Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XG02810

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/1175 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 2020/1998 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1172 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

ST/7946/2024/INIT

IO C, C/2024/2810, 22.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2810/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2810/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2810

22.4.2024

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/1175 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 2020/1998 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1172 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

(C/2024/2810)

Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 (1) ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/1175 (2) ón gComhairle, agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 (3) ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1172 (4) ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine.

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur cheart na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2020/1999 agus i Rialachán (AE) Uimh. 2020/1998. Tugtar na forais leis na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin.

Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2020/1998, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 31 Iúil 2024 , ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch an athbhreithnithe thréimhsiúil a dhéanfaidh an Chomhairle, de bhun Airteagal 10 de Chinneadh (CBES) 2020/1999, ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá ainmnithe.


(1)   IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 13.

(2)   IO L, 2024/1175, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1175/oj.

(3)   IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.

(4)   IO L, 2024/1172, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1172/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2810/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top