This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XG07401
Conclusions of the Council and of the representatives of the governments of the Member States meeting within the Council on fostering the lasting legacy of major sporting events
Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le hoidhreacht bhuan mórimeachtaí spóirt a chothú
Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le hoidhreacht bhuan mórimeachtaí spóirt a chothú
ST/16149/2024/INIT
IO C, C/2024/7401, 9.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7401/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7401 |
9.12.2024 |
Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le hoidhreacht bhuan mórimeachtaí spóirt a chothú
(C/2024/7401)
RÉAMHRÁ
Féadann mórimeachtaí spóirt a eagraítear cur le forbairt na dtíortha, na réigiún agus na gcathracha óstacha ach d’fhéadfadh infheistíocht shuntasach a bheith ag teastáil chuige sin áfach. Chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an infheistíocht sin agus chun freastal ar leas an phobail, tá sé ríthábhachtach iarracht a dhéanamh oidhreacht bhuan spóirt, idir inláimhsithe agus dholáimhsithe, ó thaobh an bhonneagair, an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de a bhaint amach, rud atá ina réamhriachtanas chun go nglacfaidh an pobal i gcoitinne leo, chun go n-aithneoidh siad iad agus chun go n-éireoidh leo.
DÉANANN AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE, AN MÉID SEO A LEANAS:
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á MHEABHRÚ ACU:
|
1. |
Airteagal 6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ina ndéantar tagairt don spórt mar réimse inar cheart inar cheart do ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus iad a chomhordú agus a fhorlíonadh, agus Airteagal 165 CFAE, ar dá réir ‘rannchuideoidh an tAontas leis an spórt Eorpach a chur chun cinn, ag féachaint do shain-nádúr an spóirt’. |
|
2. |
Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2024-2027 (1) agus a réimsí tosaíochta agus a chuspóirí treoracha, agus go háirithe an príomhábhar ‘Mórimeachtaí spóirt’. |
|
3. |
An rún ón gComhairle maidir le príomhghnéithe na Samhla Spóirt Eorpaí (2) ina n-aithnítear, i measc nithe eile, go léiríonn na príomhghnéithe, i gcás formhór den spórt eagraithe san Eoraip atá bunaithe ar luachanna, eagrú an spóirt ar bhonn neamhspleách, daonlathach agus críochach a bhfuil struchtúr pirimidiúil aige, lena gcuimsítear gach leibhéal spóirt ó spórt an phobail go dtí an spórt gairmiúil, le comórtais foirne ag leibhéal an chlub go dtí an leibhéal náisiúnta araon agus lena n-áirítear sásraí chun dlúthpháirtíocht airgeadais, cothroime agus oscailteacht i gcomórtais a áirithiú, mar shampla prionsabal an ardaithe céime agus an laghdaithe céime. |
|
4. |
An cúlra polaitíochta a bhaineann leis an tsaincheist thuasluaite mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Iarscríbhinn. |
AGUS AN MÉID A LEANAS Á AITHINT ACU:
|
5. |
Le mórimeachtaí spóirt, is féidir athrú sa tsochaí a spreagadh, a mhéid a bhaineann le hinbhuanaitheacht, ionracas, cuimsitheacht, inrochtaineacht (3) agus stíl shláintiúil mhaireachtála (4) agus is féidir cur le hiomaíochas agus le hinfheictheacht na gcathracha, na réigiún agus na dtíortha óstacha. (5) |
|
6. |
Le mórimeacht spóirt, féadtar oidhreacht bhuan a chruthú agus is féidir cur le clú domhanda agus poiblí na cathrach óstaí, an réigiúin óstaigh, na tíre óstaí agus an Aontais Eorpaigh ina iomláine, is féidir cur le comhionannas inscne, bród agus comhtháthú ar leibhéal an phobail, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach a threisiú, mar aon le forbairt eacnamaíoch, shóisialta, turasóireachta agus chultúrtha na cathrach óstaí, an réigiúin óstaigh nó na tíre óstaí a threisiú. (6) |
|
7. |
Is féidir réimse leathan d’oidhreachtaí inláimhsithe agus doláimhsithe a theacht as mórimeachtaí spóirt:
|
|
8. |
Ina theannta sin, is féidir le mórimeachtaí spóirt dúshláin a chruthú nach mór a shárú nó a íoslaghdú, mar shampla: na hualaí buiséadacha a bhaineann le bonneagar atá rómhór agus bonneagar a bhféadfadh sé nach n-úsáidfear étar éis an imeachta a chothabháil, drochthionchar ar an gcomhshaol (e.g. mar gheall ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, saoráidí neamh-inbhuanaithe, scriosadh limistéar nádúrtha, cailliúint bithéagsúlachta, níos mó dramhaíola agus torainn) agus uaisliú féideartha na réigiún óstála. |
|
9. |
Mura dtabharfar aghaidh mar is ceart ar na dúshláin sin, agus mura mbíonn oidhreacht bhuan ann, tá an baol ann go dtiocfaidh laghdú ar an méid tacaíochta a thabharfaidh saoránaigh na hEorpa d'ostáil mórimeachtaí spóirt (9) agus, dá réir sin, laghdófaí an sciar de na himeachtaí sin a reáchtálfaí i mBallstáit an Aontais, rud a mhéadódh an baol go bhféadfadh na himeachtaí sin rannchuidiú le cleachtais spórt-snasaithe a bhíonn á ndéanamh ag stáit eile seachas iad a bheith á mbronnadh ar stáit dhaonlathacha a urramaíonn cearta an duine. |
|
10. |
Chun tionchair dhiúltacha a íoslaghdú agus oidhreacht bhuan a bhaint amach, tá gá le peirspictíocht pleanála fadtéarmaí. Chuige sin, tá gá le ceannaireacht láidir agus tiomantas leanúnach ón gcoiste eagrúcháin, ó eagraíochtaí spóirt agus ó údaráis phoiblí na cathrach óstaí, an réigiúin óstaigh nó na tíre óstaí, le linn shaolré iomlán an mhórimeachta spóirt. |
|
11. |
Chun mórimeacht spóirt a eagrú a mbeidh oidhreacht bhuan ag baint leis, tá gá le tacaíocht agus comhar ó earnálacha éagsúla (e.g. an spórt, an geilleagar, an turasóireacht, an t-iompar poiblí, údaráis sábháilteachta, an cultúr, na meáin, an t-oideachas, an óige, an tsláinte, agus gnóthaí inmheánacha agus seachtracha) agus ó raon leathan páirtithe leasmhara ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Áirítear orthu sin údaráis phoiblí, gnólachtaí, eagraíochtaí spóirt idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta. (10) |
|
12. |
Tá sé tábhachtach fís na mórimeachtaí spóirt, a bhfuil oidhreacht bhuan mar dhlúthchuid di, a chur chun cinn go gníomhach i measc an phobail, go háirithe pobail áitiúla agus príomhpháirtithe leasmhara eile, agus iad a bheith rannpháirteach ón gcéim ullmhúcháin ar aghaidh. |
|
13. |
Ba cheart slándáil na mórimeachtaí spóirt a ráthú le soláthar leordhóthanach acmhainní ábhartha agus daonna chun iarracht a dhéanamh sábháilteacht agus cómhaireachtáil shíochánta a bhaint amach do chách, e.g. na lúthchleasaithe, an lucht féachana, chomh maith le muintir na háite, agus chun go mbainfear taitneamh síochánta as an imeacht. |
|
14. |
Ce gurb ann do shuirbhéanna agus staidéir ar ghnéithe éagsúla d’oidhreacht na mórimeachtaí spóirt, d’fhéadfaí feabhas a chur ar fhaireachán córasach agus eolaíoch chun tacú le beartais fianaisebhunaithe maidir le hoidhreacht bhuan mórimeachtaí spóirt. |
|
15. |
Dá mbeadh an rogha ann comhóstáil a dhéanamh i gcathracha, réigiún agus tíortha éagsúla, d’fhéadfaí óstáil mórimeachtaí spóirt a dhéanamh níos tarraingtí agus níos indéanta do thíortha beaga freisin agus, ag an am céanna, an t-ualach a bhaineann leis á laghdú agus an lorg carbóin breise a d’fhéadfadh iompar a chruthú á chur san áireamh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé sin cur leis an ngné Eorpach den spórt agus le cur chun cinn luachanna an Aontais Eorpaigh. |
|
16. |
Trí imeachtaí beaga spóirt a óstáil agus a eagrú, féadfar oidhreacht bhuan a fhorbairt chun stíl mhaireachtála shláintiúil ghníomhach, obair dheonach agus rochtain ar an spórt a chur chun cinn, go háirithe do dhaoine óga agus dóibh siúd ó chúlra faoi mhíbhuntáiste. |
IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT:
|
17. |
Cur chuige straitéiseach a chur chun cinn, agus oidhreachtaí leathana bonneagair, comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta an spóirt á gcur san áireamh ón gcéad chéim den phróiseas pleanála go dtí an nós imeachta tairisceana, chomh maith leis na hullmhúcháin chun mórimeachtaí spóirt a óstáil agus lena linn. |
|
18. |
Machnamh a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, ar an gcistiú stáit a bhaineann le mórimeachtaí spóirt a óstáil a bheith coinníollach ar an oidhreacht bhuan agus ar ghnéithe inbhuanaitheachta a chur chun cinn le linn shaolré iomlán an imeachta, agus prionsabail an dea-rialachais á gcur san áireamh. |
|
19. |
Dlúthchomhar a chur chun cinn ón tús idir an t-eagraí nó an coiste eagrúcháin agus údaráis phoiblí na cathrach óstaí, an réigiúin óstaigh nó na tíre óstaí, agus rannpháirtíocht raon leathan páirtithe leasmhara a chur chun cinn, mar atá eagraíochtaí spóirt, earnáil na meán, cuideachtaí, pobail áitiúla, saorálaithe agus an pobal i gcoitinne, chun oidhreacht bhuan mórimeachtaí spóirt a áirithiú. |
|
20. |
Eagrú mórimeachtaí spóirt a chur chun cinn ar bhealach inbhuanaithe ciorclach aeráidneodrach agus leas a bhaint as na himeachtaí sin mar threoirthionscadail le haghaidh nuálaíochtaí inbhuanaithe i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus le heagraíochtaí éagsúla a dhéanann speisialtóireacht ar an inbhuanaitheacht, agus trí chomhpháirtíochtaí le hollscoileanna agus ionaid taighde. |
|
21. |
A ndícheall a dhéanamh, i ndlúthchomhar leis an ngluaiseacht spóirt, lena áirithiú go mbainfidh an líon is mó daoine is féidir tairbhe as mórimeachtaí spóirt agus as oidhreacht na mórimeachtaí spóirt sin, agus úsáid á baint as na himeachtaí chun pobal a thógáil, cuimsiú sóisialta agus comhionannas inscne a chur chun cinn, agus meas agus caoinfhulaingt fhrithpháirteach a chothú. |
|
22. |
Tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil, nuair is iomchuí, do chlubanna spóirt agus bardais ionas go mbeidh na hacmhainní agus an bonneagar is gá acu chun freastal ar an spéis mhéadaithe i ngníomhaíochtaí spóirt a d’fhéadfadh a bheith ann tar éis an mhórimeachta spóirt agus chun an spéis sin a bhainistiú. |
|
23. |
Cruthú clár sonrach saorálaithe a chur chun cinn, i ndlúthchomhar leis an ngluaiseacht spóirt, chun saorálaithe a mhealladh chun cur le mórimeachtaí spóirt, agus caighdeáin a bhunú chun luach a chur ar a gcuid oibre le linn an imeachta agus ina dhiaidh, chomh maith le sásraí chun aitheantas a thabhairt do na scileanna a fuair saorálaithe le linn na mórimeachtaí spóirt, agus líonraí chun iad a shlógadh le haghaidh gníomhaíochtaí in earnáil an spóirt amach anseo. |
|
24. |
An fuinneamh ó mhórimeachtaí spóirt a úsáid chun gníomhaíocht coirp, stíl mhaireachtála shláintiúil, chomh maith le luachanna Eorpacha agus Oilimpeacha a chur chun cinn inár sochaithe san fhadtéarma, le bearta spriocdhírithe, in institiúidí oideachais agus oiliúna, mar shampla, i gcumainn óige agus clubanna spóirt, in ionaid oibre, i bpobail áitiúla agus réigiúnacha, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine atá faoi ghannionadaíocht i ngníomhaíochtaí spóirt. |
|
25. |
Aird ar leith a thabhairt ar chuimsiú sóisialta trí bhearta éagsúla, lena n-áirítear inter alia, forbairtí bonneagair inbhuanaithe a bhaineann le mórimeachtaí spóirt i limistéir faoi mhíbhuntáiste. |
|
26. |
Cuimsitheacht a chur chun cinn agus cearta an duine a chosaint le linn shaolré iomlán na mórimeachtaí spóirt agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar bhonneagar spóirt a áirithiú. |
|
27. |
I gcomhar leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, na modhanna a chur ar fáil chun sláine sa spórt agus fáilteachas, chomh maith leis na caighdeáin sábháilteachta agus slándála is airde is gá a ráthú, chun go mbeidh na himeachtaí sábháilte, slán agus fáilteach, laistigh agus lasmuigh den áitreabh. |
|
28. |
Imeachtaí cultúir, oideachais agus eile a chur chun cinn ina mbeidh deiseanna do leanaí agus do gach glúin taithí a fháil ar an ealaín agus ar an gcultúr roimh mhórimeachtaí spóirt, lena linn agus ina ndiaidh. |
|
29. |
Na creataí agus na caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana a chur chun cinn lena gcuideofar le hoidhreacht dhearfach mórimeachtaí spóirt a áirithiú (11). |
|
30. |
Faireachán agus bailiú faisnéise agus sonraí a chur chun cinn, lena n-áirítear trí shásraí tuairiscithe tiomnaithe, chun feabhas a chur ar thomhas oidhreacht na mórimeachtaí spóirt, trí úsáid a bhaint, mar shampla, as treoirlínte ECFE (12). |
|
31. |
Malartú dea-chleachtas a chur chun cinn idir cathracha, réigiúin agus tíortha a d’óstáil mórimeachtaí spóirt. |
|
32. |
Eagraithe na mórimeachtaí spóirt a bheidh ann amach anseo, chomh maith le hearnálacha eile, a spreagadh chun inspioráid a fháil ó chleachtais nuálacha, inbhuanaithe agus fhreagracha (mar shampla, Cairt Shóisialta Pháras 2024 nó an Dearbhú um Chearta an Duine le haghaidh UEFA EURO 2024). |
|
33. |
Óstáil mórimeachtaí spóirt ag breis is tír amháin a chur chun cinn, ionas go mbeidh níos mó tíortha, lena n-áirítear tíortha beaga, in ann tairbhe a bhaint as oidhreachtaí inláimhsithe agus doláimhsithe mórimeachtaí spóirt, agus na gnéithe eacnamaíocha á gcur san áireamh, agus an lorg carbóin breise a d’fhéadfadh iompar a chruthú á sheachaint ag an am céanna. |
|
34. |
Cathracha agus réigiúin a d’óstáil mórimeachtaí spóirt a spreagadh, nuair is ábhartha, chun a n-oidhreacht a chomhlánú agus a chothú trí imeachtaí spóirt eile a eagrú, lena n-áirítear imeachtaí beaga, i ndlúthchomhar leis an ngluaiseacht spóirt, chun leas a bhaint as an mbonneagar, as an saineolas, as an móiminteam agus as rannpháirtíocht an phobail. |
|
35. |
Féachaint freisin le hoidhreacht bhuan d’imeachtaí beaga spóirt a bhaint amach chun, i measc nithe eile, stíl mhaireachtála shláintiúil ghníomhach, obair dheonach agus rochtain ar an spórt agus saoráidí spóirt a chur chun cinn do chách, go háirithe do dhaoine óga, grúpaí faoi ghannionadaíocht, daoine ó chúlra faoi mhíbhuntáiste nó daoine faoi mhíchumas. |
IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
36. |
Gnéithe ábhartha beartais a bhaineann le hoidhreacht na mórimeachtaí spóirt a mheas agus a fhiosrú mar ullmhúchán dá dhoiciméad straitéiseach fadtéarmach nua maidir le todhchaí bheartas spóirt an Aontais (13). |
|
37. |
Eolas agus faisnéis a chomhroinnt maidir le tionscnaimh agus dea-chleachtais ábhartha a chuireann le hoidhreacht bhuan mórimeachtaí spóirt agus a éascaíonn comhroinnt faisnéise agus dea-chleachtas i measc na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha. |
|
38. |
Úsáid na gcreataí agus na gcaighdeán idirnáisiúnta agus Eorpach atá ann cheana a chur chun cinn, ar creataí agus caighdeáin iad a chuidíonn le hoidhreacht dhearfach mórimeachtaí spóirt a áirithiú (14). |
|
39. |
Staidreamh comhchuibhithe spóirt (cuntais satailíte spóirt) agus sonraí comhchosúla ar leibhéal an Aontais a úsáid chun tionchar spóirt, sóisialta, eacnamaíoch, turasóireachta, cultúrtha agus comhshaoil na mórimeachtaí spóirt a eagraítear i mBallstáit an Aontais, agus an oidhreacht a leanann iad, a thomhas ar bhealach níos fearr agus chun tionscnaimh a chothú lena ndíreofar ar shonraí ábhartha a fhorbairt agus a chomhroinnt. |
|
40. |
Comhoibriú a thuilleadh leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun faisnéis a mhalartú, deiseanna a uasmhéadú agus réitigh ar dhúshláin choiteanna a shainaithint a mhéid a bhaineann le hoidhreacht na mórimeachtaí spóirt, lena n-áirítear trí thionscnamh SHARE 2.0. |
|
41. |
Féachaint ar bhealaí chun tionscnaimh saorálaíochta den scoth i réimse an spóirt san Aontas Eorpach a spreagadh, a aithint agus infheictheacht na dtionscnamh sin a mhéadú, lena gcuimsítear saorálaíocht ag mórimeachtaí spóirt agus i spóirt an phobail. |
IARRANN SIAD AR AN nGLUAISEACHT SPÓIRT AGUS AR PHÁIRTITHE LEASMHARA ÁBHARTHA EILE, AGUS AIRD Á TABHAIRT ACU AR A bhFREAGRACHT AGUS AR NEAMHSPLEÁCHAS AN SPÓIRT, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:
|
42. |
Gealltanas a thabhairt seasamh le prionsabail na hinbhuanaitheachta eacnamaíche, comhshaoil agus sóisialta (go háirithe maidir le bonneagar, soghluaisteacht agus fuinneamh), dea-rialachas, iompar freagrach gnó, urraim do chearta an duine agus comhlíonadh caighdeán idirnáisiúnta aitheanta (15) agus mórimeachtaí spóirt á n-eagrú. |
|
43. |
I gcomhar le Ballstáit an Aontais, tíortha a spreagadh chun mórimeachtaí spóirt a óstáil in éineacht le tír eile, más féidir, agus gnéithe eacnamaíocha á gcur san áireamh ag an am céanna agus an lorg carbóin breise, a d’fhéadfaí a chruthú de bharr chúrsaí iompair, á sheachaint, ós rud é go bhféadfadh tairiscintí comhpháirteacha iltíre é a dhéanamh níos indéanta do thíortha beaga mórimeachtaí spóirt a óstáil. |
|
44. |
Straitéisí inbhuanaitheachta agus oidhreachta a fhorbairt (16) agus nósanna imeachta roghnúcháin trédhearcacha a chur chun feidhme bunaithe ar chritéir fhoilsithe shothuigthe intomhaiste agus gnéithe inbhuanaitheachta agus oidhreachta a áireamh sna critéir roghnúcháin agus mheastóireachta, ionas go n-eagróidh an oiread tíortha, réigiún agus cathracha agus is féidir mórimeachtaí spóirt inbhuanaithe a mbeidh oidhreacht bhuan ag baint leo. |
|
45. |
Cearta bunúsacha agus cearta an duine a urramú agus, i ndáil leis an méid sin, cinntí cuntasacha a dhéanamh maidir le mórimeachtaí spóirt a óstáil laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de araon. (17) |
|
46. |
Comhairle agus tacaíocht a thabhairt maidir le córais faireacháin agus tuairiscithe iomchuí, agus iad a chur chun feidhme ionas go ndéanfar na bearta a áirítear sa tairiscint nó a comhaontaíodh sa chonradh óstála chun prionsabail na hinbhuanaitheachta eacnamaíche, comhshaoil agus sóisialta (go háirithe maidir le bonneagar, soghluaisteacht agus fuinneamh) a áirithiú, agus ionas go ndéanfar dea-rialachas, iompar freagrach gnó agus oidhreachtaí buana a áirithiú, agus go dtabharfar urraim do chearta an duine. |
|
47. |
Cur chun cinn oidhreachta buaine a chomhtháthú sna feachtais chumarsáide le haghaidh imeachtaí atá ar na bacáin agus imeachtaí a bhí ann roimhe seo le rannpháirtíocht saorálaithe, óstach agus lúthchleasaithe, lena n-áirítear para-lúthchleasaithe agus ambasadóirí spóirt a bhfuil baint acu leis na himeachtaí sin. |
|
48. |
Fuinneamh na mórimeachtaí spóirt a úsáid chun spórt agus gníomhaíocht choirp a chur chun cinn go forleathan i measc an phobail, mar shampla trí dhea-chleachtais a mhalartú, trí mhórimeachtaí spóirt a chomhcheangal le himeachtaí beaga spóirt atá oscailte do lúthchleasaithe neamhghairmiúla lena gcothaítear níos mó rannpháirtíochta sa spórt, nó trí chomhtháthú saoráidí spóirt agus gníomhaíocht choirp a chur chun cinn sa dearadh uirbeach agus i gceantair thuaithe. |
|
49. |
Mar chuid den dlúthpháirtíocht airgeadais, a mholadh go n-úsáidfí an t-ioncam a ghintear ó mhórimeachtaí spóirt a chun tacú leis an spórt ar leibhéal an phobail. |
(1) Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt (1 Iúil 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027) (IO C, C/2024/3527, 3.6.2024. ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3527/oj.
(2) Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le príomhghnéithe na Samhla Eorpaí Spóirt, IO C 501, 13.12.2021, lch. 1.
(3) Cairt Shóisialta na hEorpa um Imeachtaí Spóirt (2023), ar fáil i bhformáid dhigiteach ar shuíomh gréasáin Chumann Eorpach na bhFostóirí Spóirt (EASE): https://www.easesport.eu/wp-content/uploads/2023/09/european-social-charter-for-sport-events.pdf
(4) ‘An evidence-based assessment of the impact of the Olympic Games on population levels of physical activity’, Adrian Bauman, Masamitsu Kamada, Rodrigo Reis, et al., The Lancet, Imleabhar 398(10298), (Iúil-Lúnasa 2021).
(5) ‘A lasting legacy: How major sporting events can drive positive change for host communities and economies’, Deloitte (2010), lch. 8.
(6) ‘Happiness, pride and elite sporting success: What population segments gain most from national athletic achievements?’ Sport Management Review, Imleabhar 16, Eagrán 2, Bealtaine 2013, lch. 226.
(7) Building Social Legacies: Through Mega, Major and Signature Sport Events (Meán Fómhair 2019), ISBN: 978-1-9992609-0-3, lch. 16.
(8) An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) (2017), ‘Major events as catalysts for tourism’, OECD Tourism Papers, Foilsitheoireacht ECFE, Páras.
(9) Mír 12 de na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, i dtaca le feabhas a chur ar shláine, trédhearcacht agus dea-rialachas i mórimeachtaí spóirt, IO C 212, 14.6.2016, lch. 14.
(10) ‘A lasting legacy: How major sporting events can drive positive change for host communities and economies’, Deloitte (2010), lch. 10.
(11) I measc nithe eile, na moltaí ó Sport’s contribution to the European Green Deal – a sport sector playbook (2023), Cairt Shóisialta na hEorpa um Imeachtaí Spóirt (2023), an Creat Spóirt um Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (2011), Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta maidir le hIompar Freagrach Gnó (2023), chomh maith le caighdeán ISO 20121:2024 le haghaidh córais bainistithe inbhuanaitheachta imeachtaí.
(12) ECFE (2023), ‘How to measure the impact of culture, sports and business events: A guide’ , OECD Local Economic and Employment Development (LEED) Papers, Uimh. 2023/10, Foilsitheoireacht ECFE, Páras.
(13) Mír 26 de Phlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2024-2027.
(14) Mar shampla, Rannchuidiú an Spóirt leis an gComhaontú Glas don Eoraip – leabhar straitéise d’earnáil an spóirt (2023), Cairt Shóisialta na hEorpa um Imeachtaí Spóirt (2023), Creat Spóirt UNFCCC um Ghníomhú ar son na hAeráide, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta maidir le hIompar Freagrach Gnó, chomh maith le caighdeán ISO 20121:2024 le haghaidh córais bainistithe inbhuanaitheachta imeachtaí.
(15) E.g. Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta maidir le hIompar Freagrach Gnó, agus ISO 20121:2024.
(16) Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha (CICO), ‘Legacy strategic approach: 2021-2024 objectives’ (2021).
(17) Bunaithe ar mhír 48 den Rún ón gComhairle maidir le príomhghnéithe na Samhla Eorpaí Spóirt, ar an litir a shínigh 22 Bhallstát an 21 Samhain 2013 chuig an gCoimisinéir Androulla Vassiliou agus ar an litir a shínigh 27 mBallstát an 27 Eanáir 2021 agus a seoladh chuig an gCoimisinéir Mariya Gabriel; agus Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (2011) á gcur san áireamh freisin.
IARSCRÍBHINN I
SAINMHÍNITHE chun críoch na gconclúidí seo:
Ciallaíonn ‘mórimeacht spóirt’ imeacht idirnáisiúnta a eagraítear i dtír, réigiún nó cathair óstach amháin nó níos mó agus a bhfreastalaíonn toscaireachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta éagsúla air d’fhonn spórt amháin nó níos mó a imirt. Bíonn an-tóir ar mhórimeachtaí spóirt sna meáin idirnáisiúnta, bíonn na mílte daoine, lena n-áirítear an lucht tacaíochta, iriseoirí, foirne teicniúla agus oifigigh, i láthair , agus is minic a ritear thar roinnt laethanta as a chéile iad. (1)
Tuigtear gurb é atá i gceist le ‘oidhreacht bhuan’ na tionchair dhearfacha fhadtéarmacha inláimhsithe agus dholáimhsithe a bhíonn ag mórimeachtaí spóirt, lena gcuimsítear, i measc rudaí eile, na torthaí spóirt, bonneagair, eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta don chathair, don réigiún nó don tír óstach.
(1) Bunaithe ar na ‘Moltaí maidir le mórimeachtaí spóirt, go háirithe maidir le gnéithe oidhreachta, ina leagtar béim ar inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil’, arna nglacadh ag Sainghrúpa an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGné Eacnamaíoch den Spórt.
IARSCRÍBHINN II
An cúlra polaitiúil
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an méid a chuidíonn an spórt le geilleagar an Aontais, agus go háirithe maidir le haghaidh a thabhairt ar an dífhostaíocht i measc na hóige agus ar chuimsiú sóisialta, IO C 32, 4.2.2014 lch. 2. |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, i dtaca le feabhas a chur ar shláine, trédhearcacht agus dea-rialachas i mórimeachtaí spóirt, IO C 212, 14.6.2016, lch. 14. |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le ‘Spórt agus gníomhaíocht coirp, réimsí a bhfuil gealladh fúthu chun iompraíocht a athrú ó bhonn ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe’, IO C 170, 25.4.2022, lch. 1. |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an Nuálaíocht i gCúrsaí Spóirt, IO C 212, 4.6.2021, lch. 2. |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le héilliú sa spórt a chomhrac, IO C 416, 11.12.2019, lch. 3. |
|
— |
Rún ón gComhairle a bhaineann le lámhleabhar nuashonraithe ina bhfuil moltaí maidir le comhar idirnáisiúnta póilíneachta agus bainistiú slándála ar chluichí sacair a bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint leo agus a bhfuil baint ag Ballstát amháin, ar a laghad, leo (‘Lámhleabhar Sacair an Aontais’), 11160/24. |
|
— |
Comhairle na hEorpa, Moladh athbhreithnithe maidir leis an gCairt Eorpach Spóirt CM/Rec(2021)5. Glactha ag an gCoiste Airí an 13 Deireadh Fómhair 2021 ag an 1414ú cruinniú d’Ionadaithe na nAirí, Airteagal 9(1)(d). |
|
— |
Rún A/RES/70/1 ó na Náisiún Aontaithe, An domhan a chlaochlú: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, Rún glactha ag an gComhthionól Ginearálta an 25 Meán Fómhair 2015 (§ 37). |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7401/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)