Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC02510

    Foilsiú iarratais ar leasú ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

    C/2024/2298

    IO C, C/2024/2510, 9.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2510/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2510/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/2510

    9.4.2024

    Foilsiú iarratais ar leasú ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

    (C/2024/2510)

    Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

    DOICIMÉAD AONAIR

    ‘Dalmatinski med’

    Uimh. AE: PDO-HR-02837 — 14.4.2022

    ATFC (X) TGFC ( )

    1.   Ainm nó ainmneacha [ATFC]

    ‘Dalmatinski med’

    2.   Ballstát nó Tríú Tír

    Poblacht na Cróite

    3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia

    3.1.   Cineál an táirge

    Aicme 1.4 Táirgí eile de bhunadh ainmhíoch (uibheacha, mil, táirgí déiríochta éagsúla seachas im, etc.)

    3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

    3.2.1.   Sainmhíniú ar an táirge

    Mil is ea í ‘Dalmatinski med’ a tháirgeann coilíneachtaí beach mheala Carniola (Apis mellifera carnica, Pollmann 1879) ó neachtar na sáiste coitinne (Salvia officinalis L.), Jerusalem thorn (Paliurus spina-christi Mill.), sáibhre (Satureja spp.), fraoch (Erica spp.), mandairín (Citrus unshiu Marc.), drúchtín meala atá le fáil ar mhailp Montpellier (Acer monspessulanum L.) agus na speicis phlandaí dhuillsiteacha eile ag fás sa Dalmáit.

    Tagraíonn an téarma ‘Dalmatinski med’ do na cineálacha meala seo a leanas:

    mil aonbhláthach, i.e. mil inar neachtar speicis plandaí aonair a bhíonn chun tosaigh, agus a saintréithe meileasapailineolaíocha, orgánaileipteacha agus fisiciceimiceacha féin aige a leagtar amach sa tsonraíocht seo;

    mil sáiste;

    mil Jerusalem thorn;

    mil bhlasta;

    mil fraoigh;

    mil mhandairín;

    mil bhláthanna, i.e. mil ilbhláthach comhdhéanta de neachtar plandaí éagsúla nach bhfuil aon speiceas plandaí aonair chun tosaigh inti;

    Mil drúchtín meala mhailp Montpellier;

    mil drúchtín meala ó chrainn dhuillsilteacha.

    3.2.2.   Saintréithe meileasapailineolaíocha

    An cineál meala

    Speictream pailine

    Nóta

    Speicis plandaí a thugann neachtar

    Speicis plandaí nach dtugann neachtar

    I gcás ina n-asbhaintear an cion pailine plandaí nach dtugann neachtar ón áireamh pailine iomlán, ní mór an méid a leanas a chur i bhfeidhm:

    Mil sáiste

    Paliurus spina christi, Erica arborea, Rhamnus spp., Cirsium spp., Trifolium pratense, Liliaceae, Apiaceae agus Centaurea spp.

    Helianthemum spp., Cistus spp., Fraxinus spp., Quercus ilex, Quercus spp. agus Fraxinus ornus

    >10 % pailin sáiste

    Mil Jerusalem thorn

    Trifolium pretense, Vicia spp., Melilotus spp., Apiaceae, Salvia officinalis, Brassicaceae agus Cornus sanguinea

    Fraxinus ornus, Dactylis glomerata agus Helianthemum spp.

    >50 % pailin Jerusalem thorn

    Mil bhlasta

    Apiaceae, Rhamnus spp., Centaurea spp., Trifolium pratense, Asteraceae – cineál Taraxacum, Allium spp., Liliaceae agus Lotus corniculatus

    Helianthemum spp., Fraxinus spp., Filipendula vulgaris, Plantago spp. agus Dactylis glomerata

    >25 % pailin bhlasta

    Mil mhandairín

    Rhamnus alaternus, Asteraceae – cineál Taraxacum, Brassicaceae, Erica arborea, Apiaceae agus Melilotus officinalis

    Fraxinus ornus, Quercus ilex, Quercus spp., Olea europea agus Cistus spp.

    >5 % pailin mandairín

    Mil fraoigh

    Hedera helix, Satureja cuneifolia, Brassicaceae, Apiaceae, Asteraceae, Salvia officinalis, Myrtus communis agus Rhamnus spp.

    Cistus spp., Fraxinus ornus agus Ephedra spp.

    >50 % pailin fraoigh

    Mil bláthanna

    Trifolium pretense, Apiaceae, Paliurus spina-christi, Melilotus spp., Rhamnus spp., Liliaceae, Centaurea spp., Salvia officinalis, Vicia spp., Lotus corniculatus agus Cornus sanguinea

    Fraxinus ornus, Helianthemum spp., Quercus spp. agus Cistus spp.

    -

    Míl drúchtín meala mhailp Montpellier

    Trifolium pretense, Cerinthe minor, Apiaceae, Rhamnus spp., Melilotus spp., Allium spp. agus Paliurus spina-christi

    Fraxinus spp., Dactylis glomerata, Helianthemum spp., Quercus spp. agus Ephedra spp.

    D’fhéadfadh cion na n-eilimintí drúchtín meala agus pailin speiceas a thugann neachtar a bheith idir 1.17 agus 7.55.

    Mil drúchtín meala ó chrainn dhuillsilteacha

    Trifolium pretense, Apiaceae, Rhamnus spp., Paliurus spina-christi, Melilotus spp. agus Liliaceae

    Fraxinus ornus, Helianthemum spp. Cistus spp. agus Quercus spp.

    D’fhéadfadh cion na n-eilimintí drúchtín meala agus pailin speiceas a thugann neachtar a bheith idir 0,38 agus 4,46.

    3.2.3.   Tréithe orgánaileipteacha

    An cineál meala

    Dath

    Boladh

    Blas

    Dea-bholadh

    Mil sáiste

    Idir ómra éadrom agus ómra dorcha, agus loinnir scothghlas is saintréith di

    Déine mheasartha, luibheanna íocshláinte, bláthanna triomaithe agus aramatacha, camfar, torthaí triomaithe nó bruite

    Idir measartha imchoimeádach agus an-imchoimeádach, idir measartha milis agus an-mhilis, le haigéadacht mheánach agus idir beagán agus measartha searbhas

    Measartha imchoimeádach, bláthach, bláthanna triomaithe agus aramatacha, licéar luibhe, almóinní

    Mil Jerusalem thorn

    Idir ómra éadrom agus ómra dorcha

    Déine idir íseal agus measartha, te, taifí, torthaí bruite

    Idir measartha imchoimeádach agus an-imchoimeádach, idir measartha milis agus an-mhilis, le haigéadacht íseal

    Measartha imchoimeádach, te, fanaile, taifí bainne, céir, torthaí bruite

    Mil bhlasta

    Idir ómra éadrom agus ómra dorcha

    Déine idir measartha agus ard, luibheanna triomaithe, ithir thais

    Idir measartha imchoimeádach agus an-imchoimeádach, measartha milis agus an-mhilis, le haigéadacht íseal agus idir beagán agus measartha searbhas

    Idir measartha agus an-imchoimeádach, pailin, ithir thais, luibheanna aramatacha

    Mil fraoigh

    Idir donn agus donn dorcha, agus scáileanna d’oráiste agus dearg

    Déine mheasartha, caramal, siúcra bruite

    Idir séimh agus measartha imchoimeádach, measartha milis, agus searbhas éadrom

    Inchoimeádachas idir éadróm agus measartha, caramal, adhmad aramatach, gliú

    Mil mhandairín

    Idir buí éadrom agus oráiste

    Déine mheasartha, boladh de bhláth oráiste, marmaláid oráiste

    Idir séimh agus measartha imchoimeádach, measartha milis, agus aigéadacht íseal

    Measartha imchoimeádach, bláthach, torthaíoch, síol ainíse

    Bláth mil

    Idir buí agus donn

    Déine idir measartha agus láidir, torthaíoch, torthaí bruite nó compóit, luibheanna aramatacha, luibheanna móinéir, céir

    Idir measartha imchoimeádach agus an-imchoimeádach, le hiarbhlas géar milis, idir measartha milis agus an-mhilis, le haigéadacht mheasartha

    Idir measartha imchoimeádach agus an-imchoimeádach, bláthach, torthaí úra, compóit, taifí nó imreog, molás, luibheanna aramatacha

    Míl drúchtín meala mhailp Montpellier

    Idir donn agus donn dorcha, le scáileanna deirg

    Measartha dian, molás, trátaí triomaithe, luibheanna triomaithe, eastóscán giosta

    Measartha imchoimeádach, idir séimh agus measartha milis le goirte mheasartha agus aigéadacht íseal

    Déine mheasartha, molás agus torthaí triomaithe, eastóscán giosta, trátaí triomaithe, subh fige, dátaí

    Mil drúchtín meala ó chrainn dhuillsilteacha

    Idir ómra dorcha agus donn dorcha

    Idir measartha dian agus an-dian, molás, caramal, luibheanna triomaithe, torthaí próiseáilte, almóinní searbha

    Measartha imchoimeádach, measartha milis, agus aigéadacht idir íseal agus measartha, searbh uaireanta

    Déine mheasartha, molás agus torthaí triomaithe, torthaí próiseáilte, caramal, balsamach, luibheanna triomaithe

    3.2.4.   Paraiméadair fhisiceimiceacha

    An cineál meala

    Seoltacht leictreach

    Cion hiodrocsaimeitiolfúrfúrail (HMF)

    Cion uisce

    Gníomhaíocht diastáise

    Mil sáiste

    0,20 –0,45  mS/cm

    Uas. 15 mg/kg le haghaidh na meala uile tráth a chuirtear an táirge ar an margadh

    Uas. 18,5 % le haghaidh meala blasta agus meala fraoigh; uas. 18,0 % le haghaidh gach meala eile

    Íos DN 8 do na cineálacha uile meala ach amháin do mhil mhandairín:, i gcás ina bhféadfaidh DN bheith idir 4 agus 8 de réir an scála Schade, ar choinníoll nach mó an cion hiodrocsaimeitiolfúrfúrail ná 10 mg/kg.

    Mil Jerusalem thorn

    0,50 –0,80  mS/cm

    Mil bhlasta

    0,20 –0,55  mS/cm

    Mil fraoigh

    0,45 –1,05  mS/cm

    Mil mhandairín

    0,15 –0,35  mS/cm

    Mil bláthanna

    Uas. 0,80  mS/cm.

    Míl drúchtín meala mhailp Montpellier

    Íos. 1,30  mS/cm.

    Mil drúchtín meala ó chrainn dhuillsilteacha

    Íos. 0,80  mS/cm.

    3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

    Toirmisctear coilíneachtaí beiche a bheathú agus na beacha ar thóir foráiste, i.e. agus ‘Dalmatinski med’ á táirgeadh. Ceadaítear beathú d’fhonn soláthar bia leordhóthanach a áirithiú don gheimhreadh agus do thréimhsí nach bhfuil na beacha ar thóir foráiste; ní mór beathú a chur i gcrích ar a laghad 14 lá roimh thús an tséasúir foráiste áfach. Ní cheadaítear ach síoróip siúcra agus/nó cácaí siúcra agus meala mar bheatha. Féadfar an bheatha a tháirgeadh as siúcra boird de thionscnamh laistigh den limistéar geografach sainithe, ach níor cheart í a bheith níos mó ná 50 % den ábhar tirim ar an leibhéal bliantúil. Leagadh amach an tráthchlár maidir le coilíneachtaí beiche a bheathú chun áirithiú nach mbeidh tionchar ag an mbeatha ar cháilíocht ‘Dalmatinski med’ nó a nasc leis an limistéar geografach.

    3.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

    Ní mór céimeanna uile den táirgeadh ‘Dalmatinski med’ (sealgaireacht, eastóscadh, scagadh agus stóráil) a dhéanamh sa limistéar geografach a shainítear i bpointe 4.

    3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Chun cáilíocht agus inrianaitheacht a áirithiú, ní mór an mhil a phacáistiú sa limistéar geografach sainithe. D’fhéadfadh teochtaí mí-oiriúnacha (ard) teacht as iompar, rud a athraíonn paraiméadair fhisiciceimiceacha agus saintréithe orgánaileipteacha na meala nó bheith ina údar le bolaithe coimhthíocha nó taise ón aer a ionsú ag an mil. Déanann pacáistiú na meala sa limistéar sainithe truaillmheascadh le mil ó limistéir eile a chosc freisin. Pacáistítear an mhil i gcoimeádáin de mhéideanna éagsúla. Ní mór caidhpeanna aer-obacha, miotalach más féidir, a úsáid chun cosc a chur ar an mil a boladh agus dea-bholadh a chailleadh agus bolaithe coimhthíocha nó taise ón aer a ionsú.

    3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Ní mór an lógó ‘Dalmatinski med’ bheith ar gach coimeádán nuair a chuirtear ar an margadh é. I dteannta an lógó, ní mór faisnéis maidir le cineál na meala, an táirgeoir agus an bhliain táirgthe, agus stampa ar a bhfuil uimhir aitheantais a bheith greamaithe air. Tá an lógó comhdhéanta de bhréad buí i bhfoirm ciorcail, leis na focail ‘Dalmatinski med’ sa lár os cionn an chiorcail agus faoina bhun. Laistigh den chiorcal tá beach bhuí stílithe, agus tonnta farraige gorma thíos faoi. Tá bréid ghorma stílithe bhreise ar thaobh na láimhe clé agus ar thaobh na láimhe deise den bheach (Fíor 1).

    Fíor 1

    lógó ‘Dalmatinski med’

    Image 1

    4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

    Is iad na contaetha Zadar, Šibenik-Knin, Split-Dalmatia agus Dubrovnik-Neretva an limistéar geografach le haghaidh tháirgeadh ‘Dalmatinski med’.

    5.   Nasc leis an limistéar geografach

    Is éard is saintréithe uathúla do ‘Dalmatinski med’ comhdhéanamh bláthach, tírdhreach agus tosca aeráide na Dalmáite, chomh maith leis an traidisiún beachaireachta atá ann le fada.

    Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

    Saintréith den limistéar geografach sainithe is ea an iliomad oileán agus crios cósta ag a bhfuil sliabhraonta tadhlacha. De ghnáth bíonn samhraí teo agus tirime agus geimhrí séimhe agus báistiúla ag aeráid na Dalmáite. Tá na spéartha is soiléire sa Chróit ina iomláine ag an Dalmáit agus fásra nádúrtha agus talmhaíocht fhorleathan mar shaintréithe aici. A chomhdhéanamh bláthach sonrach, de thoradh ar an idirghníomhaíocht idir aeráidí na Meánmhara, idirchriosacha na Meánmhara agus alpacha atá sé. Is róléir an t-idirghníomhú idir an fharraige agus na sléibhte sa mheascán flóra alpaigh agus flóra na Meánmhara ag fás gar dá chéile chomh maith le roinnt speiceas eindéimeach, a léiríonn gach ceann acu uathúlacht luibheolaíoch an limistéir. Meastar go bhfuil na hoileáin agus an crios cúng cósta mar óstach ar thart ar 1 450 speiceas agus gur féidir teacht ar suas le 1 600 speiceas i limistéir ina bhfuil cineálacha fásra na Meánmhara chun tosaigh. Is iad na speicis sin, in éineacht leis na speicis atá ag fás ar fhánaí na sliabhraonta a bhfuil a n-aghaidh ar an bhfarraige a dhéanann suas na 2 500 speiceas agus fospeiceas nó mar sin atá faoi bhláth laistigh den réigiún cladachúil níos forleithne agus atá mar 44 % d’acmhainní bláthacha iomlána na Cróite. Sainaithníodh 192 thacsón eindéimeacha sa réigiún cladachúil san iomlán, arb é atá iontu níos mó ná leath (53,5 %) de na speicis eindéimeacha uile sa Chróit. Léirítear an uathúlacht luibheolaíoch i bpróifíl shonrach den speictream pailine agus saintréithe orgánaileipteacha ‘Dalmatinski med’ araon.

    Sainiúlacht an táirge

    Tá ról ríthábhachtach maidir le saintréithe na meala a chinneadh ag an nasc idir na dálaí aeráide agus ithreacha agus an comhdhéanamh bláthach, i gcomhar leis na cleachtais bheachaireachta áitiúla. Léiríodh le hanailís mheileasapailineolaíoch ar shamplaí meala go bhfuil an cion pailine sáiste idir 11 % agus 67 % le meánluach de 24 %. Léirítear le samplaí meala blasta go bhfuil an cion pailine blasta idir 22 % agus 80 % le meánluach 51 %. Amhail sáiste, níl a lán sáibhre ann; léiríonn na luachanna a shonraítear dá bhrí sin nádúr uathúil na meala seo.

    Tá cion pailine níos mó ná 60 % ag mil Jerusalem thorn de ghnáth. Dá thoradh sin, méadaíodh tairseach an chion pailine 45 % a bhí ann roimhe a cheanglaítear chun an mhil a lipéadú mar aonbhláthach go 50 % chun sainiúlacht mhil Jerusalem thorn na Dalmáite a chur i dtábhacht a thuilleadh i gcomparáid leis an gcineál meala céanna a tháirgtear in áiteanna eile. Saintréith shonrach eile na meala is ea í a seoltacht leictreach, a bhí níos airde ná 0,8 mS/cm i mbeagnach leath de na samplaí. Thairis sin, níor aimsíodh aon eilimintí drúchtín meala sna samplaí ar a ndearnadh anailís, rud a léiríonn cé gur mil neachtair í seo, go bhfuil na luachanna níos airde ná an meán mar gheall ar a comhdhéanamh ceimiceach sonrach.

    Tá cáil ar mhil chitris, mil oráiste agus líomóide is coitianta, sa mhargadh domhanda mar gheall ar a saintréithe orgánaileipteacha. Ar an gcúis sin, acmhainn bhláthach shonrach is ea na fáschoillte monashaothraithe mandairín satsúma i nDeilte Neretva a chumasaíonn mil mhandairín a tháirgeadh, ag cur i dtábhacht leis sin a suaithinseacht i gcomparáid le cineálacha meala citris eile. Le meánchion pailine fraoigh de 63 %, tá mil fraoigh an-aonbhláthach de ghnáth. Dá thoradh sin, méadaíodh an t-íoschion pailine de 45 % a bhí ann roimhe a cheanglaítear chun an mhil a lipéadú mar aonbhláthach go 50 % chun a sainiúlacht a chur i dtábhacht a thuilleadh i gcomparáid le mil fraoigh a tháirgtear in áiteanna eile. Léirítear an tsuaithinseacht sin freisin sa speictream pailine, le cion níos airde den phailin eidhneáin choitinn (Hedera helix) agus Satureja cuneifolia, lena ndealaítear í ó [mil a tháirgtear in] limistéir eile. I dtéarmaí tionscnaimh luibheolaíoch, is í mil bhláthanna atá ar an sciar is mó de tháirgeacht meala sa limistéar geografach sainithe. Nochtadh le speictream pailine na samplaí meala go bhfuil Trifolium pratense, Apiaceae, Paliurus spina christi, Melilotus spp. agus Rhamnus spp an pailin is coitianta sa mhil, lena ndéantar í a idirdhealú ón mhil bhláthanna a tháirgtear i réigiúin eile ach ní amháin sin a chuireann a huathúlacht i dtábhacht freisin.

    Is féidir mil drúchtín meala ó chrainn dhuillsilteacha a tháirgeadh freisin sa Dalmáit. Is é an rud atá speisialta faoin drúchtín meala atá i mailp Montpellier, a fhásann go flúirseach i gcúlchríoch Biokovo, ná nach dtálann aifidí nó feithidí gainneacha í, mar a tharlaíonn de ghnáth, ach speiceas de chriogar féir (Acericerus heydenii Kirschbaum, 1868). Agus seoltacht leictreach 1,50–2,01 mS/cm, agus meánluach 1,77 mS/cm, tá difear idir an mhil drúchtín meala seo agus cineálacha eile de mhil drúchtín meala a fhaightear ó chrainn dhuillsilteacha. Is í an ghné shonrach den mhil drúchtín meala seo ná go gcoinníonn sí a staid slaodach ar feadh tamaill fhada. Is féidir mil drúchtín meala ón dair thoilm, dair chlúmhach agus dair Shasanach a tháirgeadh sa limistéar freisin.

    Nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge

    Bíonn tionchar láidir ag na tosca sonracha aeráide, ithreacha agus oragrafacha ar tháirgeadh an neachtair sna príomhspeicis phlandaí chomh maith le ráta tarlaithe feithidí a tháirgeann drúchtín meala, lena gcinntear, ar a sheal, tionscnamh luibheolaíoch agus saintréithe fisiciceimiceacha agus orgánaileipteacha na meala. Is í mil sáiste an t-aon mhil a léiríonn an nasc seo. Fásann sáiste go príomha i limistéir karst, ar fho-ithir thar a bheith clochach in áiteanna atá nochta do ghaoth Bora. Is léiriú ar an nasc cúisíoch próifíl shuaithinseach orgánaileipteach na meala agus speictream sonrach pailine atá uathúil don Dalmáit, atá difriúil ó limistéir eile inar féidir mil sáiste a tháirgeadh.

    Le plandaí na Meánmhara agus plandaí alpacha ag fás gar dá chéile tá comhdhéanamh bláthach sonrach ann a thugann a saintréithe do ‘Dalmatinski med’. Tá sé sin níos feiceálaí i mil bhláthanna, a léiríonn saintréithe orgánaileipteacha níos suntasaí mar gheall ar an gcomhdhéanamh neachtair agus go háirithe na comhpháirteanna fíor-riachtanacha plandaí atá ag fás in aeráidí na Meánmhara agus na fo-Mheánmhara.

    Sainiúlacht eile an limistéir gheografaigh is ea iad na fáschoillte monashaothraithe mandairín satsúma i nDeilte Neretva a sholáthraíonn cainníochtaí flúirseacha neachtair agus a chinneann tionscnamh luibheolaíoch agus próifíl orgánaileipteach de mhil mhandairín. Léirítear an tsainiúlacht sin leis na heilimintí comhdhúile so-ghalaithe atá ann nach bhfuil le fáil i mil chitris eile.

    Is uathúil chomh maith é an limistéar geografach sainithe mar gheall ar a dhálaí aeráide, a chuidíonn le láithreacht Acericerus heydenii, agus garráin ollmhóra mhailpe Montpellier, ar réamhriachtanas araon iad chun cineál sonrach de mhil drúchtín meala a tháirgeadh le paraiméadair fhisiciceimiceacha (seoltacht leictreach sách ard agus cion uisce íseal) agus próifíl orgánaileipteach lena ndealaítear í ó mhil drúchtín meala a fhaightear ó chrainn dhuillsilteacha lasmuigh den Dalmáit.

    Bhí aithne agus meas ar ‘Dalmatinski med’ ó na cianaoiseanna. Chuir Pliny béim ar a cáilíocht, go háirithe maidir le mil olinitio ó oileán Šolta (Olynta mar a tugadh air ansin), ar a raibh níos mó meas ag na Rómhánaigh ná mar a bhí ar mhil Shliabh Hymmetus. Baineannn traidisiún fada leis an mbeachaireacht. In 1875 bunaíodh comharchumann beachaireachta ar Šolta, agus ceann eile ina dhiaidh sin ar oileán Pag in 1905 agus ceann amháin eile ar Pelješac in 1910. Faoi láthair, tá 31 chomharchumann beachaireachta sa Chomhlachas agus 1 887 mbeachaire san iomlán iontu. Tá dlúthnasc idir modh táirgthe ‘Dalmatinski med’ agus scileanna na mbeachairí áitiúla, atá de thoradh taithí agus traidisiún a tugadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Tá leas á bhaint as teicneolaíochtaí nua-aimseartha freisin, ag léiriú meas do chleachtais bheachaireachta an tráth céanna. Le linn na tréimhse sealgaireachta, ní bheathaítear breis do na beacha, ná ní úsáidtear aon oibreáin rialaithe galar. Ní sháraíonn an teocht sa slabhra táirgeachta 40 céim Celsius riamh, lena n-áirithítear cáilíocht na meala atá le feiceáil trí chion íseal HMF. Léirítear an t-ardleibhéal scileanna beachaireachta sa chumas chun na háiteanna is fearr le haghaidh coirceog a aimsiú agus an t-am ceart a roghnú chun an mhil a eastóscadh chun a cion uisce a choinneáil íseal. Tá na scileanna sin, in éineacht le saintréithe an limistéir gheografaigh, fabhrach do mhil aonbhláthach a tháirgeadh.

    Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

    https://poljoprivreda.gov.hr/UserDocsImages/dokumenti/hrana/zoi-zozp-zts/10_7_23%20Specifikacija_Dalmatinski_med.pdf


    (1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2510/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top