This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XC04108
Notice to economic operators, importers and exporters
Fógra d’oibreoirí eacnamaíocha, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí
Fógra d’oibreoirí eacnamaíocha, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí
C/2024/4475
IO C, C/2024/4108, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4108/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/4108 |
24.6.2024 |
Fógra d’oibreoirí eacnamaíocha, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí
(C/2024/4108)
Le Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), rinneadh athnuachan ar na bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí de chuid na hÚcráine. An tráth céanna, le hAirteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392 tugadh isteach beart coimirce uathoibríche nua d’uibheacha, éanlaithe clóis, siúcra, coirce, arbhar Indiach, piocuaran agus mil (‘na táirgí lena mbaineann’), beart lena ndéantar foráil maidir le tabhairt ar ais an taraif-chuóta a cuireadh ar fionraí le hAirteagal 1(1), pointe (b), den Rialachán sin i gcás ina sroicheann méideanna carnacha allmhairí táirge ón 1 Eanáir 2024 an meán uimhriúil de mhéideanna allmhairí an táirge sin arna dtaifeadadh sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2021, in 2022 agus in 2023.
An fhaisnéis atá ar fáil go poiblí (2) maidir le méideanna carnacha allmhairí na dtáirgí lena mbaineann, tiomsaítear í mar a leanas: maidir leis na hallmhairí a thaifeadtar idir an 1 Eanáir 2024 agus an 6 Meitheamh 2024, tiomsaítear na méideanna allmhairí ar bhonn na méideanna allmhairí a thaifeadtar in Eurostat agus in Surveillance 3 ina dhiaidh sin, de réir mar a bheidh siad ar fáil. Maidir le hallmhairí na dtáirgí lena mbaineann ón 7 Meitheamh 2024, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1671 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 (3) bunaítear córas sraithuimhreacha chun méideanna allmhairí na dtáirgí lena mbaineann a rianú. An taifead ar na méideanna allmhairí idir an 1 Eanáir 2024 agus an 6 Meitheamh 2024, d’fhéadfadh sé go gceartófaí é mar thoradh ar thuairisciú breise a bheith déanta ag na Ballstáit maidir le méideanna allmhairí.
Mar shampla, fuair an Coimisiún faisnéis nuashonraithe le déanaí ó Bhallstát maidir leis an méid siúcra a allmhairíodh idir an 1 Eanáir 2024 agus an 6 Meitheamh 2024. Dá réir sin, shroich an méid carnach siúcra a allmhairíodh in 2024 an meán uimhríochtúil ábhartha a ríomhadh san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1671. Is é an toradh a bhíonn ar cheartúcháin den sórt sin coigeartú ar an méid a léirítear sa ró ‘comhardú’ den fhaisnéis atá ar fáil go poiblí. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí coigeartuithe den chineál céanna amach anseo maidir leis na táirgí eile lena mbaineann.
(1) Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L, 2024/1392, 29.5.2024).
(2) https://ec.europa.eu/taxation_customs/dds2/taric/quota_consultation.jsp?Lang=en&Origin=UA&Code=&Critical=&Status=&Year=2024&Expand=true
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1671 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena leagtar síos na socruithe chun faireachán a dhéanamh ar na méideanna allmhairí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán 2024/1392 (IO L, 2024/1671, 6.6.2024).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4108/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)