This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XC05477
Publication of an application for registration of a name pursuant to Article 50(2), point (a), of Regulation (EU) No 1151/2012 of the European Parliament and of the Council on quality schemes for agricultural products and foodstuffs
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
C/2024/6390
IO C, C/2024/5477, 10.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5477/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/5477 |
10.9.2024 |
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(C/2024/5477)
Tar éis an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Trnavský slad’
Uimh. AE: PGI-SK-02785 – 19.7.2021
ATFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm nó (ainmneacha) [TGFC]
‘Trnavský slad’
2. Ballstát nó Tríú Tír
Poblacht na Slóvaice
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia
3.1. Cineál an táirge
Aicme 1.8. Táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.)
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is braich eorna éadrom de ghrád bia de chineál pilsnéir é ‘Trnavský slad’ atá beartaithe go príomha chun beoir a tháirgeadh. Faightear é ó chineálacha deimhnithe eorna dhéshrathach a dhéantar a phórú ar bhonn roghnaitheach agus a fhástar go príomha ar mhachaire Trnava, arb é atá ann seornaiseom ardcháilíochta sonrach ina bhfuil aeráid ar leith a bhfuil tionchar aici ar cháilíocht na heorna a fhástar ann; mar sin tá clú ar leith ar an eorna sin mar gheall ar a cáilíocht agus a carachtar. De thoradh aeráid the thirim an limistéir agus na dálaí ithreach atá ann, bíonn na gráinní níos mó: bíonn siad 8-10 mm ar fad, 3-4 mm ar leithead agus 3-4 mm ar tiús. Is minic a fhanann geall le 100 % de na gráinní os cionn an chriathair, bíonn siad cosúil lena chéile ó thaobh méide de, agus bíonn níos mó stáirse iontu (64-66 %) mar gheall ar na méideanna nítrigine níos ísle sa ghráinne; is é 10 % an leibhéal is fearr, rud a áirithíonn eastóscachas níos airde sa bhraich (a sháraíonn 83 % go minic, agus a théann suas le 85 % uaireanta).
Tar éis chur ar maos agus phéacadh na ngráinní eorna, déantar einsímí braiche sonracha a ghníomhachtú agus a chruthú iontu, einsímí atá in ann na polaisiúicrídí atá iontu a bhriseadh síos ina siúicrídí uiscethuaslagtha simplí ísealmheáchain mhóilínigh ar féidir iad a choipeadh ina n-alcól eitile le giostaí. Tá na cineálacha a fhástar ar mhachaire Trnava an-oiriúnach do shaineolas theach braiche Trnava, áit ar féidir linn braich atá an-bhriste síos ó thaobh einsímí de agus atá oiriúnach chun beoir a ghrúdú le hinsileadh a tháirgeadh ó na cineálacha boga sin (neart einsímeach an-ard – laghdú follasach (AAL) os cionn 83 %). Níl sna heastóscáin iarmharacha a fhágtar gan choipeadh – an t-eastóscán teorann (LE) – ach thart ar 1 %. Ní féidir le tithe braiche eile braich a tháirgeadh atá briste síos an oiread sin, ó thaobh einsímí de.
Is iad seo a leanas paraiméadair ráthaithe ‘Trnavský slad’:
(a) |
taise: 5 % ar a mhéad |
(b) |
dath: 4,5 EBC ar a mhéad |
(c) |
táirgeacht eastósctha (meáchan tirim): 80 % ar a laghad |
(d) |
brioscacht: 78,5 % ar a laghad |
A mhéid a bhaineann le saintréithe céadfacha na braiche, ba cheart dea-bholadh glan brachtach saor ó bholaithe a bheith uirthi; ba cheart an blas a bheith breac-mhilis glan. Bíonn an dath aonfhoirmeach, éadrom, agus saor ó bhioranna dóite. Ó thaobh cuma de, bíonn an bhraich cosúil le heorna phróiseáilte.
3.3. Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
Dhá eorna bhraiche dhéshrathacha atá in amhábhair ‘Trnavský slad’:
Cineálacha eorna earraigh: Overture, Kangoo, Sebastian, Marthe, Sunshine, Malz, Laudis, Irina, Soulmate, Tango agus Bojos.
Eorna gheimhridh: Scala, Wintmalt, Casanova agus Etincel.
Úsáidtear gach cineál nó díreach cuid díobh sa táirgeadh.
Is iad seo a leanas paraiméadair na heorna braiche, ar réamhriachtanais iad chun ‘Trnavský slad’ a tháirgeadh lena ghrúdú, táirge a bhfuil eastóscán saibhir ann agus intuaslagthacht phróitéalaíoch fhabhrach aige:
Taise: 14,5 % ar a mhéad
Tá os cionn 14,5 % do-ghlactha
Garbhphróitéin: 10,0 % ar a laghad, 11,5 % ar a mhéad
Tá os cionn 11,5 % do-ghlactha
Céatadán fágtha os cionn criathar 2,5 mm: 90 % ar a laghad
Gráinní a ndearnadh damáiste meicniúil nó bitheolaíoch dóibh san áireamh
Préimh 0,5 % den phraghas le haghaidh gach pointe céatadáin idir 80 % agus 90 %
Laghdú 0,5 % ar an bpraghas le haghaidh gach pointe céatadáin idir 80 % agus 90 %
Tá faoi bhun 80 % do-ghlactha
Péacadh (modh sárocsaíde): 96 % ar a laghad
Tá faoi bhun 96 % do-ghlactha
Cur amú iomlán: 3 % ar a mhéad
Méid a thiteann trí chriathar 2,2 mm lena n-áirítear gráinní briste, gráinní glasa agus dubha sa chuid tástála iomlán.
Ábhar eachtrach ón gcuid tástála iomlán.
Laghdú 1 % ar an bpraghas le haghaidh gach pointe céatadáin de chur amú iomlán idir 3 % agus 7 %; tá os cionn 7 % do-ghlactha
Gráinní a ndearnadh damáiste dóibh go meicniúil (crotail a ndearnadh damáiste dóibh): 2 % ar a mhéad
Laghdú 1 % ar an bpraghas le haghaidh gach pointe céatadáin idir 2 % agus 4 %
Tá os cionn 4 % do-ghlactha
Gráinní a ndearnadh damáiste bitheolaíoch dóibh (bioranna donna): 2 % ar a mhéad
Laghdú 1 % ar an bpraghas le haghaidh gach pointe céatadáin idir 2 % agus 4 %
Tá os cionn 4 % do-ghlactha
Íonacht an chineáil: 96 % ar a laghad
Ní mór eorna bhraiche a bheith sláintiúil, tirim, aibí agus saor ó lotnaidí, agus ní fhéadfaidh gráinní péactha, gráinní a bhfuil fusarium orthu, síolta lus na gréine ná gráinní ar léir go bhfuil caonach ar a gcrotal a bheith inti.
Chomhaontaigh na páirtithe conarthacha nach mór go gcomhlíonann an eorna bhraiche a sholáthraítear caighdeán STN 46 1100-5, modheolaíocht EBC 4.22 agus Foraithne Uimh. 557/1998-100 ó Aireacht Talmhaíochta agus Aireacht Sláinte na Slóvaice – Codex Alimentarius Phoblacht na Slóvaice, chomh maith le reachtaíocht eile a bhfuil feidhm ghinearálta aici agus atá i bhfeidhm i bPoblacht na Slóvaice.
3.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Cé go bhfuil go leor ama caite ó rinneadh na chéad taifid stairiúla, caomhnaíodh saothrú eorna braiche agus táirgeadh ‘Trnavský slad’ go dtí an lá atá inniu ann, agus ní dhearna modhnuithe teicneolaíochta difear do shaintréithe an táirge.
— |
An eorna a ghlacadh agus a ghlanadh |
— |
Cur ar maos |
— |
Péacadh na heorna |
— |
Triomú áithe |
— |
Dí-phéacadh |
— |
Snasú agus seoladh |
3.5. Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Fástar an eorna bhraiche as a dtáirgtear ‘Trnavský slad’ i limistéar geografach atá suite idir Abhainn Váh agus sléibhte Malé Karpaty in Ísealchríocha na Danóibe. Is é atá i machaire Trnava an chuid thoir thuaidh d’Ísealchríocha na Danóibe. Ag an teorainn thiar den limistéar tá sléibhte Malé Karpaty agus ag an teorainn thoir theas de tá Abhainn Váh agus sliabhraon Považský Inovec.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an t-iarratas ar chlárú an táisc gheografaigh ‘Trnavský slad’ bunaithe ar a cháilíocht, mar gheall ar dhálaí ithreach agus aeráide agus stair an réigiúin.
Saintréith de limistéar mhachaire Trnava is ea an tuath séimh droimneach a éiríonn ina cnoic ísealchríche san iarthuaisceart. Tá an airde os cionn leibhéal na farraige idir 150 agus 215 m; san iarthuaisceart éiríonn sé níos airde suas le bunchnoic shléibhte Malé Karpaty. Tá an limistéar in abhantrach Váh. Is é atá sa chumhdach ithreach seornaiseom ar ithreacha lóis agus seornaiseoim chreimthe. Is ithreacha créúla agus ithreacha áitiúla cré-dúrabháin neamh-chnámharlaigh is mó atá ann; tá siad sin measartha tirim, le hacmhainneacht ard coinneála agus tréscaoilteacht mheánach.
Tá an limistéar geografach sainithe te tirim agus bíonn an geimhreadh séimh ann. Is é 9-10 °C an aertheocht mheánach bhliantúil. Is í mí Iúil an mhí is teo (20,3 °C) agus is í mí Eanáir an mhí is fuaire (–2,2 °C). De thoradh aeráid the thirim an limistéir agus na dálaí ithreach atá ann, bíonn na gráinní níos mó: bíonn siad 8-10 mm ar fad, 3-4 mm ar leithead agus 3-4 mm ar tiús.
Is braich eorna éadrom de ghrád bia de chineál pilsnéir é ‘Trnavský slad’ atá beartaithe go príomha chun beoir a tháirgeadh. Faightear é ó chineálacha deimhnithe eorna dhéshrathach a dhéantar a phórú ar bhonn roghnaitheach agus a fhástar go príomha ar mhachaire Trnava, arb é atá ann seornaiseom ardcháilíochta sonrach ina bhfuil aeráid ar leith a bhfuil tionchar aici ar cháilíocht na heorna a fhástar ann; mar sin tá clú ar leith ar an eorna sin mar gheall ar a cáilíocht agus a carachtar. Is minic a fhanann geall le 100 % de na gráinní os cionn an chriathair, bíonn siad cosúil lena chéile ó thaobh méide de, agus bíonn níos mó stáirse iontu (64-66 %) mar gheall ar na méideanna nítrigine níos ísle sa ghráinne; is é 10 % an leibhéal is fearr, rud a áirithíonn eastóscachas níos airde sa bhraich (a sháraíonn 83 % go minic, agus a théann suas le 85 % uaireanta). I gcás an iomarca báistí le linn na tréimhse aibithe, laghdaítear cáilíocht bhracaidh na ngráinní, mar gheall go spreagann aimsir fhliuch oibreáin choipthe a bhriseann síos an stáirse ina shiúcraí agus mar gheall nach maith mar a phéacann na gráinní le linn an bhracaidh. Is iad na dálaí aeráide agus ithreach fabhracha sin go díreach is cúis le cáilíocht shonrach na gcineálacha eorna, murab ionann agus na cineálacha atá oiriúnach do ‘České pivo’ [beoir Sheiceach], atá an-chrua agus oiriúnach do bhrachadh fuar agus fada ar an líne tháirgthe. I gcodarsnacht leis sin, tá na cineálacha a fhástar ar mhachaire Trnava i gcatagóir na gcineálacha boga, rud a chiallaíonn go ndéantar iad a bhriseadh síos go tapa agus go héasca le linn brachadh te ar an líne táirgthe, rud a spreagann neart ard einsímeach.
Is traidisiún seanbhunaithe sa limistéar sainithe é eorna bhraiche a shaothrú. I gcomhar le saothrú eorna braiche, atá bainteach le dálaí ithreach agus aeráide iomchuí an limistéir gheografaigh shainithe, tháinig tionscal próiseála chun cinn freisin chun braich a dhéanamh den amhábhar sin. Cuireann sé sin fostaíocht ar fáil do shaothróirí eorna braiche agus do tháirgeoirí braiche araon. De réir an fhoilseacháin ‘Tíreolaíocht eacnamaíoch agus réigiúnach Phoblacht na Slóvaice’(Ema Mišúnová, Zdenko Mocko agus Viera Vlčková, Ekonomická univerzita, 1994): ‘Tá dálaí aeráide agus ithreach an-mhaith sa chuid uachtarach de réigiún Ponitrie agus ar mhachaire Trnava, agus is bunchlocha iad sin chun eorna bhraiche a fhás. Déantar braich Trnava agus Nitra a phróiseáil i dtithe braiche móra nua in Trnava ...’.
Téann na chéad tagairtí do theach braiche in Trnava siar go 1395, tráth a tugadh ‘Geata na Braiche’ ar cheann de na cúig gheata cathrach. Téann traidisiún táirgthe beorach agus braiche i réigiún Trnava siar go dtí an 16ú haois, tráth a bhí dhá ghrúdlann ag Trnava fiú. Ba thréimhse an-tábhachtach é an 18ú haois i gcomhthéacs stair na grúdaireachta in Trnava. In 1752 d’údaraigh an Seomra Ríoga don chathair grúdlann nua a thógáil in aice leis an tseanghrúdlann nach raibh in ann coinneáil suas leis an éileamh. Ba le Jozef Sessler agus a mhic an ghrúdlann ar dtús. Cheannaigh Sessler grúdlann na cathrach agus, le himeacht ama, athraíodh an cuspóir a bhí aici go dtí go raibh sí dírithe ar tháirgeadh braiche agus sin amháin. Tháinig deireadh le táirgeadh beorach in 1867, agus ba é sin deireadh na ngrúdlann in Trnava freisin. Tá braich fós á déanamh ag an teach braiche sa lá atá inniu ann.
Teach braiche tábhachtach eile in Trnava ab ea ‘Teach Braiche Treumann’, cuideachta onnmhairiúcháin a bhunaigh an tUasal Treumann in 1893. Luaitear an méid seo a leanas ar leathanach 81 d’fhoilseachán ó 1988 dar teideal ‘Stair Trnava’: ‘... tá traidisiún fada ag táirgeadh braiche in Trnava atá fós beo sa lá atá inniu ann.’
Léirítear cáilíocht an táirge, an clú atá air agus na honnmhairí a bhaineann leis san alt ‘Tionscal agus trádáil i réigiún Trnava’ san fhoilseachán ‘Sloboda’ ó 1947, ina luaitear an méid seo a leanas: ‘Is iad na cuideachtaí Prvá trnavská sladovňa Leopolda Sesslera [An Chéad Teach Braiche in Trnava de chuid Leopold Sessler] agus Sladovňa, vývozná úč. spol., Treumann [Cuideachta Tí Braiche Onnmhairiúcháin Treumann] in Trnava a tháirgeann braich Trnava a bhfuil cáil dhomhanda uirthi’.
San alt uaidh dar teideal ‘Tearmann a lorg i ngaiste’ a foilsíodh in ‘Technické noviny’ in 1983, luann Rudolf Zelenay ‘... go bhfuil na deochanna sin ar ardchaighdeán den chuid is mó sa tSeapáin agus tá a lipéad óir tuillte ag braich Trnava anseo. Thart timpeall orainn ar fad, bhíomar in ann a chloisteáil faoin luach ard agus faoin ard-cháil a bhí air.’
In alt dar teideal ‘Scríbhinní ó ré de chuid ghrúdlann Trnava a chuaigh thart faoina dhea-cháil agus faoi onnmhairiú an táirge chuig margaí an domhain’ in Technické noviny ó 1986, scríobh Dr Jozef Šimončič: ‘Is de réir a chéile a bhain “Trnavský slad” áit bhuan amach ar mhargaí an domhain anois ...’.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
https://www.indprop.gov.sk/swift_data/source/pdf/specifikacie_op_oz/Trnavsky_slad.pdf
(1) Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11.4.2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5477/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)