmhasach maidir leis an gceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí éagsúla a áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.

3.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Maidir leis an mbunús dlí substainteach, d’aontaigh an tAontas do Choinbhinsiún Iostanbúl a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is iad sin ábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais 9 agus ábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement 10 . Roinneadh aontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl ina dhá chinneadh ar leith ón gComhairle chun seasamh speisialta na Danmhairge agus na hÉireann a chur san áireamh maidir le Teideal V CFAE. Dá bhrí sin, tá an cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Airí le roinnt ina dhá chinneadh chomhthreomhar, ós rud é go mbunófaí an caidreamh Conartha leis an gCasacstáin le haghaidh gach gné den Choinbhinsiún. An cinneadh atá beartaithe, baineann sé le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais. Dá bhrí sin, is é Airteagal 336 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

3.3.Conclúid

Is é an bunús dlí a bheidh leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 336 CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2025/0218 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Airí Chomhairle na hEorpa i ndáil le síneadh a chur leis an téarma le haghaidh aontachas na Casacstáine le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac, i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’ nó ‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle 11 , a mhéid a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus le Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle 12 , i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023. Tá 39 bPáirtí sa Choinbhinsiún faoi láthair, an tAontas agus 22 Bhallstát san áireamh.

(2)Is é Coiste Airí Chomhairle na hEorpa (‘an Coiste Airí’) comhlacht cinnteoireachta Chomhairle na hEorpa. Tá sé comhdhéanta d’Airí Gnóthaí Eachtracha na 46 Bhallstát de Chomhairle na hEorpa agus a mBuanionadaithe in Strasbourg ag gníomhú dóibh mar Theachtaí. Tugtar tuairisc ar ról agus ar fheidhmeanna Choiste na nAirí i gCaibidil IV de Reacht Chomhairle na hEorpa. 13 De bhun Airteagal 14 den Reacht, beidh gach comhalta de Chomhairle na hEorpa i dteideal ionadaí amháin ar an gCoiste Airí, agus beidh gach ionadaí i dteideal vóta amháin. Tá Ballstáit uile an Aontais ina gcomhaltaí de Chomhairle na hEorpa agus, dá bhrí sin, tá ionadaíocht acu ar an gCoiste Airí.

(3)De bhun Airteagal 76(1) de Choinbhinsiún Iostanbúl, féadfaidh an Coiste Airí, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Páirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl agus toiliú d’aon toil a fháil uathu, a iarraidh ar Bhallstát nach bhfuil i gComhairle na hEorpa aontú do Choinbhinsiún Iostanbúl. Chun cinneadh den sórt sin a dhéanamh, is gá an tromlach dá bhforáiltear in Airteagal 20.d den Reacht (tromlach dhá thrian den Choiste Airí) agus vóta d’aon toil ionadaithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún atá i dteideal suí ar an gCoiste Airí.

(4)An 22 Aibreán 2020, chinn an Coiste Airí cuireadh a thabhairt don Chasacstáin aontú do Choinbhinsiún Iostanbúl. I gcomhréir leis an gcinneadh, bhí an cuireadh bailí ar feadh 5 bliana ó dháta a ghlactha, i.e., go dtí an 23 Aibreán 2025.

(5)Le litir dar dáta an 3 Aibreán 2025, d’iarr an Chasacstáin síneadh 2 bhliain ar an téarma le haghaidh aontachas na Casacstáine le Coinbhinsiún Iostanbúl, chun go mbeidh sí in ann a próisis inmheánacha a thabhairt chun críche.

(6)Tá coinne leis go nglacfaidh an Coiste Airí, ag an gcruinniú a bheidh aige i mí Mheán Fómhair 2025, cinneadh lena gcuirfear síneadh 2 bhliain leis an téarma le haghaidh aontachas na Casacstáine le Coinbhinsiún Iostanbúl.

(7)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Airí a leagan síos, ós rud é go bhféadfadh éifeachtaí dlíthiúla a bheith ag síneadh a chur leis an téarma le haghaidh aontachas na Casacstáine le Coinbhinsiún Iostanbúl ar an Aontas. Leis an síneadh sin, déantar athnuachan ar an iarraidh éagtha ar an gCasacstáin aontú don Choinbhinsiún agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh bunú caidrimh chonarthaigh idir an tAontas agus an Chasacstáin a bheith i gceist leis faoi chuimsiú Choinbhinsiún Iostanbúl. D'fheadfadh an cinneadh tionchar a imirt freisin ar an gcaoi a ndéantar cinntí laistigh de Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl.

(8)Rachadh aontachas na Casacstáine chun tairbhe don Aontas ós rud é go leathnófaí leis caighdeáin uaillmhianacha an Choinbhinsiúin chuig an tír sin. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é seasamh an Aontais 2 bhliain eile a thabhairt don Chasacstáin chun a nósanna imeachta inmheánacha a thabhairt chun críche.

(9)Ós rud é nach comhalta de Chomhairle na hEorpa é an tAontas ach gur comhaltaí iad na Ballstáit uile, tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag Ballstáit an Aontais, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú Choiste Airí Chomhairle na hEorpa i mí Mheán Fómhair 2025 tacú le síneadh 2 bhliain a chur leis an téarma le haghaidh aontachas na Casacstáine le Coinbhinsiún Iostanbúl.

Airteagal 2

Na Ballstáit sin den Aontas is comhaltaí de Choiste Airí Chomhairle na hEorpa, cuirfidh siad an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, IO L 143 I, 2.6.2023, lgh. 1–3.
(2)    Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement, IO L 143 I, 2.6.2023, lgh 4–6.
(3)    I gcomhréir le Prótacail Uimh. 21 agus Uimh. 22 atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.    
(4)    Stádas na ndaingnithe an 13.6.2025: AG (2013); BE (2016); CY (2017); DE (2017); DK (2014); IE (2019); EL (2018); ES (2014); EE (2017) FI (2015); FR (2014); HR (2018); IT (2013); LU (2018); MT (2014); NL (2015); PL (2015); PT (2013); RO (2016); SI (2015); SV (2014), LV (2024).    
(5)    Reacht Chomhairle na hEorpa (ETS Uimh. 001), Liosta iomlán — Oifig na gConarthaí .
(6)    Airteagal 20.d den Reacht.
(7)    Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin nós imeachta maidir le haontachas Stát nach Ballstáit de Chomhairle na hEorpa iad agus nár ghlac páirt i bhforbairt an Choinbhinsiúin, féach: CETS 210 — Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac — Módúlachtaí aontachais .
(8)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 64.
(9)    Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1075/oj).
(10)    Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1076/oj).
(11)    Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1075/oj ).
(12)    Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1076/oj ).
(13)    Reacht Chomhairle na hEorpa (ETS Uimh. 001), Liosta iomlán — Oifig na gConarthaí .
Top