This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XC01438
Publication of an application for registration of a name pursuant to Article 50(2)(a) of Regulation (EU) No 1151/2012 of the European Parliament and of the Council on quality schemes for agricultural products and foodstuffs
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
C/2024/781
IO C, C/2024/1438, 8.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1438/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1438 |
8.2.2024 |
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(C/2024/1438)
Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Cochinillo de Segovia’
Uimh. AE: PGI-ES-02897— 19.1.2023
ATFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm nó ainmneacha an TGFC
‘Cochinillo de Segovia’
2. Ballstát nó Tríú Tír
An Spáinn
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia
3.1. Cineál an táirge
Aicme 1.1. Feoil úr (agus scairteach)
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is toradh é an táirge ar thógáil muc ‘bán’ (neamh-Ibéarach), beag beann ar ghnéas, a rugadh i gcúige Segovia agus i ndúiche La Moraña i gcúige Ávila, a bheathaítear ar bhainne a máthar, agus air sin amháin, agus a mharaítear tráth nach bhfuil siad níos sine ná 35 lá d’aois.
Cumhdaítear conablaigh a bhfuil na saintréithe seo a leanas acu le TGFC ‘Cochinillo de Segovia’:
— |
tá meáchan an chonablaigh idir 4,0 kg agus 5,8 kg (gan na horgáin inmheánacha); |
— |
díoltar na conablaigh ina n-iomláine, leis an gceann agus gan na horgáin inmheánacha, nó mar leathchonablaigh nó bunghearrthacha; |
— |
tá cruth maith ar na conablaigh (níl siad tanaí ná fadaithe). |
— |
ar an taobh lasmuigh tá siad bán, ar nós uachtair nó céarach, glan agus aonchineálach, gan smáil fola ná dathú breise eile; |
— |
is é bándearg, geal bán nó dearg éadrom an dath ar an bhfeoil; |
— |
tá an boladh ar nós feoil úr ainmhí óig diúil; |
— |
ó thaobh uigeachta de, tá siad teann, gan aon limistéar bog, ach níl siad crua. |
3.3. Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith in aiste bia na gcránacha atá ag tál:
Garbhphróitéin |
15 % ar a laghad |
Amh-saill |
4 % ar a laghad |
Garbhshnáithín |
5 % ar a laghad |
Luaith |
5 % ar a laghad |
Lísín |
0,75 % ar a laghad |
Tugtar iarann do na bainbh, ina mbéil agus sin amháin, uair amháin nuair atá siad 1 nó 2 lá d’aois, agus is é 120 mg an uasdáileog in aghaidh an ainmhí.
3.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Ní mór go mbeirtear na hainmhithe sa limistéar geografach sainithe, ní mór iad a thógáil agus a mharú ann, agus ní mór na conablaigh a ullmhú agus a ghearradh ann.
Ní mór an gearradh a dhéanamh sa limistéar geografach a shainítear i bpointe 4, ós rud é gur gá é a dhéanamh go luath tar éis an mharaithe ionas nach gcaillfear úire nó nach dtarlóidh ocsaídiú. Meastar gur bealach riachtanach agus comhréireach é sin chun cáilíocht agus rialú táirgí a áirithiú.
3.5. Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Déantar an táirge a phacáistiú díreach tar éis é a ghearradh toisc go bhfuil sé riachtanach a cháilíocht a chaomhnú agus ráthaíocht níos fearr ar bharántúlacht an táirge gearrtha a sholáthar, rud atá níos deacra a shainaithint ná nuair a bhíonn sé ina iomláine, agus chun a inrianaitheacht a áirithiú. Dá bhrí sin, ní mór an pacáistiú a dhéanamh laistigh den limistéar geografach sainithe.
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór séala ráthaíochta a bheith ar gach conablach agus/nó pacáiste ina bhfuil feoil ‘Cochinillo de Segovia’ a scaoiltear lena caitheamh, séala ar a mbeidh, ar a laghad, lógó an ainmniúcháin lena n-áirítear an inscríbhinn ‘Cochinillo de Segovia’, siombail an Aontais, dáta an mharaithe agus an uimhir aitheantais. Ina theannta sin, ní mór dáta an phacáistithe a bheith ar lipéadú gearrthacha pacáistithe d’fheoil ‘Cochinillo de Segovia’; mura gcomhlíontar an ceanglas sin, ní fhéadfar an táirge a mhargú mar ‘Cochinillo de Segovia’. Ní mór an séala a ghreamú ar bhealach nach féidir é a athúsáid.
Is é seo a leanas an lógó atá le húsáid:
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Cumhdaítear leis an limistéar geografach sainithe cúige iomlán Segovia agus, i gcúige Ávila, na bardais uile atá ina mbaill de Chomhlachas Bhardais dhúiche La Moraña, móide na bardais seo a leanas: Aveinte, Blasconuño de Matacabras, Blascosancho, Bohodón (El), Mingorría, Monsalupe, Pajares de Adaja, Pozanco, Santo Domingo de las Posadas, Santo Tomé de Zabarcos, Tiñosillos, Velayos.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an nasc idir an limistéar geografach agus an táirge ‘Cochinillo de Segovia’ bunaithe ar a cháil agus ar shaintréithe sonracha an táirge a eascraíonn as a mhodh táirgthe.
Tá craiceann bán agus feoil bhándearg ag ‘Cochinillo de Segovia’, murab ionann agus bainbh bhalláin ó limistéir eile, a bhfuil craiceann acu atá bándearg le balscóidí dorcha dearga agus ag a bhfuil feoil níos dorcha.
Is é is cúis leis na saintréithe sin modh táirgthe sonrach arb é atá ann iarann a thabhairt do na bainbh ina mbéil le linn na gcéad laethanta dá saolta.
Téann an cleachtas áirithe sin siar go dtí an 19ú haois, nuair a cuireadh tús le tógáil banbh, ar mhaithe le tomhaltas príobháideach den chuid is mó, agus dhíoltaí aon bharrachas – is é sin bainbh nach raibh sé d’acmhainn ag a n-úinéirí iad a thógáil go dtí go raibh siad fásta – le bialanna in Segovia arbh í feoil rósta an speisialtóireacht acu. Thugadh táirgeoirí banbh – feirmeoirí beaga beostoic a thógadh na hainmhithe sin i gcróite muc in aice lena dtithe nó fiú i gclóis a dtithe féin – an mianra sin ó am go chéile dá n-ainmhithe nuair a ligidís amach sna goirt nó i gclós na feirme iad, áit a dtochlaídís thart ar lorg bia, rud a d’fhágadh go mbídís ag cogaint píosaí ithreach agus láibe, agus bhí sé de nós ag póraitheoirí áirithe seanbhrící a thabhairt dóibh fiú.
An t-iarann atá in easnamh ar na hainmhithe sin go nádúrtha ó rugadh iad, tá gá instinneach acu é a thabhairt dá gcorp.
Le himeacht ama, tá an t-eolas sonrach sin a bhaineann go speisialta leis an gceantar i ndiaidh tiontú ar an gcleachtas atá ann faoi láthair, is é sin méid beag iarainn a thabhairt do bhainbh de chuid Segovia, agus ina mbéil amháin, cé go ndéantar iarann a instealladh le linn tháirgeadh na mbanbh i gceantair eile de chuid na Spáinne.
Is saintréith eile dá gcuid go ndéantar na bainbh a bheathú le bainne a máthar amháin, rud a chiallaíonn, ós rud é gur ainmhithe diúil iad, nach mór iad a iompar go dtí an seamlas a thapúla is féidir. Is míniú é sin ar an nasc idir ‘Cochinillo de Segovia’ agus cúige Segovia agus dúiche La Moraña, ar dúiche bheag de chuid Ávila í atá cóngarach do Segovia: sa 19ú haois, i bhfianaise na modhanna iompair teoranta a bhí ar fáil (cairteacha, miúileanna nó asail den chuid is mó), bhí soláthróirí na mbialann in Segovia arbh í feoil rósta an speisialtóireacht acu lonnaithe laistigh de raon tuairim agus 40 ciliméadar, sna limistéir ina dtáirgtí gránaigh go flúirseach, rud a d’fhág nach dtógtaí bainbh i limistéir shléibhtiúla; d’fhág na fadhbanna iompair sin go raibh sé deacair an táirge a thabhairt isteach ó áiteanna eile, agus dá bhrí sin ba tháirge áitiúil é, a bhí lonnaithe i gcúige Segovia agus i ndúiche La Moraña. Deimhnítear leis an dáileadh geografach sin an nasc idir feirmeoireacht muc agus táirgeadh gránach, atá ina bhunús aiste bia cránacha atá ag tál.
Ó bhí na 1960idí ann, bhí borradh suntasach i bhfeirmeoireacht muc, agus chuir roinnt feirmeacha tús le speisialtóireacht i dtáirgeadh sonrach banbh chun freastal ar an méadú ar an éileamh ar bhainbh bhalláin. Tharla sé sin an tráth céanna le nuachóiriú agus oiriúnú na hearnála gránach, a raibh táirgeadh beatha ainmhithe ina chuid de faoin am sin. Fuarthas amach go bhfuil beatha ainmhithe fíor-riachtanach chun aiste bia ar mhórán cothaitheach a sholáthar do chránacha atá ag tál chun bainne ardcháilíochta a áirithiú, arb é sin an t-aon bhia atá ag na bainbh.
Ní tháirgeadh feirmeacha muc ach bainbh a bhíodh le margú lena róstadh i mbialanna traidisiúnta arbh í feoil rósta an speisialtóireacht acu (mesones), agus nuair a bhíodh ál ag cráin, bhíodh a fhios ag na feirmeoirí cheana féin an úsáid a mbainfí as na bainbh, rud a d’fhág gur thógtaí ar bhealaí sonracha áirithe iad. Agus bainbh á dtógáil, is é an gnáthchleachtas na bainbh uile a bhaint den chráin an tráth céanna, agus sa chás sin beidh cuid acu an-mhór (ar a dtugtar cabeceras go háitiúil, rud a chiallaíonn go bhfuil siad ag ‘ceann’ an ghrúpa), tar éis dóibh na balláin ina bhfuil níos mó bainne a dhiúl, ach beidh cuid eile acu níos lú agus níos laige, ós rud é nach bhfuair siad an oiread céanna bainne (na colas nó ‘eireabaill’). Is é an toradh atá air sin gur mór a bhíonn idir na conablaigh ó thaobh meáchain (3-7 kg) agus crutha de. Mar sin féin, ní mór meáchan aonchineálach (4-5.8 kg) a bheith i gconablaigh ‘Cochinillo de Segovia’ agus ní mór go dtagann siad ó ainmhithe a bhfuil cruth maith orthu, nach bhfuil tanaí ná fadaithe. Baintear é sin amach trí na bainbh is mó a bhaint den diúl agus an chuid eile acu a fhágáil leis an gcráin ionas go gcuirfidh siad meáchan suas agus go bhfágfar cruth maith orthu. Úsáidtear an cleachtas sin fós sa lá atá inniu ann, agus tá an láimhseáil ina gné shainiúil de thógáil banbh le haghaidh ‘Cochinillo de Segovia’ ar ghabháltais atá dírithe go sonrach ar tháirgeadh an táirge seo.
Sna 1960idí agus na 1970idí, rinneadh bunchloch de chuid ghastranómachas Segovia den bhanbh balláin, a bhain clú agus cáil amach ar fud an domhain. Bhí sé sin ina thoradh den chuid is mó ar an mborradh ar an turasóireacht agus toisc gur chuir earnáil fáilteachais Segovia ‘Cochinillo de Segovia’ chun cinn, agus ní dhearna duine ar bith sin níos mó ná na bialannaithe ‘físeacha’ de chuid Segovia, Cándido López, ar a dtugtar Mesonero Mayor de Castilla [an bialannaí is fearr i gCaistíl], agus Dionisio Duque.
Tharraing Cándido López agus Dionisio Duque araon na mílte turasóirí go Segovia chun banbh balláin a ithe, lena n-áirítear ceannairí domhanda, ealaíontóirí, aisteoirí, scríbhneoirí, taighdeoirí, lúthchleasaithe, etc., ar tharla sé go raibh siad i Maidrid. Bhuaileadh na bialannaithe leo i Maidrid agus thógaidís go Segovia iad, mar is léir ó leabhair na gcuairteoirí agus ó na grianghraif atá ar taispeáint sna bialanna.
Tá éileamh mór ar ‘Cochinillo de Segovia’ faoi láthair i mbialanna in Segovia, agus baineann na céadta mílte daoine taitneamh as an mias traidisiúnta mar atá ‘Cochinillo de Segovia’ rósta, daoine ó gach cearn den Spáinn agus ón iasacht, agus an líon céanna sa dá ghrúpa sin, a bheag nó a mhór. Sa saothar dar teideal El DORADO, el Cochinillo de Segovia en la cultura gastronómica [An ceann órga – ‘Cochinillo de Segovia’ i gcultúr na cócaireachta] (2005) leis an socheolaí agus staraí ar an ngastranómachas, Lorenzo Díaz, buaiteoir Dhuais Náisiúnta na Spáinne um an nGastranómachas, scríobhadh an méid seo a leanas: ‘Tá oidhreacht ghastranómach iontach ag Segovia; is féidir taitneamh a bhaint as bainbh bhalláin dá chuid ar fud na Spáinne. Is cuma cé acu a itear í tar éis í a róstadh san oigheann nó mar confit, bíonn caighdeán an bhainbh balláin agus an blas air den scoth’, agus: ‘Is í an bhanbh balláin siombail ghastranómach Segovia agus tagraíodh dó mar “shócamas ainglí saonta”.
Léirítear cáil an táirge le go leor tagairtí sna meáin, in irisí agus i mblaganna ag an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. San alt de chuid The New York Times dar teideal Spain’s Savory Suckling Pig [Banbh Balláin Blasta na Spáinne], cuirtear i dtábhacht an nasc idir an banbh balláin agus cathair Segovia: “Maíonn Segovia, cathair mhúrtha álainn atá crochta os cionn an mhachaire máguaird, gurb é cochinillo a mhias dúchais.” (Pringle, 1990).
Tagann sleachta eile ó ailt i nuachtáin amhail The Guardian, ina bhfuil sé scríofa go bhfuil “stair, fáilte mhór Chaistíleach agus soláthar gan deireadh banbh balláin rósta ag Segovia” (Tremlett, 2006), agus irisí ar líne amhail Innaturale na hIodáile, ina dtugtar tuairisc ar an deasghnáth ar leith san alt “Cochinillo de Segovia – an mhuc a ghearrtar le pláta”: Is cuid lárnach de bhia na Spáinne é “banbh balláin de chuid Segovia” nó “Cochinillo de Segovia”. (...) Tá an fheoil chomh bog sin go ngearrtar í le pláta chun a chruthú go ndearnadh í a chócaráil go foirfe.’ Il maiale che si taglia con il piatto [An mhuiceoil a ghearrtar leis an bpláta] 2018).
Léirítear an tábhacht a bhaineann le ‘Cochinillo de Segovia’ toisc go n-úsáidtear é ag imeachtaí idirnáisiúnta ar nós Hay Festival, féile a riartar an leagan rósta de ag an seisiún fáiltithe i gcónaí, agus ag gradaim preasa Cirilo Rodríguez a bhronntar ar chomhfhreagraithe ó gach cearn den domhan agus 3D Wire Fest, féile scannán beochana ina n-iarrtar ar bhuaiteoirí agus iomaitheoirí babhta ceannais an dá imeacht an banbh balláin rósta a ghearradh ar an mbealach traidisiúnta le himeall pláta.
Ócáid bhliantúil in Segovia ó bhí 2007 ann is ea an fhéile Los 5 Días de El Dorado [5 lá an chinn órga] ina gcuirtear an banbh balláin agus cultúr Segovia os comhair an phobail, féile a mheallann na mílte turasóirí gach bliain.
In 2014, bhuaigh ‘Cochinillo de Segovia’ an duais Mejor Alimento (an bia is fearr) ag na Premios del Campo [gradaim na tuaithe], ócáid a d’eagraigh ‘El Norte de Castilla’, an nuachtán is sine sa Spáinn.
Le déanaí ba é an scothmhias den chéad eagrán den séú sraith de MasterChef, clár a raibh an-tóir air a chuir an craoltóir teilifíse poiblí Spáinneach RTVE ar fáil, a rinneadh a scannánú lasmuigh ag bun an uisceriain agus a craoladh an 29 Aibreán 2018, inar thagair na láithreoirí – cócairí iomráiteacha a bhfuil réalta Michelín acu – do thréithe an táirge sin.
Ba cheart a thabhairt faoi deara go n-áirítear ‘Cochinillo de Segovia’ in Inventario de Bienes del Patrimonio Cultural de Castilla y León (Fardal Shócmhainní Oidhreachta Cultúrtha na Caistíle agus León) mar tháirge a d’fhéadfaí a mheas mar Bien de Interés Cultural (sócmhainn leasa chultúrtha). Ina theannta sin, feictear é i gcatalóga oifigiúla éagsúla maidir le cáilíocht bhia: Inventario Español de Productos Tradicionales (Fardal Tháirgí Traidisiúnta na Spáinne) ón Aireacht Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia (1996) agus Inventario de Productos Agroalimentarios de Calidad de Castilla y León (Fardal Táirgí Agraibhia ar Ardchaighdeán de chuid na Caistíle agus León) ó Rialtas Phobal Féinrialaitheach na Caistíle agus León (2001).
Anuas ar na tagairtí a rinneadh le déanaí do cháil ainmniúchán ‘Cochinillo de Segovia’, is minic atá tagairt déanta don táirge riamh anall:
Is i lár an 16ú haois a rinneadh na chéad tagairtí do ‘Cochinillo de Segovia’: in Comentario sobre la primera y segunda población de Segovia [Tráchtaireacht ar an gcéad agus an dara daonra de chuid Segovia] a scríobh Garci Ruiz de Castro, tugtar fianaise ar thomhaltas banbh balláin i gcathair Segovia ag deireadh an 15ú haois.
Léiríonn Eugenio Larruga gur táirgeadh bainbh timpeall Segovia sna blianta deireanacha den 18ú haois in Imleabhar XI dá Memorias [Cuimhní cinn], saothar ina dtugann sé le chéile sonraí atá ina bhfianaise ar chaitheamh lechones (bainbh bhalláin), inar mhaígh sé, gur i gcúige Segovia, ‘táirgtear 1 500 banbh ar bhonn rialta, ar fiú 50 reale gach ceann díobh, agus luach iomlán 75 000 orthu ar fad. Tá an líon acu atá á dtógáil ag dul i méid gach bliain, mar táirgeadh 1 100 in 1787, 1 550 in 1788, agus 1 920 in 1789. Itear na bainbh bhalláin ar fad sa chúige...’.
I gcuimhní cinn Cándido, dar teideal Yo Cándido. Memorias del Mesonero Mayor de Castilla [Mise, Cándido. Cuimhní Cinn an Bhialannaí is Fearr sa Chaistíl] (Flórez Valero J. A., 1987), cuireann sé in iúl conas, nuair a d’athchóirigh sé a bhialann den chéad uair, tháinig sé ar bhalla aoldaite lán de bhillí le haghaidh bainbh bhalláin rósta agus uaineoil agus dáta: 1860.
In 1929, luaigh Dionisio Pérez, in Guía del buen comer Español [Treoir maidir le Dea-Bhia na Spáinne], ar fardal é den chócaireacht thraidisiúnta sa Spáinn agus ina réigiúin], go bhfuil an bhanbh balláin ar cheann de phríomhtháirgí gastranómachais Segovia: ‘Ó Segovia..., banbh balláin rósta...’.
Níos déanaí ná sin, in 1947, scríobh an grianghrafadóir Karl Wlasak litir ó chroí chuig an údar Camilo José Cela, a raibh sé in éineacht leis ar thuras an dara duine go dtí an Alcarria, inar inis sé dó ‘na blianta a chaith mé thart ansin ar na blianta ba shona de mo shaol. Na sléibhte, na cathracha, gach ceann acu le rud éigin speisialta ann, cuir i gcás Segovia lena bhanbh balláin ...’.
Ó bhí na bialannaithe mór le rá Cándido agus Duque i mbarr a réime i leith, is mó agus is mó an tóir atá ar an táirge sin. Ba é Cándido an chéad chócaire mór le rá i stair na linne seo agus fuair sé an teideal galán del NO-DO (an príomhaisteoir fir) sa nuachtscannán NO-DO a thaispeántaí roimh scannáin i ngach pictiúrlann de chuid na Spáinne, agus bhí Duque, ó 1972 go dtí an t-eagrán deireanach in 2004, le feiceáil roinnt uaireanta ar chlár RTVE Un, dos, tres [A haon, a dó, a trí], a d’amharc beagnach gach teaghlach sa Spáinn air, agus bhíodh ‘Cochinillo de Segovia’ ina theannta i gcónaí.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
https://www.itacyl.es/calidad-diferenciada/dop-e-igp/listado-dop-agroalimentarias
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1438/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)