Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025M11877

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11877 – PGGM / INVESIS) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

PUB/2025/69

IO C, C/2025/602, 23.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/602/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/602/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/602

23.1.2025

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11877 – PGGM / INVESIS)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/602)

1.   

An 16 Eanáir 2025 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

PGGM Vermogensbeheer B.V. (‘PGGM’, an Ísiltír), atá faoi rialú PGGM Coöperatie U.A. (an Ísiltír),

Invesis Group B.V. (‘Invesis’, an Ísiltír), atá faoi rialú Koninklijke BAM Groep N.V. (an Ísiltír) agus PGGM.

Gheobhaidh PGGM urlámhas aonair ar Invesis ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is riarthóir pinsin de chuid na hÍsiltíre é PGGM. Tá sé faoi rialú deiridh PGGM Coöperatie U.A., eintiteas comharchumainn ionchorpraithe san Ísiltír a bhfuil a chomhaltaí ina n-ionadaithe d’eagraíochtaí fostóirí, ceardchumainn, fostóirí, oibrithe agus pinsinéirí san earnáil cúraim sláinte agus leasa. Oibríonn PGGM ar an leibhéal domhanda,

Infheisteoir agus forbróir Ísiltíreach i dtionscadail bhonneagair is ea Invesis. Dírítear lena chuid tionscadal ar chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (PPP) agus cuimsíonn siad bóithre, iarnróid, bonneagar uisce agus mara, tolláin agus droichid, scoileanna agus foirgnimh rialtais. Tá sé gníomhach den chuid is mó san Ísiltír, sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn, sa Ghearmáin agus sa Bheilg agus tá gníomhaíochtaí teoranta aige lasmuigh de LEE freisin.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11877 – PGGM / INVESIS

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/602/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top