AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.6.2025
COM(2025) 266 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
maidir leis an meastóireacht ex post ar an gclár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht (an dara cuid), an mheastóireacht ex post ar an gclár um an Eoraip ar son na Saoránach, agus an mheastóireacht eatramhach ar an gclár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
{SWD(2025) 133 final}
1.Réamhrá
Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí na meastóireachta a rinne an Coimisiún Eorpach agus tá trí chomhpháirt inti:
(1) an mheastóireacht ex post ar an
gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht
, ina ndéantar measúnú ar a thionchar fadtéarmach agus ar a éifeachtaí inbhuanaitheachta, ar bhonn thorthaí na chéad choda den mheastóireacht ex post a cuireadh i gcrích in 2022;
(2) an mheastóireacht ex post ar an
gClár um an Eoraip ar son na Saoránach
, ina ndéantar measúnú ar na torthaí a baineadh amach, agus ar a thionchar fadtéarmach agus ar a éifeachtaí inbhuanaitheachta;
(3) an mheastóireacht eatramhach ar an
gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, lena ndéantar measúnú ar a réamhghnóthachtálacha.
I gcomhréir leis na treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, déantar measúnú sa mheastóireacht ar na trí chlár sin de réir na gcritéar éifeachtachta, éifeachtúlachta, comhleanúnachais, breisluacha AE agus ábharthachta.
Ba é ab aidhm don Chlár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht rannchuidiú le forbairt bhreise a dhéanamh ar limistéar ina ndéantar comhionannas agus cearta daoine — mar a chumhdaítear iad sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta um chearta an duine a bhfuil an tAontas tar éis aontú dóibh — a chur chun cinn, a chosaint agus a chur chun feidhme go héifeachtach. Ag an am céanna, thacaigh an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach le tionscnaimh chun cuimhneachán ar stair na hEorpa le déanaí a neartú agus chun rannpháirtíocht shibhialta ar leibhéal an Aontais a fheabhsú. Ó bhí 2021 ann, tá iarracht á déanamh ag an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna tacú le sochaithe atá oscailte, daonlathach, comhionann, cuimsitheach agus bunaithe ar chearta agus iad a fhorbairt, sochaithe atá bunaithe ar an smacht reachta. Áirítear leis sin sochaí shibhialta bhríomhar agus chumhachtaithe, a spreagann rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine agus a chothaíonn éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa, ar bhonn na luachanna, na staire agus ar na cuimhne is coiteann dúinn.
Tá an mheastóireacht bunaithe ar fhianaise a bailíodh trí staidéar tacaíochta a rinne saineolaithe seachtracha. Déanann sí an measúnú tionchair roimhe seo a mheas chun anailís a dhéanamh ar thogra a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le clár Eorpach um chultúr, cearta agus luachanna, agus aithníonn sí meastóireacht eatramhach an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht, an chéad chuid de mheastóireacht ex post an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht agus meastóireacht eatramhach an chláir um an Eoraip ar son na Saoránach. Go sonrach, baintear leas sa mheastóireacht eatramhach ar an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna freisin as torthaí an dara cuid den mheastóireacht ex post ar an gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht 2014-2020 chomh maith leis an meastóireacht ex post ar an gclár um an Eoraip ar son na Saoránach.
Cumhdaíonn na meastóireachtaí ex post ar Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht agus ar Chláir um an Eoraip ar son na Saoránach an tréimhse cur chun feidhme ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus na gníomhaíochtaí uile sna tíortha rannpháirteacha uile le linn na tréimhse sin. Leis an meastóireacht eatramhach ar an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna cumhdaítear an tréimhse cur chun feidhme ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus na gníomhaíochtaí uile sna tíortha rannpháirteacha uile le linn an ama sin.
Chuathas i gcomhairle le réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Ballstáit den Aontas Eorpach ar comhaltaí iad de choistí ábhartha na gclár, iarratasóirí agus tairbhithe na gclár, grúpaí saineolaithe, gníomhaireachtaí, pointí teagmhála na gclár, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus an pobal. Ar an iomlán, thug níos mó ná 1 000 páirtí leasmhar aiseolas le linn an phróisis chomhairliúcháin ar fad.
Déantar achoimre sa tuarascáil seo ar phríomhthorthaí na meastóireachta. Tugtar inti barúlacha agus tarraingítear aird ar réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu a d’fhéadfadh an Coimisiún a mheas don chlárthréimhse reatha agus don chéad timthriall cistiúcháin eile.
2.Príomhthorthaí na meastóireachta
Bhí an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach agus an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht éifeachtach maidir lena gcuspóirí a bhaint amach. Faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, rinneadh feabhsuithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó na cláir sin, lena n-áirítear maidir le nósanna imeachta a shimpliú le haghaidh gnóthachain éifeachtúlachta don Choimisiún Eorpach agus do thairbhithe, agus maidir le hinfheictheacht. Ina theannta sin, i bhfianaise na bhfeabhsuithe sin, is féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil an clár sin ar an mbóthar ceart chun a chuspóirí a bhaint amach. Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht freisin go bhfuil gá cruthaithe le clár lena dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna a chumhdaítear leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna. Tá na príomhthorthaí a chuirtear i láthair thíos struchtúrtha de réir na gcúig chritéar meastóireachta, agus tugtar aghaidh ar gach critéar le haghaidh gach cláir.
2.1.Éifeachtacht
An Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht
Bhí an clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht éifeachtach maidir lena chuspóirí a bhaint amach. Chuaigh sé i dteagmháil go héifeachtach le raon éagsúil eagraíochtaí, lena n-áirítear údaráis phoiblí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus eintitis taighde, ag áirithiú gur bhain grúpaí leathana páirtithe leasmhara tairbhe as a thionscnaimh. Dhírigh siad sin ar neamh‑idirdhealú, ar chomhionannas inscne, ar chosaint leanaí agus ar chiníochas agus foréigean a chosc, agus ag an am céanna chuimsigh siad go hindíreach gach duine san Aontas atá faoi réir idirdhealaithe, éadulaingthe nó foréigin. Cé go raibh spriocghrúpaí scaipthe go maith ar fud na gcuspóirí sonracha, bhí grúpaí áirithe nasctha níos minice le spriocanna sonracha, rud a léiríonn cur chuige solúbtha agus oiriúnaitheach laistigh den chlár chun freastal go héifeachtach ar riachtanais agus comhthéacsanna éagsúla.
Léiríonn líon na ndeontas agus na gconarthaí soláthair a cistíodh, chomh maith le cion an bhuiséid a gealladh do na naoi gcuspóir shonracha, gur rannchuidigh an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht leis an rannchuidiú is mó le cur chun feidhme éifeachtach phrionsabal an neamh‑idirdhealaithe a chur chun cinn agus le gach cineál foréigin in aghaidh leanaí, daoine óga, ban agus grúpaí eile atá i mbaol a chosc agus a chomhrac, de réir na bpleananna faoi na cláir oibre bhliantúla. Mar sin féin, chuir formhór na dtionscadal a cistíodh faoin gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht le cuspóirí sonracha iomadúla agus ní hamháin leis an gceann a bhfuarthas an cistiú ina leith.
I gcomhréir leis na cuspóirí sonracha, tá líon na sásraí um chomhordú struchtúrach arna mbunú leis na páirtithe leasmhara uile, lena n-áirítear na Romaigh, maidir le cur chun feidhme na straitéisí náisiúnta um lánpháirtiú na Romach ar cheann dá bhfuil bainte amach faoin gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht. Ina theannta sin, tháinig méadú ar ráta fostaíochta na mban san Aontas ó 62.4 % go 66.2 % faoi dheireadh an chláir, tháinig laghdú ar an mbearna phá idir na hinscní san Aontas go 12.3 %, agus tháinig méadú ó 84 % go 96 % ar chéatadán na ndaoine a mheasann nach bhfuil foréigean teaghlaigh in aghaidh na mban inghlactha. Is torthaí dearfacha iad sin go léir. Mar sin féin, ní féidir cúisíocht a shuí, ós rud é freisin go bhféadfadh sé gur chuir tosca éagsúla lasmuigh den Chlár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht leis an dul chun cinn a léirítear sna táscairí comhfhreagracha. Rannchuidigh cistiú an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht le heagrú na ndámhachtainí cathrach rochtana, lá Eorpach na ndaoine faoi mhíchumas agus ceardlanna múscailte feasachta sna Ballstáit, agus leis an gCárta Míchumais Eorpach a chur chun feidhme sna Ballstáit.
Tá torthaí fadtéarmacha léirithe ag an gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht tar éis na tréimhse 2014-2020. Cruthaíodh go leor uirlisí agus sásraí le haghaidh comhar trasteorann agus líonraí trasnáisiúnta. A bhuí le cistiú an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht , bhí páirtithe leasmhara in ann oibriú ar fud an Aontais agus caidrimh fhadtéarmacha a fhorbairt chun a straitéisí a chur chun cinn agus a chur chun feidhme san fhadtéarma. Thairis sin, bhí éifeachtaí níos fadtéarmaí ag na cineálacha gníomhaíochtaí a cistíodh (e.g. eolas agus feasacht mhéadaithe mar thoradh ar ghníomhaíochtaí oiliúna agus múscailte feasachta). Idir 2016 agus 2020, ghlac breis agus 2.3 milliún duine páirt i ngníomhaíochtaí oiliúna.
Bhí ar an gclár déileáil le tosca seachtracha, agus bhí an tionchar is mó ag paindéim COVID‑19. Cé gur ghá amlínte a choigeartú agus gníomhaíochtaí tionscadail a aistriú chuig ardáin ar líne, ba chosúil nach raibh tionchar ag an bpaindéim ar éifeachtacht na dtionscadal cistithe, a bhuí freisin leis na bearta a rinne an Coimisiún (amhail solúbthacht maidir le síneadh a chur le fad na gcomhaontuithe deontais). Ar an taobh dearfach de, spreag an phaindéim tairbhithe chun úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha agus comhoibriú ar líne.
Chumhdaigh an clár gach Ballstát, leis an líon is airde tionscadal curtha chun feidhme ag eagraíochtaí san Iodáil, sa Bheilg, sa Ghréig agus sa Spáinn. Ar an iomlán, bhí páirtithe leasmhara sásta leis an gcaoi a ndearnadh glaonna a phoibliú agus faisnéis a scaipeadh. Mar sin féin, bhí dúshláin roimh eagraíochtaí beaga pobail maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi dheiseanna cistiúcháin, rud a thugann le fios go bhfuil gá le for-rochtain agus tacaíocht níos fearr.
An Clár um an Eoraip ar son na Saoránach
D’éirigh leis an gClár um an Eoraip ar son na Saoránach a chuspóirí ginearálta agus sonracha a bhaint amach. Cé nach féidir cúisíocht a shuí, léirítear le sonraí Eorabharaiméadair gur tháinig méadú ar an gcéatadán de shaoránaigh an Aontais a mhothaigh gur Eorpaigh iad ó 63 % in 2014 go 72 % in 2023, céatadán atá i bhfad thar sprioc 59 % an chláir. I gcomhréir leis na táscairí a bhaineann le feidhmíocht a leagtar síos le Rialachán 390/2014, mheas tairbhithe an chláir go raibh baint dhíreach ag breis agus 9.3 milliún rannpháirtí le gníomhaíochtaí ar fud an dá shraith, agus go raibh baint ag 388 milliún duine ar fud an Aontais ar an iomlán. Tá na huimhreacha seo suntasach, ach ba cheart an meastachán a dhéanamh go cúramach mar gheall ar na caveats a bhaineann le cáilíocht an tuairiscithe ar líon na rannpháirtithe. Thacaigh an clár freisin le cur chun feidhme breis agus 2 500 tionscadal ar fud an Aontais agus 14 707 n-eagraíocht rannpháirteacha ar fud na ngníomhaíochtaí uile. Tá sé réasúnta, dá bhrí sin, a mhaíomh go bhféadfadh sé gur rannchuidigh an clár, go pointe áirithe ar a laghad, leis an dul chun cinn a taifeadadh sa suirbhé ar shaoránacht Eorabharaiméadair thar na blianta.
Mheas tairbhithe go raibh na torthaí a rabhthas ag súil leo bainte amach ag a dtionscadail. D’aithin aon trian de fhreagróirí an chomhairliúcháin phoiblí gur éirigh leis an gclár feasacht a mhúscailt maidir le stair choiteann agus luachanna coiteanna an Aontais agus maidir le rannpháirtíocht sa saol sibhialta agus daonlathach a mhéadú. Bhí sraitheanna ar leith le haghaidh gníomhaíochtaí cuimhneacháin agus gníomhaíochtaí na sochaí sibhialta ina gcuidiú chun rannchuidiú ar leith agus ar leithligh a sholáthar chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a bhaint amach.
Thacaigh an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach le tionscadail a chruthaigh torthaí a bhféadfadh tionchair fhadtéarmacha a bheith acu. Ba thosca ratha iad a luach líonraithe, an t‑ualach riaracháin íseal, an chuimsitheacht agus an raon feidhme leathan téamach a chuir leis an tionchar fadtéarmach. Sainaithníodh roinnt samplaí de na bealaí inar lean gníomhaíochtaí ar aghaidh tar éis dheireadh tionscadail nó inar ghin siad tionchar a théann níos faide ná na torthaí a rabhthas ag súil leo ón tionscadal, e.g. tionscnaimh bheartais a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a oibríonn le grúpaí leochaileacha, agus ardáin idirphlé páirtithe leasmhara réigiúnacha a chruthú.
Na héifeachtaí is suntasaí gan choinne ar an gclár a bhaineann le paindéim COVID‑19, as ar eascair moilleanna nó dúshláin shuntasacha maidir lena gcur chun feidhme. Mar sin féin, níor ghá go ndéanfadh sé sin difear do thorthaí toisc gur oiriúnaigh tairbhithe go tapa agus, mar a tharla i gcás an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht, go raibh na bearta a rinne an Coimisiún éifeachtach. Bhí fo-éifeachtaí tairbheacha ag baint leis an digiteáil luathaithe a d’fhorchuir an phaindéim, rud a d’fhág go ndeachaigh roinnt ESSanna i dteagmháil le níos mó daoine ná mar a bhí beartaithe trí uirlisí fíorúla.
Dámhadh deontais ar thairbhithe i ngach Ballstát. Bhí an clár le feiceáil den chuid is mó ag eagraíochtaí incháilithe atá níos mó agus atá líonraithe go maith agus béim láidir á leagan ar dheiseanna cistiúcháin a lorg. Leag tairbhithe béim ar bhealaí inar cheap siad go bhféadfaí an clár a chur chun cinn ar bhealach níos réamhghníomhaí, e.g. trí na meáin shóisialta agus idirghníomhacha. Mar sin féin, d’éirigh leis an gclár líon méadaitheach iarratasóirí céaduaire a mhealladh thar na blianta (ag baint buaicleibhéal 66 % amach in 2019), rud a thugann le fios go raibh iarratasóirí ionchasacha ar an eolas faoin gclár nó gur tháinig siad ar an eolas faoi.
An Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
Ag an meántéarma, tá an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna ar an mbóthar ceart chun a chuspóirí a bhaint amach. Tá na tionscadail agus na gníomhaíochtaí agus na haschuir atá beartaithe acu i gcomhréir leis na cineálacha gníomhaíochta atá beartaithe leis an gclár thar gach sraith. Thairis sin, tá an clár tar éis an chuid is mó de spriocanna a tháscairí a shárú cheana féin. Bunaithe ar an bhfianaise a bailíodh, is dócha go mbainfear amach na torthaí atá beartaithe sa loighic idirghabhála, cé go bhfuil sé fós róluath aon bhreithiúnas cinntitheach a dhéanamh.
Bunaithe ar an bhfianaise a bailíodh don mheastóireacht sin, bhí tionscadail a dámhadh i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais, thug siad aghaidh ar fhíor-riachtanas sa réimse, bhí siad bunaithe ar mhodheolaíochtaí seanbhunaithe agus ar chomhpháirtíochtaí láidre a bunaíodh roimh ré, bhí gné láidir AE ag baint leo agus thairg siad breisluach AE, agus torthaí réalaíocha agus inbhuanaithe beartaithe. Bhí comhdhearcadh ann i measc na bpáirtithe leasmhara uile a ndeachthas i gcomhairle leo gur thug na sásraí athdheonaithe i réimsí luachanna an Aontais agus Daphne aghaidh ar riachtanais thábhachtacha in earnáil na sochaí sibhialta. Ag an am céanna, léirigh an fhianaise a bailíodh freisin nach dtugtar aghaidh go fóill ar an ngá atá le cistiú méadaithe ón Aontas atá tiomnaithe do luachanna, do chearta agus don tsaoránacht. D’fhéadfadh an ganntanas acmhainní a leithdháiltear ar na réimsí criticiúla sin teorainn a chur leis an gcumas cuspóirí an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a chomhlíonadh.
Ní raibh ach tionchar teoranta ag tosca seachtracha, amhail COVID‑19, cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, Brexit agus comhthéacsanna náisiúnta sonracha, ar an gclár ar an iomlán. Cé go raibh moill ar chur chun feidhme roinnt tionscadal mar thoradh ar COVID‑19, is cosúil nach raibh aon éifeacht aige sin ar an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna ann féin. Thairis sin, léiríodh COVID‑19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine i gcláir oibre 2021-2022 agus 2023-2025, rud a choinníonn ábharthacht an chláir ar bun.
Braitheann infheictheacht an chláir go príomha ar phointí teagmhála náisiúnta an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus ar sheimineáir ghréasáin faisnéise. Roinntear faisnéis freisin trí roinnt bealaí eile, a dhéanann teagmháil le hiarratasóirí féideartha ar fud an Aontais. Is cosúil go bhfuil eolas measartha maith ar an gclár i mBallstáit den Aontas Eorpach, ach go príomha ag eagraíochtaí móra a bhfuil líonraí idirnáisiúnta acu nó i gcathracha móra. Ba mhór ag na pointí teagmhála náisiúnta iarrachtaí infheictheacht an chláir agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a mhéadú; mar sin féin, leag an fhianaise béim ar an raon feidhme chun feasacht a fheabhsú maidir leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, go háirithe lasmuigh de dhianghlasáil a spriocghrúpaí féin.
Cumhdaítear leis an gclár Ballstáit uile den Aontas Eorpach agus roinnt tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad a roghnaigh a bheith rannpháirteach sa chlár ar bhonn deonach. Tá feabhas tagtha freisin ar an gcothromaíocht gheografach faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna , agus cion níos airde tionscadal in Oirthear na hEorpa ná mar a bhí faoi na cláir a bhí ann roimhe sin.
Léiríonn an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna tiomantas láidir do chomhionannas inscne a phríomhshruthú agus cur chuige níos cuimsithí agus níos cothroime a chur chun cinn maidir lena ghníomhaíochtaí. Chun cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú, agus bunaithe ar chleachtais ar cuireadh tús leo cheana faoi na cláir a bhí ann roimhe, rinneadh comhionannas inscne a chomhtháthú sa chlár ina ghlaonna ar thograí agus ina mhodheolaíocht mheastóireachta. Ina theannta sin, déantar measúnú agus scóráil ar gach tionscadal a mhaoinítear trí dheontais bunaithe ar a rannchuidiú le comhionannas inscne. Mar sin féin, in ainneoin na n-iarrachtaí suntasacha oiliúna agus treorach, bhí dúshlán fós le sárú ag líon suntasach tairbhithe, lena n-áirítear gné na hinscne. Léiríonn comparáidí idir scóir inscne an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus na cláir chistiúcháin choibhéiseacha de chuid an Aontais go bhfuil an cion is mó cistiúcháin ag an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna atá tiomnaithe do thionscadail a bhfuil sé d’aidhm shonrach acu comhionannas inscne a chur chun cinn agus a chur chun tosaigh, rud atá i gcomhréir le cuspóirí an chláir. Idir 2021-2023, chuir gach ceathrú euro de mhaoiniú an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna ó dheontais go mór le comhionannas inscne; ina theannta sin, bhí thart ar leath de na tionscadail ar fad a cistíodh le deontais nasctha go dlúth le cur chun cinn an chomhionannais inscne.
2.2.Éifeachtúlacht
An Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht
Leis an Rialachán um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht, socraíodh buiséad EUR 439 476 000 do 2014-2020, agus leagtar amach méideanna bliantúla sna cláir oibre. Faoi mhí Lúnasa 2024, bhí 91 % den bhuiséad geallta caite ar dheontais agus ar sholáthar. D’ainneoin phaindéim COVID‑19, dheimhnigh tairbhithe gur chaith siad an cistiú a dámhadh orthu mar a bhí beartaithe, cé gurbh í an phaindéim an toisc ba mhinice a luadh a raibh tionchar aici ar chaiteachas. Ar thaobh amháin, laghdaigh sé an buiséad taistil agus cothaithe, agus ar an taobh eile mhéadaigh sé costais inmheánacha na dtionscadal uaireanta e.g. mar gheall ar na síntí tionscadail (gan chostas) a dámhadh, nó mar gheall ar chostais neamhphleanáilte a bhaineann leis an aistriú chuig seimineáir agus podchraoltaí ar líne.
Bhí formhór na dtairbhithe sásta le tráthúlacht na faisnéise maidir le glaonna, na critéir incháilitheachta, an próiseas roghnúcháin agus an t‑aiseolas a fuair siad. Bhí freagairtí measctha mar thoradh ar an tairseach r-Dheontais a tugadh isteach in 2016: cé gur mhór ag cuid acu éascaíocht úsáide, bhí deacrachtaí teicniúla ag cuid eile acu. Deimhníodh sa mheastóireacht reatha torthaí na chéad choda den mheastóireacht ex post go raibh deacrachtaí ag eagraíochtaí beaga, amhail an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí pobail, an leibhéal cómhaoinithe 20 % is gá a bhaint amach. Mheas páirtithe leasmhara go raibh ualach trom ag baint leis an gcur i bhfeidhm agus leis an tuairisciú araon. Mhol páirtithe leasmhara aistriú i dtreo cur chuige atá níos dírithe ar thorthaí, a ndeachthas i ngleic leis idir an dá linn faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna leis an gcistiú cnapshuime. Ina theannta sin, laghdaíodh líon na dtáirgí insoláthartha bliantúla, a mheasann tairbhithe a bheith ró‑ard, faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna freisin.
D’ainneoin ualach riaracháin an phróisis iarratais agus tuairiscithe a tugadh chun suntais, is léir gur mhó tairbhí an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht ná na costais do thairbhithe. Ní hamháin go bhfuil spéis ann leanúint d’iarratas a dhéanamh ar chistiú, ach i gcás go leor iarratasóirí athfhillteacha, líon an clár fíorbhearna, trí chistiú neamhspleách a sholáthar, agus i mórán cásanna ní fhéadfadh aon chistiú eile na téamaí agus na cineálacha gníomhaíochtaí arna gcistiú a chumhdach.
An Clár um an Eoraip ar son na Saoránach
Le Rialachán 390/2014, socraíodh buiséad an chláir um an Eoraip ar son na Saoránach ag EUR 185 468 000. Méadaíodh an buiséad faoi dhó le linn na tréimhse cur chun feidhme: in 2014 bhí méadú EUR 2.25 milliún ann, agus in 2020 bhí méadú EUR 6.9 milliún ann. Cé is moite de 2014 agus 2020, d’fhan caiteachas an chláir cobhsaí thar na blianta agus i gcomhréir leis na pleananna a rinneadh sna cláir oibre faoi seach.
Bhí éagsúlacht mhór sna rátaí rathúlachta, agus bhí líon ard tograí ar ardchaighdeán nach rabhthas in ann a chistiú. Bhí tairbhí an Chláir um an Eoraip ar son na Saoránach níos mó ná na costais do thairbhithe, agus d’éirigh leis an gcuid is mó de na tairbhithe an cistiú a dámhadh orthu a ionsú; iad siúd a raibh deacrachtaí acu na cistí a ionsú, rinne siad amhlaidh mar gheall ar na himthosca urghnácha a tháinig chun cinn le linn phaindéim COVID‑19. Mheas beagnach gach tairbhí de chuid an Chláir um an Eoraip ar son na Saoránach a ndeachthas i gcomhairle leo go raibh an próiseas iarratais soiléir, inrochtana, simplí agus neamhchasta. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, go raibh cistiú cnapshuime á úsáid ag an gclár cheana féin nuair nach raibh sé ag brath ar an gcóras r-Dheontas (mar a rinne an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht ó 2016 ar aghaidh). I gcás roinnt tairbhithe de chuid an Chláir um an Eoraip ar son na Saoránach, d’fhéadfadh dúshláin a bheith ag baint leis an aistriú chuig an gcóras r-Dheontas, rud a d’fhágfadh go bhfeicfidís go raibh na nósanna imeachta roimhe sin níos simplí i gcomparáid leis.
Leis na simplithe a rinneadh le linn leaganacha comhleanúnacha den chlár, cuireadh feabhas ar inrochtaineacht ESSanna de gach cineál agus de gach méid. D’éirigh go maith le húsáid cnapshuimeanna agus costas aonaid sa chlár.
Cé go raibh sé dúshlánach do roinnt ESSanna níos lú nó pobail, glacadh leis go raibh gá leis an gceanglas cómhaoinithe agus go gcuideodh sé le cistí breise a ghiaráil. Ní raibh aon deacracht shonrach ag formhór na dtairbhithe maidir leis na cistí breise a thiomsú. Méadaíodh an réamhíocaíocht, ó 40 % go 50 % in 2019 agus go 60 % in 2020, rud a d’fhág go raibh sé níos éasca fós d’eagraíochtaí níos lú rochtain a fháil ar an gclár.
Bhí torthaí fiúntacha ar chistiú an chláir, rud a rannchuidigh lena chuspóirí agus le spriocanna agus tosaíochtaí beartais níos leithne an Aontais. Sainaithníodh sa mheastóireacht, áfach, roinnt cásanna ina bhféadfaí an t‑ualach riaracháin a laghdú a thuilleadh, e.g. trí níos mó treorach.
Bhí an chumarsáid idir an Coimisiún agus na tairbhithe oscailte agus soiléir. Measadh go raibh an próiseas roghnúcháin cothrom agus trédhearcach go ginearálta, agus tugadh faoi deara gur thug an Coimisiún aiseolas iomchuí maidir leis na torthaí. Go ginearálta, measadh go raibh na ceanglais tuairiscithe soiléir, neamhchasta agus simplí, cé gur mhór ag eagraíochtaí tairbhíocha nach bhfuil an taithí chéanna acu comhairle agus oiliúint níos cuimsithí maidir le ceanglais agus foirmeacha tuairiscithe. Chuir an Grúpa Idirphlé Shibhialta, gné shonrach den Chlár um an Eoraip ar son na Saoránach, ionchur fiúntach ar fáil.
An Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
Deimhníodh san anailís ar an gcritéar éifeachtúlachta gur mó, go dtí seo, tairbhí an chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna ná na costais a íocann tairbhithe mar gheall ar a rannpháirtíocht.
Bhain príomhbhuntáistí an chistithe go díreach le tionscadail (i.e. an cumas chun an cur chuige inmhianaithe a chur chun feidhme), ach bhain siad freisin le líonrú agus comhoibriú méadaithe le comhpháirtithe i dtíortha eile, agus infheictheacht agus aitheantas feabhsaithe don eagraíocht toisc go bhfuair sí cistiú ón Aontas. Maidir leis an deis chun cineálacha cur chuige nuálacha a thástáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha, lena mbaineann cineálacha nua páirtithe leasmhara agus a théann chun tairbhe a spriocghrúpaí trí fhorbairt acmhainneachta níos fearr, fuarthas amach gur tairbhí tábhachtacha de chuid an chistithe iad freisin. Mar gheall ar an ngéarchéim maidir le costas maireachtála, áfach, laghdaíodh tairbhí an chistithe go suntasach, agus bhí go leor tairbhithe ag streachailt chun na buiséid tionscadail a bhí beartaithe a choinneáil ar bun agus, i gcásanna áirithe, bhí orthu raon na ngníomhaíochtaí pleanáilte a choigeartú.
Mar gheall ar phríomhéifeachtaí na ngnéithe nua cur chun feidhme a thug an Coimisiún isteach faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, cuireadh feabhas ar intuarthacht, laghdaíodh an rómhaorlathas, neartaíodh faireachán ar chláir agus áiríodh níos mó eagraíochtaí pobail agus eagraíochtaí níos lú trí shásraí athdheonaithe.. Eisceacht amháin ón simpliú foriomlán sin agus ó laghdú an rómhaorlathais is ea costais aonaid. Is cosúil go bhfuil castacht bhreise ag baint lena dtabhairt isteach ar leibhéal corparáideach an Choimisiúin, go háirithe ós rud é nach léiríonn siad costais iarbhír na ngníomhaíochtaí agus go n-ardaíonn siad teorainneacha dúshlánacha ar chostais taistil.
Tá an próiseas iarratais tráthúil, agus faisnéis faoi na glaonna ag teacht chuig iarratasóirí nuair a theastaíonn sé uathu. I gcás tairbhithe tionscadail, bhí baint ag príomhchostais an chláir leis an am foirne agus leis na hacmhainní a bhí ag teastáil chun infheistíocht a dhéanamh sa phróiseas iarratais, agus inathraitheacht mhór ann idir eagraíochtaí beaga, a mheas go raibh na costais sin i bhfad níos airde, agus eagraíochtaí níos mó a bhfuil foirne tairisceana gairmiúlaithe acu, ar cosúil gur lú an dúshlán iad na costais sin ina leith. Sainaithníodh an t‑ualach riaracháin mar riosca do thionscadail an-bheaga (amhail nascadh bailte), lena n-áirítear mar gheall ar na dúshláin a bhaineann le córas na r-Dheontas a úsáid, rud a d’fhéadfadh iarratasóirí a dhíspreagadh ó iarratas a dhéanamh nuair a bhíonn an iarracht is gá chun iarratas a dhéanamh níos airde ná an méid deontais measartha teoranta a bhfuil coinne leis.
Cé go raibh an Coimisiún sásta leis an aiseolas a fuarthas maidir le hiarratais, is cosúil go bhféadfaí feabhas a chur ar chomhsheasmhacht sa leibhéal mionsonraí a chuirtear ar fáil, agus an méid a bhfuil an Coimisiún ag súil leis ó iarratais a dhéanamh níos soiléire.
Maidir leis an gcur chuige i leith tuairiscithe, rinneadh feabhsuithe suntasacha ar shoiléire na gceanglas tuairiscithe i gcomparáid leis an gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht. Mar shampla, trí na ceanglais tuairiscithe a laghdú, bhí tionscadail in ann a bheith níos dírithe ar thorthaí.
Bhain na neamhéifeachtúlachtaí teoranta a aimsíodh le ceanglais tuairiscithe le haghaidh tairbhithe deontais oibriúcháin. Leagadh béim freisin ar an bpróiseas chun leasuithe buiséadacha a iarraidh mar phróiseas atá dian. Cáineadh bailiú sonraí trí Shuirbhé an Aontais ar Cheartas, Cearta agus Luachanna – ceann d’uirlisí faireacháin an chláir — freisin mar gheall ar a easpa ábharthachta do spriocghrúpaí, as a fhad, agus as an gceanglas sonraí comhionannais a bhailiú.
Sainaithníodh sa mheastóireacht freisin easpa soláimhsitheachta an chórais r-Dheontas agus saincheisteanna teicniúla mar thoisc thábhachtach a mbíonn tionchar aici ar éifeachtúlacht an chláir.
Ar deireadh, léirítear leis an líon beag uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) a chonraítear agus a dheonaítear, i gcomparáid le cineálacha eile gníomhaíochtaí a chistítear, go bhfuil deis ann úsáid níos fearr a bhaint as deiseanna digiteála ar leibhéal an tionscadail.
2.3.Comhleanúnachas
An Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht
Deimhníodh sa mheastóireacht na torthaí ón gcéad chuid den mheastóireacht ex post go raibh cuspóirí agus idirghabhálacha an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht comhleanúnach le beartais agus tosaíochtaí níos leithne an Aontais. Áirithíodh é sin trí chineál chlársceidealú an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht, ina raibh tosaíochtaí an ghlao ar thograí faoi stiúir forbairtí straitéiseacha sonracha agus tosaíochtaí an Choimisiúin. Leis an gclár, cistíodh gníomhaíochtaí a bhí dírithe ar chosc, ar chosaint agus ar thacaíocht d’íospartaigh, lena n-áirítear múscailt feasachta i measc an phobail i gcoitinne, oiliúint a chur ar ghairmithe, agus fothú acmhainneachta eagraíochtaí agus struchtúr atá ag obair ar na saincheisteanna sin. Thug sé cumhacht do dhaoine LADTIA, thacaigh sé le híospartaigh na fuathchoireachta agus chuir sé a gcearta chun cinn. Cistíodh gníomhaíochtaí chun tacú le daoine faoi mhíchumas agus chun a gcearta a chur chun cinn, agus chun tacú le Romaigh agus chun a gcuimsiú agus a gcearta a chur chun cinn. Chistigh an clár gníomhaíochtaí freisin chun comhionannas a fheabhsú trí neamhspleáchas eacnamaíoch, an saol gairmiúil agus an saol príobháideach a réiteach agus an bhearna phá idir na hinscní a laghdú, ach freisin gníomhaíochtaí atá dírithe ar dheireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe. Ina theannta sin, rinneadh príomhshruthú inscne agus cur chun cinn an chomhionannais inscne a chomhtháthú i ndearadh an chláir: b’éigean iad a chomhtháthú agus meastóireacht a dhéanamh orthu i ngach tionscadal a chistítear, lena n-áirithítear go bhféadfadh comhionannas inscne a bheith mar chuid de dhearadh, de chur chun feidhme, d’fhaireachán agus de mheastóireacht na ngníomhaíochtaí.
Rannchuidigh an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht freisin le tosaíochtaí nua an Choimisiúin a leag an tUachtarán von der Leyen síos do 2019-2024.
Chomhlánaigh an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais. Áirithíodh comhleanúnachas trí chéimeanna éagsúla de shaolré an chláir: ó na cuspóirí a leagtar síos leis an Rialachán, trí chur chun feidhme (cláir oibre bhliantúla), agus go dtí tús an tionscadail. Dhearbhaigh thart ar aon trian de thairbhithe an chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht a ndeachthas i gcomhairle leo maidir leis an meastóireacht sin go bhfuair siad cistiú ó fhoinsí eile. Níor thuairiscigh tairbhithe aon easpa comhleanúnachais ná forluí leis na foinsí cistiúcháin sin ná le cistí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla.
An Clár um an Eoraip ar son na Saoránach
Bhí an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach comhleanúnach le beartais agus tosaíochtaí an Aontais. Mar is amhlaidh leis an gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht, fuarthas amach sa mheastóireacht go raibh an clár um an Eoraip ar son na Saoránach ailínithe le tosaíochtaí an Choimisiúin le haghaidh 2014-2020, ach léiríodh solúbthacht freisin chun oiriúnú do thosaíochtaí an Choimisiúin nua le haghaidh 2019-2024. Thug tionscadail a cistíodh faoin gclár aghaidh ar shaincheisteanna criticiúla amhail bréagnuacht, litearthacht sna meáin agus ríomhdhaonlathas. Thug go leor acu aghaidh ar an dlúthpháirtíocht agus ar an gcuimsiú sóisialta, ar úsáid uirlisí digiteacha chun an rannpháirtíocht dhaonlathach a fheabhsú, agus ar chaomhnú luachanna an Aontais. Ar an iomlán, d’fhéach na tionscadail uile le rannpháirtíocht dhaonlathach níos láidre a spreagadh. Le linn phaindéim COVID‑19, chuir an digiteáil mhéadaithe tuilleadh béime ar an ailíniú sin. Moladh go leanúnach sna cláir oibre bhliantúla do thairbhithe féideartha úsáid réamhghníomhach a bhaint as na meáin shóisialta, agus é mar aidhm leis sin teagmháil a dhéanamh go háirithe leis na glúnta óga, a raibh rath orthu, mar a léirítear leis an líon ard rannpháirtithe faoi bhun 30 bliain d’aois sa chlár ar an iomlán (i.e. beagnach leath de na rannpháirtithe díreacha measta). D’éascaigh an clár gníomhaíochtaí ón mbun aníos a rannchuidíonn le príomhthosaíochtaí an Aontais.
Thacaigh an clár leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh — ionstraim thrasnáisiúnta uathúil a chuireann ar chumas shaoránaigh an Aontais páirt dhíreach a ghlacadh sa phróiseas reachtach — i gcomhréir le sprioc an Aontais maidir leis an daonlathas rannpháirtíochta a fheabhsú. Chomhlánaigh an clár cláir eile de chuid an Aontais, ag tacú le gníomhaíochtaí uathúla a chuir lena rannchuidiú ar leith le spriocanna an Aontais. Chuir gnéithe an chláir líonrú chun cinn go héifeachtach agus chruthaigh siad deiseanna nua le haghaidh sineirgí. Bhí luach ar leith ag baint leis sin chun comhar trasteorann a fheabhsú, malartuithe oideachais agus cultúrtha a éascú trí chláir eile amhail Erasmus+, agus comhpháirtíochtaí déthaobhacha a chur chun cinn le heagraíochtaí nasctha. An bhéim ar an oidhreacht chultúrtha agus ar ghníomhaíochtaí cuimhneacháin atá ailínithe le tionscnaimh amhail Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha (2018), agus ar an gcaoi sin béim a leagan ar ról an chláir maidir le féiniúlacht Eorpach chomhroinnte a chur chun cinn.
An Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
Tá nideog uathúil ag an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna laistigh de chreat beartais agus cistiúcháin an Aontais, lena dtugtar aghaidh ar bhearnaí i gcás nach bhfuil cistiú eile ar fáil, mar a dheimhnigh tairbhithe agus an comhairliúchán poiblí. Cuireann an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna buntáistí ar fáil nach féidir teacht orthu go léir i gcláir eile, amhail cumhdach uile-Aontais, raon cuimsitheach téamaí, an fhéidearthacht foinsí neamhspleácha maoinithe a fháil, fócas sonrach ar luachanna an Aontais, deontais de mhéid suntasach, deontais oibriúcháin agus sásraí athdheonaithe. Is é an rud a thagann chun cinn go soiléir ar an iomlán ná go bhfuil an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna lonnaithe i spás a bheadh folamh den chuid is mó i dtírdhreach cistiúcháin na luachanna agus na gceart murach sin.
Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an bhearna chistiúcháin suntasach, baineann tairbhithe — más féidir leo — úsáid as foinsí eile cistiúcháin freisin, amhail Ciste Visegrad. I gcás roinnt ábhar sonrach, féachann tairbhithe le cistiú faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a chomhlánú le cistiú ó chláir eile de chuid an Aontais, amhail Erasmus+ agus Fís Eorpach, nó le cistiú rialtais (ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil).
Maidir le comhleanúnachas inmheánach ar fud na gceithre shraith den chlár, níor tháinig aon saincheist shonrach chun cinn. Is cosúil go bhfuil tairbhithe compordach leis an ailtireacht aonair a tháinig in ionad na gclár a bhí ann roimhe seo agus ní mheasann siad gur saincheist í roinnt na dtéamaí ar fud na snáitheanna. Measadh go gcothófaí comhleanúnachas agus sineirgí idir tosaíochtaí beartais éagsúla le hollstruchtúr nua an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna – lena dtugtar cistiú ón Aontas i réimsí na luachanna, na gceart agus na saoránachta faoi aon chlár amháin – agus fuarthas gur rannchuidigh sé le cur chuige níos iomlánaíche chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha agus luachanna an Aontais a chur chun cinn.
Tá cur chun feidhme an chláir comhleanúnach le gealltanais agus cuspóirí idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Déantar crostagairt chórasach do ghealltanais idirnáisiúnta i nglaonna. Ní léiríonn torthaí i dtomhas feidhmíochta bhuiséad an Aontais ach buiséadú glas teoranta ar thosaíochtaí glasa cothrománacha go dtí seo — rud atá ann mar gheall ar chineál an chláir freisin — ach mar sin féin tá roinnt tionscadal ann a bhfuil gné an athraithe aeráide ag baint leo.
2.4.Breisluach AE
An Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht
Deimhníodh san fhianaise nach bhféadfaí torthaí an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht a bhaint amach ach trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Rannchuidigh an clár le cur chun feidhme comhsheasmhach agus comhleanúnach dhlí an Aontais agus le feasacht leathan an phobail ar na cearta a eascraíonn as. Mar a sonraíodh thuas cheana, bhí eolas agus feasacht mhéadaithe ar cheann de na príomhthorthaí a thuairiscigh tairbhithe.
Rannchuidigh an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht le muinín fhrithpháirteach a fhorbairt i measc na mBallstát agus le comhar trasteorann a fheabhsú, mar a léiríodh go soiléir leis na 157 líonra trasnáisiúnta a cruthaíodh idir 2016 agus 2020. Chuidigh an clár freisin le dea-chleachtas a ullmhú agus a scaipeadh agus le híoschaighdeáin, uirlisí praiticiúla agus réitigh a chruthú a thug aghaidh ar dhúshláin trasteorann nó ar dhúshláin ar fud an Aontais. Leanadh d’úsáid a bhaint as torthaí na ngníomhaíochtaí sin tar éis dheireadh na dtionscadal.
Trí chistiú neamhspleách a chur ar fáil, bhíothas in ann aghaidh a thabhairt ar ábhair íogaire leis an gclár nach mbeadh cistithe ar an leibhéal náisiúnta. Dheimhnigh beagnach gach tairbhí a cuireadh faoi agallamh nach dócha go líonfadh rialtais náisiúnta an bhearna mura leanfaí leis an gclár. Mhéadaigh an clár acmhainneacht réimse leathan príomhghníomhaithe ón tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí um chearta an duine. Chuir roinnt tairbhithe deontais oibriúcháin i dtábhacht go raibh cistiú an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht bunúsach dá n-eagraíocht, agus nach mbeidís in ann leanúint de bheith ag feidhmiú murach sin.
An Clár um an Eoraip ar son na Saoránach
Is dócha nach mbainfí amach na tionchair a sainaithníodh tríd an gClár um an Eoraip ar son na Saoránach gan tacaíocht shonrach an chláir ar leibhéal an Aontais. Bheadh deacrachtaí ag go leor tairbhithe tionscadail a chur chun feidhme ar scála comhchosúil nó a mbeadh an tionchar céanna acu.
D’fhreagair an clár go háirithe do dhúshláin ESSanna a bhain le heaspa cistiúcháin le haghaidh réimsí oibre atá ríthábhachtach do shaoránacht Eorpach. Bhí sé ríthábhachtach do ghníomhaíochtaí lena n-éilítear comhar trasteorann agus peirspictíocht Eorpach níos leithne, toisc nach bhféadfadh aon scéim náisiúnta ná réigiúnach chomhchosúil a bheith ag teacht le raon feidhme agus scála an chláir. Leis an gclár, cistíodh gníomhaíochtaí a raibh saoránaigh agus eagraíochtaí ó thíortha rannpháirteacha éagsúla páirteach iontu, rud a chothaigh tuiscint ar fhéiniúlacht Eorpach agus ar mhuintearas Eorpach. Dá bhrí sin, lean sé de bhearna a líonadh, bearna a bheadh ann murach sin agus chruthaigh sé cothrom iomaíochta lena gcumasaítear rochtain chomhionann ar an gclár do chách seachas roinnt eagraíochtaí níos lú.
Bhí na torthaí sin inchainníochtaithe trí líon na dtionscadal a chuimsíonn tíortha éagsúla agus scála an chomhair trasteorann a baineadh amach. Bhí cumas an chláir dul i ngleic le difríochtaí náisiúnta agus cur chuige comhtháite Eorpach a chur chun cinn ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin éagsúla atá le sárú ar an leibhéal náisiúnta. Ar leibhéal an chláir, bhí comhpháirtíocht thrasnáisiúnta mar chuid de 70 % de na tionscadail. Trí chomhpháirtíochtaí trasteorann agus malartú dea-chleachtais a éascú, chuir an clár ar chumas ESSanna de gach méid dul i mbun gníomhaíochtaí níos cuimsithí agus níos éifeachtaí. Bhí an tacaíocht sin ríthábhachtach chun feabhas a chur ar chumas eagraíochtaí oibriú ar scála níos mó nó thar a ngnáth‑shainordú. Cé nár mheas formhór na dtairbhithe i gcónaí go raibh cistiú an Chláir um an Eoraip ar son na Saoránach ríthábhachtach, bhí sé ríthábhachtach mar sin féin cuidiú leo níos mó a bhaint amach ná mar a d’fhéadfaidís a dhéanamh dá uireasa. Chuir an clár ar chumas eagraíochtaí tionscadail shonracha a chur i gcrích agus dul i dteagmháil le lucht féachana níos leithne, go háirithe i réimsí ina raibh roghanna cistiúcháin náisiúnta nó réigiúnacha teoranta. I gcásanna áirithe, bhí an cistiú riachtanach chun go mairfeadh eagraíochtaí a bhí ag feidhmiú i dtimpeallachtaí dúshlánacha cistiúcháin.
An Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
In éagmais cistí poiblí i roinnt mhaith Ballstát den Aontas Eorpach sna réimsí téamacha a chumhdaítear leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, cuireann cistiú an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna go mór le hobair na sochaí sibhialta sna réimsí sin i gcónaí. Cuireann an clár breisluach ar fáil de bhreis ar an luach a chruthaigh na Ballstáit agus iad ag gníomhú ina n-aonar.
Mheas formhór na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo go raibh an cistiú poiblí le haghaidh tionscadail thrasnáisiúnta lena dtugtar aghaidh ar chearta agus ar dhúshláin shochaíocha sna Ballstáit chomh beag agus nárbh ann dó. Bhí dúshláin roimh go leor ESSanna freisin maidir le cistí náisiúnta a fháil i réimsí an chomhionannais agus an neamh‑idirdhealaithe, agus sa réimse maidir le foréigean in aghaidh na mban a chomhrac. Sa chomhthéacs sin, cuireadh i dtreis go gcuireann an deis chun cistiú díreach a fháil ón gCoimisiún go mór le cothroime agus neamhspleáchas.
Tugtar le fios san fhianaise a bailíodh, in éagmais an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, gur dócha go dtabharfaí éifeacht dhiúltach faoi deara, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an spás sibhialta atá ag laghdú cheana féin ar fud an Aontais agus moill shuntasach a chur ar an dul chun cinn i dtreo comhionannas inscne agus comhionannas ar an iomlán. Deimhníodh san aiseolas ó pháirtithe leasmhara freisin go rannchuideodh scor de chistiú an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna le meath breise i mbraistint na saoránachta agus na féiniúlachta Eorpaí, tuilleadh bacainní do dhaoine faoi mhíchumas, méadú ar fhoréigean in aghaidh leanaí, méadú ar an antoisceachas agus radacachas, agus tuilleadh deighiltí.
2.5.Ábharthacht
An Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht
Lean an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht de bheith ábhartha trí aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar riachtanais atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn laistigh den Aontas, lena n-áirítear dúshláin shochaíocha leanúnacha, amhail idirdhealú in aghaidh daoine LADTIA, na Romach, daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta. Bhí saincheisteanna amhail an choireacht fuatha, an fhuathchaint agus an foréigean in aghaidh na mban agus na leanaí, a tháinig chun cinn i gcomhthéacsanna sonracha amhail an timpeallacht ar líne agus paindéim COVID‑19, i gcroílár an chláir freisin.
Cuireann luas an dul chun cinn chun comhionannas iomlán agus cearta bunúsacha a bhaint amach ar fud an Aontais béim ar ábharthacht leanúnach chuspóirí an chláir, agus dheimhnigh na rátaí arda cur i bhfeidhm faoi chuspóirí sonracha éagsúla an t‑éileamh láidir ar thacaíocht. Leis an gclárú solúbtha, áirithíodh go bhféadfadh an clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht freagairt don tírdhreach sochpholaitiúil dinimiciúil laistigh den Aontas agus go mbeadh sé fós ábhartha do riachtanais athraitheacha na bpáirtithe leasmhara agus na saoránach.
De dheasca phaindéim COVID‑19, ceanglaíodh ar an gclár solúbthacht a léiriú a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta, amlínte agus gníomhaíochtaí. Bhí na tairbhithe an-dearfach faoin gcaoi ar láimhseáladh na dúshláin ghaolmhara agus faoin gcaoi ar áirithíodh dul chun cinn an tionscadail. Bhraith tairbhithe go raibh an clár freagrúil freisin do thosca polaitiúla agus, ar bhonn níos lú, do thosca eacnamaíocha. Maidir le dúshláin, tugadh faoi deara gur saincheisteanna suntasacha iad boilsciú agus teorainneacha ar chritéir incháilitheachta, go háirithe maidir le tíortha nach bhfuil san Aontas.
Dhírigh an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht go héifeachtach ar ghrúpaí imeallaithe agus leochaileacha, amhail íospartaigh an fhoréigin, mionlaigh eitneacha agus leanaí, i gcomhréir leis na dúshláin chriticiúla atá roimh shochaí an Aontais. Léirigh an clár ábharthacht shuntasach dá thairbhithe, ós rud é go raibh an cistiú ag teacht lena spriocanna straitéiseacha, rud a sheachain an gá atá le coigeartuithe díréireacha a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí. Leis an bhfócas ar fhothú acmhainneachta, comhroinnt eolais agus tacaíocht struchtúrach, tugadh aghaidh go héifeachtach ar riachtanais na dtairbhithe. Chuidigh an clár freisin le líonraí fás agus comhdhlúthú, rud a bhí ríthábhachtach chun tionchar na ngníomhaíochtaí a leathnú agus chun comhar idirnáisiúnta a chothú.
Mhol roinnt tairbhithe na réimsí feabhsúcháin seo a leanas: aird níos mó a thabhairt ar thrasnachas agus aghaidh á tabhairt ar shaincheisteanna inscne agus cuimsithe shóisialta; díriú níos mó ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn amhail an bhréagaisnéis, an mheabhairshláinte agus forbairt na luath‑óige, agus tíortha nach bhfuil san Aontas a chuimsiú ar mhaithe le comhar idirnáisiúnta níos fearr.
An Clár um an Eoraip ar son na Saoránach
Is cuspóirí ábhartha i gcónaí iad ailíniú le spriocanna agus tosaíochtaí beartais níos leithne an Aontais, agus braistint féiniúlachta Eorpaí a chothú, ar cuspóirí iad a baineadh amach leis an gClár um an Eoraip ar son na Saoránach. Trí thacú leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, chuir an clár feabhas ar an saol daonlathach, rud a chuir ar chumas na saoránach tionchar a imirt ar bheartais an Aontais. Léirigh iarrachtaí an Choimisiúin chun feasacht a mhúscailt agus inrochtaineacht an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a fheabhsú cur chuige praiticiúil i leith chumhachtú na saoránach. Spreag an clár rannpháirtíocht shibhialta freisin trí thionscnaimh phobail, lena gcothaítear muintearas agus comhthuiscint i measc mhuintir na hEorpa agus lena gcuirtear ardáin ar fáil d’idirphlé agus do ghníomhaíocht fhóinteach maidir le saincheisteanna coiteanna. Le gníomhaíochtaí nasctha bailte, cuireadh chun cinn idirghníomhaíochtaí trasteorann agus malartuithe cultúrtha, cothaíodh féiniúlacht Eorpach agus idirphlé leanúnach maidir le lánpháirtiú agus luachanna comhroinnte, agus rannchuidigh tionscadail maidir le cuimhneachán Eorpach le comhthuiscint ar stair na hEorpa.
Bhí an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach ábhartha dá thairbhithe deiridh agus thug sé aghaidh den chuid is mó ar na riachtanais agus ar na spriocghrúpaí i réimsí téamacha atá fós ábhartha sa lá atá inniu ann. Thacaigh struchtúr an chláir le raon leathan tionscnamh i gcomhréir le riachtanais agus tosaíochtaí ESSanna, rud a d’fhág go raibh solúbthacht acu tionscadail a chur in oiriúint do réimsí téamacha sonracha.
Leag príomhfhócas na dtairbhithe ar rannpháirtíocht agus rannpháirtíocht na saoránach béim ar ábharthacht an chláir, i bhfianaise a fhócais ar shaoránaigh. Bhí ESSanna ina bpríomhsprioc freisin, rud a léiríonn tiomantas an chláir chun idirphlé agus comhar oscailte a chothú, rud atá ríthábhachtach chun spriocanna beartais an Aontais a bhaint amach. Díríodh ar údaráis phoiblí le haghaidh abhcóideachta, rud a chuir le hábharthacht an chláir trí idirphlé éifeachtach a chur chun cinn idir an tsochaí shibhialta agus cinnteoirí. Léirigh cuimsiú grúpaí leochaileacha freisin tiomantas an chláir chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais agus guthanna imeallaithe a ionchorprú sa phróiseas daonlathach.
Bhí comhdhearcadh i measc na dtairbhithe go raibh tosaíochtaí an chláir ailínithe go maith leis na riachtanais is mó sna Ballstáit a bhaineann le rannpháirtíocht shibhialta agus cuimhneachán. Mheas sciar suntasach de fhreagróirí an chomhairliúcháin phoiblí freisin go raibh cuspóirí an chláir fós ábhartha do na dúshláin agus na riachtanais reatha ina mBallstáit. Nuair a leanadh de na tionscadail a cistíodh leis an gclár, cuireadh béim bhreise ar a ábharthacht, ós rud é go bhfuair sciar suntasach d’fhaighteoirí cistiú le haghaidh tionscadail a bhí bunaithe ar thionscnaimh roimhe sin agus ar thorthaí roimhe sin. Léiríonn sé sin go raibh tacaíocht an chláir i gcomhréir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí a bhí ann roimhe seo, rud a d’áirithigh go raibh an cistiú fós ábhartha le himeacht ama.
An Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
Tá an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna fós ábhartha, i bhfianaise a chuspóirí mar a leagtar amach i Rialachán 2021/692 iad. Deimhnítear leis an bhfianaise a bailíodh le haghaidh na meastóireachta sin na bearnaí a sainaithníodh sa mheasúnú tionchair. Tá dúshláin shuntasacha roimh an Aontas a bhaineann le comhionannas, cearta agus daonlathas. D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta i réimsí áirithe, tá idirdhealú, foréigean agus neamhionannas fós á bhfulaingt ag go leor saoránach de chuid an Aontais. De dheasca phaindéim COVID‑19 agus chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá méadú tagtha ar na saincheisteanna sin, rud a dhéanann difear go háirithe do ghrúpaí leochaileacha amhail leanaí, daoine faoi mhíchumas agus mná. Ar an iomlán, leagtar béim leis na dúshláin sin ar an ngá atá le hiarrachtaí méadaithe chun comhionannas, cearta agus daonlathas a chur chun cinn san Aontas, lena n-áirítear tacaíocht níos fearr don tsochaí shibhialta agus do thionscnaimh múscailte feasachta.
Léiríonn an fhianaise ailíniú an-láidir idir riachtanais na sprioc-pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear ESSanna, agus na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gclár, rud a chuireann le cumas an Aontais chun freagairt do na dúshláin thuasluaite. Ní hamháin go bhfreagraíonn sé sin go díreach do mhisin agus do straitéisí na n-eagraíochtaí tairbhíocha, ach cuireann sé ar a gcumas freisin spriocghrúpaí nua a shroicheadh. Measadh freisin go bhfreagraíonn an ghné uile-Aontais d’uaillmhianta ESSanna agus gur gá tabhairt faoi thionscadail ina bhfuil roinnt tíortha páirteach chun an fhoghlaim agus an tionchar a mhéadú.
Chuir tairbhithe i dtábhacht go raibh cistiú an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, chomh maith le cistiú faoi na cláir réamhtheachtacha, ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar phríomhthosaíochtaí agus ar phríomhthionscnaimh a bhí ríthábhachtach d’fhás agus d’inbhuanaitheacht a n-eagraíochtaí. Chuir an cistiú ar a gcumas tionscadail a chur chun feidhme nach mbeidís in ann a chur chun feidhme murach sin, agus is minic a chruthaigh na tionscadail sin bonn le haghaidh tuilleadh oibre tionscadail.
Bhí fócas téamach na nglaonna a foilsíodh idir 2021 agus 2023 ábhartha d’fhormhór na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo le haghaidh na meastóireachta seo: tá sé ar cheann de phríomhláidreachtaí an chláir. Mar sin féin, tá roinnt bearnaí fós ann, go príomha maidir le cuimsiú níos fearr téamaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus fuinneamh, trasnachas, soláthar seirbhísí, bréagaisnéis, coireanna cogaidh agus tacaíocht d’íospartaigh. Bhí an clár ábhartha freisin dá thairbhithe deiridh, agus ba iad ‘saoránaigh’ an grúpa ba mhinice a sainaithníodh i measc na ndaoine a bhain tairbhe as.
Tá a sholúbthacht léirithe ag an gclár cheana féin maidir le dul in oiriúint do riachtanais athraitheacha, ó thaobh próiseas agus nósanna imeachta de chun freagairt do shrianta sláinte poiblí COVID‑19 agus d’iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus ó thaobh téama de freisin.
Tá deis ann i gcónaí leas breise a bhaint as na deiseanna a eascraíonn as an digitiú. Tháinig forbairt ar chur chuige an chláir chun freagairt do luas an digitithe, a áirítear sna sainmhínithe leathana ar sholáthar cistiúcháin. Mar sin féin, is cosúil nach bhfuil spéis ná cumas cruthaithe ag na gnéithe sin go fóill chun freagairt do na deiseanna a cuireadh i láthair, ós rud é nár cistíodh ach líon beag uirlisí TFC go dtí seo.
3.Conclúidí agus ceachtanna foghlamtha
3.1.Conclúidí
Ar an iomlán, bhain an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach agus an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht a gcuspóirí amach agus tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna i dtreo a chuspóirí. Tá cuspóirí an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna fós an-ábhartha. Bunaithe ar thorthaí na meastóireachta sin, níl aon chúis ann gan cuspóirí ginearálta agus sonracha snáitheanna an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a thabhairt ar aghaidh ná na cuspóirí, an cur chuige i leith na snáitheanna nó athdháileadh na dtéamaí ar fud na snáitheanna a athrú.
Thacaigh an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach agus an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht araon le tionscadail a ghin torthaí a d’fhéadfadh tionchair fhadtéarmacha a bheith acu. Bhí líon suntasach tairbhithe sa dá chlár ina dtairbhithe athfhillteacha de dheontais ghníomhaíochta faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna freisin.
Idir 2021 agus 2023, shroich an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna 3 033 ESS le gníomhaíochtaí tacaíochta agus fothaithe acmhainneachta ar fud na mBallstát uile. Ar an iomlán, meastar go mbeidh 44 mhilliún duine ar a laghad rannpháirteach sna tionscadail a dámhadh in 2021-2023. Tá na tionscadail ag cur le torthaí an chláir ar bhealach inbhuanaithe. Cé go bhfuil sé róluath ag an meántéarma breithiúnais chinntitheacha a dhéanamh maidir le rath agus tionchar an chláir, tugtar le fios leis an ardleibhéal iomaíochta, leis an ardleibhéal leanúnachais tionscadail agus leis an dlúth‑ailíniú idir doiciméid glaonna agus tosaíochtaí an Aontais go bhfuil tionscadail ag rannchuidiú go hinbhuanaithe le cuspóirí an chláir a bhaint amach.
Téann cóimheas an-ard na dtionscadal cáilíochta chun tairbhe do chomhlíonadh na gcuspóirí beartais. Mar sin féin, tá bearna chistiúcháin ann sna snáitheanna maidir le comhionannas, cearta agus comhionannas inscne, agus maidir le foréigean in aghaidh na mban agus na leanaí a chomhrac, agus d’fhéadfadh sé sin teorainn a chur leis an gcumas cuspóirí shnáitheanna an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna sin a chomhlíonadh.
Cé gur cumhdaíodh na Ballstáit uile leis na cláir a bhí ann roimhe seo, tá feabhas tagtha ar an gcothromaíocht gheografach faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, agus tá cion níos airde tionscadal in Oirthear na hEorpa. Tá pointí teagmhála náisiúnta agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad d’iarratasóirí féideartha ar cheann de phríomhláidreachtaí an chláir. Mar sin féin, níl tearcionadaíocht tairbhithe ó na Ballstáit sin go dtí seo mar thoradh ar mhoill ar a gceapachán nó fiú ar a neamhláithreacht i roinnt Ballstát den Aontas. Tá infheictheacht an chláir teoranta fós, agus tá cáil ar an gclár den chuid is mó i measc eagraíochtaí móra a bhfuil líonraí ar fud an Aontais acu.
Chuidigh an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna go mór le comhionannas inscne a chur chun cinn, le dea-chleachtais a d’fhéadfaí a chur i dtábhacht mar shamhail le leanúint chun comhionannas inscne — agus comhionannas ar an iomlán — a chur chun cinn trí chistiú straitéiseach agus tionscnaimh straitéiseacha. Tá sé sin nasctha le ranníocaíochtaí airgeadais, agus chuir gach ceathrú euro de mhaoiniú ó dheontais go mór le comhionannas inscne. Bhí thart ar leath de na tionscadail a cistíodh leis na deontais nasctha go dlúth le cur chun cinn an chomhionannais inscne. Mar sin féin, léiríodh san fhianaise gur gá aird níos mó a thabhairt ar an trasnachas agus aghaidh á tabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le hinscne agus cuimsiú sóisialta.
Bhí tionchar teoranta ag tosca seachtracha, amhail COVID‑19, cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus comhthéacsanna náisiúnta sonracha, ar an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna. Bhí tionchar ag COVID‑19 ar ghníomhaíochtaí tionscadail arna gcistiú ag an gClár um an Eoraip ar son na Saoránach agus ag an gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht araon; cé go raibh gá le coigeartuithe de bharr na paindéime, spreag sé tairbhithe freisin chun úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha agus comhoibriú ar líne.
Chuir gnéithe nua an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna gnóthachain éifeachtúlachta ar fáil don Choimisiún agus do thairbhithe, trí intuarthacht a fheabhsú, faireachán a neartú, agus an t‑ualach riaracháin agus tuairiscithe a laghdú. Léirigh na gnéithe sin cheana féin na ceachtanna a foghlaimíodh ón gClár um an Eoraip ar son na Saoránach agus ón gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht maidir leis an ngá atá le simpliú agus tugadh isteach athruithe atá á gcur chun feidhme ar fud chláir an Aontais. Tá an próiseas iarratais agus tuairiscithe faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna i gcomparáid go fabhrach leis an gclár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht ach tá castacht bhreise ann d’eagraíochtaí níos lú, amhail bailte agus bardais i gcomparáid leis an gClár um an Eoraip ar son na Saoránach (mar gheall ar thabhairt isteach an chórais r-Dheontas freisin). Leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, tugadh isteach cistiú cnapshuime chun an t‑ualach riaracháin a laghdú a thuilleadh. Is cosúil, áfach, go bhfuil castacht bhreise ag baint le costais aonaid a thabhairt isteach ar leibhéal corparáideach an Choimisiúin, rud atá níos measa toisc nach léiríonn na costais aonaid sin costais iarbhír na ngníomhaíochtaí agus go gcuireann siad srianta neamhréadúla ar chostais taistil. Mar thoradh ar shásraí athdheonaithe, tá an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna níos cuimsithí ná an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht trí chead a thabhairt don chlár eagraíochtaí níos lú agus eagraíochtaí pobail a shroicheadh. Tugadh aghaidh faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna ar an easpa creata láidir faireacháin don Chlár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht trí tháscairí a chuíchóiriú agus uirlisí tiomnaithe bailithe sonraí a thabhairt isteach.
Baineann príomhthairbhí an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna go díreach le tionscadail (i.e. an deis cur chuige inmhianaithe a chur chun feidhme) ach tá tairbhí níos leithne agus sochaíocha ann freisin. Áirítear orthu sin líonrú agus comhoibriú méadaithe ar fud an Aontais, infheictheacht agus aitheantas feabhsaithe d’eagraíochtaí a fhaigheann cistiú an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, agus an deis cineálacha cur chuige nuálacha a thástáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha, spriocghrúpaí tionscadail a leathnú agus acmhainneachtaí eagraíochtaí a fheabhsú.
Bhí an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach, an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht agus an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna go léir comhleanúnach le beartais agus tosaíochtaí níos leithne an Aontais agus comhlántach ina gcuspóirí le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais. Is dócha nach mbainfí amach na tionchair a sainaithníodh tríd an gClár um an Eoraip ar son na Saoránach agus an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht gan tacaíocht shonrach ar leibhéal an Aontais: bheadh deacrachtaí ag tairbhithe tionscadail a chur chun feidhme ar scála comhchosúil nó leis an tionchar céanna.
Tá spás sa Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna i dtírdhreach cistiúcháin na hEagraíochta Sochaí Sibhialta a bheadh folamh murach sin. Mar gheall ar a réimse cuimsitheach téamaí, a chumhdach uile-Aontais, a fhócas sonrach ar luachanna an Aontais, deontais de mhéid suntasach, deontais oibriúcháin agus sásraí athdheonaithe, is foinse bhunriachtanach cistiúcháin é an clár d’eagraíochtaí a chuireann luachanna agus cearta an Aontais chun cinn. Ceann de phríomhbhuntáistí an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna is ea a chumas foinsí neamhspleácha maoinithe a sholáthar, rud a ligeann d’eagraíochtaí a neamhspleáchas a choinneáil agus a spriocanna a shaothrú gan tionchar míchuí. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an bhearna chistiúcháin fós suntasach, baineann tairbhithe úsáid as foinsí cistiúcháin eile freisin má thrasnaíonn siad le topaicí an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus más féidir sineirgí a dhéanamh.
Líon na trí chlár róil sa tírdhreach cistiúcháin nach mbeadh sé d’acmhainn ag na Ballstáit a chomhlíonadh go ginearálta.
Bhí cistiú an Chláir um an Eoraip ar son na Saoránach agus an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht ríthábhachtach le haghaidh gníomhaíochtaí lena n-éilítear comhar trasteorann agus peirspictíocht Eorpach níos leithne, toisc nach bhféadfadh aon scéim náisiúnta ná réigiúnach chomhchosúil a bheith ag teacht le raon feidhme agus scála na gclár. Leis an gClár um an Eoraip ar son na Saoránach, cistíodh gníomhaíochtaí a raibh saoránaigh agus eagraíochtaí ó thíortha rannpháirteacha éagsúla páirteach iontu, rud a chothaigh braistint féiniúlachta agus muintearais Eorpaigh. Leis an gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht gineadh torthaí trasnáisiúnta, go háirithe feasacht agus tuiscint mhéadaithe ar na cearta agus na beartais a chumhdaítear leis an gclár, comhar agus comhpháirtíochtaí trasteorann a chruthú nó a neartú, agus dea-chleachtais agus uirlisí a úsáideadh ar fud na mBallstát éagsúil a chruthú.
Cuireann an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, cosúil lena réamhtheachtaithe, breisluach soiléir ar fáil. I gcás go leor ESSanna, is é an t‑aon fhoinse chistiúcháin a d’fhéadfadh a bheith acu sa réimse sin. Bheadh na héifeachtaí a bheadh ann mura mbeadh aon Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna ann diúltach agus is dócha go mbeadh tionchar acu ar an laghdú atá ag teacht cheana féin ar an spás sibhialta san Aontas. Dhéanfaí difear freisin don urraim don smacht reachta, do chearta bunúsacha agus don idirphlé daonlathach, don chomhionannas inscne agus do chearta daoine faoi mhíchumas. Is dócha go dtiocfadh méadú ar an bhforéigean in aghaidh leanaí, ar an antoisceachas agus ar an radacachas. Laghdófaí an bhraistint gur saoránach Eorpach é nó í. Tacaítear leis na conclúidí sin leis an bhfianaise a bailíodh le haghaidh na meastóireachta sin.
Is léir gur gá leanúint den Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna toisc go bhfuil na dúshláin a cuireadh ar bun leis na cláir sin fós ann agus, i gcásanna áirithe, go bhfuil siad tar éis dul in olcas e.g. polarú méadaitheach na sochaí, méadú an phobalachais agus an antoisceachais, agus an bhagairt ar luachanna an Aontais. Méadaíodh go leor de na bearnaí sin a thuilleadh mar gheall ar dhúshláin amhail paindéim COVID‑19 agus an sleabhcadh eacnamaíoch a lean í. Dá bhrí sin, tá na riachtanais ar cuireadh an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach, an Clár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht agus an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna ar bun chun aghaidh a thabhairt orthu fós ann go tréan agus is cosúil gur dócha go leanfaidh siad ar aghaidh sa chuid eile den chreat airgeadais ilbhliantúil seo.
3.2.Ceachtanna foghlamtha
Bunaithe ar chonclúidí na meastóireachta eatramhaí d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar roinnt réimsí le haghaidh feabhsuithe nó obair leantach trí chur chun feidhme reatha an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna.
Léirigh an clár feidhmíocht den scoth le linn na tréimhse 2021-2023, agus sháraigh an chuid is mó de na torthaí na garspriocanna agus na spriocanna go suntasach. D’fhéadfadh sé gur ghá athmheasúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna a leagtar síos i gcreat faireacháin feidhmíochta an chláir chun acmhainneacht agus tionchar iarbhír an chláir a léiriú ar bhealach níos fearr.
Léirigh na sásraí athdheonaithe a n-éifeachtacht maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais chriticiúla laistigh d’earnáil na sochaí sibhialta agus do spriocghrúpaí an chláir. Chomh maith le leanúint leis an scéim seo, d’fhéadfadh sé gurbh fhiú é a leathnú agus a mhéadú chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don earnáil agus tionchar níos mó fós a chruthú.
Tá an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna bainte amach cheana féin ag líon mór daoine. Mar sin féin, tá cáil air go príomha i measc eagraíochtaí móra a bhfuil líonraí uile-Aontais acu, rud a thugann le fios go bhféadfaí a raon feidhme agus a aitheantas a fheabhsú i measc lucht féachana níos leithne.
Is éacht suntasach é rannchuidiú suntasach an chláir le comhionannas inscne a chur chun cinn. D’fhéadfaí béim a leagan ar an rath sin mar dhea-chleachtas agus é a chur ar taispeáint mar shamhail le leanúint ag cláir eile, ag léiriú bealaí éifeachtacha chun comhionannas inscne — agus comhionannas ar an iomlán — a chur chun cinn agus a chur chun cinn trí chistiú straitéiseach agus tionscnaimh.
Ar deireadh, tá deis ann fós leas breise a bhaint as na deiseanna a eascraíonn as an digitiú ar leibhéal na gníomhaíochta. D’ainneoin na féidearthachta a chuirtear ar fáil leis na cláir oibre, is cosúil nach bhfuil spéis ná cumas cruthaithe ag na gnéithe sin go fóill chun freagairt do na deiseanna a chuirtear i láthair, gan ach líon beag uirlisí TFC a cistíodh go dtí seo i gcomparáid le cineálacha eile gníomhaíochtaí.