AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.7.2024
COM(2024) 335 final
2024/0195(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, lena mbunaítear na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 2 den Chomhaontú sin
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gCinneadh lena leagfar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i ndáil le Cinneadh a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh, Cinneadh lena leagfar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile
Is é is aidhm don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (an Comhaontú), tacú le hiarrachtaí na Boisnia agus na Heirseagaivéine an t‑aistriú chuig geilleagar margaidh feidhmiúil a thabhairt i gcrích. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2015.
2.2.An Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais
Féadfaidh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, arna bunú i gcomhréir le forálacha Airteagal 115 den Chomhaontú, moltaí agus cinntí a dhéanamh. Is trí chomhaontú idir an dá Pháirtí a tharraingíonn an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais suas a cuid cinntí agus moltaí.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais
Sa chéad chruinniú eile a bheidh ag an gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, nó trí mhalartú litreacha, tá sí le Cinneadh a ghlacadh lena leagfar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach (an gníomh atá beartaithe).
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Le linn an chéad chruinnithe theicniúil maidir le Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún) rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin (na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh) a chur chun feidhme i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin, ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach, go dtí go nglacfaí rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.
Tá líonra prótacal déthaobhach i bhfeidhm maidir le rialacha tionscnaimh idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann, rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha, lena n‑áirítear feidhm a bheith acu idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin.
Is é is cuspóir do na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh rialacha níos maolaithe a thabhairt isteach chun cáiliú an stádais tionscnaimh fhabhraigh maidir le hearraí a éascú agus chun an deis a chur ar fáil úsáid a bhaint as cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach agus/nó a thíolactar go leictreonach.
Chomhaontaigh an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin forálacha Airteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 2 den Chomhaontú a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach, agus dá bhrí sin ní mór creat ceanglas ginearálta a chinneadh.
Le linn chruinniú Chomhchoiste an Choinbhinsiúin, an 7 Nollaig 2023, ghlac na Páirtithe Conarthacha d’aon toil an Moladh ón gComhchoiste maidir le húsáid deimhnithe leictreonacha faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin atá ann faoi láthair. Leagtar síos leis an Moladh liosta coinníollacha, agus a luaithe a chomhlíonfar iad, féadfaidh an páirtí allmhairiúcháin glacadh le cruthúnas tionscnaimh i bhfoirm deimhniú gluaiseachta EUR.1.
Is ionann na coinníollacha sin agus na coinníollacha lena leagtar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach laistigh den togra seo.
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na bhforálacha maidir le cruthúnais tionscnaimh i bhfoirm deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach san Aontas a áirithiú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún córas leictreonach a bhunú le haghaidh tíolacadh iarratas ar dheimhnithe gluaiseachta a eiseofar go leictreonach, chun na deimhnithe sin a eisiúint agus chun faisnéis a stóráil agus a mhalartú idir údaráis chustaim na mBallstát agus leis na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún. Ba cheart an córas leictreonach um dheimhnithe cruthúnais tionscnaimh (córas Eorpach r-DCT) a bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena fhorálacha cur chun feidhme.
An seasamh atá le glacadh ag an Aontas laistigh den Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, ba cheart don Chomhairle an seasamh sin a bhunú.
Is de chineál teicniúil é an creat atá beartaithe agus baineann sé leis na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh is infheidhme faoi láthair idir na Páirtithe agus ní dhéanann sé difear do shubstaint an phrótacail maidir le rialacha tionscnaimh. Dá bhrí sin, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ina leith.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a bunaíodh le comhaontú, mar atá, an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile.
An gníomh a iarrtar ar an gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis.
Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.
Dá bhrí sin, is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) a bheith ina bunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Impleacht Bhuiséadach
Na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach, níl aon tionchar intomhaiste acu ar bhuiséad an Aontais ós rud é go mbaineann a raon feidhme go príomha le héascú na trádála agus comhdhlúthú cleachtas nua-aimseartha na n‑údarás custaim. Déantar foráil leo maidir le simpliú sna réimsí atá fós faoi inniúlacht na n‑údarás, gan tionchar a imirt ar shubstaint na rialacha óna bhfaigheann earraí stádas tionscnaimh fabhrach. Trí úsáid a bhaint as cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach, cuirtear feabhas ar éifeachtacht rialuithe custaim agus laghdaítear an riosca calaoise trí thimpeallacht shlán eisiúna agus fíoraithe a thabhairt isteach.
6.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go bhforlíonfar le gníomh na Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir na Comhphobail Eorpacha, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2024/0195 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, lena mbunaítear na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 2 den Chomhaontú sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (an Comhaontú), rinne an tAontas é a thabhairt i gcrích le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/998 ón gComhairle agus ón gCoimisiún agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2015.
(2)De bhun Airteagal 117 den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, a bunaíodh i gcomhréir le forálacha Airteagal 115 den Chomhaontú, cinntí a ghlacadh.
(3)Tá an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aici, le cinneadh a ghlacadh lena leagfar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach.
(4)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, is iomchuí é a leagan síos, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais ina cheangal ar an Aontas.
(5)Le linn an chéad chruinnithe theicniúil maidir le Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún) rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin (na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh) a chur chun feidhme i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin, ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach, go dtí go nglacfaí rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.
(6)Le cur i bhfeidhm na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh, áirithítear oiriúnú na sreafaí trádála agus na gcleachtas custaim go dtí go dtiocfaidh rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025, rialacha ar a bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh bunaithe.
(7)Tá líonra prótacal déthaobhach i bhfeidhm maidir le rialacha tionscnaimh idir roinnt Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann, rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh go dtí go dtiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm.
(8)Is iad an dá phríomhchuspóir atá ag na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh rialacha níos maolaithe a thabhairt isteach chun cáiliú an stádais tionscnaimh fhabhraigh maidir le hearraí a éascú; agus an deis a chur ar fáil úsáid a bhaint as cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach nó a thíolactar go leictreonach.
(9)Chomhaontaigh an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin forálacha Airteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 2 den Chomhaontú a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach. Dá bhrí sin, ba cheart creat ceanglas ginearálta a chinneadh.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, beidh sé bunaithe ar dhréachtghníomh na Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán