Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC01460

Fógra tionscnaimh maidir le síneadh féideartha ar na bearta coimirce is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe

C/2024/839

IO C, C/2024/1460, 9.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/notice/C/2024/1460/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/notice/C/2024/1460/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1460

9.2.2024

Fógra tionscnaimh maidir le síneadh féideartha ar na bearta coimirce is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe

(C/2024/1460)

An 1 Feabhra 2019, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) beart coimirce cinntitheach ar tháirgí cruach áirithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún (1). Is i bhfoirm taraif-chuóta ar allmhairí (‘TRQ’) atá an beart reatha, bunaithe ar shreafaí trádála stairiúla, agus tá feidhm aige maidir le hallmhairí gach ceann de na 26 chatagóir táirge ina n-áirítear an táirge lena mbaineann isteach san Aontas. I gcás ina mbíonn an TRQ iomchuí ídithe, gearrtar dleacht bhreise 25 %.

Forchuireadh an beart coimirce ar feadh tréimhse tosaigh 3 bliana, is é sin le rá, go dtí an 30 Meitheamh 2021. Cuireadh síneadh leis go dtí an 30 Meitheamh 2024 tar éis athbhreithniú fadaithe. (2)

1.   Iarratas ar shíneadh a chur leis na bearta

Fuair an Coimisiún iarraidh chuí-réasúnaithe ó 14 Bhallstát an 12 Eanáir 2024 chun imscrúdú a dhéanamh ar cheart síneadh a chur leis an mbeart coimirce reatha de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

Tá fianaise leordhóthanach san iarraidh chun a thabhairt le fios go bhfuil gá leis an mbeart coimirce go fóill chun mórdhíobháil a chosc nó a leigheas agus go bhfuil táirgeoirí an Aontais ag dul in oiriúint don chor. Go háirithe, tá faisnéis san iarraidh maidir le feidhmíocht dhiúltach príomhtháscairí díobhála áirithe agus go bhfuil brú allmhairiúcháin suntasach seasta ann ó thríú thíortha. Tá tuilleadh faisnéise san iarraidh a thugann le fios go bhfuil ró-acmhainneacht dhomhanda ag leibhéal an-ard go fóill, go bhfuil líon iomchuí bearta sriantacha trádála agus bearta cosanta trádála á nglacadh go fóill ag tríú tíortha, agus nach bhfuil aon fhianaise ann a thugann le fios go bhfuil sé i gceist ag Stáit Aontaithe Mheiriceá na taraifí faoi Roinn 232 ar chruach agus alúmanaim a bhaint. Dá bhrí sin, tá baol an atreoraithe trádála ann go fóill. Dá mbainfí na bearta bheadh barrachas allmhairí os comhair thionscal an Aontais, a mbeadh tionchar an-diúltach aige ar a fheidhmíocht eacnamaíoch. Thairis sin, áirítear leis an iarraidh samplaí a bhaineann le hathruithe arna ndéanamh ag táirgeoirí de chuid an Aontais. Mheas an Coimisiún gur bonn leordhóthanach é an fhaisnéis a cuireadh ar fáil, lena n-áirítear na tagairtí agus an fhianaise thacaíochta, chun imscrúdú a thionscnamh.

2.   Raon feidhme agus cuspóir an imscrúdaithe

I gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2015/478 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2015/755, féadfar síneadh a chur le beart coimirce. Chun a chinneadh an bhfuil údar le síneadh den sórt sin, ba cheart don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/478 agus Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/755 faoi seach.

Le linn an imscrúdaithe, díreoidh an Coimisiún sa mheasúnú, ar an gcéad dúl síos an bhfuil gá go fóill leis an mbeart coimirce chun mórdhíobháil a chosc nó a leigheas, an bhfuil fianaise ann go bhfuil táirgeoirí an Aontais ag dul in oiriúint don chor, agus an mbeadh síneadh ag teacht le leas an Aontais. Cinnfear freisin leis an imscrúdú fad iomchuí an tsínte (más ann dó).

I gcás go gcinneann an Coimisiún go mba cheart síneadh a chur leis an mbeart coimirce, cinnfear freisin leis an imscrúdú an mbeadh gá le haon choigeartú teicniúil ar fheidhmíocht an bhirt.

Maidir leis an ngné sin den imscrúdú, mar a rinne sé in imscrúduithe athbhreithnithe oibríochtúla roimhe seo, díreoidh an Coimisiún ar na gnéithe seo a leanas:

A.   Leithdháileadh agus bainistiú na dtaraif-chuótaí ar allmhairí

Déanfaidh an Coimisiún anailís ar phatrúin úsáide na dtaraif-chuótaí ar allmhairí (‘TRQanna’) agus na hathruithe atá tagtha orthu, agus ar na tuairimí a d’fhéadfadh páirtithe a dhéanamh ina leith sin. Ar an mbonn sin, maidir le haon choigeartú a thiocfaidh chun cinn de bharr imthosca athraithe, déanfaidh sé a chinneadh an bhfuil údar leis an gcoigeartú sin maidir le leas an Aontais.

B.   Sreafaí trádála traidisiúnta a bhrú amach

Tá sé i gceist ag an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh chun a chinneadh an bhfuil gá le haon choigeartú sonrach de bharr éifeachtaí plódaithe gan choinne an TRQ ar shreafaí trádála traidisiúnta, lena n-áirítear coigeartuithe ar an gcóras chun TRQ iarmharach a rochtain i ráithe dheireanach tréimhse.

C.   Uasdátú ar liosta na dtíortha i mbéal forbartha atá ina mball de EDT a eisítear ó raon feidhme na mbeart bunaithe ar a leibhéal allmhairí is déanaí

De réir Airteagal 18 de Rialachán AE 2015/478 (5), ní chuirfear aon bheart cosanta i bhfeidhm ar tháirge de thionscnamh tíre i mbéal forbartha atá ina ball de EDT a fhad is nach mó ná 3 % sciar na tíre sin d’allmhairithe an Aontais den táirge lena mbaineann, ar choinníoll nach mó ná 9 % d’allmhairithe iomlána an Aontais den táirge lena mbaineann an sciar atá ag tíortha i mbéal forbartha a bhfuil sciar níos lú ná 3 % d’allmhairithe acu. Dá réir sin, san imscrúdú athbhreithnithe déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú chun a chinneadh ar sháraigh allmhairí ó chomhalta de EDT atá i mbéal forbartha an tairseach 3 % sa tréimhse lena mbaineann (is é sin, an bhliain 2023) (6) agus, más gá, déanfaidh sé uasdátú ar liosta na dtíortha i mbéal forbartha atá ina mbaill de EDT go mba cheart iad a áireamh, nó a eisiamh, ó raon feidhme an bhirt.

D.   Leibhéal an léirscaoilte

Cinnfidh an Coimisiún, bunaithe ar an bhfianaise arna gcur isteach ag páirtithe eile, an bhfuil údar le haon choigeartú ar an leibhéal léirscaoilte a bhfuil feidhm aige faoi láthair, i.e. 4 %.

E.   Athruithe eile ar dhálaí a bhféadfadh coigeartú ar leibhéal nó ar leithdháileadh na dtaraif-chuótaí ar allmhairí a bheith de dhíth dá bharr

Scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil aon ghné eile ann nach mór a chur san áireamh. . Iarrtar ar pháirtithe leasmhara aon saincheist nach dtagann faoi ranna A-D thuas a tharraingt anuas, a mhéid a bhaineann le hathruithe fadtéarmacha ar na himthosca i gcomparáid leis an staid a bhí ann le linn an imscrúdaithe bunaidh, ar athruithe iad a bhféadfadh gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar a n-éifeachtaí agus a d’fhéadfadh údar a thabhairt, inter alia, le coigeartú ar leibhéal nó ar leithdháileadh na dtaraif-chuótaí i gcatagóirí táirgí sonracha. Iarrtar ar pháirtithe leasmhara ar mian leo saincheisteanna breise a ardú fianaise leordhóthanach a sholáthar chun bunús a thabhairt lena n-aighneachtaí, mar aon le tograí sonracha maidir le conas aghaidh a thabhairt ar aon fhorbairt a mbeidh éifeacht aici ar chatagóir táirge.

3.   Táirge faoi imscrúdú

Sa táirge faoi imscrúdú, tá táirgí cruach áirithe, mar a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo.

4.   Nós imeachta

Arna chinneadh don Choimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach ar fáil dó, tá an Coimisiún, leis seo, ag tionscnamh imscrúdú chun a chinneadh an gcuirfidh sé síneadh le tréimhse na mbeart coimirce reatha ar tháirgí cruach áirithe, agus an mbeadh údar le coigeartuithe áirithe ar an mbeart i gcás ina gcuirfí síneadh leis.

4.1.   Freagairtí ar an gceistneoir (le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais amháin)

Chun measúnú ceart a dhéanamh maidir leis an ngá atá ann síneadh a chur le tréimhse an bhirt choimirce reatha chun mórdhíobháil a chosc nó a leigheas, measann an Coimisiún gur gá sonraí sonracha a bhailiú ó thionscal an Aontais. Áirítear leis na sonraí sin, inter alia, feidhmíocht príomhtháscairí eacnamaíocha agus airgeadais do na blianta 2022-2023 (7).

Iarrtar ar tháirgeoirí an Aontais na ceistneoirí a líonadh isteach agus a chur isteach, trína gcomhlachais faoi seach san Aontas. Is é an 4 Márta 2024 an spriocdháta chun freagairtí ar an gceistneoir a chur isteach. Tá teimpléad den cheistneoir ábhartha le fáil anseo:https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2717

4.2.   Aighneachtaí i scríbhinn

Chun gach faisnéis ábhartha a mheastar go bhfuil gá léi don imscrúdú a fháil, tugtar cuireadh leis seo do pháirtithe leasmhara, i.e. tríú páirtithe a bhfuil nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú, a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise tacaíochta a sholáthar don Choimisiún i scríbhinn. Ní mór gach aighneacht i scríbhinn a chur isteach trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI). Is é an 26 Feabhra 2024 an spriocdháta chun aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh. Féach Roinn 4.6 le haghaidh tuilleadh sonraí.

Iarrtar ar na páirtithe a dhéanann aighneachtaí a chur in iúl go soiléir ina gcomhfhreagras cé acu de na ceisteanna seo a leanas a bhaineann nó a bhain leis an aighneacht, agus chun a gcuid argóintí a dhéanamh faoi na ceannteidil seo thíos:

a)

An bhfuil gá fós leis na bearta chun cosc nó leigheas a chur ar mhórdhíobháil; agus cén fáth;

b)

Breithnithe a bhaineann le leas an Aontais;

c)

Eile

Maidir le coigeartuithe féideartha ar fheidhmíocht an bhirt, iarrtar ar pháirtithe leasmhara struchtúr a chur lena n-aighneachtaí agus a chur in iúl ina gcomhfhreagras (i) cé acu de na ceisteanna a liostaítear i Roinn 2 (A-E) thuas, agus (ii) cé an catagóir nó na catagóirí táirge lena mbaineann an t-iarratas.

Ar son na héifeachtachta, agus mar a rinne sé in imscrúduithe athbhreithnithe roimhe seo, déanfaidh an Coimisiún stádas mar pháirtí leasmhara a leathnú go huathoibríoch do gach páirtí leasmhara a bhfuil stádas den sórt sin aige faoin mbeart coimirce reatha. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil sin maidir le Cumhachtaí Aturnae (‘CA’), áfach.

I gcás na gcuideachtaí, na n-eagraíochtaí nó na rialtas ó thríú tíortha ar mian leo páirt a ghlacadh sna himeachtaí arna dtionscnamh le foilsiú an Fhógra seo trí ionadaithe dlíthiúla tríú páirtí, ní mór CA a bhaineann go sonrach leis na himeachtaí seo a chur i láthair.

Maidir le páirtithe nach bhfuil cláraithe mar pháirtithe leasmhara sa chás faoi láthair ar mian leo páirt a ghlacadh sna himeachtaí, tugtar cuireadh dóibh aighneacht a dhéanamh trí TRON agus a leas agus an nasc atá acu leis an gcás a mhíniú.

4.3.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile isteach. Agus sin á dhéanamh acu, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara aghaidh a thabhairt ach ar na saincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí na bpáirtithe leasmhara eile agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a tharraingt anuas. I bhfrisnéis, ba cheart do pháirtithe leasmhara a chur in iúl go sonrach cén pháirtí nó páirtithe lena mbaineann na barúlacha atá á mbréagnú acu, agus struchtúr na gceannteideal thuas a leanúint.

Ní mór barúlacha den sórt sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 10 lá ón uair a chuirfear na haighneachtaí a luaitear i mír 4.2 mar aon leis na freagairtí ar an gceistneoir ó thairgeoirí de chuid an Aontais ar fáil lena n-iniúchadh ag páirtithe leasmhara trí TRON. Cuirfidh an Coimisiún in iúl go cuí do na páirtithe leasmhara, trí TRON, nuair a bheidh feidhm ag an dara céim sin den imeacht scríofa.

Is féidir an comhad atá ar fáil lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas:https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil.

An creat ama arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

4.4.   An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin a iarraidh. Ní mór aon iarraidh ar éisteacht a dhéanamh i scríbhinn laistigh de 15 lá ó fhoilsiú an Fhógra seo san Iris Oifigiúil, agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta.

Cuirtear in iúl do thríú páirtithe, áfach, mar gheall ar an ngá atá ann an t-imscrúdú a chomhlíonadh agus cinneadh a dhéanamh faoin 30 Meitheamh 2024 ar a dhéanaí – féach Roinn 5 thíos–, an líon ard páirtithe leasmhara is dócha a bheidh ann, agus ós rud é go mbeidh deis ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile, rud a chinnteoidh go mbeidh deis iomchuí acu a gcuid barúlacha chosaint agus a chur in iúl, tá sé i gceist ag an gCoimisiún an t-imscrúdú a dhéanamh i bhformáid scríofa, gan éisteachtaí ó bhéal a eagrú mura mbeidh páirtithe leasmhara in ann a léiriú go bhfuil gá speisialta ann éisteacht ó bhéal a fháil.

4.5.   Faisnéis a chur isteach agus síneadh a chur leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear san fhógra seo. Ní féidir aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. I gcás síntí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo i dtaca leis an sprioc-am le haghaidh aighneachtaí, is gnách nach mbeidh níos mó ná síneadh 3 lá breise i gceist leo.

4.6.   Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche nós imeachta cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Sula gcuirfidh na páirtithe leasmhara faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipcheart tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, ní mór dóibh cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch na n-imeachtaí cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúnda a chaithfí leo, cuirfear an lipéad ‘ Íogair  (8) ’ orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear léi mar fhaisnéis rúnda.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/478 (9) agus Airteagal 5 de Rialachán AE 2015/755 (10). Cuirfear an lipéad ‘Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara’ ar na hachoimrí sin. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta agus ní mór dóibh a bheith faighte ag an gCoimisiún an tráth céanna leis an leagan ‘Íogair’ .

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúnda a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI), lena n-áirítear cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó as ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “ COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA ”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála:https://europa.eu/!7tHpY3.Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le haghaidh páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Ard-Stiúrthóireacht G, aonad G5

Oifig: CHAR 03/66

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË /// AN BHEILG

TRON.tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI

Seoladh r-phoist: TRADE-SAFE009-REVIEW@ec.europa.eu

5.   Sceideal an imscrúdaithe

Rachaidh an beart atá i bhfeidhm in éag an 30 Meitheamh 2024, mura ndéanfar cinneadh síneadh a chur leis. I gcás síneadh, féadfar roinnt coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar fheidhmíocht an bhirt. Dá bhrí sin, maidir le haon chinneadh a thiocfaidh chun cinn de bhar an nós imeachta seo, ba cheart é a dhéanamh roimh an dáta sin.

6.   Neamh-chomhoibriú

I gcásanna nach gcuireann aon pháirtí leasmhar an fhaisnéis is gá ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó ina gcuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, is ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil a d’fhéadfaí teacht ar na torthaí, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/478 agus le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/755. I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

7.   An tOifigeach Éisteachta

Gníomhaíonn an tOifigeach Éisteachta mar phointe teagmhála idir na páirtithe leasmhara agus seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh. I bprionsabal, beidh na hidirghabhálacha sin teoranta do na saincheisteanna a tháinig chun cinn i rith an imeachta athbhreithniúcháin seo.

Ba cheart iarraidh ar idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Maidir leis na creata ama a leagtar amach i Roinn 4.1 go Roinn 4.2 den Fhógra seo le haghaidh aighneachtaí chuig an gCoimisiún, i bprionsabal, tá feidhm mutatis mutandis leis na creata ama sin i ndáil le hiarrataí ar idirghabháil ar an Oifigeach Éisteachta. I gcás ina gcuirfear iarrataí den chineál sin isteach lasmuigh de na cláir ama ábhartha, féadfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú a dhéanamh freisin ar na cúiseanna leis na hiarrataí déanacha sin, ag féachaint go cuí do leasanna dea-riaracháin agus do chur i gcrích tráthúil an imscrúdaithe.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en.

8.   Sonraí pearsanta a phróiseáil

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí cruach áirithe, IO L 31, 1.2.2019, lch. 27.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe; IO L 225 I,

25.6.2021, lch. 1

(3)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí; IO L 83, 27.3.2015, lch. 16.

(4)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe; IO L 123, 19.5.2015, lch. 33.

(5)   IO L 83, 27.3.2015, lch. 16.

(6)  An bhliain féilire iomlán (cuirfear na sonraí uile maidir le hallmhairí ar fáil le linn an imscrúdaithe).

(7)  Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú freisin ar fheidhmíocht thionscal an Aontais sna blianta sin leis an bhfaisnéis a bailíodh in imscrúduithe a rinneadh roimhe seo ina gcumhdaíodh blianta roimhe seo.

(8)  Is éard is doiciméad ‘Íogair’ ann doiciméad a mheastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/478, Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/755 agus Airteagal 3.2 de Chomhaontú EDT maidir le Bearta Coimirce. Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(9)   IO L 83, 27.3.2015, lch. 16.

(10)   IO L 123, 19.5.2015, lch. 33.

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.


IARSCRÍBHINN

Uimhir chatagóir an táirge

Catagóir an táirge

1

Leatháin agus Stiallacha Teorollta de Chruach Neamh-Chóimhiotail agus de Chruach Chóimhiotail Eile

2

Leatháin Fhuar-rollta de Chruach Neamh-Chóimhiotail agus de Chruach Chóimhiotail Eile

3.A

Leatháin leictreacha (seachas GOES)

3.B

4.A

Leatháin Mhiotalacha Bhrataithe

4.B

5

Leatháin Bhrataithe Orgánacha

6

Táirgí ó Mhuileann Stáin

7

Plátaí Cuartó de Chruach Neamh-Chóimhiotail agus Cóimhiotail Eile

8

Leatháin agus Stiallacha Teorollta Dosmálta

9

Leatháin agus Stiallacha Fuar-rollta Dosmálta

10

Plátaí Cuartó Teorollta Dosmálta

12

Barraí Cruach agus Cruach Thanaí de Chruach Neamh-Chóimhiotail agus de Chruach Chóimhiotail Eile

13

Barraí Treisiúcháin

14

Barraí Cruach Dosmálta agus Cruach Thanaí Dhosmálta

15

Slat Sreinge Dosmálta

16

Slat Sreinge Neamh-Chóimhiotail agus de Chruach Chóimhiotail Eile

17

Uillinneacha, Cruthanna agus Cónaisc d’Iarann nó Neamh-Chóimhiotail

18

Bratphíleáil

19

Ábhar Déanta Iarnróid

20

Píopaí gáis

21

Cónaisc chuasacha

22

Feadáin agus Píopaí Dosmálta Gan Uaim

24

Feadáin Eile Gan Uaim

25.A

Feadáin mhóra tháite

25.B

26

Píopaí eile táite

27

Barraí fuarchríochnaithe de chruach neamh-chóimhiotail agus de chruach chóimhiotail eile

28

Sreang Neamh-Chóimhiotail


ELI: http://data.europa.eu/eli/notice/C/2024/1460/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top