AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.1.2025
COM(2025) 19 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/821 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé‑úsáide a rialú
{SWD(2025) 8 final}
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/821 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé‑úsáide a rialú
1.
Réamhrá
Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil seo maidir le cur chun feidhme rialuithe onnmhairiúcháin an Aontais agus maidir le Rialachán nuachóirithe (AE) 2021/821 an 19 Bealtaine 2021 (‘an Rialachán maidir le Dé-Úsáid’ nó ‘an Rialachán’) le haghaidh ítimí dé-úsáide lena gcumhdaítear an tréimhse 2022-2023, chomh maith le príomhfhorbairtí áirithe in 2024, mar aon le sonraí comhiomlánaithe an Aontais agus sonraí rialaithe onnmhairiúcháin na mBallstát le haghaidh 2022.
Is í seo an chéad tuarascáil bhliantúil a ullmhaíodh faoi théarmaí an Rialacháin, a tháinig i bhfeidhm an 9 Meán Fómhair 2021. Garsprioc thábhachtach atá ann i bhforbairt bheartas rialaithe onnmhairí an Aontais trí níos mó faisnéise a chomhroinnt maidir le cinntí ceadúnúcháin na mBallstát i réimse na rialuithe onnmhairí agus é mar chuspóir trédhearcacht mhéadaithe a bheith ann sa réimse sin.
Mar a cheanglaítear faoin Rialachán agus chun an próiseas bailithe sonraí feabhsaithe a chumasú, d’fhoilsigh an Coimisiún, an 17 Eanáir 2024, Treoirlínte a comhaontaíodh leis na Ballstáit maidir le bailiú agus próiseáil sonraí i ndáil le rialuithe onnmhairí (treoirlínte trédhearcachta). Leis na treoirlínte sin, bhí na Ballstáit in ann staitisticí a bhailiú d’fhonn tuarascáil bhliantúil an Aontais maidir le rialuithe onnmhairí dé-úsáide a ullmhú. Sa chomhthéacs sin, sheol an Coimisiún comhairliúchán le páirtithe leasmhara faoin gcaoi a mbailítear sonraí faoi rialuithe onnmhairí ón 27 Eanáir go dtí an 28 Feabhra 2023. I bhfianaise an mhéid sin, d’ullmhaigh an Coimisiún an tuarascáil seo le hionchur a bailíodh ó na Ballstáit sa Ghrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid. Mar gheall ar a méid, cuirtear na sonraí don bhliain 2022 a sholáthair na Ballstáit i láthair i bhformáid chomhdhlúite sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an tuarascáil bhliantúil seo. Forlíonfar an tuarascáil seo trí na sonraí don bhliain 2023 a fhoilsiú ar leithligh mar Dhoiciméad Inmheánach Oibre sa chéad ráithe de 2025.
Tá athrú mór tagtha ar an tírdhreach geopholaitiúil le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil seo. Le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine mar aon leis an gcoinbhleacht atá ag leathnú sa Mheánoirthear, cuireadh i dtábhacht rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú ítimí dé-úsáide agus tá na rialuithe sin ag éirí níos tábhachtaí mar chuid de fhreagairt an Choimisiúin ar fhorbairtí geopholaitiúla, go háirithe trí smachtbhannaí. An tráth céanna, le linn na tréimhse sin, tháinig méadú ar úsáid aontaobhach rialuithe onnmhairí lasmuigh de raon feidhme na gcóras idirnáisiúnta, mar shampla, i ndáil le leathsheoltóirí agus trealamh monaraíochta leathsheoltóirí nó amhábhair atá criticiúil chun teicneolaíochtaí cumasúcháin íogaire a tháirgeadh.
2.
Treocht an bheartais & an chreata rialála
2.1.
Beartas rialaithe onnmhairí
2.1.1.
Nuachóiriú ar rialuithe onnmhairí an Aontais faoin Rialachán maidir le Dé-Úsáid
Tar éis an Rialachán feabhsaithe maidir le Dé-Úsáid a ghlacadh, tá tús curtha ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit lena chur chun feidhme éifeachtach i roinnt réimsí nua, amhail trédhearcacht, forfheidhmiú agus fothú acmhainneachta. Bhí príomhról ag an nGrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid, mar a shonraítear i Roinn 3 thíos, agus leathnaigh sé ‘bonneagar institiúideach’ an Aontais um rialú onnmhairí trí ghníomhaíochtaí roinnt sainghrúpaí chun beartais, treoirlínte, nósanna imeachta nua, etc. a fhorbairt.
Áiríodh leis sin (i) ‘Sainghrúpa Teicniúil um Theicneolaíocht atá ag Teacht Chun Cinn’ a chur ar bun chun faisnéis a mhalartú leis na Ballstáit maidir le measúnuithe riosca le haghaidh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn; (ii) bhunaigh siad Sásra um Chomhordú Forfheidhmithe chun tacú leis an obair a dhéanann gníomhaireachtaí náisiúnta forfheidhmithe dlí ar fud an Aontais; (iii) an Córas leictreonach Dé-Úsáide a fhorbairt chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir seirbhísí ábhartha sa Choimisiún agus sna Ballstáit; agus (iv) for-rochtain agus comhlíontacht tionscail a fheabhsú mar chuid de ‘chomhpháirtíocht leis an earnáil phríobháideach’.
D’fhorbair an Coimisiún agus na Ballstáit Treoirlínte chun trédhearcacht a áirithiú maidir le cinntí ceadúnúcháin náisiúnta mar chuid de thuarascálacha bliantúla na mBallstát. Is é an Sainghrúpa Teicniúil um Bailiú agus Trédhearcacht Sonraí, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis rialaithe onnmhairí na mBallstát agus atá faoi chathaoirleacht an Choimisiúin Eorpaigh, a d’ullmhaigh na Treoirlínte sin.
Leis an Rialachán feabhsaithe, cuirtear béim bhreise freisin ar onnmhairiú ítimí cibearfhaireachais. Tugtar aghaidh ann ar an riosca féideartha go n‑onnmhaireofaí ítimí den sórt sin ón Aontas dá mí‑úsáid i ndáil le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta. Is sa chomhthéacs sin a d’fhoilsigh an Coimisiún, an 16 Deireadh Fómhair 2024, treoirlínte maidir le honnmhairiú ítimí cibearfhaireachais faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/821 chun soiléireacht a sholáthar go príomha d’onnmhaireoirí maidir le conas dícheall cuí agus comhlíontacht inmheánach a dhéanamh sula n‑onnmhaireofar ítimí cibearfhaireachais.
2.1.2
Comhairliúcháin agus for‑rochtain
D’eagraigh an Coimisiún agus Uachtaránacht na Seicia ar an gComhairle, le tacaíocht ón nGrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid, ‘Fóram 2022 um Rialú Onnmhairí’ an 6 Nollaig 2022. San Fhóram, tugadh deis chun tuairimí a mhalartú maidir le cur chun feidhme rialuithe onnmhairí an Aontais mar aon le córas nuachóirithe an Aontais maidir le rialuithe onnmhairí le beagnach 1000 páirtí leasmhar ón aos tionscail agus ón tsochaí shibhialta. Chuaigh an Coimisiún i gcomhar leis an gCoiste Fiosrúcháin maidir le hÚsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais comhchosúla de chuid Pharlaimint na hEorpa agus tháinig sé os a chomhair.
2.1.3
Comhar le tríú tíortha in 2022
Tionóladh an dara cruinniú den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe i bPáras‑Saclay an 16 Bealtaine 2022, agus ba í Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a d’óstáil é. Ag an gcruinniú sin, chuir an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta in iúl gur mhian léi uirlisí rialaithe onnmhairí a úsáid chun an tslándáil a chosaint. Go háirithe, gheall an tAontas agus na Stáit Aontaithe feabhas a chur ar an gcomhar agus tacú le malartú faisnéise maidir le teicneolaíochtaí dé-úsáide agus rialuithe onnmhairí. Measadh gur bunchloch í obair na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta maidir le cuir chuige choiteanna a fhorbairt idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, lena n‑áirítear trí chomhar maidir le rialuithe onnmhairí a éascú. Thacaigh an comhar sin le tuilleadh cur chuige coiteann, lena n‑áirítear liosta na n‑earraí rialaithe a thabhairt cothrom le dáta agus cinntí na gcóras iltaobhach rialaithe onnmhairí, an comhar le comhpháirtithe, agus comhairliúcháin thráthrialta maidir le gníomhaíochtaí nua a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don Aontas nó do na Stáit Aontaithe á gcur san áireamh.
Tar éis an dara cruinniú aireachta den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta, d’iarr an tAontas agus na Stáit Aontaithe ar pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa dara himeacht for-rochtana maidir le rialuithe onnmhairí. Reáchtáladh an t‑imeacht an 19 Iúil 2022 agus cuireadh i láthair an dul chun cinn a rinneadh i Meitheal 7 na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta maidir le Rialuithe Onnmhairí ó mhí Dheireadh Fómhair 2021. Sholáthair sé deis freisin don tionscal, don saol acadúil agus don tsochaí shibhialta a n‑aiseolas agus a smaointe maidir le tionscnaimh amach anseo a chur isteach, agus na tosaíochtaí maidir le comhar rialaithe onnmhairí le húdaráis an Aontais agus na Stát Aontaithe a phlé.
D’óstáil na Stáit Aontaithe an 3ú cruinniú aireachta lasmuigh de Washington, D.C., an 5 Nollaig 2022. Maidir le comhar i ndáil le rialuithe onnmhairí, d’fhéach an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta ar conas trádáil thrasatlantach a shimpliú maidir le honnmhairí agus athonnmhairí ítimí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide, trí mhalartuithe píolótacha faisnéise. Bhí sé d’aidhm ag an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta freisin trádáil idir an dá chomhpháirtí a éascú trí athbhreithnithe iltaobhacha ar an liosta rialaithe a ghlacadh agus a fhoilsiú ar bhealach níos comhordaithe, trí chomhairliúcháin a shaothrú maidir le gníomhaíochtaí rialála nua agus trí fhor-rochtain rialaithe onnmhairí le comhpháirtithe eile a chomhordú. Gheall na páirtithe go gcuirfidís feabhas ar an gcomhar maidir le forfheidhmiú, lena n‑áirítear trí shrianta ar onnmhairiú a bhaineann le smachtbhannaí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, ar srianta iad atá dírithe ar an Rúis agus ar an mBealarúis. Ar deireadh, d’fhógair an tAontas agus na Stáit Aontaithe go raibh sé ar intinn acu oibriú i gcomhar maidir le rialuithe onnmhairí ar theicneolaíochtaí íogaire agus ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, agus cosaint iomchuí ar mhí‑úsáid ítimí den sórt sin á háirithiú an tráth céanna.
Ina theannta sin, rannchuidigh an Coimisiún agus na Ballstáit go gníomhach leis an gcomhghuaillíocht dhomhanda maidir le smachtbhannaí i gcoinne na Rúise (‘GECC’ – an Chomhghuaillíocht Dhomhanda Rialaithe Onnmhairí) ina bhfuil 39 gcomhalta a bhfuil rialuithe onnmhairí den chineál céanna curtha chun feidhme acu mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022. Tá sé d’aidhm ag an gComhghuaillíocht Dhomhanda Rialaithe Onnmhairí stop a chur leis na tráchtearraí, na teicneolaíochtaí agus na bogearraí chuig an Rúis agus an Bhealarúis is gá chun a bhfogha faoin Úcráin a choinneáil ar bun, agus príomhábhair a bhaint dá n‑earnálacha cosanta, aeraspáis agus muirí.
Ar deireadh, thionóil an tAontas agus an Iorua Idirphlé idir an tAontas agus an Iorua maidir le Rialú Onnmhairí Arm agus Dé-Úsáide an 13 Meitheamh agus an 17 Samhain 2022, faoi seach. Phléigh na páirtithe Rialachán nua an Aontais maidir le Dé-Úsáid agus forbairtí reachtacha na hIorua, agus bhí malartú tuairimí acu maidir le forbairtí a rinneadh le déanaí i ndáil le rialú onnmhairí, cruinnithe atá ar na bacáin maidir le córais rialaithe onnmhairí agus faisnéis maidir le diúltuithe. Phléigh an tAontas agus an Iorua srianta ar onnmhairiú ítimí dé-úsáide agus ardteicneolaíochtaí freisin.
2.2.
Nuashonruithe ar liosta rialaithe an Aontais
Go bunúsach, soláthraítear le Liosta Rialaithe an Aontais in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán liosta d’ítimí dé-úsáide, lena n‑áirítear bogearraí agus teicneolaíocht, atá faoi réir rialuithe i bhfianaise na húsáide a d’fhéadfaí a bhaint astu chun críoch sibhialta agus míleata araon. Déantar an liosta a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun athruithe ar na Córais Iltaobhacha Rialaithe Onnmhairí a léiriú, amhail Comhshocraíocht Wassenaar, Grúpa na hAstráile, Grúpa na Soláthraithe Núicléacha agus an Córas Rialaithe um Theicneolaíocht Diúracán (MTCR).
An 21 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/66 ón gCoimisiún chun liosta rialaithe an Aontais a thabhairt cothrom le dáta, rud a chuir Rialachán an Aontais maidir le Dé-Úsáid i gcomhréir le cinntí a rinneadh i gcórais idirnáisiúnta suas le mí na Nollag 2021. Áirítear leis an liosta a tugadh cothrom le dáta iontrálacha nua i réimse na leictreonaice, na leathsheoltóirí agus na ríomhairí, na n‑earnálacha ceimiceacha agus bitheolaíocha, agus i gcatagóir an aeraspáis agus na tiomána. Ghlac an Coimisiún freisin Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/699 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2022, lenar baineadh an Rúis de raon feidhme údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin an Aontais a leagtar amach faoin Rialachán maidir le Dé-Úsáid mar iarmhairt ar ionradh míleata na Rúise ar an Úcráin agus glacadh bearta sriantacha an Aontais ina dhiaidh sin arb é is aidhm dóibh onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide chuig an Rúis a theorannú.
2.3.
Bearta náisiúnta cur chun feidhme agus forfheidhmiúcháin
2.3.1. Bearta cur chun feidhme
Tá an Rialachán maidir le Dé-Úsáid ina cheangal go huile agus go hiomlán agus tá sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Foráiltear leis, áfach, go bhféadfaidh na Ballstáit bearta áirithe a dhéanamh chun forálacha sonracha a chur chun feidhme, agus ceanglaítear leis go bhfoilseofar faisnéis den sórt sin maidir le bearta náisiúnta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, d’fhoilsigh an Coimisiún Nóta Faisnéise an 8 Feabhra 2022, lena soláthraítear forléargas nuashonraithe a bhearta a rinne na Ballstáit lena n‑áirítear, inter alia, chun rialuithe bróicéireachta agus idirthurais a leathnú, rialuithe a leathnú chun ítimí neamhliostaithe a chuimsiú ar chúiseanna slándála poiblí agus chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh, údaruithe onnmhairiúcháin ginearálta náisiúnta a thabhairt isteach, agus rialuithe ar aistriú laistigh den Aontas a chur i bhfeidhm le haghaidh ítimí neamhliostaithe. Áirithítear leis na Nótaí Faisnéise sin trédhearcacht na rialacha is infheidhme agus léirítear leo iarrachtaí an Aontais tacú le cur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach rialuithe ag onnmhaireoirí ar fud an Aontais.
2.3.2. Bearta forfheidhmiúcháin
Níor cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú ar liosta na mbeart forfheidhmiúcháin náisiúnta a foilsíodh in éineacht le tuarascáil bhliantúil 2019 maidir le rialú onnmhairí.
2.4
Onnmhairí ó Thuaisceart Éireann
Tháinig onnmhairiú ítimí dé-úsáide ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe faoi réir rialú faoin Rialachán le himeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas an 1 Eanáir 2021.
Leagtar socruithe sonracha amach i bPrótacal Thuaisceart Éireann (TÉ), lena bhforáiltear go bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir leis an Ríocht Aontaithe, agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, agus an Ríocht Aontaithe ag gníomhú mar údarás inniúil faoin Rialachán le haghaidh onnmhairí ó Thuaisceart Éireann chuig tríú tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach. Tá uirlis leictreonach shlán thiomnaithe forbartha ag an gCoimisiún chun tacú le malartú faisnéise le húdarás inniúil na Ríochta Aontaithe atá i gceannas ar an Rialachán a chur i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann agus ó Thuaisceart Éireann, uirlis a úsáideadh le linn 2022. Leis sin, cuirtear ar chumas údaráis na Ríochta Aontaithe rochtain a fháil ar fhaisnéis ar dhiúltuithe le haghaidh idirbhearta atá comhionann go bunúsach ar diúltuithe iad atá eisithe ag Ballstáit de chuid an Aontais, agus comhairliúchán déthaobhach a bheith aige leis an mBallstát a d’eisigh amhlaidh, dá bhforáiltear leis an Rialachán.
3.
Gníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhordúcháin um Dhé‑úsáid
Leis an nGrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid, tugtar saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit le chéile chun aon saincheist a scrúdú ar saincheist í a bhaineann le cur i bhfeidhm rialuithe onnmhairí. In 2022, thionóil an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid seacht gcruinniú: an 20 Eanáir, an 15 Márta, an 24 Bealtaine, an 14 Iúil, an 11 Deireadh Fómhair agus an 8 Nollaig, agus i bhfoirm Fóram um Rialú Onnmhairí le páirtithe leasmhara an 6 Nollaig 2022. Bhí seisiún speisialta ann an 14 Iúil 2022 chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhréacht‑Rialachán Tarmligthe 2021 lena dtugtar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán cothrom le dáta. Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid freisin in 2022 maidir le nuashonrú eisceachtúil ar Iarscríbhinn I chun ítimí atá faoi rialú Ghrúpa na hAstráile a áireamh.
3.1.
Comhairliúcháin maidir le saincheisteanna ó thaobh cur chun feidhme de ‑ malartú ginearálta na faisnéise
Rinne an Coimisiún agus ionadaithe na mBallstát sa Ghrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid malartuithe faisnéise ginearálta maidir le saincheisteanna rialaithe onnmhairí. Go háirithe, bhí malartú tuairimí ag an nGrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid maidir le gnéithe cur chun feidhme, amhail an t‑idirdhealú idir ‘bearta náisiúnta’ agus ‘liostaí náisiúnta rialaithe’ faoi Airteagal 9 den Rialachán, údaruithe mórthionscadail agus rialú onnmhairí/aistrithe doláimhsithe.
3.2
Treoirlínte agus Nótaí Treorach
Rinne an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid suirbhé i measc na n‑údarás inniúil maidir le cur chun feidhme na dTreoirlínte maidir le Taighde Dé-Úsáide an 23 Meán Fómhair 2021
, d’fhormhuinigh sé Plean Faireacháin um Chur Chun Feidhme don Treoraíocht um Chomhlíontacht Tionscail, mhalartaigh sé faisnéis maidir le bearta náisiúnta cur chun feidhme chun an fógra faisnéise oifigiúil maidir le bearta náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta, agus chuir sé tús le plé faoi ullmhú treoirlínte maidir le hAistriú Doláimhsithe Teicneolaíochta.
3.3
Malartú teicniúil faisnéise – Sainghrúpaí Teicniúla
Sholáthair údaráis inniúla na mBallstát sa Ghrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid saineolas teicniúil chun tacú le liosta rialaithe an Aontais a thabhairt cothrom le dáta, agus bhí siad i mbun plé maidir le roinnt saincheisteanna sonracha cur chun feidhme, mar a luaitear thuas.
Faoi chomhordú an Choimisiúin, rinne an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid tionscnaimh freisin chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cur chun feidhme teicniúla áirithe agus chuir sé sainghrúpaí tiomnaithe ar bun chun ceanglais an Rialacháin nua a chur chun feidhme. Aithnítear ról sonrach na sainghrúpaí teicniúla anois in Airteagal 24(3) den Rialachán nua.
Bhí na sainghrúpaí seo a leanas gníomhach in 2022:
a)Cuireann an Sainghrúpa um Theicneolaíocht Faireachais ar a gcumas do shaineolaithe ó na Ballstáit rannchuidiú le forbairt rialuithe an Aontais maidir le honnmhairí ítimí cibearfhaireachais. Is éard atá i gceist le sainordú an tSainghrúpa um Theicneolaíocht Faireachais plé teicniúil ar rioscaí a bhaineann le honnmhairiú ítimí cibearfhaireachais – go háirithe an riosca go n‑úsáidfí ítimí den sórt sin i ndáil le cos ar bolg inmheánach nó sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus/nó ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta. Ó bhí 2021 ann, tá an Sainghrúpa um Theicneolaíocht Faireachais ag obair ar threoirlínte a ullmhú maidir le honnmhairiú ítimí cibearfhaireachais faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/821. In 2022, díríodh leis an obair sin ar raon feidhme an tsainmhínithe ar ítimí cibearfhaireachais;
b)Lean an Sainghrúpa Teicniúil um Theicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn d’fhaisnéis a mhalartú maidir le rioscaí a bhaineann le honnmhairí teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus na dúshláin a bhaineann lena rialú. Shainaithin comhaltaí an tSainghrúpa Theicniúil um Theicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Chinn mar phríomhthosaíocht uirlis oibríochtúil a chruthú agus a úsáid le haghaidh measúnú riosca. D’eagraigh an Sainghrúpa Teicniúil um Theicneolaíocht atá ag Teacht Chun Cinn plé freisin maidir le teicneolaíocht chandamach, lena n‑áirítear cuir i láthair ó ionadaithe ón earnáil phríobháideach;
c)Seoladh an Sásra um Chomhordú Forfheidhmithe i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán chun tacú le malartú faisnéise agus comhar díreach idir údaráis inniúla agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe na mBallstát;
d)Bhí an Sainghrúpa Teicniúil um Bailiú agus Trédhearcacht Sonraí an‑ghníomhach agus tháinig sé le chéile seacht n‑uaire in 2022, chun na Treoirlínte maidir le trédhearcacht a ullmhú. Phléigh saineolaithe roinnt dréachtaí agus bhí plé fairsing acu ar mhodheolaíocht nua chun sonraí ceadúnúcháin a bhailiú agus a thuairisciú, i bhfianaise comhairliúchán poiblí le páirtithe leasmhara go luath in 2023; agus
e)Seoladh an Sainghrúpa Teicniúil um Fhothú Acmhainneachta d’fhonn tacú le hoiliúint thráthrialta agus comhroinnt saineolais laistigh de phobal dé-úsáide an Aontais, lena n‑áirítear trí chláir oiliúna choiteanna a fhorbairt d’oifigigh na mBallstát. Bhailigh an Sainghrúpa Teicniúil um Fhothú Acmhainneachta ionchur ó na Ballstáit maidir le riachtanais oiliúna agus rinne sé dul chun cinn maidir le tuarascáil féidearthachta a ullmhú.
3.4
Tacaíocht theicniúil don ullmhú chun liosta rialaithe an Aontais agus bearta náisiúnta cur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta
I gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán, thionóil an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid seisiúin faisnéise teicniúla chun tacú le hullmhú an togra le haghaidh Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena dtugtar Liosta Rialaithe an Aontais cothrom le dáta. D’fhreastail saineolaithe náisiúnta agus breathnóirí ó Pharlaimint na hEorpa ar sheisiún speisialta den Ghrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid an 14 Iúil 2022, ina raibh cuir i láthair ó Oifig Cónaidhme na Gearmáine um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Rialú ar Onnmhairiú maidir leis na príomhathruithe a tugadh isteach ar Liosta Rialaithe an Aontais. Ghlac an Coimisiún an Gníomh Tarmligthe i mí Dheireadh Fómhair 2022.
Rinne an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid faisnéis a mhalartú maidir le bearta náisiúnta cur chun feidhme agus d’ullmhaigh sé nuashonrú an Nóta Faisnéise maidir le bearta náisiúnta, a foilsíodh an 8 Feabhra 2022.
3.5
Malartú sonraí ceadúnúcháin agus cur chun feidhme
Chuir an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid cleachtadh bailithe sonraí ceadúnúcháin 2020 i gcrích bunaithe ar an gCeistneoir um Malartú Sonraí a comhaontaíodh, d’fhonn forbhreathnú a sholáthar ar chur chun feidhme na rialuithe onnmhairí ar fud an Aontais, agus chun gur féidir sonraí comhiomlána a fhoilsiú i dTuarascáil Bhliantúil 2019 an Aontais maidir le Rialú Onnmhairí
. Chuir an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid tús freisin le bailiú sonraí ceadúnúcháin 2021.
3.6
Uirlisí TF chun Faisnéis a Mhalartú i measc na mBallstát agus le haghaidh an Cheadúnúcháin Leictreonaigh
Lean an Coimisiún, le tacaíocht ón nGrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid, den chóras leictreonach dé-úsáide a fhorbairt mar chnámh droma TF líonra rialaithe onnmhairí an Aontais. Tá príomhról ag an ardán sin i gcur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin.
Forbraíodh feidhmiúlachtaí nua chun tacú le malartú na faisnéise faoi dhiúltuithe d’aistrithe laistigh den Aontas, agus chun tacú leis an athbhreithniú agus leis an nuashonrú tráthrialta ar dhiúltuithe. Go háirithe, chuir an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid an t‑athbhreithniú ar dhiúltuithe i gcrích in 2013 agus chuaigh sé chun cinn san athbhreithniú ar shonraí 2014.
Cuireadh feabhas ar fheidhmiúlachtaí eile an chórais leictreonaigh dhé-úsáide, mar a leanas:
a)Cuireadh feidhmiúlacht nua chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhiúltuithe chun feidhme i mí Eanáir 2022;
b)Cruthaíodh modúl nua i mí an Mhárta 2022 chun tacú le comhroinnt faisnéise a bhaineann le fógraí/údaruithe agus diúltuithe, de réir na rialacháin maidir le smachtbhannaí na Rúise agus na Bealarúise. Tugadh isteach nuashonruithe ina dhiaidh sin chun athruithe a raibh gá leo a chur chun feidhme tar éis pacáistí smachtbhannaí a thabhairt cothrom le dáta; agus
c)Le feidhmiúlacht nua, bhíothas in ann faisnéis a mhalartú leis na Ballstáit maidir le cur chun feidhme smachtbhannaí na Rúise.
Ba é 2022 an dara bliain d’oibriú an chórais ríomhcheadúnaithe dé-úsáide freisin, lena ligtear d’údaráis inniúla agus d’onnmhaireoirí rialuithe a riar ar líne agus an t‑ualach riaracháin a bhaineann leis na rialuithe sin a laghdú. Is é is aidhm dó córais as líne nó córais leictreonacha náisiúnta atá as dáta a ionadú, chun gur féidir malartuithe faisnéise níos sofhreagrúla a dhéanamh – lena n‑áirítear sonraí ceadúnúcháin a thuairisciú don Choimisiún i gcomhthéacs Airteagal 26 den Rialachán. In 2021, cuireadh an córas ríomhcheadúnaithe i bhfeidhm sa Laitvia agus sa Rómáin. In 2022, cuireadh tuilleadh feabhais air agus cuireadh in oiriúint é chun tacú le húdarás ceadúnúcháin na hIodáile (ó mhí Iúil 2022) agus bhí na hullmhúcháin d’údaráis na Slóivéine agus na Vallúine chun bheith ina n‑úsáideoirí den chóras in 2023 fós ar siúl. Ar an gcaoi chéanna, léirigh an Ungáir agus an Bheilg (Réigiún na Bruiséile) spéis a bheith páirteach sa tionscadal.
Lasmuigh den Aontas, agus mar chuid dá idirphlé le tíortha comhpháirtíochta, tá roghanna á scrúdú ag an gCoimisiún chun an uirlis ríomhcheadúnaithe a sholáthar do chomhpháirtithe. Chuir an Mholdóiv, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an tSeirbia in iúl gur spéis leo an uirlis a úsáid.
Tá forbairt an tionscadail r‑Cheadúnúcháin ag dul i dtreonna nua freisin chun go mbeidh rialuithe níos éifeachtaí, mar shampla, tríd an gcóras r‑Cheadúnúcháin a nascadh le córais náisiúnta chustaim trí thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail Chustaim. Fágann sé sin go bhfuil sé i bhfad níos éasca faisnéis a chomhroinnt thar theorainneacha agus le húdaráis chustaim, rud a laghdaíonn an t‑ualach rialála ar oibreoirí agus a ligeann do bhainistiú uathoibríoch ceadúnúcháin. Déantar é sin tríd an ardán Malartaithe Deimhnithe ‘CERTEX’, arna bhainistiú ag Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim. Tá an t‑idirnasc idir ríomhcheadúnú agus na húdaráis chustaim náisiúnta i bhfeidhm ó bhí mhí na Nollag 2022 ann.
Arna iarraidh sin do na Ballstáit a bhfuil córais ríomhcheadúnaithe á n‑oibriú acu cheana féin, i mí Aibreáin 2022 thionscain an Coimisiún tionscadal nua ‘droichead ríomhcheadúnaithe’ chun gur féidir córais náisiúnta cheadúnúcháin a nascadh le córais chustaim trí ríomhcheadúnú. Tá an Fhionlainn mar chuid den tionscadal píolótach. Léirigh an Bheilg (Flóndras) spéis a bheith páirteach sa tionscadal.
3.7
Trédhearcacht agus for-rochtain
Rannchuidigh an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid le hullmhú Thuarascáil Bhliantúil 2022 maidir le Rialú Onnmhairí – a foilsíodh in éineacht leis an dara Tuarascáil Bhliantúil maidir le Scagadh Infheistíochtaí Díreacha Coigríche – lena gcuirtear páirtithe leasmhara ar an eolas faoi chur chun feidhme rialuithe onnmhairí dé-úsáide san Aontas Eorpach, lena n‑áirítear maidir le gníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid.
3.8
Tacaíocht don chomhar idirnáisiúnta
I gcomhthéacs na Meithle um Rialú Onnmhairí de chuid na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta leis na Stáit Aontaithe, thacaigh an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid leis an bplé ábhartha maidir le hathonnmhairiú a shimpliú, go háirithe (i) chun cleachtais náisiúnta a fhiosrú maidir le hÚdarú Onnmhairiúcháin Ginearálta EU001 ón Aontas a chur i bhfeidhm; agus (ii) trí phléití saineolaithe tiomnaithe maidir le heisceachtaí ceadúnais na Stát Aontaithe lena n‑údaraítear ítimí dé-úsáide de thionscnamh na Stát Aontaithe a athonnmhairiú ón Aontas.
3.9
Taighde agus rialú dé-úsáide ar onnmhairí doláimhsithe
D’óstáil an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid pléití tiomnaithe maidir leis na hidirnaisc idir rialú onnmhairí agus taighde a bhaineann le teicneolaíocht dé-úsáide. Rinneadh pléití den sórt sin faoi chuimsiú straitéis an Choimisiúin maidir le comhar idirnáisiúnta T&N (Fís Eorpach) agus bhraith sé ar thacaíocht shaineolaithe an Choimisiúin ó Ard‑Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta agus ó shaineolaithe seachtracha.
3.10
Forbhreathnú ar fhorbairtí a bhaineann le hítimí dé-úsáide in 2023 agus 2024
1.Nuashonruithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán:
·An 11 Eanáir 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/66 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le Dé-Úsáid in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Leis an nuashonrú bliantúil sin, tugtar an liosta i gcomhréir le cinntí a rinneadh sna córais iltaobhacha rialaithe onnmhairí agus tá sé neamhspleách ar shrianta an Aontais ar onnmhairiú in aghaidh na Rúise nó na Bealarúise.
·An 23 Feabhra 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/996 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán a thabhairt cothrom le dáta go heisceachtúil chun ítimí atá faoi réir rialaithe faoi Ghrúpa na hAstráile a áireamh.
·An 15 Meán Fómhair 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Rialachán Tarmligthe 2023/2616 mar nuashonrú bliantúil rialta ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán. Tá an Rialachán seo i bhfeidhm ón bhí an 16 Meán Fómhair 2023 ann.
·An 5 Meán Fómhair 2024, ghlac an Coimisiún an nuashonrú bliantúil ar Iarscríbhinn I, a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh sé i bhfeidhm 2 mhí ina dhiaidh sin.
2.Liostaí náisiúnta rialaithe na mBallstát
·D’fhoilsigh an Coimisiún an chéad tiomsú de liostaí náisiúnta rialaithe an Aontais an 20 Deireadh Fómhair 2023, lena n‑áirítear na rialuithe náisiúnta a ghlac an Spáinn agus an Ísiltír maidir le teicneolaíochtaí áirithe atá ag teacht chun cinn. Rinneadh athbhreithniú air an 27 Meán Fómhair 2024 chun rialuithe náisiúnta a ghlac an Fhrainc a áireamh. Léiríonn an tiomsú sin rialuithe ar mhíreanna ar an leibhéal náisiúnta nár glacadh sna córais iltaobhacha maidir le teicneolaíochtaí áirithe atá ag teacht chun cinn. Is é sin an chéad tiomsú de liostaí náisiúnta rialaithe faoin Rialachán. Cuireann sé é ar a gcumas do na Ballstát ceanglais údarúcháin a fhorchur trí thagairt a dhéanamh do liostaí náisiúnta rialaithe na mBallstát eile a fhoilsítear sa tiomsú gan gá a bheith ann a rialuithe náisiúnta féin a ghlacadh.
3.Rialuithe onnmhairí faoin Straitéis Slándála Eacnamaíche
·Tar éis ghlacadh na Straitéise Slándála Eacnamaíche an 20 Meitheamh 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Páipéar Bán maidir le Rialuithe Onnmhairí an 24 Eanáir 2024 ina leagtar amach conas rialuithe onnmhairí an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí i gcomhthéacs an teannais gheopholaitiúil atá ag dul i méid, d’fhonn seasamh níos fearr leis an tslándáil idirnáisiúnta agus leasanna slándála an Aontais a chosaint. Moltar leis an bPáipéar Bán gníomhaíochtaí gearrthéarmacha agus meántéarmacha chun feabhas a chur ar chomhordú na rialuithe onnmhairí ar ítimí dé-úsáide san Aontas. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin: rialuithe aonfhoirmeacha an Aontais le haghaidh ítimí nár glacadh ar an leibhéal iltaobhach mar gheall ar bhaic nó moilleanna ar chórais rialaithe onnmhairí; fóram ar an leibhéal sinsearach a bhunú le haghaidh comhordú polaitiúil maidir le rialuithe onnmhairí; sásra chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar liostaí rialaithe náisiúnta nua; agus an mheastóireacht ar Rialachán an Aontais maidir le Dé-Úsáid in 2025. Bhí an Páipéar Bán faoi réir comhairliúchán poiblí a bhí ar siúl ón 2 Feabhra go dtí an 30 Aibreán 2024, a bhfuarthas 23 fhreagra air, rud a chuir le pléití inmheánacha an Choimisiúin.
4.Srianta ar onnmhairiú in aghaidh na Rúise
·Le linn 2023 agus 2024, lean an Coimisiún go gníomhach de shrianta ar onnmhairiú dé-úsáide a dhéanamh níos doichte i gcomhthéacs smachtbhannaí in aghaidh na Rúise, lena n‑áirítear trí 14ú pacáiste smachtbhannaí a ghlacadh i mí an Mheithimh 2024. D’fhoilsigh an Coimisiún treoraíocht freisin chun tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú agus chun dul timpeall ar smachtbhannaí a chomhrac. Go háirithe, d’fhorbair an Coimisiún, i gcomhar le comhpháirtithe – an tSeapáin, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe – liosta d’Ítimí Coiteanna Ardtosaíochta, mar a thugtar orthu (mar a tugadh cothrom le dáta go deireanach i mí Feabhra 2024), lena n‑áirítear earraí dé-úsáide agus ardteicneolaíochtaí a úsáidtear i gcórais arm Rúiseacha a fhaightear ar an láthair chatha san Úcráin nó atá criticiúil d’fhorbairt, do tháirgeadh nó d’úsáid na gcóras míleata sin de chuid na Rúise.
5.For-rochtain idirnáisiúnta
·Phléigh an Coimisiún ábhair a bhaineann le rialú onnmhairí le comhpháirtithe amhail na Stáit Aontaithe le linn 2023. Go háirithe, an 10 Bealtaine 2023, pléadh sa cheathrú cruinniú den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach réimsí amhail éascú trádála agus cuireadh bonn láidir ar fáil don chomhar maidir le smachtbhannaí a bhaineann leis an Rúis. Tionóladh an cruinniú deireanach de pháirtithe leasmhara sa Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta an 19 Iúil 2023, inar díríodh ar athonnmhairiú ítimí dé-úsáide. Ar deireadh, bhí an chéad idirphlé fíorúil maidir le rialú onnmhairí ag an gCoimisiún leis an tSín an 26 Deireadh Fómhair 2023 agus bhí an dara ceann an 24 Deireadh Fómhair 2024.
4.
Rialuithe onnmhairí an Aontais – Príomhshonraí
Cuirtear i láthair sa Roinn seo sonraí comhiomlána an Aontais maidir le rialú onnmhairí le haghaidh na bliana tagartha 2022. Mar gheall ar a méid, cuirtear na sonraí foluiteacha a sholáthair na Ballstáit i láthair i bhfoirm chomhdhlúite sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an tuarascáil. Cuireadh na sonraí ar fáil i gcomhréir le Treoirlínte tuairiscithe nua, a chuirtear i bhfeidhm leis seo den chéad uair.
Le glacadh Rialachán (AE) 2021/821, léirigh an tAontas a ghealltanas chun tuairisciú poiblí agus trédhearcacht a neartú. Foráiltear le hAirteagal 26 den Rialachán go n‑áireofar le foilsiú tuarascála bliantúla an Aontais maidir le cur chun feidhme rialuithe faisnéis ábhartha maidir le húdaruithe, diúltuithe agus toirmisc, mar aon le faisnéis maidir le rialuithe a riar agus a fhorfheidhmiú.
Ó bhí 2013 ann, tá sásra bailithe sonraí forbartha ag an nGrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid, ar bhonn deonach, agus thacaigh sé le tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a ullmhú, tuarascáil ina bhfuil sonraí ceadúnaithe AE comhiomlánaithe agus faisnéis eile a bhaineann le rialú onnmhairí. Tugadh faoin mbailiú sonraí ar bhonn bliantúil agus méadaíodh an fhormáid de réir a chéile chun sonraí a bhaineann le cineálacha éagsúla údaruithe a ghabháil, mar aon le sonraí maidir le rialuithe a riar, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.
Faoi na treoirlínte trédhearcachta a glacadh le déanaí, tá an mhodheolaíocht bailithe sonraí ceaptha le bheith inbhuanaithe le himeacht ama, rud a chuireann ar a gcumas do na Ballstáit faisnéis ábhartha a sholáthar don Choimisiún ar bhealach éifeachtúil agus costéifeachtach, atá fónta ó thaobh staidrimh de agus aird chuí á tabhairt ar fhaisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis chosanta maidir le cosaint, beartas eachtrach nó slándáil náisiúnta a chosaint.
4.1.
Cineál ítimí
Baineann an Rialachán go príomha le honnmhairiú níos mó ná 1 800 ítim dé-úsáide a liostaítear i Liosta Rialaithe an Aontais, a aicmítear i 10 gCatagóir (Fíor 1). Is é sin an bhunréasúnaíocht a thug ar shaineolaithe an Aontais na hiontrálacha in Iarscríbhinn I a ghrúpáil de réir ‘cineálacha ítimí’ chun críoch thuarascáil bhliantúil an Aontais.
Fíor 1: An líon ítimí dé-úsáide a liostaítear sna 10 gCatagóir d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán
Chun an leibhéal trédhearcachta is gá sa tuairisciú poiblí a cheadú agus bailiú éifeachtúil inbhuanaithe sonraí á áirithiú le himeacht ama, an bhonnlíne maidir le cinneadh cineálacha ítimí, rinneadh cinneadh go dtógfadh an bhonnlíne ar aicmiú ítimí dé-úsáide ar leibhéal 5 dhigit agus é á áirithiú ag an am céanna go dtacóidh an cinneadh maidir le ‘cineálacha ítimí’ le faisnéis fhiúntach a sholáthar ó thaobh slándála, beartais agus trádála de. Tugtar tuairisc in Iarscríbhinn A a ghabhann leis na Treoirlínte ar an liosta de 52 ‘chineál ítimí’ a úsáidtear chun sonraí ceadúnúcháin a bhailiú agus chun an tuarascáil bhliantúil seo a ullmhú. Déantar na húdaruithe a mhiondealú de réir cineáil ítime agus de réir cinn scríbe ábhartha i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin agus cineál, cuspóir agus saintréithe na gcineálacha éagsúla údaruithe á gcur san áireamh, chomh maith leis na cleachtais éagsúla sna Ballstáit maidir le húdaruithe a dheonú agus sonraí a bhailiú. Thairis sin, ba ghá an bailiú sonraí ábhartha agus an cur isteach sonraí ábhartha ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún a oiriúnú de réir shainiúlachtaí na gcineálacha éagsúla údaruithe agus cleachtas náisiúnta. Ar an gcúis sin, soláthraítear leis na figiúirí a chuirtear i láthair sa tuarascáil seo an líon Ballstát a sholáthair na sonraí is bun le gach cineál údaraithe. Aithnítear leis an modheolaíocht sin freisin go bhféadfadh údaruithe tagairt a dhéanamh d’ítimí iomadúla a thagann faoi roinnt cineálacha éagsúla ítimí.
Maidir le hítimí cibearfhaireachais, cuimsítear leis an sainmhíniú in Airteagal 2, pointe (20) an dá ítim a liostaítear in Iarscríbhinn I mar aon le hítimí neamhliostaithe. Sainaithnítear le hIarscríbhinn B a ghabhann leis na Treoirlínte cúig ítim in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán lena gcomhlíontar an sainmhíniú in Airteagal 2, pointe (20). Is ar bhonn cás ar chás a dhéanann na Ballstáit agus an Coimisiún laistigh den Sainghrúpa um Theicneolaíocht Faireachais an cinneadh an gcomhlíonann ítim shonrach neamhliostaithe ceanglais an tsainmhínithe dhlíthiúil. Ní mór iarratais agus údaruithe le haghaidh ítimí cibearfhaireachais neamhliostaithe a áireamh leis an tuarascáil bhliantúil freisin i gcomhréir le hAirteagal 26(2) den Rialachán, bunaithe ar shonraí a sholáthraíonn na Ballstáit. Is féidir iarratais agus údaruithe le haghaidh ítimí liostaithe eile a áireamh sa tuarascáil, bunaithe ar chinneadh an údaráis inniúil ábhartha.
4.2
Forbhreathnú ar údaruithe de réir cineál ceadúnais
In 2022, ba é luach iomlán na trádála dé-úsáide údaraithe EUR 57,3 billiún, is é sin, 2 % d’onnmhairí earraí lasmuigh den Aontas (Fíor 2). I dtéarmaí uimhreacha, is é sin 138 764 údarú agus fógra. Maidir leis na cineálacha údaruithe, tagann formhór na n‑idirbheart faoi Údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontais (93 311), faoi Údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin náisiúnta (26 953) agus faoi cheadúnais aonair (17 072). I dtéarmaí luacha, ba iad na cineálacha ceadúnas ba thábhachtaí údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána (EUR 27.3 billiún), údaruithe aonair onnmhairiúcháin (EUR 17.1 billiún) agus údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas (EUR 9.6 billiún).
4.3
Diúltuithe agus toirmisc
In 2022, tuairiscíodh 813 dhiúltú ar luach EUR 0.98 billiún. Léiríonn na figiúirí sin nár diúltaíodh ach do chuid bheag d’onnmhairí an Aontais (0.04 % de luach na n‑onnmhairí iomlána earraí lasmuigh de AE27 an bhliain sin).
Fíor 2: Údaruithe onnmhairiúcháin de réir cineál ceadúnais
4.4
Údaruithe aonair
Is é atá in údaruithe aonair ceadúnais a thugtar d’aon onnmhaireoir sonrach amháin le haghaidh aon úsáideoir deiridh nó aon choinsíní amháin i dtríú tír agus lena gcumhdaítear aon ítim dé‑úsáide amháin nó níos mó. Chun críche na tuarascála seo, meastar gur ceadúnais aonair iad údaruithe aonair onnmhairiúcháin, údaruithe bróicéireachta, údaruithe cúnaimh theicniúil, údaruithe idirthurais, údaruithe aistrithe laistigh den Aontas, údaruithe faoi bheart rialaithe náisiúnta agus údaruithe le haghaidh ítimí neamhliostaithe, mar a shonraítear sna Treoirlínte.
Leis an bhforbhreathnú ar údaruithe aonair in 2022 de réir na 10 gCatagóir ítimí in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán, mar aon le hítimí neamhliostaithe atá faoi réir rialuithe (Fíor 3), léirítear gur deonaíodh an líon is airde údaruithe i dtéarmaí luach margaidh do Chatagóir 0 Ábhair, saoráidí agus trealamh núicléach (EUR 8,1 billiún, 41 % den iomlán), agus ina dhiaidh sin do Chatagóir 2 Próiseáil ábhar (EUR 2,5 billiún, 13 % den iomlán), agus do Chatagóir 5 Teileachumarsáid agus ‘an tslándáil faisnéise’ (EUR 2,3 billiún, 12 % den iomlán). Maidir le méid na n‑údaruithe aonair, ba é Catagóir 2 Próiseáil ábhar (5 592, is é sin 29 % den iomlán) an figiúr is mó, agus ina dhiaidh sin Catagóir 1 Ábhair speisialta agus trealamh gaolmhar (4 501, is é sin 23 % den iomlán), agus Catagóir 5 Teileachumarsáid agus ‘slándáil faisnéise’ (3 205, is é sin 17 % den iomlán).
Fíor 3: Údaruithe aonair onnmhairiúcháin de réir catagóir ítimí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
Léirítear le miondealú ar luach údaruithe aonair de réir cineálacha ítimí (Fíoracha 4.1 agus 4.2) gurb iad 0EC1 Ábhair, saoráidí, gléasraí agus trealamh núicléach (EUR 6.4 billiún, 33 % den iomlán), 2EC1 Uirlisí agus córais mheaisíní agus comhpháirteanna le haghaidh trealamh tionsclaíoch (EUR 1.8 billiún, 9 % den iomlán), 5EC2 Míreanna agus trealamh slándála faisnéise agus criptea-anailíse (EUR 1.3 billiún, 7 % den iomlán), 9EC1 Innill aeraspáis agus tuirbíní gáis (seachas aerárthaí gan foireann) (EUR 1.1 billiún, 6 % den iomlán), agus XEC1 Eile/neamhliostaithe (EUR 1.1 billiún, 6 % den iomlán).
Fíor 4.1: Údaruithe aonair onnmhairiúcháin de réir cineál ítimí (Cuid 1)
Fíor 4.2: Údaruithe aonair onnmhairiúcháin de réir cineál ítimí (Cuid 2)
Maidir le cinn scríbe a chumhdaítear le húdaruithe aonair (Fíoracha 5 agus 6), ba í an tSín an ceann scríbe is mó de réir luacha (EUR 5.6 billiún, 28 % den iomlán), agus ina dhiaidh sin an Chóiré Theas (EUR 1.7 billiún, 9 % den iomlán), na Stáit Aontaithe (EUR 1.3 billiún, 7 % den iomlán), an tSeapáin (EUR 1.04 billiún, 5 % den iomlán) agus Singeapór (EUR 994 mhilliún, 5 % den iomlán). Ar an iomlán, is ó na 25 cheann scríbe is mó lasmuigh den Aontas atá 90 % d’údaruithe aonair de réir luacha. Maidir le haistrithe laistigh den Aontas, ba iad na príomhchinn scríbe an Fhrainc (EUR 301 mhilliún), an Bheilg (EUR 251 mhilliún), an tSualainn (EUR 188 milliún), an Ungáir (EUR 141 mhilliún) agus an Spáinn (EUR 113 mhilliún). I gcomparáid le cinn scríbe lasmuigh den Aontas, is cosúil go bhfuil aistrithe laistigh den Aontas teoranta toisc nach gá formhór na n‑onnmhairí dé-úsáide laistigh den Aontas a údarú de réir an Rialacháin.
Fíor 5: Údaruithe aonair onnmhairiúcháin de réir ceann scríbe
Fíor 6: Údaruithe aonair onnmhairiúcháin de réir na gceann scríbe is mó lasmuigh den Aontas agus de réir cinn scríbe laistigh den Aontas
4.5
Údaruithe Onnmhairiúcháin Foriomlána
Agus aird á tabhairt ar chineál, ar chuspóir agus ar shaintréithe gach cineáil údaraithe, aithnítear sna Treoirlínte gurb iad luachanna onnmhairiúcháin measta nó neamhtheoranta is minice a bhíonn sna húdaruithe onnmhairiúcháin foriomlána agus go ndeonaítear iad le haghaidh ítim amháin nó níos mó agus ceann scríbe amháin, nó le haghaidh ítim amháin nó níos mó agus níos mó ná ceann scríbe amháin. Dá réir sin, laghdaíonn údaruithe foriomlána an t‑ualach riaracháin ar na húdaráis inniúla agus na honnmhaireoirí maidir le hidirbhearta comhchosúla agus/nó idirbhearta rialta. Chun cuspóirí neamhleata a chosaint, ceanglaítear ar onnmhaireoirí clár inmheánach comhlíontachta a dhréachtú agus a chur isteach chun cáiliú do cheadúnas foriomlán. Ós rud é go bhfágann an Rialachán cumraíocht nithiúil na n‑údaruithe foriomlána faoi na Ballstáit, tá feidhm ag cleachtais éagsúla ar fud na mBallstát freisin. Chun faisnéis fhiúntach a sholáthar don phobal, agus cleachtais náisiúnta éagsúla agus réasúnaíocht na n‑údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána á gcur san áireamh, déantar an bailiú agus an tuairisciú sonraí ábhartha a oiriúnú leis na Treoirlínte. Soláthraíonn na Ballstáit sonraí ceadúnúcháin don Choimisiún dá réir sin, agus béim á leagan ar an méid seo a leanas: (i) luach iomlán an údaraithe onnmhairiúcháin foriomlána (EUR 27,3 billiún, is é sin 48 % den luach údaraithe in 2022) agus (ii) miondealú ar mhéid iomlán na gceadúnas foriomlán de réir cineálacha ítimí (Fíoracha 8.1 agus 8.2) agus cinn scríbe (Fíoracha 9.1 agus 9.2).
De réir catagóir ítimí in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán (Fíor 7), deonaíodh formhór na n‑údaruithe de réir méid do Chatagóir 5 Teileachumarsáid agus ‘slándáil faisnéise’ (39 %), do Chatagóir 2 Ábhair speisialta agus trealamh gaolmhar (11 %) agus do Chatagóir 6 Braiteoirí agus léasair (11 %).
Má dhéantar méid na n‑údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána a mhiondealú de réir cineálacha ítimí (Fíoracha 8.1 agus 8.2), léirítear gurb iad na cúig ítim is mó 5EC2 Ítimí agus trealamh slándála faisnéise agus criptea-anailíse (18 %), 5EC3 Bogearraí le haghaidh teileachumarsáide agus slándála faisnéise (14 %), 6EC1 Trealamh optúil agus fuaimiúil, comhpháirteanna gaolmhara agus ábhair ghaolmhara; braiteoirí eile (10 %), 4EC1 Ríomhairí (8 %), agus 5EC4 Teicneolaíocht le haghaidh na teileachumarsáide agus na slándála faisnéise (7 %).
Fíor 7: Údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána de réir catagóir ítimí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
Fíor 8.1: Údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána de réir cineál ítimí (Cuid 1)
Fíor 8.2: Údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána de réir cineál ítimí (Cuid 2)
Maidir le cinn scríbe (Fíoracha 9 agus 10), deonaíodh formhór na n‑údaruithe de réir méid le haghaidh onnmhairí a raibh a gceann scríbe sa tSín (3 %), sa Téaváin (2 %), san India (2 %), i Hong Cong (1 %) agus i Singeapór (1 %). Ar an iomlán, níl sna 25 cheann scríbe is mó ach 31 % d’údaruithe de réir mhéid na n‑údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána, ós rud é gur minic a chumhdaíonn ceadúnas foriomlán cinn scríbe iomadúla
.
Fíor 9: Údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána de réir cinn scríbe
Fíor 10: Údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána de réir na gceann scríbe is mó
4.6
Údaruithe Ginearálta Náisiúnta agus Údaruithe Ginearálta ón Aontas
Eisítear Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin náisiúnta agus Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas chun trádáil ítimí dé-úsáide a éascú agus, an tráth céanna, an t‑ualach riaracháin ar onnmhaireoirí agus ar údaráis rialaithe onnmhairí a laghdú.
Deonaíonn an tAontas Eorpach Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas (UGO AE) d’onnmhaireoirí a thugann fógra d’údaráis inniúla agus na réamhchoinníollacha ábhartha a bhunaítear sa Rialachán á gcomhlíonadh acu. Déantar foráil sa Rialachán maidir le hocht gcineál UGO AE.
Bhí formhór mór úsáidí UGOnna AE in 2022 ag freagairt do EU001 (86 % i dtéarmaí luacha, 95 % den mhéid), agus bhí 10 gceann scríbe ann lena n‑áirítear roinnt comhpháirtithe trádála tábhachtacha don Aontas.
Fíor 11: Údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas
Deonaíonn na Ballstáit Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin Náisiúnta d’onnmhaireoirí a thugann fógra d’údaráis inniúla agus na réamhchoinníollacha ábhartha a bhunaítear le dlíthe náisiúnta is infheidhme á gcomhlíonadh acu. Soláthraítear liosta na nÚdaruithe Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin a chuir na Ballstáit in iúl le haghaidh 2022 in Iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo, ina sonraítear cinn scríbe agus cineálacha ítimí a áirítear le gach UGO Náisiúnta.
I bhFigiúr 12, miondealaítear luach UGOnna AE agus Náisiúnta de réir na gCatagóirí in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán. Comhfhreagraíonn na luachanna is airde do Chatagóir 5 Teileachumarsáide agus ‘slándáil faisnéise’ (EUR 4.98 billiún, 46 % den iomlán), Catagóir 3 Leictreonaic (EUR 1.64 billiún), Catagóir 2 Próiseáil ábhar (EUR 1.56 billiún, 15 % den iomlán) agus Catagóir 9 Aeraspás agus tiomáint (EUR 1.30 billiún, 15 % den iomlán).
Fíor 12: Údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas agus údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin náisiúnta de réir catagóir ítimí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
Le miondealú luach UGOnna AE agus Náisiúnta de réir cineálacha ítimí (Fíoracha 13.1 agus 13.2), léirítear gurb iad na 5 ítim is mó 5EC2 Ítimí agus trealamh slándála faisnéise agus criptea-anailíse (EUR 4.81 billiún, 45% den iomlán), 3EC4 Trealamh chun feistí nó ábhair leathsheoltóra a mhonarú agus a thástáil (EUR 1.32 billiún, 12% den iomlán), 9EC3 Roicéid agus spásárthaí (EUR 961 milliún, 9% den iomlán), 2EC1 Uirlisí agus córais meaisíní agus comhpháirteanna le haghaidh trealamh tionsclaíoch (EUR 860 milliún, 8% den iomlán), agus 2EC2 Trealamh monaraithe ceimicigh agus bitheolaíoch (EUR 675 milliún, 6% den iomlán).
Fíor 13.1: Údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas agus údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin náisiúnta de réir cineál ítimí (Cuid 1)
Fíor 13.2: Údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas agus údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin náisiúnta de réir cineál ítimí (Cuid 2)
Maidir le cinn scríbe a údaraíodh faoi UGOnna AE agus Náisiúnta, ba iad na 5 cinn is mó na Stáit Aontaithe (EUR 6.60 billiún, 51 % den iomlán), an Ríocht Aontaithe (EUR 2.21 billiún, 17 % den iomlán), an Eilvéis (EUR 1.16 billiún, 9 % den iomlán), an tSín (EUR 512 mhilliún, 4 % den iomlán) agus an tSeapáin (EUR 432 mhilliún, 3 % den iomlán). Léirítear leis sin go bhfuil formhór mór na n‑onnmhairí dé-úsáide a chumhdaítear le UGOnna dírithe ar thíortha a liostaítear in UGO AE EU001. Mínítear é sin freisin toisc go bhfuil luach na n‑onnmhairí a údaraítear faoi UGOnna AE i bhfad níos airde ná mar atá faoi UGOnna Náisiúnta (EUR 9.65 billiún i gcomparáid le EUR 846 mhilliún, faoi seach, de réir Fhíor 2).
Fíor 14: Údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas agus údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin náisiúnta de réir cinn scríbe
Fíor 15: Údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas agus údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin náisiúnta de réir na gceann scríbe is mó
4.7
Úsáideoirí cláraithe Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin Náisiúnta agus Údaraithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas
Chun faisnéis a sholáthar faoi fhógraí onnmhaireoirí i gcomhréir leis an Rialachán
, áirítear leis an tuarascáil bhliantúil sonraí maidir leis an líon onnmhaireoirí a thug fógra don údarás inniúil nó atá cláraithe leis an údarás inniúil chun Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas nó Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin Náisiúnta a úsáid.
In 2022, bhí 7 033 onnmhaireoir san iomlán ag úsáid Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas, lena n‑áirítear 80.57 % díobh ag úsáid EU001, agus 3 492 onnmhaireoir ag úsáid Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin Náisiúnta. Maidir le fógraí nó clárúcháin céadúsáide in 2022, ba iad na figiúirí 676 i gcás UGO AE (73 % i gcás EU001) agus 218 i gcás UGO Náisiúnta, faoi seach.
Fíor 16: Onnmhaireoirí atá cláraithe nó ar tugadh fógra dóibh údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontais agus údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin náisiúnta a úsáid
4.8
Sonraí maidir le hítimí dé-úsáide a aicmítear mar ítimí cibearfhaireachais de réir Airteagal 2, pointe (20) den Rialachán
In 2022, fuair na Ballstáit 288 n‑iarratas san iomlán (Fíor 17) chun ítimí cibearfhaireachais a onnmhairiú, i ndáil le Córais idircheaptha teileachumarsáide den chuid is mó (216 iarratas), agus ina dhiaidh sin Bogearraí faireacháin cumarsáide (28 n‑iarratas), agus Bogearraí ionraidh (20 iarratas). Léirítear le Fíoracha 18.1 agus 18.2 cinn scríbe na n‑iarratas chum ítimí cibearfhaireachais a onnmhairiú. In 2022, eisíodh 224 údarú agus diúltaíodh 37 n‑údarú. Léiríonn sé sin méadú ar an líon ceadúnas le haghaidh ítimí cibearfhaireachais (i gcomparáid le 115 cheadúnas a eisíodh in 2021), treocht a deimhníodh ó bhí 2020 ann. Is cosúil go bhfuil an líon diúltuithe maidir le honnmhairiú ítimí cibearfhaireachais sách cobhsaí (35 dhiúltú in 2021).
Fíor 17: Iarratais chun ítimí cibearfhaireachais a onnmhairiú
Fíor 18.1: Iarratais ar onnmhairiú ítimí cibearfhaireachais de réir ceann scríbe
Fíor 18.2: Iarratais ar onnmhairiú ítimí cibearfhaireachais de réir ceann scríbe
4.9
Faisnéis maidir le riarachán agus forfheidhmiú
Chuir na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas in iúl maidir le riar agus forfheidhmiú an Rialacháin in 2022:
a)Líon na mball foirne (coibhéis lánaimseartha) a bhfuil baint dhíreach acu le riar rialuithe san Aontas): 392.
b)Líon na n‑imeachtaí for-rochtana a eagraíodh le linn na bliana tagartha: 129.
c)An líon iniúchtaí comhlíontachta a rinneadh sa bhliain, lena n‑áirítear na hiniúchtaí sin a rinne gníomhaireachtaí custaim nó gníomhaireachtaí eile: 1,062.
d)An líon sáruithe arna dtuairisciú: 110.
e)An líon pionós riaracháin agus coiriúil nó fíneálacha arna bhforchur (ag aon ghníomhaireacht náisiúnta forfheidhmithe ábhartha) i gcás sárú ar rialacháin maidir le rialú onnmhairí: 30.
f)Úsáid uirlisí rialaithe onnmhairí:
-Na Ballstáit a úsáideann córas ríomhcheadúnaithe: 18.
-Na Ballstáit a úsáideann uirlisí aicmithe: 24.
-Na Ballstáit a úsáideann uirlisí nó bogearraí eile chun tacú le cur i bhfeidhm rialuithe: 24.
5.
Conclúidí
Ullmhaíodh an tuarascáil ar bhonn modheolaíocht nua lena n‑áirithítear gráinneacht agus iontaofacht níos fearr na faisnéise. An tráth céanna, fágann an t‑athrú ar an modheolaíocht go bhfuil sé deacair comparáid amshraithe a dhéanamh le tuarascálacha ó bhlianta roimhe sin. Mar sin féin, féadtar a thabhairt faoi deara i dtéarmaí ginearálta go raibh trádáil dé-úsáide údaraithe agus diúltuithe araon in ag dul in airde in 2022.
In 2022, ba é luach iomlán na trádála dé-úsáide údaraithe EUR 57,3 billiún, is é sin, 2 % d’onnmhairí earraí lasmuigh den Aontas. Comhfhreagraíonn sé sin do 138 764 údarú de réir méid, agus tagann formhór na n‑idirbheart faoi úsáidí Údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas (93 311), faoi úsáidí Údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin náisiúnta (26 953) agus faoi cheadúnais aonair (17 072). Le linn na bliana céanna, tuairiscíodh 813 dhiúltú arbh fhiú EUR 0.98 billiún iad. Léiríonn na figiúirí sin nár diúltaíodh ach do chuid bheag d’onnmhairí an Aontais (0.04 % de luach na n‑onnmhairí earraí iomlána lasmuigh de AE27).
Áirítear leis an tuarascáil faisnéis suas le teorainn na sonraí atá ar fáil, i gcomhthéacs cleachtais agus cineálacha éagsúla údaruithe i ngach Ballstát. Sa chiall sin, ní sholáthraítear leis an tuarascáil leithdháileadh beacht na trádála údaraithe de réir cineál ítime nó ceann scríbe i ndáil le hÚdaruithe onnmhairiúcháin foriomlána (is é sin 48 % den luach údaraithe in 2022), ós rud é gur minic a áirítear luachanna onnmhairiúcháin neamhiata leis na húdaruithe sin agus go ndeonaítear iad le haghaidh ítimí agus cinn scríbe iomadúla. D’ainneoin sin, tá sé úsáideach fós na treochtaí a mheas maidir leis na cineálacha eile údaraithe (Údaruithe aonair agus Ginearálta Onnmhairiúcháin), is é sin 52 % den luach údaraithe.
In 2022, chomhfhreagair na luachanna trádála údaraithe is airde seachas údaruithe foriomlána (Fíor 19) d’ítimí 0EC1 Ábhair, saoráidí, gléasraí agus trealamh núicléach (21 %), 5EC2 Slándáil faisnéise agus ítimí agus trealamh criptea-anailíse (20 %), 2EC1 Uirlisí agus córais mheaisíní agus comhpháirteanna le haghaidh trealamh tionsclaíoch (9 %), 3EC4 Trealamh chun gairis nó ábhair leathsheoltóra a mhonarú agus a thástáil (7 %) agus 9EC1 Innill aeraspáis agus tuirbíní gáis (seachas UAV) (5 %). Ar an iomlán, is ón liosta cineálacha ítimí i bhFíor 19 atá 90 % de luach na n‑údaruithe seachas ceadúnais fhoriomlána.
Fíor 19: Na cineálacha ítimí is mó de réir luach Údaruithe aonair agus Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin
Maidir le cinn scríbe le haghaidh údaruithe seachas údaruithe foriomlána (Fíor 20), ba iad na Stáit Aontaithe an ceann scríbe is mó de réir luacha (24 % den iomlán), agus ina dhiaidh sin an tSín (19 %), an Ríocht Aontaithe (7 %), an Chóiré Theas (5 %) agus an tSeapáin (5 %). Mar sin féin, tá tionchar mór ag ualú UGOnna AE ar an rangú sin, go háirithe EU001 (EUR 8.2 billiún), agus ní chuirtear san áireamh ann príomhchinn scríbe na n‑údaruithe onnmhairiúcháin foriomlána de réir méid, is é sin, an Téaváin, an India, Hong Cong, Singeapór agus an Tuirc. Ar an iomlán, is ó liosta na gceann scríbe i bhFíor 20 atá 90 % de luach na n‑údaruithe seachas ceadúnais fhoriomlána.
Fíor 20: Na cinn scríbe is mó lasmuigh den Aontas de réir luach Údaruithe aonair agus Ginearálta Onnmhairiúcháin
Ar deireadh, tugtar aird ar leith leis an tuarascáil ar cheadúnú ítimí cibearfhaireachais mar chuid de ghealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an riosca go n‑úsáidfí ítimí cibearfhaireachais i ndáil le cos ar bolg inmheánach agus/nó sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a dhéanamh. In 2022, fuair na Ballstáit 288 n‑iarratas san iomlán ar onnmhairiú na n‑ítimí sin. Bhain an figiúr is airde leis an ítim Córais idircheaptha teileachumarsáide (216 iarratas). Sa tréimhse chéanna, eisíodh 224 údarú agus 37 ndiúltú. Léirítear leis na figiúirí sin freisin go bhfuil méadú tagtha ar an líon ceadúnas i ndáil le 2021
, cé go ndealraíonn sé go bhfuil an líon diúltuithe sách cobhsaí
.
Sa bhreis ar na gníomhaíochtaí éagsúla a tionscnaíodh in 2021, lean an Coimisiún agus na Ballstáit de bheith ag díriú ar na ceanglais agus ar na sainorduithe faoin Rialachán nuachóirithe a chomhlíonadh. Áirítear leis sin leanúint den obair sna sainghrúpaí teicniúla éagsúla i dtreo rialuithe feabhsaithe ar ítimí cibearfhaireachais, forfheidhmiú rialuithe onnmhairí, teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus forbairt clár fothaithe acmhainneachta agus oiliúna de chuid an Aontais d’údaráis cheadúnúcháin agus forfheidhmithe na mBallstát.
Leis na gníomhaíochtaí sin faoin Rialachán maidir le Dé-Úsáid, beidh an tAontas in ann comhoibriú ar bhealach níos éifeachtaí le comhpháirtithe chun cóineasú domhanda rialuithe a chur chun cinn, easaontais trádála a laghdú, intuarthacht do ghnólachtaí a mhéadú, luachanna an Aontais a chur chun cinn agus seasamh leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta.