This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XC01647
Publication of an application for registration of a name pursuant to Article 50(2)(b) of Regulation (EU) No 1151/2012 of the European Parliament and of the Council on quality schemes for agricultural products and foodstuffs
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
C/2024/1102
IO C, C/2024/1647, 23.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1647/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1647 |
23.2.2024 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(C/2024/1647)
Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.
SONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH TÁIRGE TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT
‘Vrbovečka pera’
Uimh. AE: TSG-HR-02497 -12.5.2023
Ballstát nó Tríú Tír: Poblacht na Cróite
1. Ainm nó ainmneacha le clárú
‘Vrbovečka pera’
2. Cineál táirge [mar atá sé in Iarscríbhinn XI]
Aicme 2.27. Arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara
3. An foras le clárú a dhéanamh
3.1. Cé acu de na nithe seo a leanas is fíor i leith an táirge
|
☐ |
is toradh é ar mhodh táirgthe, ar mhodh próiseála nó ar mhodh comhdhéanaimh a fhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an táirge bia sin |
|
☒ |
táirgtear é ó amhábhair nó ó chomhábhair arb iad a úsáidtear go traidisiúnta. |
Is táirge traidisiúnta é an táirge ‘Vrbovečka pera’, toisc gur rud é a dhéantaí in árais teaghlaigh, in oighinn aráin, agus dhéantaí é le comhábhair a táirgeadh sa bhaile agus a úsáideadh mar phríomhbhianna nó chun miasa níos casta a ullmhú mar shampla. I measc na gcomhábhar sin, thar aon ní eile, bheadh plúr a fuarthas ó chruithneacht a fásadh agus a meileadh ag baile agus grán buí le haghaidh an taois, agus ansin cáis tí agus uachtar a ullmhaíodh ar bhealach traidisiúnta, chun aon bhainne úr nár úsáideadh a ídiú, chomh maith le huibheacha ó shicíní agus éanlaith eile a tógadh sa chlós, saill ó ainmhithe feirme, bainne úr, agus roinnt salainn, siúcra agus giosta báicéara. Bhíodh na comhábhair sin uile le fáil go traidisiúnta in aon teach feirme fadó. Tháinig na scileanna ullmhúcháin anuas ó dhuine go duine trí na glúnta bean tí go dtí an lá atá inniu ann.
Úsáidtear na comhábhair/hamhábhair thraidisiúnta seo a leanas chun ‘Vrbovečka pera’: a ullmhú:
|
|
Cáis tí atá déanta as bainne na bó – a fuarthas agus an modh coipthe traidisiúnta in úsáid, i.e. tríd an bainne a aigéadú go nádúrtha ar feadh 2 lá gan binid ná breiseáin eile a chur leis |
|
|
Uachtar géar – a tháirgtear ar an mbealach traidisiúnta, i.e. trí bhainne géar a bhearradh, gan paistéaradh ná cóireáil eile |
|
|
Plúr cruithneachta – cineál 400-500, mín |
|
|
Min arbhair |
|
|
Giosta báicéara – úr |
|
|
Bainne – úr, steirilithe nó paistéartha |
|
|
Siúcra – gránaithe |
|
|
Salann – salann boird |
|
|
Uibheacha – ó fheirmeoireacht rialaithe |
3.2. Maidir leis an ainm, cibé acu
|
☒ |
a úsáideadh go traidisiúnta é chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach nó nár úsáideadh |
|
☐ |
a shainaithnítear saintréith thraidisiúnta nó saintréith shonrach an táirge leis nó nach sainaithnítear |
Tá an t-ainm pera le fáil i gcodanna d’iarthuaisceart na Cróite (Zagorje, Prigorje) agus seasann sé do tháirge a dhéantar as taos a smeartar líonadh cáise agus uachtair anuas air, le comhábhair bhreise nó gan iad, agus cuirtear in oigheann aráin é ansin lena bhácáil. Tá ‘Vrbovečka pera’ speisialta sa mhéid is go bhfuil sé déanta as taos giosta, ach déantar táirgí comhchosúla, amhail perica, loparek nó tenka gibanica, as taos tanaí. Tá cruth ar leith ar ‘Vrbovečka pera’: bíonn sé cruinn i gcónaí, agus imeall beagán ardaithe air a bhíonn cineál fillte thar an líonadh ar bhealach éigin. Bíonn cáis, uachtar, uibheacha, spúnóg min arbhair nó grán buí sa líonadh i gcónaí (agus d’fhéadfaí seimilín nó rís a úsáid ina n-ionad) agus beagán salainn. Ní cheadaítear aon chomhábhar eile. Ar ndóigh, cuirtear spúnóg bheag siúcra leis an líonadh, le haghaidh an leagain mhilis. I leabhar cócaireachta de mhiasa traidisiúnta na Cróite a chuir duine de na cócairí is cáiliúla sa réigiún le chéile, Stevo Karapandža, tá oideas ann le haghaidh ‘Vrbovečka pera’ (S. Karapandža, Hrvatska kuharica [Leabhar Cócaireachta de chuid na Cróite], 1986)
4. Tuairisc
4.1. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm faoi phointe 1, lena n-áirítear a phríomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha lena léirítear saintréith shonrach an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)
Tagann ‘Vrbovečka pera’ faoin gcatagóir táirgí bácála. An tuairisc is fearr a thugtar air ná gur pióg chruinn é atá blasta nó milis le hoideas agus cruth dá chuid féin agus cuma ar leith air atá níos cosúla le píotsa cáise ná aon rud eile. Tá an bun agus an t-imeall ardaithe déanta as taos giosta a tháirgtear as plúr bog, giosta úr, bainne agus salann, agus tá líonadh taobh istigh ann ina bhfuil cáis tí ó bhainne na bó, uachtar agus uibheacha. Tá cineál milis ann freisin a cheadaítear, áit ina gcuirtear spúnóg siúcra leis an líonadh. Ba ghnách an leagan milis a ullmhú do leanaí agus do dhaoine scothaosta.
Cinntear a shaintréith shonrach leis na hairíonna orgánaileipteacha seo a leanas:
|
|
Cuma – tá cruth cruinn ar ‘Vrbovečka pera’, le trastomhas thart ar 35 cm agus tiús thart ar 2 cm sa lár agus suas le 3 cm timpeall ar na himill. Agus slisíní déanta de, ba cheart an tiús céanna a bheith sa taosrán agus sa líonadh, agus níor cheart don líonadh scaradh ón taosrán. Bíonn dath buí órga ar an líonadh, bíonn sé gléineach, agus go minic bíonn sé faoi spotaí cruinne donna de bharr na saille dóite. |
|
|
Dea-bholadh – An boladh a bhíonn ó cháis tí agus uachtar agus taos giosta úr-bhácáilte de ghnáth. |
|
|
Blas – Tá blas cineál goirt agus beagán géar ar ‘Vrbovečka pera’, agus tá blas cineál milis agus cineál géar ar an leagan milis de; cuireann an taosrán leis an líonadh agus an líonadh leis an taosrán agus ní bheadh ceann agat gan an ceann eile. Níor cheart go mbeadh blas amháin níos láidre ná blas eile; ba cheart don bhlas agus don bholadh a bheith mar aon bhlas agus aon bholadh amháin. |
|
|
Uigeacht – Ní mór don taosrán a bheith bácáilte ina iomláine, é a bheith mín agus bog le plaic a bhaint as. |
4.2. Tuairisc ar mhodh táirgthe an táirge lena mbaineann an t-ainm faoi phointe 1 is gá do tháirgeoirí a leanúint lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineál agus saintréithe na n-amhábhar nó na mblastanas a úsáidtear, agus an modh lena n-ullmhaítear an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)
Na comhábhair a theastaíonn:
|
le haghaidh an taosráin |
|
|
plúr mín |
300 g |
|
bainne |
0.2 l |
|
giosta |
16 g |
|
siúcra |
8 g |
|
blonag |
16 g |
|
salann |
8 g |
|
le haghaidh an líonta |
|
|
cáis tí |
400 g |
|
uachtar géar |
140 g |
|
salann |
7 g |
|
min arbhair |
12 g |
|
uibheacha |
1 ubh (+ gealacán 1 ubh) |
|
*siúcra |
16 g |
|
le haghaidh an bharráin |
|
|
uachtar géar |
50 g |
|
uibheacha |
1 ubh (buíocán) |
|
* |
le haghaidh an leagain mhilis amháin |
|
* |
ceadaítear éagsúlacht de ± 5 g ó na méideanna a thugtar. |
An meascán coipthe a ullmhú
Déantar siúcra, giosta úr agus spúnóg amháin den phlúr mín ón méid a mheáitear a mheascadh le chéile agus cuirtear iad i mbainne réamhthéite le coipeadh in áit the.
An taos a ullmhú
Measctar plúr mín, salann, blonag agus giosta coipthe le chéile agus fágtar é le hardú in áit the ar feadh 5 – 15 nóiméad, go dtí go mbeidh a dhá oiread taois ann.
An líonadh a ullmhú
I gcoimeádán ar leithligh, measctar an cháis, an t-uachtar, uibheacha (agus gealacán na huibhe ón mbarrán) an salann agus an min arbhair (nó seimilín nó rís) chun líonadh mar an gcéanna a dhéanamh. Fágtar meallta garbha den cháis sa mheascán.
An barrán a ullmhú
I gcoimeádán ar leithligh, measctar an buíocán agus an t-uachtar le chéile chun barrán aonfhoirmeach a chruthú.
Ullmhúchán le haghaidh na bácála
Fuintear an taos agus rolláiltear é amach ar thiús timpeall 1 cm agus trastomhas thart ar 45 cm. Leacaítear imill an taois (thart ar 4-5 cm) leis na méaracha go dtí thart ar leath thiús an taois sa lár. Cuirtear an líonadh i sraith aonfhoirmeach anuas ar dhromchla an taois chomh fada leis an imeall caol. Filltear an t-imeall ansin anuas ar an líonadh ionas nach mbeidh aon filltíní ann. Doirtear an barrán go míchothrom anuas ar an líonadh. Tá ‘Vrbovečka pera’ réidh le bácáil.
Bácáil
San sean-am, dhéantaí ‘Vrbovečka pera’ a bhácáil in oigheann aráin. Sa lá atá inniu ann, ceadaítear é a bhácáil freisin in oigheann tí réamhthéite nó i bhfeanoigheann ag 180–200 °C. Bíonn ‘Vrbovečka pera’ réidh nuair a bhíonn an chuma a bhfuil tuairisc air i bpointe 4.1 den tsonraíocht seo ar an líonadh.
4.3. Tuairisc ar na príomheilimintí lena mbunaítear saintréith thraidisiúnta an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)
Tá ‘Vrbovečka pera’ á tháirgeadh le fada an lá, agus an t-oideas á thabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin.
Cé go bhfuil cúpla taifead scríofa de ‘Vrbovečka pera’ ann, is le seanchas na ndaoine a mhair scéal an oidis, ó na mná a bhíodh ag ullmhú miasa traidisiúnta ag féile chócaireachta dar teideal Kaj su jeli naši stari [An bia a d’ith ár sinsear]. Bhíodh an ócáid seo ar siúl in Vrbovec ó thús na 1980idí agus chuidigh sí chun an t-oideas le haghaidh ‘Vrbovečka pera’ a choimeád i mbéal na ndaoine. Fógraíodh an ócáid ar dtús sa nuachtlitir Komuna in 1981, faoi alt dar theideal Kaj su jeli naši stari [An bia a d’ith ár sinsear], inar luadh, ‘ in iarracht an traidisiún maidir le miasa bunaidh a ullmhú ón sean-am a chaomhnú, beidh féile chócaireachta ar siúl in Vrbovec den chéad uair an 26 Meán Fómhair [...] Is é an aidhm úrmhaireacht na mias sin a chur i láthair agus a chaomhnú, miasa a chuirfear chun boird lena ngréithe bunaidh. I measc na mias a bheidh ar fáil beidh an “pera” cáiliúil, toirtíní “bunoscionn” agus anraithí is furasta a ullmhú, agus miasa eile nach iad.’ (Komuna, alt ón nuachtlitir, 1981). Is é aidhm na hócáide athbheochan a dhéanamh ar an traidisiún a bhain le táirgí bunaidh ón sean-am as réigiún Vrbovec a ullmhú. Ag an gcéad ócáid, a bhí ar siúl in Vrbovec in 1981, rinneadh ‘Vrbovečka pera’ ar an mbealach traidisiúnta, trí úsáid a bhaint as comhábhair thraidisiúnta. D’ullmhaigh mná tí as cumann áitiúil de mhná ar scor é, agus é mar aidhm é a chur i láthair mar mhias speisialta bunaidh atá aitheanta sa réigiún agus a bhfuil an-tóir air.
Le cúpla scór bliain anuas, cruinníodh cúpla oideas le haghaidh pera agus taifeadadh agus foilsíodh i leabhair chócaireachta iad. An t-oideas is mó a raibh tóir air agus an t-oideas is mó a dhíol ná an t-oideas le haghaidh ‘Vrbovečka pera’. In 1997 mar shampla d’fhoilsigh an t-údar Zlatan Nadvornik cúpla oideas le haghaidh pera i leabhar cócaireachta dar theideal Jela vrbovečkog kraja [Bia réigiún Vrbovec]. An ceann is cáiliúla an t-oideas traidisiúnta le haghaidh ‘Vrbovečka pera’, a úsáidtear fós sa lá atá inniu ann (Z. Nadvornik, leabhar cócaireachta Jela vrbovečkog kraja, 1997). Mar an gcéanna, d’fhoilsigh an cócaire mór le rá as an gCróit Stevo Karapandža oideas le haghaidh ‘Vrbovečka pera’ ina leabhar Hrvatska kuharica [Leabhar Cócaireachta de chuid na Cróite] (S. Karapandža, Hrvatska kuharica, 1986). Tá ‘Vrbovečka pera’ sainiúil sa mhéid is go ndéantar é as taos giosta agus go ndéantar an líonadh go heisiach as comhábhair thraidisiúnta: cáis, uachtar, uibheacha, salann, agus cuirtear plúr nó min leis, gan aon amhábhar eile sa mheascán. Bhí ‘Vrbovečka pera’ cruinn i gcónaí ina chruth, cosúil le harán traidisiúnta agus an lopata, nó scamh an bháicéara, uirlis traidisiúnta a úsáideadh chun an táirge a chur isteach in oigheann bácála lena bhácáil.
An phríomhghné a fhágann gur táirge traidisiúnta é seo is ea go n-úsáidtear cáis tí ann ó bhainne na bó agus as uachtar, rudaí a tháirgtear ar an mbealach traidisiúnta i ndéirithe beaga cáise. Faightear cáis tí agus an modh coipthe traidisiúnta in úsáid – fágtar an bainne ag aigéadú go nádúrtha, ar feadh 2 lá agus ní chuirtear binid ná aon rud eile leis. Le bainne a bhíonn aigéadaithe go nádúrtha ar an mbealach sin, tar éis 2 lá, agus an bainne measartha tiubh ina struchtúr, bearrtar de an t-uachtar a ghabhann go dtí an dromchla. Téitear agus measctar go deas réidh an bainne géar bearrtha, chun cáis tí a dhéanamh, agus fágtar i síothlán é ansin le draenáil. Ní féidir ‘Vrbovečka pera’ a ullmhú ach amháin ó cháis tí atá déanta as bainne na bó a tháirgtear agus an modh traidisiúnta sin in úsáid – gan modhanna cosanta amhail paistéaradh nó bealaí eile a chur leis chun an tseilfré a leathnú. Mar an gcéanna, ní cheadaítear ach uachtar a tháirgtear ar an mbealach traidisiúnta – trí bhainne géar a bhearradh, gan modhanna breise cosanta curtha leis amhail paistéaradh nó bealaí eile chun an tseilfré a leathnú.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1647/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)